2 Feabhra - D’eisigh an tOmbudsman preaseisiúint chun fáilte a chur roimh an gcinneadh díospóireacht Dála a chur ar bun i dtaca leis an Tuarascáil Speisialta faoin imscrúdú a rinne sí faoi ghearán maidir leis an Scéim um Chailliúint ar Muir.
9 Márta - D’eisigh an tOmbudsman preaseisiúint maidir le haitheasc a thug sí ag Comhdháil an Fhorais Riaracháin/na hInstitiúide Cairte um Airgeadas agus Cuntasaíocht Phoiblí ar “Dea-Rialachas: Luachanna agus Cultúr nó Rialacha agus Rialacháin”, (“Good governance: Values and Culture or Rules and Regulations”)
6 Aibreán - D’fhoilsigh an tOmbudsman Tuarascáil Imscrúdaithe maidir le gearán a rinne gearánach ó Chontae Mhaigh Eo in aghaidh Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) agus Ospidéal Ginearálta Mhaigh Eo.
22 Aibreán - D’fhoilsigh an tOmbudsman Tuarascáil Imscrúdaithe faoi tháillí othair chónaithe a ghearradh agus a bhailiú agus faoin FSS.
1 Iúil - D’fhoilsigh an tOmbudsman a Tuarascáil Bhliantúil 2009 agus chuir sí faoi bhráid gach Teach den Oireachtas í. D’eisigh an tOmbudsman preaseisiúint freisin agus thionóil sí preasagallamh, tar éis a Tuarascáil Bhliantúil a fhoilsiú.
15 Iúil - D’fhoilsigh an tOmbudsman Tuarascáil Imscrúdaithe Speisialta dar teideal, “Gagging the Ombudsman - aftermath of an Investigation by the Ombudsman of the Health Service Executive”, agus chuir sí faoi bhráid gach Teach den Oireachtas í. D’eisigh an tOmbudsman preaseisiúint freisin tar éis fhoilsiú na Tuarascála Imscrúdaithe Speisialta.
20 Iúil - D’fhoilsigh an tOmbudsman Tuarascáil Imscrúdaithe faoi ghearán a rinneadh maidir le forfheidhmiú pleanála a rinneadh in aghaidh Chomhairle Contae na Mí. D’eisigh an tOmbudsman preaseisiúint freisin tar éis fhoilsiú na tuarascála imscrúdaithe.
17 Meán Fómhair - D’eisigh an tOmbudsman preaseisiúint ag cur fáilte roimh thionscnamh FSS a chlár seirbhísí do chustaiméirí a chur chun cinn “Do Sheirbhís Do Dheis” (Your Service Your Say).
28 Meán Fómhair - D’fhoilsigh an tOmbudsman trí Thuarascáil Imscrúdaithe faoi ghearáin a d’éirigh léi a shocrú lena raibh baint ag FSS, FSS an Iarthair agus an Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh leis. D’eisigh an tOmbudsman preaseisiúint freisin tar éis fhoilsiú na dtuarascálacha.
15 Deireadh Fómhair - D’eisigh an tOmbudsman preaseisiúint inar luadh an seasamh a bhí aici maidir le fiosrúcháin a tháinig ó na meáin agus a bhain le tuairiscí gur vótáil Coiste an Oireachtais um Thalmhaíocht, Iascaigh agus Bia chun an moladh a rinne sí sa Tuarascáil Speisialta um Chailliúint ar Muir a dhiúltú.
15 Deireadh Fómhair - D’eisigh an tOmbudsman preaseisiúint inar léirigh sí a díomá faoi thoradh chinntí Choiste an Oireachtais um Thalmhaíocht, Iascaigh agus Bia agus na Tuarascála Speisialta um Chailliúint ar Muir.
9 Samhain - D’fhoilsigh an tOmbudsman Tuarascáil Imscrúdaithe Speisialta dar teideal “An Cuma faoi Chúram?” - Imscrúdú ar an gCeart chun Cúraim i dTithe Altranais in Éirinn, agus chuir sí faoi bhráid gach Teach den Oireachtas í. D’eisigh an tOmbudsman preaseisiúint freisin tar éis fhoilsiú na Tuarascála Speisialta.
17 Samhain - D’eisigh an tOmbudsman preaseisiúint inar thug sí soiléiriú ar shaincheisteanna a tarraingíodh anuas i ndíospóireacht Dála maidir lena Tuarascáil Imscrúdaithe Speisialta, ‘An Cuma faoi Chúram?’ Sa phreaseisiúint bhí freagra an Ombudsman ar cháineadh a rinne an tAire Sláinte agus Leanaí a bhí ann ag an am maidir le hiompar imscrúdú an Ombudsman agus maidir le hábhar na tuarascála.
13 Nollaig - D’fhoilsigh an tOmbudsman Tuarascáil Imscrúdaithe faoi ghearán a rinneadh in aghaidh Ospidéal Réigiúnach Luimnigh maidir le cúram a tugadh d’fhear 61 bliain d’aois. D’eisigh an tOmbudsman preaseisiúint freisin tar éis fhoilsiú na Tuarascála Imscrúdaithe.
I mo Thuarascáil Bhliantúil do 2009, luaigh mé go gcuirfeadh an Oifig tús in 2010 le hathbhreithniú ar ár gclár for-rochtana agus go ndíreofaí ar acmhainní a chur ag obair ar an mbealach is fearr agus ar luach ar airgead. Bhí sé mar phríomhaidhm ag an athbhreithniú an cumas a bhí ag an gclár ár seirbhís a thabhairt chomh fada leis an bpobal a mhéadú agus sin a dhéanamh ar bhealach éifeachtach, éifeachtúil agus inrochtana. D’éirigh go maith leis an athbhreithniú ó thaobh an aidhm sin a bhaint amach. Taispeánann na figiúirí thíos gur tháinig méadú ar líon na gcuairteoirí agus ar ghearáin bhailí in 2010 le hais 2009, sna hIonaid Eolais do Shaoránaigh agus sna cuairteanna réigiúnacha araon.
Tháinig méadú ar líon na gcuairteoirí a tháinig chuig na himeachtaí go léir inár gclár for-rochtana, in ainneoin, ag amanna, nach raibh an aimsir thar mholadh beirte, rud a chruthaigh deacrachtaí i gcúrsaí taistil don fhoireann agus do chuairteoirí araon.Ach an oiread le haon bhliain, bhí éagsúlacht ag baint leis na gearáin a fuarthas. Mar sin féin, tháinig méadú 107% ar líon na ngearán a bhain le cúrsaí leasa shóisialaigh a rinneadh ag na hionaid eolais le hais 2009. Is dóigh gur tharla sé sin mar gheall ar an ardú in éileamh atá tagtha ar sheirbhísí leasa shóisialaigh trí chéile.
Tá an clár for-rochtana thar a bheith tábhachtach maidir le seirbhísí m’Oifige a thabhairt chomh fada le daoine ar an leibhéal áitiúil, go háirithe na daoine ar fearr leo bualadh le daoine go pearsanta chun a ngearán a chur in iúl.
Ó luath sna 1990í tá foireann ó Oifig an Ombudsman ag tabhairt cuairte ar Ionaid Eolais do Shaoránaigh chun gearáin a fháil ó mhuintir an phobail. Ba é an tIonad Eolais do Shaoránaigh i gCorcaigh an chéad ionad a thairg seirbhísí an Ombudsman ar bhonn míosúil. Tharla sé sin i 1992. Cuireadh cuairteanna IES míosúla ar bun i Luimneach agus i nGaillimh i 1993 agus i 1996 faoi seach. Tá an tóir chéanna ag muintir na háite i gcónaí ar na cuairteanna chuig Corcaigh, Luimneach agus Gaillimh gach mí.
Go deimhin, léiríonn na figiúirí a bhaineann leis na cuairteanna IES le cúig bliana anuas gur tháinig méadú suntasach ar an leibhéal éilimh sa tréimhse sin. Mar shampla, taispeánann figiúirí do 2006 agus 2010 go raibh méadú 200% ar ghearáin bhailí a fuarthas in Ionad Chorcaí thar an tréimhse sin. Ar an gcaoi chéanna, tháinig méadú 144% ar ghearáin i Luimneach agus méadú 204% i nGaillimh thar an tréimhse cúig bliana seo.Is féidir brí a bhaint as staitisticí ar go leor bealaí ach níl aon amhras faoi ach go bhfuil méadú tagtha ar an éileamh ar sheirbhísí m’Oifige trí chuairteanna na nIonad Eolais thar na blianta agus ní raibh aon chosúlacht air in 2010 go raibh aon mheath ag teacht ar an éileamh sin.
Bíodh is go dtugann foilsiú mo Thuarascála Bliantúla deis dom tuairisc a thabhairt ar threochtaí den chineál seo, tugann sé deis dom freisin buíochas a ghabháil le m’fhoireann go léir (chuaigh roinnt díobh ar an turas míosúil rialta ó Bhaile Átha Cliath chuig Ionad Eolais do Shaoránaigh sa drochaimsir a bhí againn sa gheimhreadh) le déanamh cinnte nár cuireadh isteach agus nár cuireadh ar ceal aon cheann dár gcuairteanna míosúla in 2010.Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le m’fhoireann as a ngairmiúlacht agus a dtiomantas don tseirbhís IES in 2010. Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt freisin don tacaíocht láidir a fhaigheann m’fhoireann i gcónaí ó bhainisteoirí, ó fhoireann agus ó na hoibrithe deonacha ag na hIonaid Eolais do Shaoránaigh i gCorcaigh, i Luimneach agus i nGaillimh.
Fuarthas 105 gearán bailí san iomlán tríd an IES sa bhliain 2010.Is ionann an figiúr sin agus 23% de na gearáin nua go léir a fuarthas as Cathair agus Contae Chorcaí in 2010. Ina theannta sin, tháinig méadú 81% ar líon iomlán na ngearán a fuarthas tríd an IES i gCorcaigh le hais figiúr na bliana 2009.
Fuarthas 110 gearán bailí san iomlán tríd an IES sa bhliain 2010.Is ionann an figiúr sin agus 45% de na gearáin nua go léir a fuarthas as Cathair agus Contae Luimnigh in 2010. Sin méadú 12% ar an bhfigiúr iomlán do 2009.
Fuarthas 76 gearán bailí san iomlán tríd an IES sa bhliain 2010.Is ionann an figiúr sin agus 37% de na gearáin nua go léir a fuarthas as Cathair agus Contae na Gaillimhe in 2010. Tháinig méadú 69% ar líon iomlán na ngearán a fuarthas tríd an IES i nGaillimh le hais figiúr na bliana 2009.
In 2010, thug baill foirne ó m’Oifig cuairt ar bhaile an Chabháin, ar Chaisleán an Bharraigh agus ar Chill Chainnigh.Ba chúis dhíomá in 2009 gur beag cuairteoirí a bhí ag na cuairteanna réigiúnacha. Mar sin féin, thug m’Oifig aird ar an aiseolas a fuarthas ó chuairteoirí in 2009 maidir le conas a d’fhéadfaimis an méid a bhíonn le fáil ag na cuairteanna a leathnú amach agus líon na gcuairteoirí a mhéadú dá réir. Tá áthas orm a rá gur tháinig feabhas suntasach ar líon na gcuairteoirí do 2010.Is léiriú é go bhfuil ag éirí leis na cuairteanna réigiúnacha seo go raibh líon iomlán na ngearán a fuarthas ó na cuairteanna lae chuig an gCabhán agus Caisleán an Bharraigh in 2010 níos mó ná líon iomlán na ngearán a fuarthas ó na Contaetha sin ar feadh 2009 ar fad.
D’fhreastail 45 cuairteoir ar an iomlán ar chuairt réigiúnach an Chabháin, agus fuair m’Oifig 34 gearán bailí nua dá bharr sin.Is ionann an figiúr sin agus 56% de na gearáin nua go léir a fuarthas as ceantar Chontae an Chabháin in 2010.
D’fhreastail 92 cuairteoir ar an iomlán ar chuairt réigiúnach Chaisleán an Bharraigh, agus fuair m’Oifig 56 gearán bailí nua dá bharr sin.Is ionann an figiúr sin agus 47% de na gearáin nua go léir a fuarthas as ceantar Chontae Mhaigh Eo in 2010.
D’fhreastail 41 cuairteoir ar an iomlán ar chuairt réigiúnach Chill Chainnigh, agus fuair m’Oifig 29 gearán bailí nua dá bharr sin.Is ionann an figiúr sin agus 45% de na gearáin nua go léir a fuarthas as ceantar Chontae Chill Chainnigh in 2010.
Is í Comhairle Oideachais Aosaigh Chorcaí a eagraíonn an Taispeántas Oideachais agus Foghlama d’Aosaigh agus bíonn sé ar siúl gach bliain i gCathair Chorcaí. Bíonn foireann na hoifige rannpháirteach san imeacht trí lá seo a mbíonn go leor ag tarlú ann agus a n-éiríonn thar cionn leis. Tugtar deis ann go bunúsach comhairle agus sonraí a thabhairt do na rannpháirtithe ar raon cúrsaí oideachais don aosach. Anuas air sin ar fad, eagraíonn foireann an Ombudsman seastán faisnéise fad is a bhíonn an taispeántas ar bun agus bíonn siad ar fáil le comhairle agus cúnamh a chur ar fáil maidir le seirbhísí na hOifige d’aon duine ón bpobal a bhfuil suim acu ann.
Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh le m’fhoireann as a rannpháirtíocht inár gclár for-rochtana i rith 2010. Mar is iondúil, lean an fhoireann ar aghaidh ag déanamh ionadaíochta ar an Oifig ar bhealach cúirtéiseach, múinte agus gairmiúil.
|
”Mar thaca dár gclár feasachta poiblí, chabhródh sé go mór leis an bpobal uile dá mbeadh nasc ceart chuig láithreán Gréasáin an Ombudsman ar láithreáin Ghréasáin na ranna agus na gcomhlachtaí poiblí ábhartha ar fad atá laistigh dár dtéarmaí tagartha.” |
Luaigh mé i dTuarascálacha Bliantúla 2008 agus 2009 go raibh Plean Cumarsáide Straitéiseach Comhtháite curtha i bhfeidhm ag m’Oifig. Tá sé mar aidhm ríthábhachtach ag an bplean seo feasacht phoiblí a ardú i leith ról m’Oifige agus ár seirbhís a chur os comhair an oiread daoine agus is féidir.
In 2008, chríochnaigh m’Oifig athbhreithniú ar láithreáin Ghréasáin na gcomhlachtaí poiblí ábhartha agus fuarthas amach nach raibh nasc ar bith ag cuid acu chuig ár láithreán Gréasáin. I gcásanna eile, níorbh leor na naisc a bhí ann agus/nó tugadh sonraí teagmhála míchearta maidir leis an Ombudsman. Scríobh m’Oifig chuig na comhlachtaí poiblí sin a bhí i gceist ceithre huaire ón uair sin agus iarradh ar gach comhlacht tagairt shoiléir a dhéanamh d’Oifig an Ombudsman ar a láithreán Gréasáin. Tugadh téacs molta don láithreán Gréasáin sa litir, inar tugadh faisnéis faoi m’Oifig mar aon le sonraí teagmhála.
Bhí glacadh an-mhaith leis na litreacha seo ó roinnt de na comhlachtaí poiblí agus is cúis áthais dom gur chuir formhór na gcomhlachtaí poiblí nasc chuig láithreán Gréasáin an Ombudsman suas ar a láithreán féin, mar aon le faisnéis agus sonraí teagmhála a bhí cothrom le dáta.Mar sin féin, is cúis díomá é nár chuir roinnt comhlachtaí poiblí míniú níos mionsonraithe ar fáil dá gcuid custaiméirí ar a láithreán Gréasáin maidir le seirbhísí réitigh gearán m’Oifige, cé gur iarradh orthu a leithéid a dhéanamh.
Tá liosta de na comhlachtaí poiblí nach dtaispeánann faisnéis ar bith maidir le hOifig an Ombudsman nó atá fós ag cur faisnéis atá míchruinn nó neamhiomlán suas le feiceáil ar láithreán Gréasáin an Ombudsman ar www.ombudsman.ie/
I bhfianaise an bhrú i dtreo athchóiriú na seirbhíse poiblí, is cúis suntais é an easpa spéise agus comhoibrithe a léiríonn roinnt comhlachtaí poiblí nuair nár iarradh orthu ach sonraí teagmhála Oifig an Ombudsman a chur ar fáil ar a láithreán Gréasáin. Is léiriú maith é freisin ar na deacrachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag an bpobal agus iad ag plé le comhlachtaí poiblí den sórt sin, rud b’fhéidir nach bhfágann aon rogha acu go minic ach gearán a dhéanamh le m’Oifig.
Glacann daoine a dhéanann gearán páirt i suirbhéanna custaiméirí, agus tugtar le fios san aiseolas ó na suirbhéanna sin go bhfuil líon na ndaoine atá ag déanamh rochtana ar sheirbhísí m’Oifige tríd an idirlíon ag dul i méid. Tá sé soiléir, mar sin, gur gné thábhachtach de chumarsáid an lae inniu é soláthar faisnéise atá cruinn agus cothrom le dáta. Ní hamháin go gcuireann an fhaisnéis seo an pobal ar an eolas maidir leis na seirbhísí a chuireann comhlachtaí poiblí ar fáil, ach tugtar treoir faoi conas gearán a dhéanamh nuair a théann rudaí in aimhréidh.