I mí na Samhna 2010, chuir mé tuarascáil dar teideal ‘AN CUMA FAOI CHÚRAM? - Imscrúdú ar an gCeart chun Cúraim i dTithe Altranais in Éirinn’ os comhair na Dála agus an tSeanaid.
Bhí mo thuarascáil imscrúdaithe bunaithe ar 1,200 gearán a fuair m’Oifig thar thréimhse 25 bliana maidir le ceart dhaoine scothaosta chun cúraim fadtéarmach i dtithe altranais. Is é an téama comhsheasmhach sna gearáin seo ná teipeadh na mbord sláinte mar a bhí (FSS anois) soláthar a dhéanamh do dhaoine scothaosta i dtithe altranais poiblí, in ainneoin go raibh ceart dlíthiúil acu chun cúraim den chineál seo, rud a d’fhág go raibh ar go leor daoine cúram a lorg i dteach altranais príobháideach costasach. Téama gearáin atá bainteach leis seo ná nach raibh an cúram airgeadais, a bhí ar fáil i dtreo chúram príobháideach i dteach altranais, leordhóthanach.
D’fhéach mo thuarascáil ar chearta dhaoine scothaosta agus ar na hoibleagáidí a bhí ar na boird sláinte, mar a bhí, sa chúram sin. Pléadh ról na Roinne Sláinte agus Leanaí mar a bhí sa tuarascáil freisin, roinn atá ag gealladh le blianta fada anuas creatlach nua reachtaíochta maidir le teidlíocht seirbhísí sláinte a fhorbairt. In ainneoin go bhfuil sé ráite go soiléir agus i dteanga gan athbhrí san Acht Sláinte 1970 go gcuirfidh bord sláinte seirbhísí ar fáil d’othair chónaithe, lena n-áirítear cúram i dteach altranais, tá an Roinn ag áitiú le blianta beaga anuas nach dtugann sé seo ceart do dhaoine chun seirbhísí d’othair chónaithe a fháil; ach, áitíonn sí bíodh go bhféadfadh daoine a bheith “cáilithe” le haghaidh na seirbhíse sin, nár ghá go mbeadh siad ina “teideal”. Creidim nach bhfuil an t-idirdhealú sin bailí agus go bhfuil daoine i dteideal seirbhísí d’othair chónaithe (lena n-áirítear seirbhísí tí altranais) a bheith curtha ar fáil dóibh.
|
Limerick Leader-County Edition, Samhain 27, 2010 |
Cinnim ag deireadh na tuarascála, nár chomhlíon na boird sláinte a gcuid oibleagáidí i leith daoine scothaosta faoi Acht Sláinte 1970 agus go raibh an Roinn ar an eolas faoin mainneachtain sin agus thoiligh siad léi. I bhfianaise na ndeacrachtaí airgeadais agus eacnamaíochta gan fasach a gcaithfidh an tír seo aghaidh a thabhairt orthu, ní dhearna mé moladh ar leith ag éirí as an gcinneadh seo. Rinne mé breithniú maidir leis an méid a d’fhéadfaí a dhéanamh chun cabhrú leis na daoine siúd lenar bhain cruatan airgeadais suntasach agus iad ag íoc costais thithe altranais, agus rinne mé roinnt moltaí, ina measc go n-admhódh an Stát gur chlis air sa réimse sin agus go ndéanfaí roinnt machnaimh ar chúnamh airgeadais a thabhairt do na daoine sin a d’fhulaing cruatan den chineál sin.
|
Irish Times, Samhain 10, 2010 |
In 2010, fuarthas 3,727 gearán bailí agus 9,390 fiosrúchán i m’Oifig. Is ardú é seo de 30% ar líon na ngearán bailí in 2010 i gcomparáid le 2009 agus laghdú beag de 5% sna fiosrúcháin.
Gearáin a bhaineann le:
Is léir ó na staitisticí sa Tuarascáil Bhliantúil a bhaineann le 2010, go bhfuil líon mór daoine a bhfuil deacrachtaí acu le gnéithe ar leith de sheirbhísí poiblí. Bhí suntas ar leith ag baint le saincheisteanna maidir le dífhostaíocht agus sochair.
Mar shampla, fuair m’Oifig 1,181 gearán bailí san iomlán in 2010 maidir leis na hábhair a bhaineann leis an Roinn Coimirce Sóisialaí. Seo i gcomparáid le 772 gearán a fuarthas in 2009 agus is méadú 53% é seo in 2010 ón mbliain 2009. Tugaim faoi deara, agus comparáid níos géire á dhéanamh agam ar na figiúirí seo, go bhfuair m’Oifig 115 gearán san iomlán maidir leis an “Liúntas do Lucht Cuardaigh Fostaíochta” in 2009. In 2010, áfach, tháinig méadú ar an líon gearáin a fuarthas go 272, méadú de 136%.
Ar an gcaoi chéanna, rinneadh 38 gearán a bhain le ‘Sochar Tinnis’ in 2009, i gcomparáid le 63 gearán a fuarthas in 2010, méadú de 66%.
Arís, in 2010, is fiú an líon réasúnta íseal gearáin a fuarthas faoin Acht um Míchumas 2005 a thabhairt faoi deara.
Sa réamhrá, luaigh mé go bhfuair m’Oifig níos mó gearáin in 2010 ná in aon bhliain roimhe sin. Thug foireann m’Oifige aghaidh ar an dúshlán suntasach seo, mar a dhéanann siad i gcónaí, agus táim buíoch as ucht gairmiúlacht agus tiomantas mo fhoireann oibre i rith bliana a bhí an-deacair agus dúshlánach do gach duine.
Anois thar am ar bith eile roimhe seo, táimid go léir feasach maidir le riachtanais inrochtana dhaoine le míchumais agus dhaoine le fadhbanna soghluaisteachta eile, agus maidir leis an ngá atá ann d’oifigí poiblí na riachtanais seo a éascú.
Bhí deacrachtaí ar leith ag baint le m’Oifig, i lár Bhaile Átha Cliath, ó thaobh dea-rochtaineachta de. Tá aghaidh Sheoirseach ar an mbealach isteach ar Sráid Líosain Íochtarach, agus tá cosán cúng agus conair bus díreach taobh amuigh den doras. Bhí cead pleanála bainte amach againn, agus bhíomar réidh chun tosú ar an uasghrádú in 2010, agus tá áthas orm gur chuir Oifig na nOibreacha Poiblí an mhaoiniú ar fáil freisin.
Cé go raibh áiseanna rochtana againn, ní rabhamar sásta go raibh siad sách maith d’oifig phoiblí, ná gur shásaigh siad caighdeáin dea-chleachtais. Ciallaíonn an t-uasghrádú seo go mbeidh gach duine, daoine le míchumais san áireamh, ábalta an doras tosaigh a úsáid, agus nach mbeidh gá dóibh taobhdhoras a úsáid.
Bhíomar feasach freisin maidir leis na riachtanais faoi na Rialacháin Foirgníochta nach mór láthair phoiblí gach foirgneamh poiblí a bheith inrochtana do dhaoine le míchumais. Faoin Acht um Míchumas 2005, ní mór do gach oifig phoiblí na caighdeáin seo a chomhlíonadh roimh an 31 Nollaig 2015. Aithníodh dearadh feiliúnach, trí chomhoibriú le hOifig na nOibreacha Poiblí, a chinnteodh go mbeadh rochtain do chuairteoirí agus don fhoireann oibre araon ar cheantar tosaigh ár gceanncheathrú agus ar an láthair fáiltithe.
Tá roinnt modhnuithe inrochtaineachta éagsúla déanta san Oifig le blianta beaga anuas. Mar shampla, cuireadh doirse uathoibrithe isteach chun cabhrú le daoine le deacrachtaí siúil agus cuireadh lúba ionduchtúcháin isteach sa láthair fáiltithe agus sa seomra comhdhála ar an mbunurlár íochtarach.
Chuimsigh na hoibreacha is déanaí, a críochnaíodh in 2010, an méid seo a leanas:
Bhí saineolas fhoireann oibre Oifig na nOibreacha Poiblí ríthábhachtach sa chomhoibriú le m’Oifig, chun an tionscadal a chur chun cinn agus chun an toradh inmhianaithe a bhaint amach. Is mór linn a gcabhair agus a dtreoir saineolach i rith an mhórchláir modhnaithe seo.
Tá sé de chumhacht agam faoi Alt 7 (1) (a) den Acht Ombudsman 1980, faisnéis a iarraidh ó aon phearsa nó comhlacht a bhaineann, i mo thuairim, le scrúdú nó le himscrúdú. Dá thoradh sin, d’fhéadfadh m’Oifig fógra Alt 7 a eisiúint le linn na bliana ina lorgófaí an fhaisnéis riachtanach i gcás ina ndéanfaí moill freagra a thabhairt ar iarraidh den sórt sin. Seo a leanas patrún bliantúil fógraí den sórt sin a eisíodh thar thréimhse deich mbliana:
| Bliain | Líon fógraí Alt 7 a eisíodh |
|---|---|
| 2010 | 8 |
| 2009 | 8 |
| 2008 | 7 |
| 2007 | 18 |
| 2006 | 18 |
| 2005 | 31 |
| 2004 | 6 |
| 2003 | 12 |
| 2002 | 16 |
| 2001 | 19 |
Bhí mé sásta gur fhan an líon fógraí a eisíodh sa tréimhse atá faoi athbhreithniú ag leibhéal réasúnta, ach ba chóir i gcónaí gur eisceacht a bheadh sa ghá do m’Oifig aon fhógra den chineál sin a eisiúint.
Cruinniú leis an Seanadóir Jerry Buttimer - 28 Eanáir.
Cruinnithe le hionadaithe tras-pháirtí ó Dháil Éireann maidir le Tuarascáil Imscrúdaithe Speisialta an Ombudsman, ‘Cailliúint ar Muir’ - 2 Feabhra.
Cruinniú le Comhchoiste an Oireachtais um Thalmhaíocht, Iascaigh agus Bia, tar éis don Ombudsman a Tuarascáil Imscrúdaithe Speisialta - ‘Cailliúint ar Muir’ - a sheoladh isteach chuig an Oireachtas - 21 Aibreán
|
IrishTimes, Martá 10, 2010 |
Cruinniú leis an Uasal Giorgi Tugushi, Cosantóir Poiblí na Seoirsia - 23 Meitheamh.
Cruinniú leis an Uasal Salome Mbugua, Stiúrthóir AkiDwA (Líonra Náisiúnta na mBan Afracach agus Imirceach in Éirinn) - 6 Iúil.
Cruinniú leis an Uasal Cathal Magee, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte - 14 Deireadh Fómhair.
Cruinniú leis an Dr Frank Dolphin, Cathaoirleach Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte - 27 Deireadh Fómhair.
Thug an tOmbudsman aitheasc ag ceiliúradh bliain amháin ó bhunú an Ionaid Comhairle Dlí agus Sóisialta - Séiplíneacht Polannach - 21 Eanáir, i mBaile Átha Cliath.
Ghlac an tOmbudsman páirt i gcomhdháil dar teideal “Prionsabail Uilíocha agus Ráthaíochtaí Réigiúnacha um Chearta Daonna”, arna eagrú ag Médiateur Phoblacht na Fraince, i gcomhar le hOllscoil Pantheon Assas i bPáras agus Ollscoil John Hopkins i Washington - 1 Feabhra, i bPáras, an Fhrainc.
Thug an tOmbudsman aitheasc, “Leas an Phobail: Ceachtanna ó Thaithí an Ombudsman”, ag an bhForas Riaracháin, Fóram Dea-Rialachais - 9 Márta, i mBaile Átha Cliath.
Thug an tOmbudsman aitheasc “Dúshlán agus Athrú i Státseirbhís na hÉireann’, comhdháil Gnóthaí Pobail na hÉireann maidir le “Meanma, spreagadh, bunathrú chun feabhais agus seachadadh seirbhísí san earnáil phoiblí in 2010” - 24 Márta, i mBaile Átha Cliath.
Thug an tOmbudsman aitheasc ag seoladh DVD faisnéise agus cur i láthair láithreáin gréasáin faoin Ombudsman leis an Uasal John Moloney, TD, iar-Aire Stáit ag an Roinn Sláinte agus Leanaí mar a bhí, a bhí freagrach as Meabhairshláinte agus Míchumas - 30 Márta, ceanncheathrú an Údaráis Náisiúnta Míchumais, i mBaile Átha Cliath.
Bhí an tOmbudsman mar chathaoirleach ar chruinniú bliantúil Chumann Ombudsman na Breataine agus na hÉireann - 13 & 14 Bealtaine, i gCaerdydd, an Bhreatain Bheag.
Thug an tOmbudsman aitheasc, “Cúram Deireadh Saoil: Ó na hImill go dtí an Phríomhshruth”, ag seoladh na gcaighdeán cáilíochta nua do chúram deireadh saoil sna hospidéil, ag Comhdháil Chlár na nOspidéal Cairdiúla Fhoras Ospíse na hÉireann - 19 Bealtaine, i gCaisleán Chluain Tarbh, Baile Átha Cliath.
Clé-Deas: Michael Farrell, Emily O’Reilly, Donncha O’Connell. Grianghraf: Derek Speirs.
Glacadh an grianghraf seo ag imeacht i mBaile Átha Cliath an Déardaoin 20 Bealtaine 2010, a bhí á óstáil ag an gcomhghuaillíocht dlí um leas an phobail (PILA), tionscadal de chuid FLAC, nuair a sheol an tOmbudsman, Emily O’Reilly, léirmheas saoithiúil nua, Irish Human Rights Law Review (IHRLR), a bheidh á fhoilsiú go bliantúil ag Clarus Press.
Thug an tOmbudsman aitheasc ag comhdháil arna eagrú ag Líonra Bainisteoirí Ban na Státseirbhíse - 20 Bealtaine, i mBaile Átha Cliath.
Thug an tOmbudsman aitheasc maidir le “Cuntasacht” ag seoladh Thuarascáil Bhliantúil 2009 Amnesty International - 27 Bealtaine, i mBaile Átha Cliath.
Seoladh Thuarascáil Bhliantúil 2009 an Ombudsman - 1 Iúil, i mBaile Átha Cliath.
Thug an tOmbudsman aitheasc, “An Phoblacht gur mian liom a fheiceáil”, ag 30ú Scoil Samhraidh agus Seachtain Ealaíon Bhliantúil MacGill - 20 Iúil, sna Gleanntaí, Co. Dhún na nGall.
Thug an tOmbudsman aitheasc “Imeachtaí Díobhálacha i gCóras Cúraim Sláinte na hÉireann”, ag Seimineár lae maidir le “Ceannasaíocht agus Bainistíocht i gCúram Sláinte” a bhí ar siúl ag an Scoil Altranais agus Cnáimhseachais agus Ospidéal Naomh Lúcás - 23 Meán Fómhair, i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.
D’fhreastail an tOmbudsman ar Chomhdháil Eorpach Institiúid na nOmbudsman Idirnáisiúnta, arna óstáil ag an Ombudsman don Chatalóin - 5 & 6 Deireadh Fómhair, i mBarcelona, an Spáinn.
Thug an tOmbudsman aitheasc, “Fianaise dea-chúraim - Taithí agus toradh an othair a fheabhsú trí cháilíocht” ag Comhdháil Bhliantúil Altranais Ospidéal Náisiúnta Leanaí Adelaide agus na Mí - 7 Deireadh Fómhair, i mBaile Átha Cliath.
D’fhreastail an tOmbudsman ar chruinniú arna eagrú ag Ombudsman na hEorpa agus Ombudsman na Danmhairge - 11 & 12 Deireadh Fómhair, i gCóbanhávan, an Danmhairg.
Thug an tOmbudsman aitheasc ag Imeacht Líonraithe Náisiúnta Altranais agus Cnáimhseachais - 10 Samhain, i dTulach Mhór, Co. Uíbh Fhailí.
D’fhreastail an tOmbudsman ar shearmanas bronnta Teastais Gaeilge, litríochta agus staire ag Ionad Cultúir na hÉireann - 26 Samhain i bPáras, an Fhrainc.
D’fhreastail an tOmbudsman ar na cruinnithe seo a leanas de chuid COBÉ sa bhliain 2010:
11 Feabhra 2010, cruinniú coiste feidhmiúcháin, Baile Átha Cliath
15 Aibreán 2010, cruinniú coiste feidhmiúcháin, Baile Átha Cliath
14 Bealtaine, cruinniú bliantúil COBÉ, Caerdydd, an Bhreatain Bheag
D’fhreastail an tOmbudsman ar na cruinnithe seo a leanas den Líonra OSP sa bhliain 2010:
12 Márta, Cruinniú Líonra Ombudsman na Seirbhíse Poiblí, Caerdydd, an Bhreatain Bheag
23 Iúil, cruinniú Líonra Ombudsman na Seirbhíse Poiblí, Londain, Sasana
5 Samhain, Cruinniú Líonra Ombudsman na Seirbhíse Poiblí, Baile Átha Cliath
D’fhreastail an tOmbudsman ar na cruinnithe seo a leanas de chuid na nOmbudsman Seirbhíse Sláinte sa bhliain 2010:
26 Márta, Londain, Sasana
29 Meán Fómhair, Béal Feirste, Tuaisceart Éireann
I gcaitheamh na bliana d’fhreastail an tOmbudsman ar chruinnithe mar chuid dá ról mar chomhalta de bhrí oifige ar na heagraíochtaí seo a leanas:
An Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí, agus
An Coimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí.
I mí na Nollag 2009, thug an tAire Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha a bhí ann ag an am, éifeacht do Threoir 2006/32/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle den 5 Aibreán 2006 agus rinne sé ‘Rialacháin Chomhphobail na hEorpa (Seirbhísí Fuinnimh agus Éifeachtúlacht Úsáide Deiridh Fuinnimh) 2009 (I.R. 542 de 2009). Cuireann na Rialacháin ceanglas ar eagraíochtaí earnála poiblí tuairisc a thabhairt gach bliain ó Eanáir 2011 ar aghaidh, maidir lena n-úsáid fuinnimh agus gníomhartha chun ídiú a laghdú.
In 2010, d’eisigh Oifig na nOibreacha Poiblí tairiscint thar ceann áiseanna arna mbainistiú ag Oifig na nOibreacha Poiblí (lena n-áirítear Oifig an Ombudsman) do sholáthraithe fuinnimh. De bhun na tairisceana sin, tá soláthraí gáis agus leictreachais Oifig an Ombudsman athraithe againn, d’fhonn costais a laghdú.
Tá an forthairgeoir rathúil ainmnithe ag Oifig na nOibreacha Poiblí chun tionscnamh caomhnaithe fuinnimh a chur i bhfeidhm thar áiseanna arna mbainistiú ag Oifig na nOibreacha Poiblí. Is í aidhm an tionscnaimh ná úsáid fuinnimh a laghdú le 20%.
Déanfaidh Oifig na nOibreacha Poiblí monatóireacht ar bhillí fóntais freisin d’fhonn a chinntiú go mbainfear na coigiltis riachtanacha amach.
Tá ceithre chéim sa tionscnamh caomhnaithe fuinnimh.
Seo mar a leanas na figiúirí ón bhforbhreathnú ar úsáid fuinnimh in 2010 in Oifig an Ombudsman:
Leictreachas 143.30 MWH
Breosla Iontaise (Gás) 71.33 MWH
Tá tuilleadh sonraí maidir leis an scéim ar fáil ar láithreán gréasáin Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann ag:
http://www.seai.ie/Your_Business/Public_Sector/drivers.html