Oifig an Ombudsman

Caibidil 5: Údaráis Áitiúla; An Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil - Cásanna Roghnaithe

Clár

5.1 Státseirbhíseach sáite sa phróiseas díláraithe atá i sáinn. Caithfidh úinéirí áiteanna cónaithe príobháideacha nach príomh-áiteanna cónaithe iad muirear bliantúil €200 a íoc - aird ar an aimhrialtacht.

Thug an tAcht Rialtais Áitiúil (Muirir), 2009 muirear nua €200 isteach a bheidh le híoc ag úinéirí áiteanna cónaithe nach príomh-áiteanna cónaithe iad. Fuair mé gearán ó dhuine ar gearradh an muirear air go héagórach faoin Acht, dar leis. Bhí sé ag obair le comhlacht poiblí a bhí ainmnithe le haghaidh díláraithe, agus chuir sé iarratas isteach le haistriú faoin gclár díláraithe. Cheannaigh sé suíomh agus críochnaíodh an teach i mí Lúnasa 2008 ag ionad an díláraithe. An mhí dar gcionn, d’fhógair an Rialtas go raibh an t aistriú áirithe sin faoin gclár díláraithe curtha ar feitheamh. D’fhan sé ina áit chónaithe reatha agus é ag fanacht ar shoiléiriú maidir leis an dílárú.

Gearradh muirear €200 ar an ngearánach faoin Acht Rialtais Áitiúil (Muirir), 2009 toisc gur mheas an t údarás áitiúil, sa cheantar ina raibh an teach lonnaithe, go raibh an teach ináitrithe agus, dá bhrí sin, gurbh éigean é a aicmiú mar áit chónaithe phríobháideach nach príomháit chónaithe é. Chuir sé isteach ar dhíolúine chuig an údarás áitiúil, agus lorg sé cúnamh óna ionadaí poiblí áitiúil freisin. Ba é an argóint a bhí aige ná go raibh sé éagórach an muirear a ghearradh air de bharr tosca an cháis áirithe sin. Diúltaíodh dá iarratas ar dhíolúine toisc nach bhfuil foráil déanta di sa reachtaíocht. Dúirt an gearánach le m’Oifig gur dhiúltaigh sé an muirear a íoc mar agóid, agus dá bhrí sin, bhí pionóis €20 in aghaidh na míosa á ngearradh air ó Dheireadh Fómhair 2010 i leith.

Cé go ndéantar foráil do dhíolúintí i gcásanna sonraithe in Alt 4 den Acht, ní chuimsíonn na díolúintí sonraithe cás an ghearánaigh. Tá sé soiléir nach ndéantar foráil do mheicníocht achomhairc nó athbhreithnithe san Acht, lasmuigh de na díolúintí sonraithe. Níl foráil ar bith ann le cur ar chumas an Aire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil, nó ar chumas oifigeach ainmnithe in údarás áitiúil, muirear a tharscaoileadh nó a dhíscríobh in imthosca a mheasfaí a bheith eisceachtúil.

Ón imscrúdú a rinne mé ar fhorálacha na reachtaíochta áirithe seo, is cosúil gurb é an t aon bhealach le hachomharc a dhéanamh ná mar chuid de chosaint i gcoinne ionchúisimh faoi Alt 12 den Acht. Mar sin féin, is cosúil dom go mbaineann an dlínse i leith cionta faoin Acht leis an gCúirt Dúiche. Dá bhrí sin, dá mba mhian le duine agóid a dhéanamh i gcoinne bailíocht, nó infheidhmeacht, fhorálacha an Achta, is cosúil go mbeadh air/uirthi dul ar aghaidh chuig an gCúirt Chuarda, agus chuig an Ard Chúirt ina dhiaidh sin, ionas go n éistfí an cás i gceart. Ní bheadh sé d’acmhainn ag an gcuid is mó de dhaoine íoc as an gcostas seo. Thug mé faoi deara freisin go bhféadfaí féachaint ar chostas achomhairc den sórt sin mar cheann a bheadh díréireach le costas an ghnímh a bhfuil achomharc á dhéanamh faoi (an muirear €200 a gearradh).

Thug mé faoi deara go dtugtar an chumhacht don Aire Rialacháin a dhéanamh faoi Alt 14 den Acht. Shínigh an tAire dhá ionstraim reachtúla, IR 278/2009 agus IR 279/2009, ach níl forálacha i gceachtar den dá ionstraim a bhaineann le hachomhairc, le hathbhreithnithe, nó le tarscaoileadh.

Bíodh is go raibh comhbhá áirithe agam don ghearánach, b’éigean dom a aithint go raibh an dlí, faoi mar a bhí, á chur i bhfeidhm i gceart sa chás seo, agus nach raibh discréid ar bith ar fáil don údarás áitiúil. Sna himthosca sin, níorbh fhéidir liom tabhairt le tuiscint go raibh míriarachán i gceist le gníomhartha an údaráis áitiúil sa chás áirithe seo, agus chuir m’Oifig an méid seo in iúl don ghearánach dá réir sin.

Uaireanta bíonn iarmhairtí ag píosaí nua reachtaíochta nach raibh súil leo roimh an reachtaíocht a chur i bhfeidhm, mar ní féidir a bheith ag coinne i gcónaí leis an tionchar a bheidh ag reachtaíocht áirithe, nó na himthosca dóchúla ina mbeidh baill den phobal a gcuimseoidh an reachtaíocht iad. Bíodh is go ndearnadh iarracht sa reachtaíocht seo imthosca áirithe faoina mbeadh díolúine i gceist a réamh mheas, níor cuireadh scóip nó meicníocht ar bith ann chun déileáil le himthosca eile faoina bhféadfadh díolúine a bheith de dhíth chomh maith céanna. Maidir liomsa, ní féidir liom ach imní i leith an cháis a léiriú agus a chur os comhair Thithe an Oireachtais, agus ligean don Oireachtas cinneadh a dhéanamh cibé acu an bhfuil leasú ar an reachtaíocht ag teastáil nó nach bhfuil, bunaithe ar a bhfuil thuas.

Tá litir scríofa agam chuig an Aire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil freisin leis an aimhrialtacht a chur ar a shúile dó.

“Buíochas ó chroí libh as bhur gcúnamh maidir le mo ghearán i gcoinne [na Comhairle]. Creidim gur ghné shuntasach a bhí ann maidir lena chabhrú linn teacht ar réiteach inghlactha. Tá imní gan réiteach agam maidir le pointí prionsabail agus conartha agus cur chuige [na Comhairle] a bhí, dar liom, míchuí agus ionsaitheach gan ghá. Cé go mba mhaith liom soiléireacht áirithe a bheith faighte agam i ndáil le gnéithe den chás, is cúis faoisimh dom gur thángthas ar chomhaontú. Go raibh maith agaibh as bhur dtacaíocht agus bhur dtreoir... táim an-bhuíoch astu.”

Gearánach

5.2 Íocann an Chomhairle €3,000 as clárú mícheart tí le Clárlann na Talún.

Fuair mé gearán ó fhear nuair a theip ar dhíolachán a thí de bharr go raibh an réadmhaoin cláraithe mícheart le Clárlann na Talún nuair a cheannaigh sé an teach den chéad uair. Cheannaigh sé an teach ó Chomhairle Contae Bhaile Átha Cliath Theas faoin scéim úinéireachta comhroinnte agus d’áitigh sé gurb í an Chomhairle a bhí freagrach as an earráid. Bhí sé ag iarraidh ar an gComhairle cúiteamh a íoc leis as na costais a bhí gceist sna hiarrachtaí chun an teach a dhíol agus chun an earráid a cheartú (táillí breise suirbhéara, luachálaí agus aturnae).

Chuaigh mé i dteagmháil leis an gComhairle agus rinne mé scrúdú ar an doiciméadúchán bunaidh a bhain le díolachán an tí. Fuair mé amach gur ceanglaíodh an léarscáil mícheart leis an ngníomhas aistrithe nuair a cheannaigh an Chomhairle an réadmhaoin ón bhforbróir ar an gcéad dul síos i 1996. Bhí an léarscáil ag tagairt do réadmhaoin le seoladh cosúil leis san fhorbairt chéanna. Níor aimsíodh an earráid go dtí roinnt blianta ina dhiaidh sin nuair a bhí Clárlann na Talún ag cur díolachán na réadmhaoine eile i gcrích. Fuair mé amach freisin i gcomhaid na Comhairle go raibh a fhios ag an gComhairle faoin bhfadhb dhá bhliain sula ndearna an gearánach iarracht a theach a dhíol.

D’áitigh an Chomhairle gur mhol siad don ghearánach, ag tráth an díolacháin, cúnamh a lorg ó aturnae i rith an idirbhirt ach gur dhiúltaigh sé é sin a dhéanamh. Chuir siad doiciméid ar fáil ag taispeáint gurb amhlaidh a bhí an cás. D’áitigh an Chomhairle go raibh freagracht ar an ngearánach a dhearbhú go raibh an doiciméadúchán ar fad in ord nuair a dhíol siad an réadmhaoin leis. Dá bharr sin, ní raibh siad freagrach as na costais bhreise a gearradh ar an ngearánach nuair a theip ar an díolachán ina dhiaidh sin.

Mheas mé, cé go bhféadfadh sé go raibh dualgas ar an ngearánach, mar cheannaitheoir, a chinntiú go raibh an teideal i gceart, bhí dualgas ar an gComhairle freisin fadhbanna ar bith leis an díolachán a chur ar a shúile dó chomh luath agus ab fhéidir. Dá mba rud é gur chuir an Chomhairle an fhadhb in iúl don ghearánach nuair a tarraingíodh a n-aird air an chéad uair, bheadh dóthain ama ann chun é a réiteach roimh iarracht a dhéanamh an teach a dhíol, agus ní theipfeadh ar an díolachán dá bharr. Mheas mé gur drochriarachán a bhí i gceist le teip na Comhairle an earráid a chur in iúl don ghearánach nuair a tarraingíodh a n-aird ar an bhfadhb.

Mhol mé go ndéanfadh an Chomhairle ranníocaíocht de €3,166 leis an ngearánach. Ba ionann é sin agus thart ar leath de na costais bhreise a d’áitigh an gearánach a gearradh air de bharr na moille a tharla an clárú mícheart a chur in iúl dó. Táim sásta a rá gur ghlac an Chomhairle le mo mholadh.

5.3 Tharraing Comhairle Contae na Gaillimhe tairiscint tionóntachta a rinneadh le bean siar de bharr iompar frithshóisialta líomhnaithe – déantar tairiscint tionóntachta nua de thoradh imscrúdaithe an Ombudsman.

Rinne bean gearán le m’Oifig maidir le tairiscint tionóntachta a bhí déanta ag Comhairle Contae na Gaillimhe léi a tharraingt siar bunaithe ar líomhaintí maidir le hiompar frithshóisialta a rinneadh ina coinne. Fuair sí litir ón gComhairle i mí Eanáir, 2007. Bhí “tairiscint tionóntachta” inti le haghaidh teach folamh, agus ghlac sí leis. I mí Dheireadh Fómhair, fuair sí litir eile ón gComhairle ag rá léi go raibh an Chomhairle chun an tairiscint a tharraingt siar. Chuaigh sí i dteagmháil leis an gComhairle faoin ábhar seo ach ní dhearnadh an tairiscint arís. Rinne sí uiríll éagsúla leis an gComhairle trí ionadaithe poiblí agus trí aturnae, idir Nollaig 2007 agus Aibreán 2008 ach ní bhfuair sí aon mhíniú ón gComhairle maidir le cén fáth a tarraingíodh an tairiscint siar. Chuaigh sí i dteagmháil le m’Oifig i mí Mheán Fómhair, 2008, ag sonrú ina litir gearáin go ndearnadh an teach a bhí mar ábhar sa tairiscint a thabhairt do dhuine éigin eile i rith 2008.

Chuir an Chomhairle tuarascáil ar fáil do m’Oifig inar cuireadh in iúl gur togra chun tionóntacht a thairiscint atá i gceist le “litir tairisceana” agus nach dtéitear i mbun tionóntachta foirmiúil go dtí go ndéantar comhaontú tionóntachta a shíniú, faoi réir ag an údarás tithíochta a bheith sásta i leith gach gné den iarratas. Thug an Chomhairle le fios go raibh roinnt imní faoin tionóntacht a bhí beartaithe, mar gheall gur cuireadh in iúl di go raibh líomhaintí curtha i leith na mná go raibh sí ag gabháil d’iompar frithshóisialta maidir lena tionóntacht i dteaghais phríobháideach ar cíos. Le tacú lena seasamh, luaigh an Chomhairle clásal 9 ina Scéim um Thosaíochtaí maidir le Ligean ar Cíos, ina sonraítear:

"Féadfaidh an Chomhairle diúltú teaghais a leithroinnt ar dhuine, nó leithroinnt na teaghaise air nó uirthi a iarchur, i gcás go measann sí go bhfuil nó go raibh an duine ag gabháil d’iompar frithshóisialta”.

Thug an Chomhairle le fios dom freisin gur bhuail siad leis an ngearánaí i mí Lúnasa, 2008 agus go raibh plé oscailte ann faoin bhfáth go ndearnadh an tairiscint a tharraingt siar. Cuireadh taifead den chruinniú ar fáil do m’Oifig agus tá an cuma ar an scéal go ndearnadh roinnt roghanna éagsúla a phlé léi, chomh maith le comhairle a chur uirthi maidir lena hiompar i leith iompar frithshóisialta, sa tréimhse eatramhach. Mar gheall gurb é seo an chéad uair a cuireadh in iúl di go raibh ceist an iompair fhrithshóisialta ina ghné i dtaobh na tairisceana a tharraingt siar, rinne mé faisnéis bhreise a lorg ón gComhairle ar an ngné áirithe seo. Bhí Tuarascáil um Bainistiú Eastáit mar chuid d’fhreagra na Comhairle. Is éard a bhí i gceist leis den chuid is mó ná gearán maidir le himní go ndéanfaí teach a leithroinnt ar an mbean in eastát ar leith de chuid na Comhairle, agus an fhéidearthacht go mbeadh iompar frithshóisialta á leanúint chuig an eastát seo. Is cosúil freisin go raibh ceist ann go bhféadfadh sé go gcruthófaí fadhbanna amach anseo ó thaobh bainistiú eastáit de thoradh ar theach a leithroinnt san eastát.

Thug mé ar aird ó na doiciméid a cuireadh ar fáil dom go raibh cinneadh na Comhairle an tairiscint tionóntachta a tharraingt siar bunaithe cuid mhór ar aighneacht amháin. Rinne an Chomhairle faisnéis a lorg ó na Gardaí Síochána áitiúla agus thug siad le fios nach raibh tuairiscí de chineál ar bith faighte acu i leith seoladh roimhe sin na mná agus nach raibh aithne acu uirthi go pearsanta.

Agus an gearán seo á mheas, thóg mé na forálacha in Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 1997 san áireamh. Achtaíodh é seo go sonrach le dul i ngleic le cúrsaí a bhaineann le hiompar frithshóisialta in eastáit de chuid na n-údarás áitiúil. Déantar foráil in Alt 14(1)(a) den Acht:

"D’ainneoin aon ní in Achtanna na dTithe 1966 go 1992, nó i scéim a rinneadh faoi alt 11 d’Acht na dTithe, 1988, féadfaidh údarás tithíochta gan teaghais a ligean ar cíos le duine nó é sin a iarchur sa chás ... go measann an t-údarás i leith an duine sin go bhfuil nó go raibh sé nó sí ag gabháil d’iompar frithshóisialta nó nár ar mhaithe le dea-bhainistiú eastáit é teaghais a ligean ar cíos leis an duine sin”. Baineann Alt 15 den Acht le faisnéis a sholáthar don údarás tithíochta ó “dhuine sonraithe”.

Is léir go bhfuil cumhacht dhlíthiúil ag an gComhairle tairiscint tionóntachta ar bith a scrúdú agus a iarchur nó a chealú, i gcás ina meastar go raibh an t-iarratasóir ag gabháil d’iompar frithshóisialta.

Ba chosúil domsa go raibh an reachtaíocht deartha go príomhúil chun déileáil le hiompar frithshóisialta na dtionóntaí a bhí ann cheana féin, agus bhí foráil ann do mheicníocht achomhairc do na cásanna sin trí na Cúirteanna. Bhí forálacha breise leo sin i Rialacha na Cúirte Dúiche [Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 1997], 1999. Tar éis scrúdú breise a dhéanamh ar an reachtaíocht, áfach, bhí an chuma ar an scéal nach raibh foráil ann le haghaidh meicníochta i gcásanna nuair a dhéantar tairiscintí tionóntachta a tharraingt siar. Ba chúis mhór imní dom freisin nár ardaigh an Chomhairle na líomhaintí maidir le hiompar frithshóisialta leis an mbean sula ndearnadh an tairiscint tionóntachta a tharraingt siar. Go deimhin níor ardaíodh iad go dtí mí Lúnasa 2008, deich mí tar éis a chur in iúl di gur tarraingíodh an tairiscint siar.

Ar bhunús na fianaise a bhí os mo chomhair, ba chosúil nach raibh próis chuí i gceist don bhean ón tús. Tháinig an fhaisnéis ar a bhunaigh an Chomhairle a cinneadh ó fhoinse aonair. Níor tacaíodh leis na líomhaintí maidir le hiompar frithshóisialta san fhaisnéis a fuair an Chomhairle ó na Gardaí Síochána. Mar sin féin, rinneadh an cinneadh an tairiscint tionóntachta a tharraingt siar, cé gur cinneadh deacair a bhí ann. I mo thuairim, mar gheall nach raibh foráil ann le haghaidh nós imeachta foirmiúil achomhairc sa reachtaíocht, ba chóir go mbeadh sé de dhualgas ar údarás áitiúil a chinntiú go gcuirtear próiseas i bhfeidhm a thugann aird mar is cuí ar nósanna imeachta córa agus ar cheartas aiceanta, i gcásanna nach bhfuil fianaise a chomhthacaíonn leis na líomhaintí maidir le hiompar frithshóisialta ann ó bhall de na Gardaí Síochána. Ba chóir go dtabharfaí ceart don té a ndearnadh gearán ina leith freagra a thabhairt mar chuid den phróiseas sin, sula nglactar an cinneadh deiridh.

I bhfianaise chúinsí an cháis seo, bhí imní orm nach raibh córas srianta agus ceartúcháin cuí ag próisis na Comhairle. Mar thoradh air sin, mheas mé nár leanadh an nós imeachta ceart sa chás seo.

D’iarr mé ar an gComhairle athbhreithniú a dhéanamh ar a nósanna imeachta le cinntiú nach dtiocfadh cás cosúil leis chun cinn arís. San fhreagra a thug sí, d’aithin an Chomhairle an gá le nósanna imeachta córa ina cuid próisis déanta cinntí. Aithníodh freisin gur chóir go mbeadh deis tugtha don bhean éisteacht a fháil roimh chinneadh a dhéanamh an tairiscint tionóntachta a tharraingt siar. Gheall an Chomhairle dom a cuid próisis a leasú dá réir.

Rinne an Chomhairle tionóntacht eile a leithroinnt ar an ngearánach i mí Iúil, 2009.

“Ba mhaith liom mo ghearán maidir le teaghais a bhí ar cíos agam ó Chomhairle Contae Bhaile Átha Cliath Theas, teaghais a bhí buailte go dona ag taise, a tharraingt siar ... Tá teach nua curtha ar fáil dom ag [Comhairle] Contae Bhaile Átha Cliath Theas agus tá an-áthas orm faoin aistriú agus gan a bheith ag plé leis an taise agus na fadhbanna a bhain le [seoladh roimhe seo], Co. Bhaile Átha Cliath. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil libh as bhur gcabhair agus bhur gcuid ama ag déileáil leis an ábhar seo. Tá mé thar a bheith buíoch díobh."

Gearánach