Oifig an Ombudsman

Caibidil 4: Seirbhísí Sóisialta agus Cúram Sláinte Poiblí - Cásanna Roghnaithe

Clár

4.1 An Roinn Coimirce Sóisialaí

4.1.1 Cinneadh na Roinne faoi liúntais leasa shóisialaigh freaschurtha agus riaráistí €10,785 íoctha
Cúlra

Chuaigh bean i dteagmháil le m’Oifigse maidir le cinneadh na Roinne Coimirce Sóisialaí measúnú a dhéanamh ar glanluach bliantúil caipitiúil réadmhaoine tráchtála a fhir chéile (réadmhaoin a bhí ar díol) chun a dteidlíocht i leith Liúntas do Lucht Cuardaigh Fostaíochta agus Liúntas do Dhuine Fásta Cáilithe a fháil. Ós rud é nach raibh an réadmhaoin in úsáid d’fhanadh a fear ansin cúpla lá sa tseachtain ar mhaithe le cúrsaí slándála. Rinne an Roinn neamhshuim de chuid chónaitheach a réadmhaoine mar a phríomháit chónaithe ach rinneadar an chuid tráchtála de a mheas.

Imscrúdú

Níor ceadaíodh a hachomharc in aghaidh cinneadh na Roinne i Márta 2009. Chinn an t-oifigeach achomhairc go raibh an réadmhaoin tráchtála tairgthe lena díol ach de réir na reachtaíochta leasa shóisialaigh gur ceart luach caipitiúil na réadmhaoine ar leis í a mheas agus gur cuma an raibh leas ná tairbhe á bhaint aige aisti nó nach raibh.

Thug mé le fios gur cosúil go raibh sé sin in aghaidh na reachtaíochta a bhain leis an gcás, agus in aghaidh alt 141 den Ionstraim Reachtúil (I.R. ) 142/2007 go háirithe a fhorálann i gcás íocaíochtaí áirithe leasa shóisialaigh, go gcaithfear gan acmhainní a chur san áireamh ar feadh tréimhse 2 bhliain i gcás aon réadmhaoin a thairgtear lena díol agus ní amháin i gcás áras cónaithe an éilitheora. Sa chás seo, bhí an réadmhaoin ar an margadh ó Nollaig 2006 i leith.

Toradh

Bunaithe ar sin rinne an Oifig Achomhairc Leasa Shóisialaigh athbhreithniú ar an gcinneadh a bhí déanta acu agus chinn go ndearnadh earráid ó thaobh an dlí de maidir le halt 141 de I.R. 142/2007. Rinne sí athbhreithniú ar an gcinneadh bunaidh agus d’eisiaigh sí luach caipitiúil na réadmhaoine ar feadh na tréimhse cuí. Eisíodh riaráistí €10,784.80 go gearr ina dhiaidh sin.

D’inis an Roinn do m’Oifigse ina dhiaidh sin gur athraíodh an dlí maidir leis an ngné seo ó dheireadh Aibreáin 2010 (I.R. 157 de 2010). De thoradh an athruithe seo ní eisítear ach luach caipitiúil árais chónaithe an duine ón measúnú maoine chun críche cúnamh leasa shóisialaigh ar feadh tréimhse dhá bhliain ón dáta a thairgtear é lena dhíol.

4.1.2 D’íoc an Roinn €3,348 mar riaráistí sochair leanaí chuig máthair i gContae na Mí a bhfuil leanbh faoi mhíchumas aici
Cúlra

Chuaigh bean ó Chontae na Mí i dteagmháil liom faoi riaráistí sochair leanaí a chreid sí go raibh sí i dteideal a fháil i leith a hiníne i gcomhair na tréimhse 1982 go 1994. Bhí an leanbh ina cónaí lena máthair ar feadh an chéad 5 bliana dá saol agus íocadh sochar leanaí leis an máthair i rith na tréimhse sin. Bhí an cailín míchumasaithe agus nuair a glacadh isteach i gcúram cónaitheach í ní dhearnadh a thuilleadh íocaíochtaí leasa leanaí.

Imscrúdú

Nuair a chuaigh mé i dteagmháil leis an Roinn Leasa Shóisialaigh faoin gcás seo dhearbhaigh siad nár tugadh aon sochar leanaí don bhean i leith a hiníne ó 1984 i leith ar a laghad. Thugadar le fios dom gur gá dóibh dearbhú a fháil go ndearna an bhean ranníocaíochtaí i leith chothabháil a hiníne fad a bhí sí i gcúram cónaitheach má bhí sé le cruthú go raibh aon teidlíocht aici i leith leasa leanaí i rith na tréimhse a bhí i gceist.

Sheol m’Oifigse cóipeanna den doiciméadacht a sholáthar an bhean dom a léirigh go raibh uirthi tacaíocht a sholáthar go leanúnach dá hiníon fad a bhí sí i gcúram cónaitheach trí éadaí, bróga agus earraí maisíochta a sholáthar di.

Toradh

Rinne an Roinn fiosruithe breise ina dhiaidh sin agus chuaigh siad i dteagmháil go díreach leis an mbean. Chinn an Roinn go raibh sí i dteideal sochar leanaí a fháil i gcomhair na tréimhse ó Eanáir 1982 go Feabhra 1994 nuair a bhí a hiníon 18 bliana d’aois. Tugadh riaráistí arb fhiú €3,347.92 iad san iomlán don bhean.

4.1.3 Freaschuireadh cinneadh na Roinne Coimirce Sóisialaí diúltú d’iarratas siardhátú a dhéanamh ar phinsean míchumais garda a gortaíodh agus é ar diúité - riaráistí €11,178 íoctha
Cúlra

Rinne iar-Gharda Síochána gearán liom faoin éileamh a rinne sé ar an Roinn Coimirce Sóisialaí agus faoin achomharc a rinne sé ina dhiaidh sin go ndéanfaí siardhátú ar a éileamh ar phinsean míchumais go dáta na timpiste ceirde in 1992 ach gur diúltaíodh dó.

Féadfar pinsean míchumais a íoc le duine a gortaíodh ag obair nó a tholg galar ceirde ainmnithe. Íoctar an t-airgead mar chnapshuim nó trí íocaíochtaí rialta, ag brath ar mhéid measúnaithe an mhíchumais a mheastar atá ar an té sin. I bhformhór na gcásanna nuair a tharlaíonn timpiste cheirde do dhuine bíonn an té sin i dteideal Sochar Díobhálacha Ceirde a éileamh a íoctar ar feadh tréimhse chomh fada le 26 seachtain. Ina dhiaidh sin, más rud é gur chaill an duine cumas fisiceach nó intinne de thoradh na timpiste ceirde féadfaidh an té sin pinsean míchumais a éileamh.

Níl baill de na Gardaí Síochána i dteideal íocaíochtaí Sochar Díobhálacha Ceirde a fháil ach tugtar dearbhú dóibh gur tharla timpiste ceirde dóibh agus bíonn siad i dteideal pinsean míchumais a éileamh tar éis 26 seachtain.

Sa chás seo tharla timpiste cheirde don Gharda agus é i mbun dualgais i Meán Fómhair 1992. Rinne sé éileamh ar Shochar Díobhálacha Ceirde ag an am sin, agus bíodh is nach raibh sé i dteideal íocaíocht a fháil, tugadh dearbhú i scríbhinn dó, dar dáta Aibreán 1993, gur fhulaing sé timpiste cheirde.

Tugadh le fios dó sa dearbhú sin dá mbeadh aon chumas corpartha nó meabhrach caillte aige de dheasca an ghortaithe go bhféadfadh sé a bheith i dteideal pinsean míchumais a fháil. Nuair a rinne an gearánach teagmháil le m’Oifigse dúirt sé gur chuir sé ceisteanna ar an Roinn faoina theidlíocht i leith pinsin mhíchumais tar éis dó an dearbhú a fháil i 1993, ach nach ndearna sé machnamh a thuilleadh faoi óir bhí sé ag fulaingt fós de bharr an ghortaithe thromchúisigh a d’fhulaing sé sa timpiste.

Rinne sé éileamh nua ar phinsean míchumais in 2006 i leith na timpiste a tharla i Meán Fómhair 1992. Dámhadh pinsean saoil air bunaithe ar mheasúnú go raibh míchumas 19% fulaingthe aige. Rinne sé achomharc ina dhiaidh sin chuig an Oifig Achomhairc Leasa Shóisialaigh go ndéanfaí a phinsean míchumais a shiardhátú go ham na timpiste. Níor ceadaíodh an t-achomharc sin.

Imscrúdú

Mar chuid den fhiosrú a rinne mé ar an ngearán scrúdaigh mé comhad na Roinne maidir leis an éileamh ar Shochar Díobhálacha Ceirde agus an éileamh ar phinsean míchumais. Ní raibh aon doiciméadacht sa chomhad faoin éileamh ar phinsean míchumais a chuaigh siar níos faide ná éileamh na bliana 2006. Cuireadh an comhad seo ar aghaidh chuig an t-oifigeach achomhairc le go ndéanfadh sé é a mheas agus bhí aighneacht ann ó Rannóg Sochar Míthreorach na Roinne a dúirt nach raibh aon taifead ann faoi iarratais ar bith a fuarthas roimhe sin ar phinsean míchumais.

Léirigh na taifid a bhain le achomharc an ghearánaigh a rinneadh in 2009 gur dhírigh an t-oifigeach achomhairc ar dhá shaincheist. Bhain an chéad cheann acu leis an gceist an raibh sé réasúnta ag an bhfear a cheapadh de thoradh an dhearbhaithe a fuair sé i 1993 go n-íocfaí pinsean míchumais leis sa ghnáthchúrsa in ndiaidh an tSochair Dhíobhálacha Ceirde dá mbeadh a leithéid de theidlíocht aige. Bhain an dara ceann leis an gceist an raibh sé réasúnta go n-imeodh 14 bliana thart sula gcuirfeadh an t-achomharcóir ceist faoin dul chun cinn a bhí déanta maidir lena éileamh ar phinsean míchumais.

Thug an t-oifigeach achomhairc sochar an amhrais don ghearánach ó thaobh na chéad saincheiste díobh, óir d’fhéadfadh sé a bheith tugtha le fios dó ó fhocail an dearbhaithe go leanfaí de sa ghnáthchúrsa.

Mheas an t-oifigeach achomhairc, ó thaobh na dara saincheiste, nach raibh sé réasúnta go bhfanfadh duine 14 bliana sula ndéanfadh sé fiosrú faoin dul chun cinn a bhí déanta maidir lena leithéid d’éileamh. Sheas an t-oifigeach achomhairc leis an gcinneadh a bhí déanta ag an Roinn roimhe sin gan an pinsean míchumais a íoc go siarghabhálach.

Nuair a scrúdaigh mé an comhad éilimh maidir le Sochar Díobhálacha Ceirde thug mé faoi deara go raibh litir ann dár dáta Márta 1993 (díreach 6 mhí i ndiaidh dáta na timpiste), a raibh seoladh na Roinne uirthi agus í sínithe ag Coimisinéir Cúnta an Gharda agus dátstampa an Gharda Síochána uirthi, rud a thacaigh lena raibh á mhaíomh ag an nGarda go ndearna sé iarracht cur isteach ar phinsean míchumais ag an am sin. Ba chosúil gur tháinig sé sin salach ar an ráiteas in aighneacht na Roinne chuig an oifigeach achomhairc a dúirt nach raibh aon taifead ann faoi iarratas ar phinsean míchumais a fuarthas roimhe sin.

Toradh

Scríobh mé chuig an oifigeach achomhairc á chur ar an eolas go raibh litir ó Choimisinéir Cúnta an Gharda sa chomhad Shochar Díobhálacha Ceirde agus d’fhiafraigh mé de an mbeadh toradh eile ar an gcinneadh faoin achomharc dá mbeadh eolas aige fúithi nuair a bhí an t-achomharc á bhreithniú aige.

Dúirt an t-oifigeach achomhairc ina fhreagra go ndearna sé athbhreithniú ar an achomharc i bhfianaise na fianaise nua a chuir mé ar fáil dó (bhí an ‘fhianaise’ nua seo i seilbh na Roinne ó 1993 i leith, ach níor seoladh chuig an oifigeach achomhairc í), chinn sé athbhreithniú a dhéanamh ar a chinneadh a bhí déanta aige roimhe sin. Cheadaigh sé pinsean míchumais a íoc go siarghabhálach le héifeacht ó Mhárta 1993 (sé mhí i ndiaidh dáta a thimpiste).

Íocadh riaráistí a phinsin leis an ngearánach ón am sin go dtí Nollaig 2006 (an dáta sin óna raibh an pinsean á íoc cheana féin) rud ab ionann agus €9,143.45 agus lena chois sin tugadh íocaíocht breise €2,035.53 dó mar chúiteamh ar an easpa cumais ceannaithe d’fhulaing sé de bharr gan a theidlíocht pinsean siarghabhálach a bheith aige.

Irish Examiner, Meán Fómhair 29, 2010

 

4.1.4 D’éirigh le bean chéile idirscartha freaschur a fháil ar chinneadh diúltú don iarratas a rinne sí ar íocaíocht teaghlach aontuismitheora – riaráistí €16,708 íoctha
Cúlra

Chuaigh bean ó Bhaile Átha Cliath teagmháil le m’Oifigse chun gearán a dhéanamh gur dhiúltaigh an Roinn Coimirce Sóisialaí Íocaíocht Teaghlaach Aontuismitheora a thabhairt di. Íocaíocht d’fhir agus do mhná atá ag tógáil leanaí gan tacaíocht ó pháirtí is ea an Íocaíocht Teaghlach Aontuismitheora.

Ní mór do dhuine coinníollacha áirithe agus tástáil acmhainne a shásamh chun an íocaíocht seo a fháil. Lena chois sin caithfidh an té sin iarracht a bheith déanta aige nó aici íocaíocht chothabhála a fháil ó thuismitheoir eile an linbh (athair nó máthair). Sa chás seo d’éiligh an t-iarratasóir Íocaíocht Teaghlach Aontuismitheora in Iúil 2008 nuair a scar sí féin agus a fear óna gcéile. Diúltaíodh dá héileamh ar an mbonn gur theip uirthi a hacmhainn a nochtadh agus seasadh leis an gcinneadh sin níos déanaí nuair a rinne sí achomharc chuig an Oifig Achomhairc Leasa Shóisialaigh.

Imscrúdú

Le linn do m’Oifigse an gearán seo a iniúchadh scrúdaíodh comhad na Roinne faoin éileamh ina raibh an fhaisnéis go léir ar a ndearna an Roinn a cinneadh. Léirigh na taifid go raibh an aighneacht nár nocht an bhean a cuid acmhainní bunaithe cuid mhaith ar an chaoi gur íocadh €3,500 le trí cuntas iasachta faoi leith i gcaitheamh tréimhse áirithe bíodh is gur thug na ráitis bainc a thug sí don Roinn nach bhféadfadh níos mó ná thart faoi €3,000 a bheith ar fáil aici. Ar an ábhar sin, chinn an Roinn ó ba rud é gur chosúil gur chaith sí níos mó ná a d’fhéadfadh a bheith aici go raibh ioncam aici ó fhoinse eile nár nocht sí agus dhiúltaíodh dá héileamh.

Thug an fhaisnéis ar chomhad na Roinne le fios go raibh na trí chuntas iasachta a gcoinneáil i gcomhainmneacha na mná agus a fir chéile. Nuair a bhí an gearán á iniúchadh thug mé faoi deara ón bhfaisnéis ar an gcomhad a bhain lena héileamh ar Íocaíocht Teaghlach Aontuismitheora go raibh a fear céile ag fáil íocaíochta ón Roinn agus gurb é “neamhní” an measúnú a rinneadh ar a chuid acmhainní. Bheartaigh mé, ar an ábhar sin, féachaint ar chomhad na Roinne faoin éileamh a rinne seisean le féachaint conas ar caitheadh leis na híocaíochtaí a rinneadh leis na comhchuntais a bhí acu nuair a bhí measúnú á dhéanamh ar na hacmhainní a bhí aige. Léirigh an fhaisnéis sa chomhad sin i gcás an €3,500 a íocadh leis na cuntais iasachta gur íocadh €2,740 ó chuntas bainc a bhí ina ainm-se amháin.

Chonacthas domsa, ar bhonn na faisnéise sin a bhí i seilbh na Roinne cheana féin, go gcaithfí athbhreithniú a dhéanamh ar an gcinneadh a bhí déanta acu gur chosúil gur chaith an bhean níos mó ná a d’fhéadfadh a bheith aici i rith na tréimhse a bhí i gceist.

Toradh

Scríobh mé chuig an Oifigeach Achomhairc a sheas leis an gcinneadh bunaidh diúltú d’éileamh na mná agus d’iarr mé air athbhreithniú a dhéanamh ar a chinneadh i bhfianaise na faisnéise a bhí san dá chomhad éileamh.

Scríobh an tOifigeach Achomhairc chugam ina dhiaidh sin ag rá gur scrúdaigh sé an ráiteas bainc a bhí i gcomhad an fhir chéile agus gur aontaigh sé liom gur ó chuntas bainc an fhir sin a tháinig formhór an airgid a íocadh leis na cuntais iasachta. Ar an ábhar sin rinne sé athbhreithniú ar an gcinneadh a bhí déanta aige níos luaithe agus ba é an measúnú a rinne sé ar ioncam seachtainiúil na mná ó obair pháirtaimseartha agus ó shuim bheag airgid chothabhála ná €41.75 ó Iúil 2008 agus €51.75 ó Iúil 2009.

De thoradh an chinnidh athbhreithnithe seo tugadh Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora don bhean le héifeacht ó dháta a hiarratais in Iúil 2008 agus íocadh riaráistí €16,708.80 léi.

4.1.5 Freaschuireann an Roinn cinneadh chun sochar leanaí a dhiúltú ar fhoras an choinníll ghnáthchónaithe - riaráistí €1,316 íoctha
Cúlra

Tháinig ionadaí dlí mná óige chuig m’Oifigse maidir le cinneadh na Roinne Coimirce Sóisialaí diúltú d’iarratas a chliant ar shochar leanaí.

Chuir an bhean isteach ar shochar leanaí di féin fad a bhí sí ag cur fúithi i gcóiríocht fhéinfhreastail i gcomhair mionaoiseach iarrtha tearmainn a bhí gan tionlacan. Diúltaíodh dá hiarratas ar an mbonn nár shásaigh sí an choinníoll maidir le gnáthchónaí.

Caithfidh gnáthchónaí a bheith ar dhuine in Éirinn le bheith incháilithe d’íocaíochtaí cúnaimh shóisialaigh a fháil. Cuireadh an coinníoll maidir le gnáthchónaí i bhfeidhm ar an 1 Bealtaine 2004. Rinne an Roinn stampáil ar iarratas na mná a thug le fios go bhfuarthas é ar an 4 Bealtaine 2004, arbh é sin an chéad lá oibre eile.

Imscrúdú

D’iarr mé ar an Roinn athbhreithniú a dhéanamh ar a cinneadh ar an mbonn go bhféadfadh an spriocdháta maidir leis an gcoinníoll faoi ghnáthchónaí a bheith curtha i bhfeidhm go ródaingean nuair a bhí iarratais ar shochar leanaí á bpróiseáil a raibh sé marcáilte orthu go bhfuarthas iad laistigh de chúpla lá ó 1 Bealtaine 2004.

Thug mé le fios don Roinn freisin go raibh an bhean ag cur fúithi i gcóiríocht fhéinfhreastail. Bheadh sí i dteideal cur isteach ar shochar leanaí ina ceart féin mar cheann an teaghlaigh ar feadh na tréimhse a raibh sí ina leithéid de chóiríocht.

Toradh

Rinne an Roinn athbhreithniú ar an scéal agus dhámh siad sochar leanaí uirthi ón mí tar éis di teacht go hÉirinn go Márta 2005 nuair a shroich sí aois a 18 agus nuair a d’fhág sí an chóiríocht fhéinfhreastail.

D’eisigh siad riaráistí €1,316.00 di i gcomhair na tréimhse sin.

4.2 Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte

4.2.1 Freaschuireadh cinneadh FSS gan liúntas cúram baile a thabhairt do mháthair a raibh breoiteacht fhadtéarmach ar a leanbh - riaráistí €24,476 íoctha
Cúlra

Tháinig Ionad Eolais do Shaoránaigh chuig m’Oifig thar ceann mná maidir le cinneadh Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) diúltú d’íocaíocht liúntas cúram baile a shiardhátú go dtí an dáta ar tugadh an diagnóis maidir le riocht sláinte a linbh i mBealtaine 2000.

Imscrúdú

Sa chéad fhreagra a thug FSS orm, dúradh go raibh an t-oifigeach achomhairc tar éis diúltú do shiardhátú a dhéanamh ar an íocaíocht mar go raibh cinneadh beartais déanta íocaíocht an liúntais cúram baile a cheadú ón dáta a ndearnadh iarratas ar an liúntas, nó, i gcúinsí eisceachtúla, ó dháta sé mhí roimhe sin. Mhínigh sé go raibh an beartas seo leagtha síos i gciorclán, dar dháta 31 Deireadh Fómhair 2008, a d’eisigh an Roinn Sláinte agus Leanaí mar a bhí.

Bhí a fhios agam, áfach, go raibh nuashonrú déanta ar chiorclán na Roinne ar an 24 Aibreán 2009. Rinne an ciorclán nuashonraithe seo foráil do shiardhátú an liúntais (gan aon teorainn ama) ar roinnt foras, lena n-áirítear cúis mhaith, easpa eolais, comhairle mhícheart, éagumas, force majeure agus cruatan airgeadais.

Ina theannta sin, nuair a rinne mé scrúdú ar chomhad FSS, thug mé faoi deara gur mhol an t-oifigeach liachta sinsearaigh, ar achomharc, go ndéanfaí siardhátú ar an íocaíocht den liúntas cúram baile go Bealtaine 2000. Is cosúil gur chuir an t-oifigeach achomhairc in iúl do mo ghearánach, de shárú ar mholadh an oifigeach liachta sinsearaigh (agus le treoir ó chiorclán níos luaithe na Roinne) nach bhféadfaí an liúntas cúram baile a íoc ach amháin ó dháta 6 mhí roimh dháta an iarratais, is é sin, go dtí Iúil 2007.

Chinn mo scrúdú ar chomhad FSS nach raibh aon anailís chriticiúil ar na saincheisteanna ag tacú leis an gcinneadh a rinne an t-oifigeach achomhairc. Ina theannta sin, ní raibh aon taifead ann ar na critéir cinnteoireachta a d’úsáid an t-oifigeach chun cinneadh a dhéanamh neamhaird a thabhairt ar mholadh an oifigeach liachta sinsearaigh. Ina theannta sin, ní raibh aon chúis doiciméadaithe ann a chur in iúl cén fáth ar aisiompaíodh an chomhairle liachta an íocaíocht a shiardhátú go dáta na diagnóise.

Tar éis dom athbhreithniú a dhéanamh ar ord na n-imeachtaí sa chás seo, níor cuireadh ina luí orm go raibh an t-oifigeach achomhairc tar éis aon chúiseanna láidre a chur i láthair chun tacú lena chinneadh neamhaird a thabhairt ar an tuairim liachta. Ina theannta sin, bhí sé soiléir dom nár chuir aon duine ó FSS in iúl do mo ghearánach am ar bith tar éis diagnóis a mic i mBealtaine 2000 go bhféadfadh sí a bheith i dteideal liúntas cúram baile a fháil, cé gur eisigh FSS cárta tinnis fhadtéarmaigh dá mac in 2001. Mar Ombudsman, cuirim béim i gcónaí ar an bprionsabal go bhfuil dualgas ag FSS, nuair atá sí gníomhach go gairmiúil i measúnú agus i mbainistiú leanaí le míchumas, eolas faoi liúntais do dhaoine le míchumais a chur ar fáil do thuismitheoirí na leanaí sin in am trátha.

Toradh

Mar sin, d’iarr mé ar FSS athbhreithniú a dhéanamh ar a cinneadh. Mar fhreagra air seo, cheadaigh FSS an liúntas cúram baile ó Bhealtaine 2000, an dáta ar tugadh an diagnóis maidir le riocht sláinte an linbh. Íocadh riaráistí €24,476 le mo ghearánaí mar thoradh air seo.

D’iarr mé freisin ar FSS athbhreithniú a dhéanamh ar gach cinneadh eile den chineál seo a rinne an t-oifigeach achomhairc. Mar fhreagra air seo, dhearbhaigh FSS gur tháinig achomharc amháin eile faoi raon an athbhreithnithe seo agus gur íocadh riaráistí €2,406.20 le duine eile.

4.2.2 Gearán faoi nósanna imeachta um othair a scaoileadh amach ag Ospidéal Naomh Uinseann. Bhain sé le fear gan dídean ó Bhanglaidéis a raibh riocht ainsealach air agus atá marbh anois
Cúlra

Fuair mé gearán ó Cairde (eagraíocht forbartha pobail a oibríonn chun éagothromachtaí sláinte a laghdú i measc phobail eitneacha mionlaigh) thar ceann mhuintir fhear ón mBanglaidéis a mhair in Éirinn ar feadh seacht mbliana roimh a bhás in 2008.

Bhí an fear, a bhí 45 bliana d’aois, gan dídean agus bhí fadhbanna tromchúiseacha leighis aige, lena n-áirítear diaibéiteas, eitinn, galar croí agus heipitíteas B ainsealach le ciorróis den ae. Bhí sé ag freastal ar an Aonad Trasphlandaithe Ae ag Ospidéal Naomh Uinseann, áit ar deimhníodh nach raibh sé feiliúnach do thrasphlandú ae. Glacadh isteach in Ospidéal Naomh Uinseann é faoi dhó i rith 2008. An dara uair, scaoileadh amach é i tacsaí chuid Aonad na nIarrthóirí Tearmainn ar Shráid Ghairdinéir Uachtarach, áit ar tugadh roinnt airgid dó chun cóiríocht a fháil dó féin, os rud é nach raibh aon chóiríocht ar fáil ag an bpointe sin acu féin.

Ba é an gearán a bhí á dhéanamh ná nár chóir é a bheith scaoilte amach ar an mbealach seo os rud é go raibh deacracht aige a bheith ag siúl agus nach raibh ar a chumas aire a thabhairt dó féin ná cóiríocht a lorg dó féin go fisiciúil. Tar éis dó a bheith scaoilte amach as an ospidéal, chodail sé ar urlár i dteach chara. Scaoileadh isteach in ospidéal eile i mBaile Átha Cliath é an lá dar gcionn, áit ar bhásaigh sé trí seachtaine níos déanaí mar thoradh ar a riocht sláinte ainsealach a bheith ag meathlú.

Imscrúdú

Bhuail m’fhoireann oibre leis an bhfoireann leighis, altranais agus oibre sóisialta in Ospidéal Naomh Uinseann chun féachaint ar na saincheisteanna a ardaíodh sa chás seo. Dúirt an t-ospidéal gur theip ar an bhfear freastal ar choinní agus go bhféadfaí a riocht a bhainistiú go rathúil dá mbeadh sé tar éis cloí leis an gcomhairle a cuireadh air maidir lena chógas a thógáil, srian a chur ar a aiste bia agus freastal ar na clinicí go rialta.

Bhí Cairde den tuairim nár cuireadh ar an eolas go hiomlán maidir lena riocht sláinte é, nó nár thuig sé an méid a insíodh dó, mar gheall ar an droch-thuiscint a bhí aige ar an mBéarla. Dúirt an t-ospidéal gur labhair siad leis an bhfear roinnt uaireanta maidir le chomh tromchúiseach agus a bhí a riocht agus gur thug siad foireann míochaine eile agus altra a labhair a theanga isteach air seo.

Ní dhearnadh taifeadadh ar na comhráití ríthábhachtacha seo, áfach, agus mar sin níorbh fhéidir liom a dhearbhú céard a insíodh don fhear ná ar thuig sé an t-eolas a tugadh dó.

Tá sé tábhachtach go gcuirfeadh foireann an ospidéil eolas glan, soiléir ar fáil d’othair maidir lena bprognóis agus lena gcóireáil. Maidir leis seo, d’ardaigh mé an cheist maidir le hateangairí a sholáthar leis an ospidéal, agus d’admhaigh sé gur chóir taifead a bheith déanta ar chairt an othair ar na hócáidí ar baineadh úsáid as ateangaire ar an mbarda. Dhearbhaigh sé dom go dtugtar treoracha anois do bhaill foirne maidir leis an ngá taifead a dhéanamh ar chomhráití den chineál sin. Dúirt sé freisin go raibh beartas ateangaireachta tugtha isteach agus forbartha ag an ospidéal, i ndiaidh an ghearáin seo, chun cumarsáid éifeachtúil le hothair nach labhraíonn Béarla mar chéad theanga nó a bhfuil míchumais éisteachta acu, a chinntiú.

Ó thaobh géilliúlacht othair de, d’fhreagair an ospidéal go bhfuil níos mó béime á chur anois ar dheachumarsáid agus ar shoiléiriú maidir le riachtanais, diagnóis, cóireáil agus prognóis othair, trí oiliúint foirne.

Mar a luadh níos luaithe, nuair a scaoileadh amach é, cuireadh an fear i tacsaí ó Ospidéal Naomh Uinseann go dtí Aonad na nIarrthóirí Tearmainn i Sráid Ghairdinéir Uachtarach, Baile Átha Cliath. Ba chúis imní dom a bhí sna socruithe scaoilte don fhear gan dídean seo, a mhothaigh mé a bheith an-leochaileach mar gheall ar a riocht sláinte ainsealach agus mar gheall go raibh a mhuintir ina gcónaí sa Bhanglaidéis.

Toradh

D’iarr mé ar Ospidéal Naomh Uinseann athbhreithniú a dhéanamh ar na socruithe scaoilte agus féachaint cén fáth nach ndearnadh teach altranais ná cúram téarnaimh a mheas ag an am.

Dúirt an fhoireann oibre sóisialta go n-oibríonn siad go crua chun a chinntiú go scaoiltear gach othar chuig áiseanna oiriúnacha agus dúirt siad liom gur bhuail siad leis na seirbhísí leasa pobail, de bhun an ghearáin seo, chun a dhearbhú cén cineál cóireála atá ar fáil do dhaoine gan dídean a d’fhéadfadh gá a bheith acu le rochtain ar sheirbhísí leighis.

Ghlac an t-ospidéal leis go raibh gá le hathmheasúnú ar an bprótacal maidir le hothair leochaileacha a scaoileadh, bíodh siad sean nó óg, agus is cuma cén sórt scileanna cumarsáide atá acu, mar thoradh ar thaithí an fhir seo.

Dúirt sé gur aithin sé roinnt deiseanna foghlama mar thoradh ar an ngearán seo agus go raibh sé tiomanta d’fheabhsúcháin a chur i bhfeidhm trí úsáid níos fearr a bhaint as ateangairí d’othair nach labhraíonn Béarla, níos mó úsáide a bhaint as seirbhísí tathanta agus measúnú nua a dhéanamh ar na prótacail maidir le scaoileadh gach othar leochaileach, is cuma cén aois iad ná cén scileanna cumarsáide atá acu.

IrishTimes Martá 25,2010

 

4.2.3 Dhiúltaigh FSS cóireáil tráthúil fiaclóireachta d’fhear ó Chontae na Mí a raibh cárta leighis aige
Cúlra

Rinne fear ó Chontae na Mí a bhfuil cárta leighis aige gearán liom gur dhiúltaigh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) cúram fiaclóireachta tráthúil a chur ar fáil dó cé go ndúirt a fhiaclóir go raibh gá aige leis.

In 2010, laghdaigh FSS an leibhéal cóireála atá ar fáil do shealbhóirí cárta leighis faoi Scéim na Seirbhísí Cóireála Fiaclóireachta (SSCF) mar thoradh ar chinneadh a glacadh i gCáinaisnéis 2010. Mar thoradh air sin, dúradh leis an bhfear nach gclúdódh FSS ach costas péire den ceithre líonadh a bhí gá aige leis, cé go ndúirt a fhiaclóir leis go raibh gá aige le ceithre cinn. Ní cheadaítear líonadh de bhreis faoin SSCF ach amháin i gcúinsí éigeandála ceadaithe. Tar éis do FSS measúnú a dhéanamh, dúradh leis an bhfear nár chomhlíon sé critéir FSS do chóireáil éigeandála.

Ba í an chúis a thug FSS le teorainneacha a chur ar infhaighteacht chóireáil fiaclóireachta faoi SSCF ná an cinneadh a rinne sí tús áite a thabhairt do chúram éigeandála fiaclóireachta do shealbhóirí cárta leighis mar gheall ar acmhainní a bheith teoranta. Ba é cuspóir an chinnidh, de réir FSS, ná leas an phobail a chosaint chomh maith agus is féidir taobh istigh den bhuiséad atá ar fáil tráth a bhfuil brú ar leith ar chistí an phobail.

Imscrúdú

Bhí an cás ag brath ar an léirmhíniú den reachtaíocht ábhartha maidir le soláthar seirbhísí fiaclóireachta do dhaoine incháilithe, .i. Alt 67 den Acht Sláinte, 1970. Chuir mé in iúl do FSS go raibh ag teipeadh uirthi ina dualgas reachtúil cóireáil fiaclóireachta riachtanach a chur ar fáil don fhear seo. Measann FSS nach bhforordaítear an leibhéal seirbhísí nach mór di a sholáthar san Acht. Easaontaím le léirmhíniú FSS agus creidim go bhfuil dualgas reachtúil ar FSS cóireáil fiaclóireachta riachtanach a chur ar fáil don fhear seo, agus do dhaoine eile atá incháilithe.

Bhí an fear incháilithe chun leas a bhaint as cóireáil breise in 2011 nuair a thosaigh a theidlíocht bhliantúil arís. Ní raibh an chóireáil fiaclóireachta iomlán a theastaigh uaidh ar fáil nuair a bhí gá aige leis, áfach, agus tá SSCF fós ag cur cóireáil teoranta ar fáil do shealbhóirí cártaí leighis.

Tá cosúlachtaí idir an cás seo agus an tImscrúdú Speisialta a rinne mé le déanaí maidir leis an gceart chun cúraim i dtithe altranais “An Cuma faoi Chúram?”, ina raibh an Roinn Sláinte agus Leanaí mar a bhí den tuairim go bhfuil méid na seirbhísí atá uirthi a sholáthar faoin dlí faoi réir ag na hacmhainní a bheith ar fáil. Léiríonn an cás seo arís na deacrachtaí a eascraíonn ón éiginnteacht a bhaineann le léirmhíniú ar an Acht Sláinte, 1970. Cé go n-aithním an cúlú eacnamaíochta agus na deacrachtaí a bhaineann le buiséadú agus seachadadh seirbhísí san earnáil phoiblí dá bharr, is í an phríomhchúis imní domsa ná gur chóir go mbeadh an dlí soiléir.

Toradh

Mura bhfuil fáil ar acmhainní chun riachtanais reachtúla a chomhlíonadh, creidim gur chóir an deacracht a aithint agus iarracht a dhéanamh a chur faoi deara go leasófar an dlí chun cleachtas agus an cás mar atá a léiriú. Ar an drochuair, níor aontaigh FSS agus an Roinn Sláinte agus Leanaí, mar a bhí, le mo thuairim. Creidim go leanfaidh na cineálacha cúinsí a fheictear sa chás seo ag teacht chun cinn go dtí go bhfaightear an soiléireacht reachtúil riachtanach; mura dtarlaíonn sé seo leanfar ag ídiú acmhainní poiblí luachmhara chun forálacha an dlí mar a sheasann sé a cheistiú.

Ní maith an pictiúr a thugann an cás seo ar chóras ina bhfuil gá do dhuine le fiacla lofa nach bhfuil na hacmhainní aige chun cóireáil phríobháideach a mhaoiniú, cur suas le fiacla lofa go dtí go gcuirtear tús lena theidlíochtaí bliantúla arís.

Metro Herald, Meán Fómhair 29, 2010
Irish Daily Star, Iúil 16, 2010
4.2.4 Gearán ag baintreach faoin gcúram a tugadh dá fear céile nach maireann agus faoin gcóireáil a cuireadh air ag Ospidéal Beaumont - Molann an tOmbudsman na nósanna imeachta agus na socruithe faisnéise nua agus fáiltíonn sí roimh an bpardún a d’iarr an t-ospidéal ar an ngearánach

“Bhí mé sásta le freagra dearfach Ospidéal Beaumont agus a fhoireann riaracháin agus leighis, Foras Ospíse na hÉireann agus FSS.”

Cúlra

Fuair mé gearán ó bhean ar cailleadh a fear céile gan choinne ag Ospidéal Beaumont, Baile Átha Cliath, tar éis diagnóis agus cóireáil ailse (mialóma iolrach) in 2008. Rinne sí gearán faoi réimse saincheisteanna cúraim agus cóireála, agus thug m’Oifig fúthu seo go léir le foireann oibre an ospidéil.

Tá roinnt saincheisteanna lárnacha nach bhfuil réitithe go sásúil di fós, is iad sin, an easpa tacaíochta don teaghlach tar éis bhás an fhir, chomh maith leis an mbealach ina raibh ar an teaghlach iad féin sagart a iarraidh chun an ola dheireanach a chur air tar éis a bháis. Bhí sí buartha freisin faoi nach ndearnadh scrúdú iarbháis agus nár tugadh an rogha dóibh é sin a dhéanamh chun an chúis a bhí lena bhás tobann a dhearbhú.

Dúirt an bhean nár tugadh aon eolas di maidir le “scrúdú iarbháis ospidéil”, sa chás nár mhothaigh an cróinéir go raibh gá le “scrúdú iarbháis cróinéara”.

Imscrúdú

Bhuail mo fhoireann oibre le hionadaithe ó Ospidéal Beaumont chun na saincheisteanna seo a phlé. D’aontaigh an t-ospidéal athbhreithniú a dhéanamh ar na saincheisteanna a bhí i gceist agus aird na gcoistí cuí agus na mball foirne taobh istigh den ospidéal a dhíriú orthu.

Ghlac an t-ospidéal leis go raibh an gearán tar éis laigí a aithint ó thaobh riaracháin de, agus go háirithe i leith cháilíocht na gcaighdeán a bhaineann le cúram deireadh saoil. Dúirt an t-ospidéal go raibh an barda fíor-ghnóthach le hothair eile a bhí go dona tinn ag an am a bhásaigh an fear, agus cé go raibh an fhoireann altranais ar an eolas maidir leis an bprótacal a bhaineann le cúram d’othair básaithe, go raibh moill orthu ag dul i dteagmháil leis an sagart a bhí ar dualgas os rud é go raibh siad ag freastal ar riachtanais othair eile.

Chuathas i dteagmháil leis an sagart a bhí ar dualgas ar deireadh, agus chuir sé an ola dheireanach ar an bhfear, ach mheas mé gur chóir go dtarlóidh sé seo go huathoibríoch nuair a rinne an teaghlach an t-iarratas, seachas é sin a fhágáil faoin teaghlach le déanamh.

Toradh

Ghabh an t-ospidéal leithscéal leis an teaghlach as ucht an tochsal agus suaitheadh a bhain dóibh, rud a fháiltím go mór roimhe. Dúirt an t-ospidéal liom go raibh sé i gcónaí ag oibriú i dtreo cháilíocht na seirbhísí d’othair agus dá dteaghlaigh a fheabhsú agus cúram deireadh saoil a bheith mar chuid lárnach d’obair an ospidéil, i gcomhar leis an gclár d’ospidéil a bhíonn ag obair go dlúth le hospís. D’aithin sé go raibh gá le hoiliúint leanúnach d’fhoireann oibre an ospidéil ionas go mbeidís ar an eolas maidir leis an ngá gaolta a láimhseáil le hatrua agus le hionbhá ag am an bháis.

Tar éis bháis an fhir, tá an coiste báis agus méala ospidéil a oibríonn go dlúth le hospís san ospidéil tar éis bileoga eolais a scaipeadh do theaghlaigh atá ag fulaingt méala a chuireann eolas cuidiúil agus uimhreacha teagmhála ar fáil. Ceann de na cúiseanna go bhfuil aird á tharraingt ar an gcás seo agam ná go gcreidim go bhfuil sé riachtanach go mbeadh an fhoireann go léir san earnáil ospidéil géarmhíochaine oilte go hiomlán agus go mbeadh siad ag cloí go hiomlán le caighdeáin dea-chleachtais do chúram deireadh saoil.

Maidir leis an scrúdú iarbháis, dúradh liom cé go raibh bás an fhir tobann, gur tharla sé tar éis thinneas fadtréimhseach agus foirceanta agus nár shásaigh sé na critéir do “scrúdú iarbháis cróinéara”. I litir chuig an ngearánach, áfach, ghabh an comhairleoir leighis a bhí i gceist leithscéal faoi nár iarradh “scrúdú iarbháis ospidéil” dá fear céile nach maireann os rud é go gcabhródh sé sin a chinntiú cén chúis a bhí leis an meathlú tobann a tháinig ar a fheidhm chairdiach.

Ghlac an ospidéal leis gur chóir cumarsáid a bheith déanta leis an teaghlach, ag an am, maidir leis an rogha scrúdú iarbháis ospidéil a dhéanamh. Gheall Ospidéal Beaumont athbhreithniú agus leasú a dhéanamh ar na treoirlínte reatha do dhochtúirí leighis tar éis bhás othair, chun go gcuimseoidh siad labhairt le teaghlaigh maidir leis na roghanna i leith scrúdaithe iarbháis san ospidéal féin.

Mhothaigh mise agus an gearánach, áfach, gur chóir eolas scríofa a bheith ar fáil do theaghlaigh a fhulaingíonn méala a d’fhéadfadh a bheith ag iarraidh scrúdú iarbháis ospidéil a éileamh. Chuaigh mé i dteagmháil le Foras Ospíse na hÉireann ina dhiaidh sin maidir leis an easpa rochtana do theaghlaigh ar eolas maidir le scrúduithe iarbháis. Bhí áthas orm gur aontaigh an Foras, trína chlár d’ospidéil a oibríonn go dlúth le hospís, tagairt don saincheist maidir le comhairle a chur ar ghaolta i dtaobh a roghanna a chuimsiú ina leabhrán eolais maidir le scrúduithe iarbháis. Bhí mé sásta freisin gur aontaigh sé, i ndiaidh a bheith i dteagmháil le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS), eolas maidir leis an ábhar seo a chuimsiú i litríocht eolais a scaipfear ar fud na tíre.

Limerick Leader, Nollaig 18, 2010

Bhí mé sásta le freagra dearfach Ospidéal Beaumont agus a fhoireann riaracháin agus leighis, Foras Ospíse na hÉireann agus FSS.

4.2.5 Íocaíocht ex-gratia €780 déanta ag FSS le lánúin scothaosta ar baineadh a gcártaí leighis díobh go mícheart
Cúlra

Tháinig fear ó Chontae Luimnigh chuig m’Oifig maidir le cinneadh a rinne Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) a chárta leighis féin agus cárta leighis a bhean chéile a aistarraingt. Bhí teidlíocht uathoibríoch ag an lánúin do chárta leighis roimhe sin, os rud é go raibh siad os cionn 70 bliana d’aois. Tar éis athrú sa dlí a rinne aistarraingt ar an teidlíocht uathoibríoch seo, áfach, iarradh ar an lánúin dearbhú a chomhlíonadh má bhí a n-ollioncam os cionn an teorainn ioncaim de €1,400 in aghaidh na seachtaine.

Mhínigh an lánúin do FSS, cé go raibh a n-ioncam sa bhliain roimhe sin os cionn an teorainn sin, bhí a n-ioncam reatha faoin teorainn, ach aistarraingíodh a gcártaí leighis ina ainneoin sin. Ní raibh aon fhianaise ann go ndearnadh measúnú airgeadais chun tacú le cinneadh FSS.

Imscrúdú

De réir alt 7 den Acht Sláinte 2008 agus na treoirlínte measúnaithe náisiúnta don chárta leighis do dhaoine atá 70 bliana d’aois agus os a chionn, leanfaidh incháilitheacht shealbhóirí cárta leighis reatha atá 70 bliana d’aois nó os a chionn, seachas má chuireann siad in iúl do FSS go bhfuil a n-ollioncam os cionn na teorainneacha ioncaim ábhartha. Níor chuir an lánúin in iúl do FSS go raibh a n-ollioncam os cionn na teorainneacha ioncaim, ach dúirt siad go mbeadh a n-ioncam don bhliain reatha go maith faoin teorainn ioncaim.

Cé gur eisigh FSS cártaí leighis don lánúin arís ina dhiaidh sin, bhí mé den tuairim gur chosúil go ndearnadh an cinneadh a n-incháilitheacht do chárta leighis a bhaint uathu sa chéad áit ar fhorais neamhábhartha agus de shárú ar an reachtaíocht rialaithe agus ar threoirlínte FSS féin ar an ábhar.

Toradh

Mar fhreagra air seo, d’aontaigh FSS íocaíocht €780 ex-gratia a dhéanamh leis an lánúin chun iad a chúiteamh i gcomhair aon chostais leighis a thabhaigh siad a bheadh clúdaithe ag cárta leighis i rith na tréimhse a raibh siad gan na cártaí.

4.2.6 Freaschuireadh cinneadh FSS faoi fhorlíonadh ús morgáiste - baineadh leas as clásal discréide chun íoc i gcomhair 12 mhí
Cúlra

Tháinig ionadaí poiblí chuig m’Oifig thar ceann bhean ar dhiúltaigh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte forlíonadh ús morgáiste di. Diúltaíodh an forlíonadh di ar an mbunús gur é an suim a d’fhéadfaí a cheadú (ag tabhairt a cúinsí airgeadais san áireamh) ná €44.87 in aghaidh na seachtaine, agus nach gclúdódh sé seo an méid úis a bhí iníoctha.

Thagair FSS do alt 10(2)(a) den Ionstraim Reachtúil 412 de 2007 mar bhunús reachtúil don chinneadh seo agus dúirt sí go raibh an t-ús iníoctha sa chás seo os cionn na méide a mhothaigh FSS a bheith réasúnta chun riachtanais cónaitheacha agus eile an teaghlaigh a shásamh.

Imscrúdú

D’áitigh mise, de réir na bhforálacha reachtacha ábhartha agus na treoirlínte a d’eisigh an Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh ina leith i Meán Fómhair 2009, go bhfuil sé soiléir nár chóir éilimh ar fhorlíonadh ús morgáiste a dhiúltú ar an mbunús amháin go bhfuil an méid úis os cionn an teorainn cíosa ábhartha.

I gcásanna den chineál sin, ba chóir féachaint ar chúinsí/comhdhéanamh an teaghlaigh, meánchostas ceannach cóiríochta a bheadh feiliúnach do chúinsí an teaghlaigh tráth a ceannaíodh an teach cónaí atá i gceist agus an méid úis inmhuirir i láthair na huaire.

D’áitigh mé freisin go ndéantar foráil in alt 10(3)(a) d’Ionstraim Reachtúil 412 de 2007 do roinnt discréide chun forlíonadh ús morgáiste a bhronnadh ar feadh tréimhse 12 mhí fiú sa chás go dtéann méid an úis morgáiste iníoctha os cionn an mhéid a mheasann FSS a bheith réasúnta.

D’fhéach mé ar na treoirlínte a dhéanann cur síos ar na cúinsí ina ndéantar cinneadh go bhfuil an méid úis atá iníoctha os cionn na méide atá réasúnta chun riachtanais cónaitheacha an éilitheora a chomhlíonadh (amhail an cás seo). Fuair mé gur chóir breithniú a dhéanamh i gcónaí, sula ndéantar cinneadh deiridh maidir leis an éileamh, ar chóir an discréid dá bhforáiltear faoi Alt 10(3)(a) a úsáid. Níl an chosúlacht ar an scéal, ón imscrúdú a rinne mise, go ndearnadh breithniú den chineál sin sa chás ar leith seo.

Toradh

Mar fhreagra air seo, thoiligh FSS athbhreithniú a dhéanamh ar a gcinneadh sa chás seo, agus ina dhiaidh sin cheadaigh siad íocaíocht forlíonadh ús morgáiste ar feadh tréimhse 12 mhí ó dháta an iarratais.

4.2.7 Déanann an tOmbudsman comhghairdeas le FSS faoin gcaoi ar láimhseáil siad na riachtanais maidir le cúram speisialta a bhí ag máthair óg atá an-mhíchumasaithe
Cúlra

Fuair máthair óg, a bhfuil míchumas fisiciúil tromchúiseach uirthi agus atá doghluaiste mar thoradh ar thimpiste cairr, rochtain ar sheirbhísí m’Oifige trínár gclár for-rochtana, nuair a bhí lá oscailte ag m’Oifig sna cúigí chun gearánaigh nach bhfuil lonnaithe i mBaile Átha Cliath a éascú.

Bhí sí féin agus a iarpháirtí ag tuistiú a mac a bhí ceithre bliana d’aois ag an am. Chuir Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) an-tacaíocht ar fáil don teaghlach agus bhí pacáiste cúraim i bhfeidhm. Bhain an gearán a bhí aici le cúntóir pearsanta a sholáthar agus teip na seirbhíse cúntóra pearsanta soláthar a dhéanamh dá riachtanais mar thuismitheoir.

Maoiníonn FSS cúntóirí pearsanta do dhaoine fásta óna dteastaíonn cabhair le gníomhaíochtaí an lae, sa bhaile, ag an obair nó go sóisialta, trína seirbhís tacaíochta pearsanta. D’fhéadfadh cabhair a bheith á sholáthar i réimsí éagsúla amhail cabhair le taisteal nó le cúram pearsanta. Tá conarthaí seirbhíse ag FSS le heagraíochtaí, taobh istigh den earnáil dheonach go hiondúil, a chuireann na cúntóirí pearsanta ar fáil agus a chuireann oiliúint orthu. Cé gurb é an duine a fhaigheann an chabhair a threoraíonn an tseirbhís a chuirtear ar fáil dó, is iad FSS a íocann an eagraíocht dheonach agus a chuireann gach oiliúint fhoirmiúil ábhartha ar fáil.

Imscrúdú

Dúirt an gearánach le m’Oifigeach nach raibh an tseirbhís cúntóra pearsanta a bhí á sholáthar di tráth a gearáin (Meán Fómhair 2009), ag freastal ar an ngné is tábhachtaí dá saol laethúil: a bheith mar thuismitheoir dá mac. Dúirt an tseirbhís a bhí i gceist gur seirbhís do dhaoine fásta a bhí inti agus nach bhféadfadh sí oibriú lena mac. Cé gur chabhraigh sí leis an ngearánach a thiomáint chun a siopadóireacht agus tascanna eile a dhéanamh, níor thiomáin an cúntóir pearsanta í chun a mac óg a bhailiú ón scoil. Ba í an chúis a bhí leis seo ná ar chomhairle dlí, go ndúirt an tseirbhís nach raibh árachas aici chun é seo a dhéanamh.

I Meán Fómhair 2009, aontaíodh go dtabharfadh FSS conradh do ghrúpa deonach eile chun 8 n-uair an chloig tacaíochta tuismitheoireachta a chur ar fáil, lenar áiríodh cabhrú léi a mac a bhailiú ón mbunscoil a raibh sé tar éis tosú ann. I mí na Samhna 2009, ní raibh tús curtha leis an tseirbhís seo os rud é nach raibh foireann a bhí oilte mar is gá ag an eagraíocht chun a carr a thiomáint agus an trealamh dá cathaoir rotha a oibriú.

Toradh

Chuir m’Oifig in iúl do FSS nár chosúil go raibh an cumas ag an tseirbhís dheonach a aithníodh chun riachtanais ar leith an ghearánaigh a shásamh, agus gur chuid lárnach dá gníomhaíochtaí laethúla ab ea a ról mar thuismitheoir, agus nár mhór soláthar a dhéanamh dó. Tháinig freagra an-dearfach ó FSS. Aithníodh soláthraí seirbhíse a bhí ag obair sa réimse cúraim sláinte, a d’fhéadfadh freastal ar riachtanais uile na mná, lenar áiríodh gníomhaíochtaí a bhain lena mac, agus tugadh conradh don soláthraí sin chun oibriú léi.

Cé go raibh moill ann maidir le seirbhís cúnaimh pearsanta a sholáthar a d’fhéadfadh cabhrú leis an mbean ina ról mar thuismitheoir, láimhseáil FSS na saincheisteanna de réir mar a tháinig siad chun cinn, agus nuair nach raibh sé de chumas ag na heagraíochtaí deonacha áitiúla é seo a sheachadadh, rinneadh socrú malartach oiriúnach. Mar thoradh air seo, ní bhfuair mé aon fhorais chun seasamh le gearán i gcoinne FSS faoin Acht Ombudsman 1980, agus rinne mé comhghairdeas le FSS i dtaobh a cur chuige solúbtha maidir leis an gcás casta seo a láimhseáil.

4.2.8 Moladh d’othar aosta in ospidéal ginearálta i gceantar FSS an Deiscirt aistriú go teach altranais príobháideach tar éis cois a bheith bainte de - d’íoc FSS fóirdheontas teach altranais de €6,814 sa deireadh thiar i leith a chuid costas tar éis dom cinneadh a dhéanamh gur bhocht an chomhairle a tugadh dó.
Cúlra

Fuair mé gearán ó eagraíocht tathanta d’othair thar ceann fhear aosta a glacadh isteach in ospidéal ginearálta taobh istigh de cheantar FSS an Deiscirt, áit a ndearnadh obráid air chun a chos chlé a bhaint de faoin nglúin.

Trí seachtaine níos déanaí, agus é i mbun téarnaimh san ospidéal, dúradh leis go gcaithfí é a scaoileadh amach, ós rud é nach raibh aon leapacha poiblí ar fáil dó i dteach altranais poiblí. Dúradh leis go mbeadh air dul isteach i dteach altranais príobháideach go dtí go mbeadh spás ar fáil dó san Ospidéal Náisiúnta Athshlánaithe, Dún Laoghaire. Dúirt an fhoireann oibre leis nach mbeadh air fanacht sa teach altranais príobháideach ach ar feadh tréimhse sé seachtaine. Ar an mbunús sin, d’aontaigh sé bogadh chuig an teach altranais príobháideach.

Bhí sé beagnach 23 seachtaine, áfach, sula raibh sé réidh chun an teach altranais príobháideach a fhágáil. Idir an dá linn, d’íoc sé €15,930 i dtreo chostas an chúraim a fuair sé sa teach altranais príobháideach.

Imscrúdú

Nuair a phlé mé an ábhar le FSS, dúradh nach raibh aon rochtain ag an ospidéal ginearálta ar leapacha tacaíochta pobail ná ar áiseanna ‘céim síos’. Dúirt sí gur aontaigh an t-othar aistriú go teach altranais príobháideach ar feadh sé seachtaine, tar éis roinnt plé leis. Dúirt FSS liom gur míníodh gach costas go hiomlán dó.

Ní raibh mé go hiomlán sásta le seasamh FSS. Dá réir sin, thug duine de m’imscrúdaitheoirí cuairt ar an ngearánach. Tar éis an chruinnithe seo, chuaigh m’Oifig i mbun chomhfhreagrais mionsonraithe maidir leis an ábhar seo le FSS.

Bhí mé den tuairim go raibh teidlíocht reachtúil ag mo ghearánaí ar chúram othar cónaithe, cúram i dteach altranais san áireamh, os rud é go raibh cárta leighis ina sheilbh tráth ar scaoileadh ón ospidéal é. Is cosúil, áfach, gur chuir baill foirne an ospidéil ina luí air dul chuig teach altranais príobháideach ar an tuiscint shoiléir nach mbeadh sé ann ach ar feadh tréimhse sé seachtaine.

Is í an tuiscint atá agamsa ná go mbíonn téarnamh dhaoine tar éis bhaint bhall coirp an-éagsúil ag brath ar ábhair amhail a sláinte ginearálta, a leibhéal cneasaithe, agus cibé an bhfuil ionfhabhtú ann nó nach bhfuil. D’fhéadfadh sé go deimhin gurb é sé seachtaine an meánfhad a thógann sé ar othar cneasú sular féidir próistéis a chur air.

Ní eolaíocht bheacht atá i gcneasú, áfach. Os rud é go raibh diaibéiteas agus fadhbanna croí agus duáin ag mo ghearánach, bhí féidearthacht ann go gcuirfeadh na riochtaí sin isteach ar a chneasú. Creidim sna cúinsí sin go raibh sé míréasúnta a thabhairt le tuiscint don othar go raibh ráthaíocht nach mór ann gur tréimhse sé seachtaine a bheadh i gceist. Mothaím go bhféadfaí eolas a thabhairt don othar a chuirfeadh in iúl gur dóigh gur tréimhse sé seachtaine a bheadh i gceist, ach ba chóir go mbeadh sé mínithe dó go bhféadfadh tréimhse níos faide a bheith i gceist sular thoiligh sé dul chuig an teach altranais príobháideach. Ina theannta sin, dúirt FSS liom nár chuir an ospidéal comhairle air cur isteach ar fhóirdheontas do theach altranais chun cuid den chostas a bhain leis an táille don teach altranais príobháideach a chlúdach, os rud é gur úinéir feirme ab ea an fear.

Chinn mé go raibh sé de dhualgas ar an ospidéal insint dó go raibh sé i dteideal cur isteach ar an bhfóirdheontas is cuma an raibh feirm aige nó nach raibh, os rud é gur fear singil 71 bliana d’aois a bhí ann, le cárta leighis, le maoin teoranta, a mhair leis féin i ndrocháiseanna tithíochta, gan aon mhuintir gar dó agus líonra tacaíochta sóisialta teoranta aige. Is cosúil go ndearna an ospidéal cinneadh ann féin gan insint don othar faoina chearta sa mhéid seo.

Toradh

Ag féachaint don chaoi a ndearnadh cumarsáid leis an othar sular scaoileadh amach as ospidéal FSS Theas é, chomh maith le leibhéal agus ábhar na cumarsáide sin, agus nár insíodh dó go raibh sé i dteideal iarratas a dhéanamh ar fhóirdheontas teach altranais, d’iarr mé ar FSS athbhreithniú a dhéanamh ar láimhseáil an cháis.

Mar fhreagra air seo, d’aontaigh an t-ospidéal beartas maidir le tacadóirí othair a thabhairt isteach. Phróiseáil FSS iarratas ar fhóirdheontas teach altranais agus rinne siad íocaíocht de €6,814.26 le mo ghearánach.

Bhí an figiúr seo bunaithe ar an bhfóirdheontas is mó a bhí ar fáil, agus chuimsigh sé an tréimhse ina raibh mo ghearánaí ina chónaí sa teach altranais príobháideach. Bhí mé sásta leis an toradh ar an ngearán. Táim sásta a rá go raibh eagraíocht tathanta na n-othar agus an gearánach sásta freisin.

4.2.9 Tugann FSS €8,000 mar aisíocaíocht ar tháillí tí altranais
Cúlra

Chuaigh bean ó Bhaile Átha Cliath i dteagmháil le m’Oifig maidir le cinneadh faoi Scéim Aisíoca Sláinte Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS). Diúltaíodh a héileamh ar aisíocaíocht ar tháillí teach altranais i leith a máthair.

Bhí máthair an ghearánaigh ina hothar príobháideach i dteach altranais príobháideach i dtosach, ach tugadh “leaba ar conradh” a bhí maoinithe go poiblí di don tréimhse 1 Deireadh Fómhair 2001 go dtí an 30 Meán Fómhair 2009. Aisiompaíodh an cinneadh tosaigh a héileamh a dhiúltú nuair a rinneadh achomharc. Thug an Scéim Aisíoca Sláinte dúshlán do chinneadh an oifigeach achomhairc, áfach, agus glacadh cinneadh ina dhiaidh sin gan an t-airgead a aisíoc.

Imscrúdú

Mhothaigh an gearánach nach raibh sé seo cóir os rud é go raibh a máthair tar éis a leabhar pinsin a thabhairt suas do FSS (Bord Sláinte an Limistéir Thiar Theas mar a bhí). Chuir sí foirm ‘Athrú Gníomhaireachta’ ar fáil do mo fhoireann oibre a chomhlánaigh sí i nDeireadh Fómhair 2001, a chruthaigh go raibh FSS tar éis íocaíocht pinsean a máthair a ghlacadh.

Tar éis dóibh dul i dteagmháil leis an Roinn Coimirce Sóisialta agus le FSS, bhí mo fhoireann oibre ábalta a dhearbhú gur íocadh pinsean mháthair an ghearánaigh go díreach le FSS don tréimhse a bhí i gceist agus gur gearradh táille d’othair chónaithe i leith a leaba sa teach altranais, leaba a bhí maoinithe go poiblí.

Toradh

Cuireadh an t-eolas seo ar fáil don Scéim Aisíoca Sláinte, agus d’aisiompaigh siad a gcinneadh. Fuair an gearánach aisíocíocht de €8,000.