6.1 Comhoibriú an Ombudsman maidir le gearáin i gcoinne comhlachtaí Forfheidhmithe Thuaidh-Theas.
Ar aon dul le Comhaontú Bhéal Feirste i 1998, bunaíodh comhlachtaí Forfheidhmithe Thuaidh-Theas:
An Bord um Chur chun Cinn na Sábháilteachta Bia,
InterTrade Ireland
An Foras Teanga (North-South Body o Leid atá
comhdhéanta de dhá eagraíocht - Foras na Gaeilge agus Tha
Boord o Ulster-Scotch
Foras um Chláir Speisialta an AE
Uiscebhealaí Éireann
Gníomhaireacht na Loch
Fáilte Éireann
Tagann na comhlachtaí Forfheidhmithe Thuaidh-Theas laistigh de dhlínse m’Oifige agus dlínse Ombudsman Thionól Thuaisceart Éireann araon de bhun, faoi seach, Alt 50 den Acht um Chomhaontú na Breataine-na hÉireann agus Mír 5 de Chuid 7 i Sceideal 1 den Ordú um Chomhaontú Thuaidh/Theas (Comhlachtaí Forfheidhmithe) (Tuaisceart Éireann), 1999.
Ceadaíonn an tAcht um Chomhaontú na Breataine-na hÉireann, 1999 teagmháil agus comhoibriú idir m’Oifig agus mo chomhghleacaí i dTuaisceart Éireann maidir le déileáil le gearáin i gcoinne na gcomhlachtaí seo. Tá “Nótaí Cleachtais” comhaontaithe idir an dá Oifig maidir le gearáin i gcoinne na gcomhlachtaí a láimhseáil. Is iad na príomhghnéithe a comhaontaíodh ná:
Chuaigh gearánach i dteagmháil le m’Oifig mar gheall nár cheadaigh Gníomhaireacht na Loch a iarratas ar dhréachtcheadúnas eangaigh le dul ag iascaireacht ar Loch Feabhail.
Mar gheall gur eisigh oifig Dhoire de chuid Ghníomhaireacht na Loch an cinneadh a bhí déanta maidir lena iarratas, thángamar ar chomhaontú go raibh an cás seo laistigh de théarmaí tagartha Ombudsman Thuaisceart Éireann.
Le comhaontú ón ngearánach, d’aistrigh mé an gearán chuig mo chomhghleacaí sa Tuaisceart le himscrúdú a dhéanamh. Cé gur aithníodh roinnt samplaí de dhrochchleachtais riaracháin, níor sheas Ombudsman Thuaisceart Éireann leis an ngearán áirithe seo.
“Go raibh míle maith agat as do chomhfhreagras dar dáta an 9ú lá ... Mar a fheicfidh tú ón gcóip iniata de litir a fuair mé i mí Aibreáin seo caite, bunaíodh nach raibh m’fhear céile, nach maireann, faoi dhliteanas ar bith ag na Coimisinéirí Ioncaim. Chuathas i dteagmháil leo tar éis an dáta seo ach ní bhfuair mé freagra fiú ar mo litir dheireanach. Anois tá sé thart, a bhuíochas le d’oifig, agus táim fíorbhuíoch as sin agus creidim go fírinneach nach mbeadh an aisíocaíocht a bhí dlite do m’fhear céile, nach maireann, faighte agam murach sibh. Míle rath ar an obair agus buíochas ó chroí libh arís.”
Gearánach
6.2 Riail mhíchothrom maidir le cáin a bhaint de thionóntaí tiarnaí talún neamhchónaitheacha. Tarraingíodh aird air seo den chéad uair i 1998.
Rinne gearánach, a bhí ina neamhnáisiúnach, teagmháil le m’Oifig mar gheall gur dúradh léi go raibh sí faoi dhliteanas riaráistí cánach a íoc ba chóir a bheith asbhainte aici óna híocaíochtaí cíosa agus tugtha dá tiarna talún. Faoi Alt 1041 den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997, nuair a íoctar cíos go díreach le tiarna talún neamhchónaitheach (lena n-áirítear íocaíocht a dhéanamh go díreach isteach i gcuntas bainc atá i seilbh an tiarna talún), tá dualgas ar an tionónta cáin ioncaim a bhaint ag an ráta caighdeánach (20%) óna íocaíocht chíosa agus é seo a chur ar aghaidh chuig na Coimisinéirí Ioncaim. Bíonn an dualgas seo ar thionóntaí freisin nuair a fhaightear éileamh ar liúntas cíosa. I gcásanna mar sin ní mór don tionónta cáin a bhaint ó íocaíochtaí a dhéanann sé/sí leis an tiarna talún neamhchónaitheach. Má tá gníomhaire ag an tiarna talún sa Stát lena n-íoctar an cíos, áfach, ní bhíonn aon oibleagáidí cánach ann don tionónta.
Sa bhliain 1998, léirigh an tOmbudsman a bhí ann ag an am imní ina Thuarascáil Bhliantúil faoin oibleagáid a bhí á leagan ar thionóntaí an cháin ar chíos a íoctar le tiarna talún neamhchónaitheach a tharraingt siar. Go háirithe, chuir sé an cheist:
“An bhfuil sé réasúnach a bheith ag súil go mbeadh eolas ag tionónta cónaitheach, a d’fhéadfadh a bheith sean nó gan mórán taithí ar chúrsaí cánach, ar cheanglas den sórt seo nó go mbeadh sé nó sí in ann déileáil leis an gcineál seo ceanglais?”
Thug sé le fios freisin, agus an ceart aige, go raibh deacracht ann sa mhéid is go bhféadfadh sé nach mbeadh sé ar eolas ag tionóntaí fiú go bhfuil “gnátháit chónaithe an tiarna talún lasmuigh den Stát”. Mhol sé go bhféadfaí na ceisteanna seo a chur san áireamh in aon athbhreithniú ar an reachtaíocht.
Is cúis imní dom nach ndeachaigh na Coimisinéirí Ioncaim i ngleic leis an gcás seo go sásúil, níos mó ná deich mbliana níos déanaí, agus d’fhéadfadh sé go mbeidh tionóntaí faoi dhliteanas cáin agus pionóis a íoc tar éis teipeadh orthu i ngan fhios dóibh féin cáin a asbhaint ó thiarna talún neamhchónaitheach. D’fhéadfadh sé seo deacrachtaí agus anacair a chur ar thionóntaí leochaileacha cosúil le seandaoine, daoine a bhfuil fadhbanna litearthachta orthu, daoine nach bhfuil cur amach acu ar an gcóras cánach agus náisiúnaigh eachtrannacha a d’fhéadfadh gan ach méid teoranta Béarla a bheith acu.
“Ghlaoigh mé ar an Uasal X agus chuir mé ar an eolas í faoi chinneadh na Roinne €4,528.43 a aisíoc faoi REPS. Bhí ríméad uirthi agus bhí sí sásta a chloisteáil go bhfuil gné dhaonnachtúil ag an Roinn!”