4.1.1 Moill saSeirbhís um Chlárú Sibhialta maidir le teastas breithe linbh a leasú le hainm an athar a chur air.
Rinne fear ó Chorcaigh teagmháil le m’Oifig maidir le moill fhada a bhí ar an tSeirbhís um Chlárú Sibhialta a cinneadh a chur i bhfeidhm chun teastas breithe a linbh a leasú. Ba é an leasú a bhí ag teastáil ná a ainm féin a chur ar an teastas breithe agus ainm fir eile, a bhí curtha síos mar athair an linbh i dtosach, a bhaint. Níor thoiligh máthair an linbh nó an fear a bhí cláraithe mar an t athair leis an leasú.
Shocraigh an tSeirbhís um Chlárú Sibhialta moill eile a chur ar an leasú le cur ar chumas máthair an linbh aighneacht a dhéanamh nó tús a chur le himeachtaí dlí leis an leasú a stopadh, agus dá bhrí sin thosaigh mé imscrúdú ar ghníomhartha na hOifige sa chás seo.
Le linn an imscrúdaithe seo, leasaíodh an teastas breithe faoi mar a theastaigh ón athair beagnach dhá bhliain go leith roimhe sin. Chinn mé gur theip ar an tSeirbhís um Chlárú Sibhialta, agus an mhoill á ceadú aici, teacht ar chomhréiteach réasúnta idir cearta an athar agus an linbh (a raibh a cheart bunúsach chun féiniúlachta i mbaol) agus cearta na bpáirtithe eile (máthair an linbh agus an fear a ainmníodh mar athair an linbh i dtosach báire). Ag éirí as cinntí an imscrúdaithe, déanaim na moltaí seo a leanas an tSeirbhís um Chlárú Sibhialta:
Ghlac an tSeirbhís um Chlárú Sibhialta le gach ceann de na trí mholadh.
4.1.2 Déanann an Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh íocaíocht ex gratia de €2,500 le fear scartha.
Rinne fear ó Chontae Thiobraid Árann teagmháil le m’Oifig maidir le treoir ón Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh ranníocaíocht a dhéanamh i dtreo íocaíochtaí cothabhála i leith na mná óna bhfuil sé scartha. D’eisigh an Roinn ordú cinnidh dó i mí an Mhárta 2006 inar ordaíodh dó €35.00 in aghaidh na seachtaine a íoc leis an Roinn i leith íocaíochtaí cothabhála dá bhean chéile a bhí ag fáil na hÍocaíochta Teaghlach Aontuismitheora. Shocraigh sé féin an tsuim seo a íoc lena bhean. Tháinig deireadh lena hÍocaíocht Teaghlach Aontuismitheora i Nollaig 2006 agus, dá bhrí sin, tháinig deireadh freisin le dliteanas an ghearánaigh i leith na Roinne. Theip ar an Roinn é sin a chur in iúl dó áfach agus nach raibh dliteanas air i leith na Roinne as sin amach mar thoradh air sin, agus ní dhearna sí amhlaidh go dtí Meitheamh 2008.
Chuaigh m’Oifig i dteagmháil leis an Roinn, agus dúradh gur thosaigh an fear ag íoc na híocaíochta breise €35.00 in aghaidh na seachtaine de bharr an ordaithe cinnidh a d’eisigh an Roinn. Dá bhrí sin, d’fhéadfaí a rá go raibh ionchas dlisteanach aige go gcuirfeadh an Roinn in iúl dó go tráthúil dá dtiocfadh athrú ar bith ar an dliteanas seo.
Ghlac an Roinn leis go ndearnadh botún nuair nár cuireadh in iúl don ghearánach i Nollaig 2006 go raibh deireadh tagtha leis an Íocaíocht Teaghlach Aontuismitheora. Cé nár admhaigh an Roinn dliteanas, thoiligh sí íocaíocht ex gratia de €2,500 a dhéanamh leis mar chúiteamh as an gcaillteanas airgid a thabhaigh sé.
4.1.3 Teipeann ar mháthair, a oibríonn go lánaimseartha agus a thugann cúram lánaimseartha dá mac, deontas cúraim sosa a fháil.
Rinne bean as Baile Átha Cliath teagmháil le m’Oifig maidir lena hiarratas ar dheontas cúraim sosa a dhiúltaigh an Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh. Is €1,700 in aghaidh na bliana i gcomhair gach duine a dtugtar cúram dó suim reatha an deontais. Diúltaíodh dá hiarratas toisc go raibh sí ag obair lasmuigh den bhaile ar feadh 38 uair in aghaidh na seachtaine.
Ghlac an Roinn leis go raibh cúram á thabhairt aici dá mac ar bhonn lánaimseartha. Sonraítear sna rialacháin a rialaíonn an scéim, áfach, nach féidir le cúramóir níos mó ná 15 uair an chloig a oibriú in aghaidh na seachtaine d’fhonn an deontas cúraim sosa a fháil. Dá bhrí sin, níor chomhlíon an bhean seo ceann de na coinníollacha bunúsacha chun an deontas a fháil. Faraor, faoi na tosca sin, ní fhaca mé aon bhunús ar a bhféadfaí iarraidh ar an Roinn athbhreithniú a dhéanamh ar chinneadh a rinneadh i gceart laistigh de chreat na reachtaíochta a rialaíonn íocaíocht an deontais.
Leagann an cás seo béim ar aimhrialtacht ar cúis aiféala í agus í mar sháinn fhéideartha ar bhochtaineacht leasa shóisialta. De bhrí go bhfuil sí ag obair go lánaimseartha agus ag tabhairt cúraim dá mac, tá an gearánach ag cur leis an Stát agus ag obair ar mhaithe leis an Stát i dtéarmaí airgeadais, ach tá sí féin ag cailleadh amach ar airgead. Is dóigh go bhfaigheadh an bhean íocaíocht teaghlach aontuismitheora agus liúntas do chúramóirí ar leathráta, chomh maith leis an deontas cúraim sosa, dá n éireodh sí as a post. Nó dá n éireodh sí as cúram a thabhairt dá mac, bheadh ar an Stát córas cúraim eile a chur ar fáil, agus bheadh córas mar sin i bhfad níos costasaí.
“Thángthas ar réiteach ar an gcás a raibh mé sásta leis ach san iomlán thóg sé níos mó ná bliain go leith orm. Ghlac mé an t-am le scríobh chuig d’Oifig agus mo shástacht iomlán a chur in iúl faoin gcaoi éifeachtach inar láimhseáladh mo chás. Maith sibh!! Go raibh maith agaibh.”
Gearánach
4.1.4 Cinneadh gan an Pinsean Stáit (Ranníocach) a dheonú freaschurtha agus riaráistí €30,420 íoctha.
In 2007, chuir gearánach ó Chontae Ros Comáin isteach ar Phinsean Ranníocach Stáit, ach dúirt an Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh léi nach raibh sí incháilithe toisc nach raibh a dóthain ranníocaíochtaí árachais shóisialta íoctha aici. Ina dhiaidh sin, rinne a cuntasóir iarratas ar a son. In ainneoin comhfhreagras forleathan eatarthu, ní bhfuair sí pinsean ar bith.
Rinne a cuntasóirí teagmháil le m’Oifig in 2009. Tar éis comhfhreagras a dhéanamh leis an rannóg do dhaoine féinfhostaithe sa Roinn agus leis an rannóg scóipe araon, dhearbhaigh m’Oifig go raibh sí faoi dhliteanas ranníocaíochtaí Árachais Shóisialaigh (ÁSPC), Aicme S a íoc ar a sciar d’ioncam infheistíochta le haghaidh 1991/1992 agus 1992/1993. D’íoc sí na ranníocaíochtaí seo go cuí, agus rinneadh a taifead a nuashonrú dá réir sin.
Fuair sí a teidlíocht pinsin de €230.30 in aghaidh na seachtaine, agus íocadh riaráistí €30,420 léi.
4.1.5 Faigheann baintreach fir €35,530 de riaráistí pinsin siardhátaithe.
Rinne fear as Contae na Mí teagmháil le m’Oifig le gearán a dhéanamh toisc gur laghdaigh an Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh an méid riaráistí den phinsean (ranníocach) baintreach fir a bhí dlite dó. Fuair a bhean chéile bás i 1988, ach ní bhfuair sé amach faoina theidlíocht i leith an phinsin go dtí mí na Nollag 2007, nuair a chuir sé isteach air den chéad uair. Dheonaigh an Roinn an pinsean (ranníocach) baintreach fir dó le héifeacht ó Mheán Fómhair 2004. Nuair a íocadh na riaráistí leis, laghdaíodh an tsuim le méid arbh ionann é agus méid an liúntais do lucht cuardaigh fostaíochta agus méid na n íocaíochtaí eile a fuair sé sa tréimhse sin. Chreid sé go raibh a leithéid éagórach mar, cé nár deonaíodh an pinsean dó le héifeacht ó Mheán Fómhair 2004, níor inis an Roinn dó go raibh sé i dteideal an pinsean a éileamh nuair a rinne sé éileamh ar liúntas do lucht cuardaigh fostaíochta in 2000. Dúirt sé le foireann na Roinne ag an tráth sin gur baintreach fir a bhí ann. Mhínigh m’Oifig don fhear go raibh an Roinn ceart an liúntas do lucht cuardaigh fostaíochta agus íocaíochtaí eile a aisghabháil ó riaráistí an phinsin. Go ginearálta, ní bhíonn duine i dteideal ach aon íocaíocht amháin a fháil i leith tréimhse ar bith.
Shocraigh mé féachaint níos géire ar a ghearán go raibh an Roinn ar an eolas in 2000 gur baintreach fir a bhí ann, agus nár cuireadh in iúl dó go raibh sé i dteideal an phinsin ag an tráth sin. Rinne m’Oifig teagmháil leis an Oifig Áitiúil Leasa Shóisialaigh, áit a ndearna sé a éileamh ar an liúntas do lucht cuardaigh fostaíochta in 2000. Fuarthas amach go raibh foirm éilimh ann dar dáta an 12 Eanáir 2000, a bhí sínithe ag Cigire Leasa Shóisialaigh agus ag Oifigeach Breithiúnachta, inar dhearbhaigh an fear gur baintreach fir a bhí ann. Ansin rinneamar teagmháil le rannóg na bpinsean (ranníocach) baintreach fir sa Roinn. D’iarramar uirthi machnamh ar phinsean an fhir a shiardhátú tuilleadh toisc gur cuireadh in iúl don Roinn in 2000 gur baintreach fir a bhí ann ach nár chuir an Roinn ar an eolas é i dtaobh a theidlíochta féideartha ar phinsean (ranníocach) baintreach fir ag an tráth sin.
Tháinig roinnt ceisteanna chun cinn maidir le taifead árachais an fhir le linn dóibh a bheith ag déanamh machnaimh ar m’iarraidh. Nuair a réitíodh iad sin áfach, chuir an Roinn in iúl dom go rabhthas ag glacadh leis go mbeadh na coinníollacha ar fad comhlíonta aige maidir le pinsean (ranníocach) baintreach fir a fháil ón uair a fuair a bhean chéile bás i Meán Fómhair 1998. Bhí a phinsean le siardhátú go dtí an dáta sin. Fuair an fear riaráistí pinsin de €35,530.72 ina dhiaidh sin.
4.1.6 Cinneadh maidir le diúltú do Shochar Cúramóra freaschurtha agus riaráistí €12,000 íoctha ag an Roinn.
Rinne an gearánach, ar as Baile Átha Cliath di, iarratas ar an Sochar Cúramóra i mí na Bealtaine 2007 i leith a haintín agus a huncail. Faomhadh an íocaíocht i leith a huncail, ach níor ceadaíodh an t iarratas i gcás a haintín. Dúirt an Roinn gur mheas a Comhairleoir Liachta agus a hOifigeach Breithiúnachta nárbh leor an fhianaise liachta a cuireadh isteach leis an iarratas d’fhonn a léiriú go raibh cúram agus aire lánaimseartha de dhíth uaithi. Rinne an gearánach an cinneadh a achomharc leis an Oifig Achomharc Leasa Shóisialaigh (OALS) neamhspleách. I ndiaidh éisteachta ó bhéal den achomharc, sheas an t oifigeach achomhairc leis an gcinneadh gan íocaíocht a fhaomhadh i gcás a haintín.
I ndiaidh do m’Oifig an gearán a fháil, fuarthas na páipéir ábhartha ón Roinn agus ón OALS. Ón imscrúdú a rinneamar ar an gcás, fuaireamar amach go raibh fianaise liachta bhreise i gcomhad na Roinne, a bhí an-difriúil ón bhfianaise liachta a ndearna an tOifigeach Breithiúnachta agus an tOifigeach Achomhairc araon imscrúdú uirthi. Ba léir nár seoladh an fhianaise seo ar aghaidh chuig an gComhairleoir Liachta, agus nach ndearna an tOifigeach Breithiúnachta imscrúdú uirthi. Thug an fhianaise seo le fios go raibh riocht sláinte an aintín níos tromchúisí ná mar a dúradh san fhianaise liachta a úsáideadh don chéad chinneadh agus don achomharc ina dhiaidh sin. D’iarr m’Oifig ar an Roinn athbhreithniú a dhéanamh ar an gcinneadh agus an fhianaise liachta bhreise a chur san áireamh. Sheol an Roinn an cás ar ais chuig a Comhairleoir Liachta le linn an athbhreithnithe, agus ghlac an comhairleoir leis gurbh leor an fhianaise liachta bhreise chun an coinníoll a shásamh maidir leis an riachtanas i leith cúram agus aire lánaimseartha sa Scéim Sochar Cúramóra.
Faomhadh an íocaíocht i leith aintín an ghearánaigh, agus rinneadh í a shiardhátú go dáta an chéad éilimh. Mar thoradh air sin, íocadh riaráistí de bheagnach €12,000 leis an ngearánach a chuimsigh íocaíocht an Deontais Cúraim Sosa le haghaidh 2007 agus 2008.
4.2 Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte
4.2.1 Cinneadh gan Liúntas Cúram Baile agus Liúntas do Chúramóirí a dheonú do leanbh ar a bhfuil ainéime chorráncheallach freaschurtha. Riaráistí de bheagnach €18,000 íoctha.
Rinne fear as Contae Lú teagmháil le m’Oifig maidir leis an gcinneadh a rinne Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) diúltú do Liúntas Cúram Baile (LCB) €309.50 in aghaidh na míosa, roimh mhí Iúil 2009, maidir lena iníon a bhfuil ainéime chorráncheallach uirthi.
Aithníodh go raibh an galar uirthi go gairid tar éis di teacht ar an saol, agus bhí sí san ospidéal roinnt uaireanta ó shin. De réir na fianaise liachta, tá sé ríthábhachtach go mbeadh sí á faire an t-am ar fad agus go dtabharfaí aire leanúnach di. Ina theannta sin, murach an t aire agus an cúram a fhaigheann sí sa bhaile, bheadh sí san ospidéal níos minice. Náisiúnach coigríche is ea é a hathair, agus tugadh cead dó teacht go hÉirinn chun cabhrú le haire a thabhairt di.
D’iarr mé ar FSS athbhreithniú a dhéanamh ar an gcinneadh. Is é an cás a rinne mé ná gur deacair a thuiscint conas a mheasfaí leanbh le galar saoil den chineál seo mar dhuine atá neamh incháilithe de réir míochaine nuair a rinneadh iarratas den chéad uair i bhFeabhra 2007, ach ar measadh í incháilithe de réir míochaine in 2009. Tugadh fianaise liachta chomhionann mar thacaíocht leis an dá iarratas.
Rinne FSS athbhreithniú ar an gcinneadh, agus deonaíodh LCB le héifeacht ó mhí Feabhra 2007. Mar thoradh air sin, íocadh riaráistí de €10,598.98.
Agus mé ag tabhairt an cháis ceo chun críche, thug mé faoi deara gur diúltaíodh liúntas do chúramóirí a thabhairt do mháthair an linbh toisc gur diúltaíodh LCB. Chuaigh mé i dteagmháil leis an Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh agus d’iarr mé uirthi athbhreithniú a dhéanamh ar an gcinneadh seo freisin, ar bhonn chinneadh athbhreithnithe FSS i mí an Mhárta 2009. Shocraigh an Roinn an cinneadh seo a athbhreithniú freisin, agus deonaíodh íocaíocht an liúntais do chúramóirí le héifeacht ó Fheabhra 2007. Mar thoradh air sin, íocadh riaráistí breise de €7,352.36.
“Ba mhaith liom buíochas ó chroí a ghabháil libh freisin as an gcabhair a thug sibh dom san ábhar seo agus as an gcineáltas a léirigh sibh dom ar feadh an phróisis. Táim anbhuíoch go deo as an tseirbhís a thug sibh dom.”
Gearánach
4.2.2 Freaschuireann FSS a cinneadh i leith diúltú costas iomlán na cóireála a íoc le bean a raibh neamhord itheacháin uirthi.
Rinne bean a raibh Bulimia Nervosa ag dul di (neamhord itheacháin ainsealach coitianta) gearán liom go raibh FSS i gContae an Chláir tar éis maoiniú a tharraingt siar. Chuir an maoiniú seo ar a cumas freastal ar chóireáil phríobháideach. Tá cárta liachta aici agus ba é a dochtúir ginearálta, le cead ón Oifigeach Liachta Sinsearaigh (Rannóg na gCártaí Liachta) in Inis, a chuir ar aghaidh í chuig clinic príobháideach i mBaile Átha Cliath toisc nach raibh seirbhís speisialaithe ar bith le haghaidh neamhord itheacháin lonnaithe i limistéar an Iarthair Láir. Bhí an bhean ag freastal ar an Ionad ar feadh beagnach sé mhí (idir Eanáir agus Meitheamh 2006) nuair a chuir FSS in iúl di nárbh fhéidir léi na costais seo a íoc.
Mhínigh FSS nach raibh leithdháileadh sonrach ann le haghaidh cóireáil do neamhoird itheacháin, agus cuireadh in iúl don bhean nach dtabharfaí aird ar iarrataí chun an chóireáil a mhaoiniú go dtí go bhfaighfí atreorú ó lia comhairleach cóireála de chuid FSS. Bhuail an bhean le lia comhairleach FSS in Inis trí huaire, ach níor mhol sé an cineál cóireála a bhí á fháil aici áfach, agus ní chuir sé ar aghaidh í chuig seirbhís eile.
Ina áit sin, thug sé faisnéis di maidir le clár (Eating Disorders Recovery Programme)
in ospidéal príobháideach i mBaile Átha Cliath, agus cheap sé go rachadh an clár
seo chun leasa di. Bhí an clár áirithe seo dírithe ar dhaoine le príomhdhiagnóis
d’anoireicse, tinneas eile, daoine a bhí an tinn agus faoina meáchan ceart, seachas
ar dhaoine ar ghnáthmheáchan a bhfuil búilime orthu (faoi mar a bhí i gcás na mná
seo).
Rinne an bhean achomharc i leith chinneadh FSS gan maoiniú a chur ar fáil dá
cóireáil agus thoiligh FSS leath na gcostas a bhí i gceist a íoc, toisc go raibh an
teiripe tosaithe cheana féin aici.
Tar éis do m’Oifig dul i dteagmháil le FSS áfach, thoiligh FSS costas iomlán na cóireála a aisíoc leis an mbean. Glacadh leis gur thosaigh sí ar an gclár sa chlinic príobháideach le hintinn mhaith agus go raibh sí ag súil i ndáiríre go n íocfaí a cuid costas. D’áitigh FSS, áfach, go mbeadh moladh cliniciúil ón síciatraí comhairleach de dhíth le cóireáil ina dhiaidh sin a mhaoiniú, agus ní dhearnadh an moladh sin.
Faoin am seo, bhí an dul chun cinn déanta ag an mbean agus biseach ag teacht uirthi. Ach bhí baol ann áfach go mbeadh uirthi féin íoc as an gcuid eile den chóireáil, rud a chruthódh fadhbanna airgid di. Rinne m’Oifig teagmháil leis FSS arís chun soiléiriú a lorg i leith na cóireála a bhí beartaithe don bhean le leanúnachas cúraim a chinntiú, 59 agus d’fhonn a fháil amach an ndearnadh measúnú ceart ar an dul chun cinn a bhí déanta aici. Thoiligh FSS athbhreithniú a dhéanamh ar an gcás, agus socraíodh na costais iomlána a bhain le cóireáil na mná a íoc. Tá an clár teiripe curtha i gcrích aici anois, agus is cúis áthais dom a rá go bhfuil ag éirí go han mhaith léi.
4.2.3 Déantar faillí i leith cúram máithreachais in ospidéal i bPort Láirge – Gabhtar leithscéal le bean agus tugtar comhairleoireacht agus íocaíocht ex gratia de €1,000 di.
Rinne bean gearán liom maidir le caighdeán an chúraim máithreachais a fuair sí in Ospidéal Réigiúnach Phort Láirge nuair a rugadh a leanbh in 2007. Dar léi, coinníodh faoiseamh ó phian uaithi toisc nár thuig an bhean chabhrach freastail go raibh an bhean i dtinneas clainne. Thóg sé dhá bhliain le himscrúdú a dhéanamh ar an ngearán tosaigh a rinne sí leis an ospidéal. Foireann imscrúdaithe a rinne an t imscrúdú sin, de réir bheartas Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte “Trust in Care”. Fuarthas amach go bhfuair an bhean cúram a bhí faoi bhun an leibhéil bharrmhaith, agus ar féidir é a aicmiú mar fhaillí. Fuair an t imscrúdú seo amach gurbh é toradh na faillí seo ná nár thug an bhean chabhrach ghairmiúil sainchúram nó tacaíocht don bhean le linn na n uaireanta tábhachtacha agus í i dtinneas clainne. Anuas air sin, ní raibh a páirtí nó a máthair i láthair le linn na breithe toisc na faillí, agus coinníodh an deis uaithi faoiseamh cuí ó phian a fháil freisin.
Rinne an bhean machnamh ar chaingean dlí a dhéanamh i gcoinne an ospidéil, ach fuair sí amach go raibh sí faoi cheangal ag reachtanna (toisc moill a bhain leis an Imscrúdú “Trust in Care” a chur i gcrích). Rinne sí teagmháil liom chun cúnamh a fháil, agus leithscéal á lorg aici as an bpian agus an anacair a d’fhulaing sí. Theastaigh uaithi comhairleoireacht a fháil freisin le cabhrú léi dul i ngleic le tráma na breithe, mar aon le cúiteamh airgeadais i leith na gcostas a thabhaigh sí agus í ag leanúint lena gearán.
Phléigh m’Oifig an gearán le Bainisteoir Ginearálta an ospidéil, agus rinneadh socruithe ionas go bhféadfadh foireann an ospidéil bualadh leis an mbean agus lena teaghlach. Bhíothas ag súil go dtabharfadh an cruinniú seo deis don ospidéal breac chuntas a thabhairt ar an gcaoi a láimhseáladh gearán na mná, agus le leithscéal a ghabháil léi as an anacair a d’fhulaing sí le linn na breithe. Níor chabhraigh an cruinniú seo leis na ceisteanna a d’ardaigh an bhean a chur i gcrích go sásúil, agus ní dhearnadh tairiscint ar bith maidir le cúiteamh airgeadais a dhéanamh léi. Bíodh is go raibh leithscéal i miontuairiscí an chruinnithe, mheas an bhean nár réitigh seo an cheist chun a sástachta.
Chuaigh m’Oifig i dteagmháil le Bainisteoir Ginearálta an ospidéil arís agus, tar éis an cás a phlé arís, thoiligh an Bainisteoir Ginearálta litir a scríobh chuig an mbean le leithscéal iomlán a ghabháil agus le hadmháil go bhfuair an bhean cúram a bhí faoi bhun an leibhéil bharrmhaith le linn di a bheith san ospidéal. Thug an Bainisteoir Ginearálta breac chuntas ar na bearta a rinneadh le feabhas a chur ar sheirbhísí ag an ospidéal mar thoradh ar ghearán na mná. Thairg an Bainisteoir Ginearálta seisiúin phríobháideacha chomhairleoireachta a chur ar fáil don bhean, agus d’íoc Ospidéal Réigiúnach Phort Láirge as na seisiúin seo. Thoiligh an t ospidéal freisin íocaíocht ex-gratia de €1,000 a dhéanamh mar chomhartha dea thola.
4.2.4 Déanann bean chéile gearán faoi chaighdeán an chúraim agus na cóireála a fhaigheann a fear céile a bhfuil tinneas foirceanta air in ospidéal Thulach Mhór. Téann an t ospidéal i ngleic le teipeanna sistéamacha.
Fuair mé gearán ó bhean maidir leis an gcúram a tugadh dá fear céile nach maireann nuair a bhí sé mar othar in Ospidéal Réigiúnach Lár Tíre, an Tulach Mhór. Bhí roinnt ábhar imní ag an ngearánach, go sonrach:
I rith an imscrúdaithe a rinne mé ar an ngearán seo, fuair mé roinnt tuarascálacha
mionsonraithe ón ospidéal, agus chas an tImscrúdaitheoir ó m’Oifig leis an
ngearánach ina teach féin.
I rith an imscrúdaithe a rinne mé ar an ngearán seo, fuair mé roinnt tuarascálacha mionsonraithe ón ospidéal, agus chas an tImscrúdaitheoir ó m’Oifig leis an ngearánach ina teach féin.
Maidir leis an gcaoi ar cuireadh an gearánach ar an eolas faoi riocht a fir chéile agus le freagairt thosaigh an ospidéil ar m’Oifig, d’iarr mé ar an ospidéal féachaint an mbeadh tairbhe ag baint le beartas a thabhairt isteach maidir le drochscéal a thabhairt d’othair. Mar fhreagra air sin, rinne an t ospidéal dréacht threoirlínte a fhorbairt i dtaobh “Drochscéal a Thabhairt d’Othair in Ospidéal Géarmhíochaine” (Breaking Bad News to Patients within an acute hospital setting). Is é cuspóir an bheartais seo ná treoir a chur ar fáil don fhoireann mhíochaine agus altranais, atá ar aon dul leis an dea chleachtas idirnáisiúnta, maidir le drochscéal a thabhairt d’othair, dá dteaghlach agus/nó dá bpáirtí.
Maidir le cógas an othair, bhí imní orm go raibh roinnt dá chógas á fhágáil ar a thaisceadán taobh leapa agus nach raibh sé á thabhairt dó de réir mar atá leagtha amach sa dea chleachtas. Ón imscrúdú a rinne mé ar nótaí altranais an othair, is cosúil go mbíodh seo ag tarlú nuair a bhíodh codladh ar an othar nó nuair nach mbíodh sé in ann a chógas ordaithe a ghlacadh. Tá sé do ghlactha cógas a fhágáil ar thaisceadáin taobh leapa, agus tagann an cleachtas seo salach ar bheartas an ospidéil. Dá bhrí sin, mhol mé go dtabharfaí oiliúint as an nua do roinnt ball foirne maidir leis an ngné seo a bhain le cógas a thabhairt. Mar fhreagra air sin, shocraigh an t ospidéal go ndéanfaí an cheist a phlé ag cruinnithe na mbainisteoirí altranais, agus go ndéanfaí beartas tabhartha drugaí an ospidéil a athbhreithniú.
D’inis an gearánach dom gur bhain sí stocaí fritheambólacha dá fear céile lá amháin chun a chosa a ní, agus gur thit an oiread sin craiceann tirim óna chosa go raibh sí in ann an fheoil faoi a fheiceáil. Líomhain sí nár baineadh na stocaí dó le beagnach trí seachtaine. Tá stocaí fritheambólacha deartha le trombóis dhomhain sna féitheacha a chosc. Is éard atá i gceist leis seo ná téachtáin fola sna cosa. Is féidir stocaí fritheambólacha a chaitheamh ar feadh na tréimhse ar fad a chaitheann an t othar san ospidéal. Tuigim go molann an déantóir gur chóir na stocaí a athrú gach 3 lá, agus gur chóir iad a bhaint go sealadach le haghaidh folcthaí nó cithfholcthaí.
Nuair a d’ardaigh mé an cheist seo leis an ospidéal, dúradh go mb’fhéidir gur athraíodh na stocaí níos minice ná mar a bhí ráite ag an ngearánach. Mar sin féin, lean mé suas an cheist seo toisc nach raibh mé sásta gur tháinig iontrálacha sonracha i nótaí altranais an othair le míniú an ospidéil. Tar éis comhfhreagras mionsonraithe, d’fhorbair an t ospidéal treoirlínte cuimsitheacha maidir le húsáid stocaí fritheambólacha. Cé nárbh fhéidir liom teacht ar chinneadh cinnte maidir le taithí thuairiscithe an ghearánaigh, b’údar misnigh é gur foghlaimíodh ceachtanna san ospidéal, go ndearnadh gníomh ceartaitheach, agus gur dréachtaíodh beartas soiléir agus gur cuireadh i bhfeidhm é de thoradh an ghearáin seo.
Maidir le caighdeán na nótaí altranais ar fhéach mé orthu mar chuid den ghearán seo, d’iarr mé ar an ospidéal féachaint an raibh gá le hathbhreithniú a dhéanamh ar a bheartas bainistíochta taifead i bhfianaise an Chóid Chleachtais maidir le Bainistíocht Thaifid Chúraim Sláinte (Code of Practice for Healthcare Record Management). Mar fhreagra, rinne an t ospidéal beartas agus treoirlínte maidir le dea chleachtas i ndoiciméadúchán altranais a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm. Ina theannta sin, sheol an t ospidéal liosta chugam de bhaill foirne a d’fhreastail ar an gclár oiliúna agus dhearbhaigh go bhfuil an clár oiliúna ar siúl i gcónaí.
Anuas air sin, dúirt an t ospidéal liom go ndearnadh roinnt féinmheasúnuithe in 2009. Mar thoradh air sin, aithníodh tuairim is 37 plean feabhsaithe cáilíochta, agus tá an t ospidéal ag déanamh a dhíchill cloí leis na critéir uile ó na caighdeáin éagsúla san fhéinmheasúnú seo.
Mar achoimre, d’aithin an gearánach roinnt teipeanna sistéamacha i mbainistíocht riaracháin san ospidéal. Tar éis dom páirt a ghlacadh sa chás, d’admhaigh an t ospidéal go raibh roinnt fadhbanna ann, agus rinne bearta le dul i ngleic leo ar bhealach dearfach, i gcomhairle leis an bhfoireann altranais agus mhíochaine. Dréachtaíodh nósanna imeachta nua, agus díríodh oiliúint na foirne ar na ceisteanna a aithníodh. Cuirim fáilte roimh fhreagairt dhearfach an ospidéil agus tá súil agam, mar thoradh ar thaithí dhiúltach an ghearánaigh agus na feabhsuithe a rinneadh ó shin, nach mbeidh teaghlaigh eile sa chás céanna ag tráth atá lán le strus agus hanacair dá leithéid.
4.2.5 Caitear go dona le hothar atá ag fáil cúraim sosa in ospidéal i Loch Garman. D’fhan sí ar an leaba mar gheall nach raibh suíochán oiriúnach ar fáil agus bhí drochbhrú craicinn uirthi nuair a d’fhill sí abhaile.
Rinne bean gearán liom i leith an chúraim agus na cóireála a fuair a máthair ag Ospidéal Ely, Co. Loch Garman. Dúirt sí gur glacadh lena máthair san ospidéal le haghaidh cúram faoisimh coicíse, ach tháinig sí abhaile le drochbhrú craicinn, a tharla dar léi de bharr foireann an ospidéil a láimhseáil go dona í. Rinne sí gearán i leith na nithe seo a leanas freisin:
Rinne an bhean gearán le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) i leith an chúraim a tugadh dá máthair, ach bhí sí míshásta leis an toradh agus leis an gcaoi ar caitheadh lena gearán.
Thacaigh an t imscrúdú a rinne mé ar an ngearán seo le cás an ghearánaigh den chuid is mó. D’aimsigh mé fianaise shoiléir gur tharla an brú craicinn. Chuir an t ospidéal roinnt mínithe ar fáil maidir le conas a d’fhéadfadh a leithéid tarlú, lena n áirítear go mb’fhéidir nach raibh baill foirne eolach ar íogaireacht na mná maidir le brú craicinn, agus an fhéidearthacht go dtarlódh a leithéid, ag na hócáidí éagsúla a raibh orthu í a láimhseáil mar gheall nach raibh sí in ann bogadh í féin. Mar sin féin, tharla an brú craicinn le linn don bhean a bheith faoi chúram an ospidéil. Gheall an t ospidéal go gcuirfí oiliúint bhreise ar fáil do bhaill foirne maidir le láimhseáil, agus go dtabharfaí nósanna imeachta nua isteach chun monatóireacht agus taifead a dhéanamh ar bhrú craicinn. Le linn dom na saincheisteanna a imscrúdú, d’fhéach mé go grinn ar na nótaí altranais a chuir FSS ar fáil. D’aimsigh mé go raibh na taifid a cuireadh ar fáil easnamhach agus mí eagraithe. Chuir an t-ospidéal treoirlínte nua i bhfeidhm, agus cuireadh oiliúint ar fáil do bhaill foirne maidir le pleanáil an chúraim agus le coimeád nótaí.
Ó thaobh na n uaireanta cuairte de, mhínigh an t ospidéal go n iarrtar ar chuairteoirí fágáil faoi 9i.n. toisc go gcuirtear na doirse ag príomhbhealach isteach an ospidéil faoi ghlas ag an am sin ar mhaithe le sábháilteacht agus sláinte na n othar. Glacaim go hiomlán go bhfuil sábháilteacht na n othar agus na foirne fíorthábhachtach, ach mhol mé go mb’fhéidir go mbeifí ag súil le roinnt solúbthachta maidir le huaireanta cuairte ar mhaithe le hothair áirithe atá cráite nó nach bhfuil ar fónamh.
4.2.6 Déanann iníon gearán faoin gcóireáil a fuair a hathair a bhfuil ailse air – gabhann an t-ospidéal leithscéal agus tugtar isteach nósanna imeachta nua.
Fuair mé gearán ó iníon othar ailse a fuair bás in Ospidéal Beaumont. Bhí an gearán bunaithe go príomha ar an gcúram a tugadh dá hathair, go háirithe timpeall an Luan saoire bainc i mí Lúnasa, nuair a bhí ábhar, a bhí cosúil le hábhar faecach, á chaitheamh aníos aige, agus níor tháinig duine ar bith den fhoireann mhíochaine chun é a sheiceáil. Ní dhearnadh rud ar bith an lá sin le hanacair a hathar a mhaolú. Glacadh isteach san aonad dianchúraim é lá arna mhárach, agus fuair sé bás deich lá ina dhiaidh sin.
Rinne an bhean teagmháil le m’Oifig cúig bliana tar éis a bháis toisc go raibh an teaghlach míshásta i gcónaí leis an gcaoi ar fhreagair an t ospidéal an gearán.
Cheap an t ospidéal foireann athbhreithnithe neamhspleách le gearán an teaghlaigh a imscrúdú. D’eisigh an fhoireann a tuarascáil i mí na Bealtaine 2007, beagnach trí bliana tar éis bás an fhir. Bhí an teaghlach míshásta leis an tuarascáil, mar ní dheachaigh an tuarascáil fada go leor chun déileáil leis na saincheisteanna a d’ardaigh siad, dar leo. Bhraith siad freisin go raibh míchruinnis sa tuarascáil, agus nár léirigh an tuarascáil an cás mar ba léir don teaghlach é. Rinne an teaghlach iarracht roinnt athruithe a chur sa tuarascáil, agus diúltaíodh don iarratas seo.
Dúirt an gearánach liom nár theastaigh ón teaghlach riamh caingean dlí a ghlacadh in aghaidh an ospidéil. Rinne sí na himeachtaí dlí a thionscain sí a tharraingt siar le cur ar chumas m’Oifige déileáil leis an gcás. Theastaigh uaithi freagraí soiléire a fháil maidir leis an gcaoi ar caitheadh lena hathair, mar aon le leithscéal maidir leis na heasnaimh sa chóireáil a tugadh dó, agus dearbhuithe go raibh ceachtanna foghlamtha laistigh den chóras ospidéil.
Scríobh m’Oifig chuig Ospidéal Beaumont, agus tionóladh cruinnithe ina dhiaidh sin le pearsanra sinsearach inar pléadh príomhábhair an ghearáin. I ndiaidh na gcruinnithe sin, thoiligh Príomhoifigeach Feidhmiúcháin an ospidéil bualadh leis an teaghlach d’fhonn a leithscéal a ghabháil go pearsanta as na heasnaimh a aithníodh sa chúram agus sa chóireáil a tugadh dá n athair. Ina theannta sin, scríobh sé litir mhionsonraithe lena leithscéal a ghabháil, agus thug sé an litir don teaghlach ag an gcruinniú sin.
Tá mé an sásta gur admhaigh an t ospidéal na hábhair imní a bhí ag an ngearánach, agus gur glacadh leithscéal iomlán leis an teaghlach. Ghlac an t ospidéal gur theip ar an gcumarsáid, agus gur chóir go mbeadh seiceáil mhíochaine déanta ar a hathair ar an Luan saoire bainc nuair a bhí an teaghlach ag lorg cúnamh míochaine go géar dó. Cuirim fáilte freisin roimh na bearta a ghlac Ospidéal Beaumont chun córas nua a chur i bhfeidhm ionas go mbeifear in ann othair an tinn a chur ar aghaidh go foirmiúil ón bpríomhlia comhairleach cóireála go dtí an lia comhairleach ábhartha ar glao-dhualgas. Dul chun cinn suntasach atá sa mhéid seo, agus ba cheart go gcinnteodh an córas nua go dtabharfaí cúram leanúnach agus comhsheasmhach d’othair, rud atá ríthábhachtach dá sláinte agus dá bhfolláine.
4.2.7 Easnaimh ollmhóra in ospidéal síciatrach.
Rinne bean teagmháil le m’Oifig le gearán a dhéanamh maidir le coinníollacha in Ospidéal Naomh Loman sa Mhuileann gCearr. Ospidéal síciatrach atá ann a raibh a hathair ag fanacht ann.
Aithníodh san imscrúdú a rinne mé gur chosúil nár chloígh an t ospidéal leis na moltaí ar fad atá i dTuarascáil Bhliantúil 2007 den Choimisiún Meabhair-Shláinte, lena n áirítear Tuarascáil an Chigire ar Sheirbhísí Meabhair-Shláinte agus na riachtanais faoin Acht Meabhair-Shláinte 2001. Go háirithe, ba chosúil go raibh neamhchomhlíonadh ann i ndáil le pleananna cúraim ildisciplíneacha a thabhairt isteach, gníomhaíocht theiripeach a sholáthar, bainistíocht taifead, sealúchas agus sealbha pearsanta, agus príobháideacht agus cóiríocht fhisiciúil, lena n áirítear saoráidí leithris. Thug baill foirne ó m’Oifig cuairt ar an ospidéal, agus bhuail siad le hoifigigh ó FSS agus le baill foirne ghairmiúla d’fhonn an gearán a phlé.
Mar fhreagra, dhearbhaigh FSS go ndéantar gach iarracht dul i ngleic leis na saincheisteanna a d’aithin an Cigire, ach ní féidir iad a réiteach i gcónaí leis na hacmhainní atá ar fáil. Dúirt FSS liom go ndéanann an fhoireann bhainistíochta ceantair na gníomhartha is féidir a ghlacadh a shainaithint agus a chur in ord tosaíochta. Dúirt FSS liom freisin go bhfuil €3.5 milliún curtha in áirithe chun saoráidí a uasghrádú, lena n áirítear ionad do chuairteoirí a chur ar fáil, agus seo mar thoradh ar thalamh a dhíol leis an údarás áitiúil. Dar leis na hoifigigh ó FSS lena raibh mé ag déileáil áfach, bíodh is go raibh cuspóirí ann leis an airgead a tháinig as an talamh a díoladh a úsáid, níorbh fhéidir a bheith cinnte go dtabharfadh FSS agus/nó an Roinn Airgeadais tosaíocht chorparáideach don airgead don chuspóir seo.
Ní gá an cás a mhíniú a thuilleadh. Is mór an feall é agus ní féidir glacadh leis go mbíonn ar othair shíciatracha cur suas le córas agus le saoráidí atá go hiomlán neamhoiriúnach dá riachtanais, agus ina n aithnítear easnaimh nach dtéitear i ngleic leo.
“Go raibh maith agaibh as an méid a rinne sibh le cabhrú liom. Táim ag baint suilt as an saol anois. Ní chreidim i ndáiríre é ach tá sé go hiontach a mhothú mar ghnáthdhuine ar deireadh; is rud míorúilteach dom é a bheith ag maireachtáil ar ghnáthbhealach arís. Is rudaí an-luachmhara iad focail nuair a dhéantar iad a rá ag an am ceart agus ba mhaith liom a chur in iúl go bhfuil mé thar a bheith buíoch as bhur gcineáltas, bhur n-ionbhá agus bhur spioraid daonna den scoth. Ní thuigeann sibh chomh tábhachtach agus a bhí bhur dtacaíocht dom ag tráth a bhí chomh deacair crua sin dom.”
Gearánach