27 Eanáir - Rinne an tOmbudsman preaseisiúint ag comóradh 25 bliain ó bunaíodh Oifig an Ombudsman.
29 Eanáir - D’eisigh an tOmbudsman preaseisiúint ar bhás an Onóraigh an Breitheamh Kevin Haugh, go ndéana Dia grásta air, a bhí ina Chathaoirleach ar Choimisiún Ombudsman an Gharda Síochána ag an am.
1 Iúil - D’fhoilsigh an tOmbudsman a Tuarascáil Bhliantúil 2008 agus chuir sí faoi bhráid gach teach den Oireachtas í. D’eisigh an tOmbudsman preaseisiúint freisin agus thionóil sí preasagallamh, tar éis a Tuarascáil Bhliantúil a fhoilsiú.
13 Iúil - D’fhoilsigh an tOmbudsman tuarascáil maidir le muirir na nÚdarás Áitiúil as doiciméid phleanála a fhótachóipeáil agus chuir sí faoi bhráid gach teach den Oireachtas í. D’eisigh an tOmbudsman preaseisiúint freisin tar éis na tuarascála a chur isteach.
22 Meán Fómhair - D’fhoilsigh an tOmbudsman ceithre Thuarascáil maidir le gearáin a d’éirigh léi a réiteach. Foilsíodh na Tuarascálacha ar an láithreán Gréasáin. Chuir an tOmbudsman preaseisiúint amach freisin chun an foilseachán a chomóradh. 14 Nollaig - D’fhoilsigh an tOmbudsman Tuarascáil Speisialta - An Tuarascáil faoin
Scéim um Chailliúint ar Muir - agus chuir sí faoi bhráid gach Teach den Oireachtas í tar éis cinneadh ón Roinn Talmhaíochta, Iascaigh agus Bia diúltú dá cuid torthaí i dtuarascáil imscrúdaithe, chomh maith lena moltaí cúiteamh airgeadais a íoc le gearánach. Chuir an tOmbudsman preaseisiúint amach freisin tar éis na Tuarascála Speisialta a chur faoi bhráid gach Teach de Oireachtas.
Le haghaidh Preaseisiúintí::
http://www.ombudsman.gov.ie/ga/PreasRaiteas/
Le haghaidh Tuarascálacha ar Imscrúduithe:
http://www.ombudsman.gov.ie/ga/Foilseachain/TuarascailImscrudaithe/
3.2 For-rochtain - Cuairteanna ar Ionaid Eolais do Shaoránaigh (IES), cuairteanna réigiúnacha agus imeachtaí for-rochtana eile ar tugadh fúthu in 2009.
I rith 2009, lean foireann m’Oifige leis na cuairteanna míosúla ar IES i gCorcaigh, i nGaillimh agus i Luimneach. Thug baill foirne cuairt ar Shligeach agus ar Bhaile Átha Luain freisin, mar chuid de chlár na gCuairteanna ar Oifigí Réigiúnacha. Chomh maith leis sin, bhí ionadaithe ón Oifig ag an Taispeántas bliantúil um Oideachas agus Foghlaim don Aosach i gCorcaigh agus ag na Taispeántais ‘Senior Times Over 50’s’ i mBaile Átha Cliath, i gCorcaigh agus i Luimneach.
Ionaid Eolais do Shaoránaigh
Mar a tharla i dTuarascálacha Bliantúla roimhe seo, rinne mo chuid réamhtheachtaithe agus mé féin trácht ar chlár míosúil na gcuairteanna a dhéanann m’fhoireann ar na IESanna. Is cuid lárnach de Chlár For-Rochtana bliantúil m’Oifige iad na cuairteanna aon lá seo ar na hOifigí i gCorcaigh, i nGaillimh agus i Luimneach. Ba mhaith liom béim a leagan arís eile, mar sin, ar an tacaíocht fhlaithiúil ghairmiúil a chuireann bainisteoirí, foireann agus oibrithe deonacha ar fáil do m’fhoireann ag na IESanna i gCorcaigh, i nGaillimh agus i Luimneach.
IES Chorcaí
Fuarthas 58 gearán bailí san iomlán tríd an Ionad Eolais do Shaoránaigh sa bhliain 2009. Is ionann an figiúr sin agus 16% de na gearáin nua go léir a fuarthas as Cathair agus Contae Chorcaí in 2009.
IES na Gaillimhe
Fuarthas 45 gearán bailí san iomlán tríd an IES sa bhliain 2009. Is ionann an figiúr sin
agus 31% de na gearáin nua go léir a fuarthas as Cathair agus Contae na Gaillimhe
in 2009.
IES Luimnigh
Fuarthas 98 gearán bailí san iomlán tríd an IES sa bhliain 2009. Is ionann an figiúr sin agus 55% de na gearáin nua go léir a fuarthas as Cathair agus Contae Luimnigh in 2009.
Cuairteanna Réigiúnacha
Gach bliain eagraíonn m’Oifig cuairteanna réigiúnacha ar chathracha nó ar bhailte móra nár tugadh cuairt orthu le déanaí faoinár gclár for-rochtana. In 2009, thug baill foirne ó m’Oifig cuairt ar Bhaile Átha Luain agus ar Shligeach. Mar ullmhúchán do na cuairteanna seo, tháinig m’Oifig ar óstáin a chuir áiseanna oiriúnacha ar fáil chun agallamh a chur ar chuairteoirí chomh maith le háiseanna inrochtana do dhaoine a raibh riachtanais difriúla soghluaiseachta agus rochtana eile acu. Ba chúis díomá é go raibh leibhéal íseal agallamh, fiosrúchán agus gearánach ón gcuairt ar an dá bhaile. Seo in ainneoin feachtas poiblíochta faoina cuireadh fógraí suas agus rinneadh poiblíocht faoi na cuairteanna ar an raidió áitiúil agus sna nuachtáin, chomh maith le feachtas póstaer sna leabharlanna agus sna séipéil áitiúla agus fógraíocht ar láithreán Gréasáin an Ombudsman. Tugann aiseolas ó roinnt cuairteoirí le fios go bhféadfadh sé nach bhfuil cur amach maith ag roinnt áitritheoirí áitiúla agus/ nó tuaithe ar óstáin nua atá inrochtana, agus na cinn is oiriúnaí do riachtanais ár ngearánach dá bharr, más rud é gur tógadh an t-óstán le déanaí. Táim buíoch do na cuairteoirí a thug aiseolas don fhoireann. Treoróidh sé seo treonna beartais maidir le heagrú agus bainistiú a dhéanamh ar an gClár For-Rochtana amach anseo. Leis na cuairteanna, tugtar ár seirbhís chuig ceartlár na bpobal áitiúil agus chuig daoine a bhfuil fadhbanna acu le comhlachtaí poiblí, agus nár bhain úsáid as an Ombudsman roimhe seo, b’fhéidir.
Cuairteanna Réigiúnacha an Ombudsman in 2009
Sligeach – 9 Meán Fómhair
Fuarthas 29 gearán san iomlán agus ba ghearáin nua bhailí 26 díobh sin. Is ionann an
figiúr sin agus 60% de na gearáin nua go léir a fuarthas as ceantar Chontae Shligigh
in 2009.
Baile Átha Luain – 23 Meán Fómhair
Fuarthas 7 ngearán san iomlán agus ba ghearáin nua bhailí sé cinn díobh sin. Is ionann an figiúr sin agus 14% de na gearáin nua go léir a fuarthas as ceantar Chontae na hIarmhí in 2009.
Athbhreithniú ar na IES agus na Cuairteanna Réigiúnacha
In 2009, shocraigh mé athbhreithniú a thionscnamh ar ár gclár for-rochtana chun
úsáid ár n-acmhainní a uasmhéadú agus luach ar airgead a chinntiú. Is é an aidhm
atá leis ná éifeachtúlacht an chláir maidir lenár seirbhís a thabhairt chuig na daoine a uasmhéadú agus a áirithiú go bhfuil sé chomh héifeachtach, éifeachtúil agus inrochtana agus is féidir. Déanfaidh mé trácht breise ar thorthaí an athbhreithnithe i
mo Thuarascáil Bhliantúil 2010.
Taispeántas Oideachais agus Foghlama Aosach 2009
Gach bliain, go luath san Fhómhar, glacann baill foirne ó m’Oifig páirt sa Taispeántas
Oideachais agus Foghlama Aosach ar feadh trí lá i gCathair Chorcaí. Eagraíonn
Comhairle Oideachais Aosach Chorcaí an t-imeacht seo, a n-éiríonn go maith leis
agus ar a bhfreastalaíonn go leor daoine. Is eagraíocht dheonach í seo agus níl aon
eagraíocht cosúil léi sa tír. Tagann grúpaí deonacha éagsúla, coláistí agus eagraíochtai
ón earnáil phríobháideach le chéile sa taispeántas, a chuireann cineálacha difriúla
foghlama aosach ar fáil. Eagraíonn foireann an Ombudsman seastán taispeántais ag
an imeacht agus bíonn siad ar fáil le comhairle agus cúnamh a chur ar fáil maidir le
seirbhísí na hOifige d’aon duine ón bpobal a bhfuil suim acu ann.
Seónna Senior Times Over 50’s
Sa bhliain 2009, chuir baill foirne ó m’Oifig taispeántas i láthair ag na Seónna
Senior Times Over 50’s i gCorcaigh (16 & 17 Bealtaine), Luimneach (12 & 13
Meán Fómhair) agus Baile Átha Cliath (16-18 Deireadh Fómhair). Is imeachtaí stíl
mhaireachtála iad na seónna seo dírithe ar dhaoine níos sine agus cuireann siad deis
ar fáil chun dul i dteagmháil leis an gcuid sin den daonra chun faisnéis a chur ar fáil
faoin Oifig agus faoinár seirbhís.
Buíochas
Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh le m’fhoireann as an bpáirt a ghlac siad
inár gclár for-rochtana i rith 2009 agus freisin as a gcúirtéis, a smacht
agus a ngairmiúlacht agus iad ag déanamh ionadaíochta thar ceann Oifig an
Ombudsman ag na himeachtaí seo agus ag imeachtaí eile nach iad gach bliain.
“Dúirt an tUasal Y go bhfuil sé buíoch gur éirigh linn doirse a oscailt dó leis an gComhairle agus ghabh sé buíochas as ár gcabhair, ag rá nach raibh sé in ann dul chun cinn ar bith a dhéanamh ar feadh bliana.”
“Ar feadh níos mó ná bliain bhí mé ag scríobh agus ag scríobh agus ag scríobh chuig [an gComhairle] (gach litir le post cláraithe nó post taifeadta). Rinneadh neamhaird de gach litir uaim (ní bhfuarthas admháil fiú). Sheol mé mo chomhad chuig m’aturnae agus chuir sé comhairle orm go ndéanfaí neamhaird de litreacha uaidh-san, ar an gcaoi chéanna. Chuir sé comhairle orm dul i dteagmháil leis an Ombudsman... cion is gur mheas sé gurb é an t-aon chaoi go dtabharfadh [an Chomhairle] freagairt ná dá ndéanfadh d’Oifig teagmháil leo. ... Sheol mé mo chomhad chuig d’oifig agus, an chéad rud eile, fuair mé freagra ar a uain. Fuair mé freagra ón [gComhairle]. Bhí mé colgach feargach faoin chaoi ar chaith [an Chomhairle] liom. Mheas mé go raibh gach gné den tseirbhís a fuair mé ó d’Oifig 100% áfach. Bhí an-tuiscint ag na baill foirne a bhí ag plé le mo chás ar mo sheasamh. Rinne d’Oifig an beart agus bhí an t-eolas is déanaí agam uaibh an t-am go léir.”
Gearánach
“Go raibh míle maith agat as déileáil le mo ghearán. Fuair mé an seic, agus fuair mé litir ó na Coimisinéirí Ioncaim ag gabháil leithscéil. Go raibh maith agat arís, is mór liom do chuidiú.”
Gearánach
“Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leat agus le do chomhghleacaithe as an toradh dearfach a bhí ar bhur n-imscrúdú.”
Gearánach
“Go raibh maith agat as d’fhreagra. Ón uair a chláraíomar an gearán fuaireamar fógra dlíthiúil, agus mar sin cheap mé nach raibh aon rogha agam ach na muirir a bhí i gceist a íoc mar gheall go bhfuil an cuntas in ainm mo mhná céile agus, ar chúiseanna sláinte, nach mbeadh sí in ann a bheith i láthair sa chúirt. Cúpla lá ó shin, áfach, rinne an t-údarás áitiúil aisíocaíocht ar an suim don tréimhse a raibh conspóid fúithi. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leat as do chuid ama agus measaim go bhfuil an cás réitithe go hiomlán.”
Gearánach
“Go raibh maith agat as freagra anchuimsitheach; táim thar a bheith buíoch as. Tuigim mar atá cúrsaí.”
Gearánach
3.3 Aiseolas ó Chustaiméirí/Suirbhé
Achoimre
Cuireann an tuarascáil seo torthaí i láthair ó shuirbhé custaiméirí a rinne Oifig an Ombudsman i rith 2008. Ghlac 742 gearánach páirt sa suirbhé san iomlán. Rinne Social Market Research (www.socialmarketresearch.co.uk) anailís ar shonraí an tsuirbhé agus thug tuairisc neamhspleách faoi.
Sástacht leis an Ombudsman
Bhí tromlach na ngearánach go léir (66%) sásta leis an gcaoi ar dhéileáil an tOmbudsman lena ngearán. Bhí comhghaol idir toradh an ghearáin agus sástacht, áfach. Bhí 36% de na daoine a mheas go raibh an cinneadh ina gcás ina gcoinne sásta, i gcomparáid le 97% de na gearánaigh eile ar fad.
Dúirt an chuid ba mhó (73%) go mbainfidís úsáid as seirbhísí an Ombudsman arís dá mbeadh fadhbanna den chineál céanna acu.
Gearánaigh agus Comhlachtaí Poiblí
Ní dúirt ach mionlach na ngearánach (32%) gur chuir an comhlacht poiblí a bhí mar ábhar gearáin acu ar an eolas iad faoina gCód Cleachtais maidir le gearáin a láimhseáil;
Chaith tromlach na ngearánach (59%) níos mó ná sé mhí ag iarraidh a ngearán a réiteach leis an gcomhlacht poiblí roimh dóibh dul i dteagmháil leis an Ombudsman;
Níor tharla sé gur thug comhlachtaí poiblí comhairle ach do 19% de na gearánaigh go bhféadfaidís a ngearán a chur faoi bhráid Oifig an Ombudsman. Bhí seans níos lú go dtarlódh sé sin i gcás na ndaoine a raibh gearáin acu maidir le húdaráis áitiúla (8%) agus ranna rialtais (16%) i gcomparáid le gearánaigh FSS (35%).
Teagmháil le hOifig an Ombudsman
D’fhan 71% de na gearánaigh go raibh cinneadh déanta ag an gcomhlacht poiblí a bhí i gceist roimh dhul i dteagmháil le hOifig an Ombudsman an chéad uair;
Gníomhaíocht phoiblíochta (m.sh. fógraíocht, an láithreán Gréasáin srl.) de chuid an Ombudsman féin ba chúis le 45% den chur amach a bhí ag freagróirí ar an eagraíocht, agus cairde, comhghleacaithe agus an teaghlach ba chúis le 17% den fheasacht;
Rinneadh teagmháil leis an Oifig le litir (47%) agus ar an bhfón (36%) den chuid ba mhó, agus rinne 9% de na daoine teagmháil den chéad uair le ríomhphost; Ba iad na príomhchúiseanna go ndeachthas i dteagmháil leis an Oifig ná le go rachadh an tOmbudsman i dteagmháil leis an gcomhlacht poiblí thar ceann an ghearánaigh (38%), le gearán a chlárú (34%) agus le comhairle a fháil faoin gcéad chéim eile a bheadh le glacadh (13%).
Sástacht le Gnéithe den Teagmháil Tosaigh
Bhí sástacht na ngearánach le gach gné den teagmháil tosaigh ard, idir 88% a bhí sásta leis an mbileog nó leis an bhfoirm a seoladh, agus 74% a bhí sásta lena raibh san fhreagra scríofa ón Ombudsman.
Bhí cuairt tugtha ag 34% de na gearánaigh ar láithreán Gréasáin an Ombudsman, agus rinne 8% díobh an fhoirm ghearáin ar líne a chomhlánú. I bhformhór na gcásanna (57%), chuaigh baill foirne ó Oifig an Ombudsman i dteagmháil le gearánaigh a raibh an fhoirm ar líne comhlánaithe acu, le tuilleadh faisnéise a fháil. Mheas 87% de na daoine a rinne an fhoirm ghearáin ar líne a chomhlánú go raibh sé éasca é sin a dhéanamh.
Labhairt leis an bhFoireann
Labhair 79% de na gearánaigh le baill d’fhoireann an Ombudsman ag tráth éigin i rith a gcáis. Bhí seans níos mó ag gearánaigh a rinne gearáin i gcoinne údarás áitiúil (50%) nó FSS (48%) é sin a dhéanamh i gcomparáid le gearánaigh a rinne gearán i gcoinne roinn rialtais (36%);
Maidir leis na leibhéil shástachta leis an bhfoireann, bhí 93% sásta le chomh cairdiúil agus a bhí an fhoireann, 89% sásta leis an gcabhair a fuair siad uathu agus 77% sásta go raibh údarás go leor ag na baill foirne ar labhair siad leo chun déileáil lena gcás;
Chuaigh baill foirne an Ombudsman i dteagmháil le 51% de na gearánaigh, ag iarraidh orthu tuilleadh faisnéise a sholáthar maidir lena gcás;
Choinnigh foireann an Ombudsman 76% de na gearánaigh ar an eolas maidir leis an dul chun cinn i dtaobh a gcáis;
Chuaigh 53% de na gearánaigh i dteagmháil leis an bhfoireann maidir lena ngearán, agus dúirt 84% díobh gur ghlaoigh ball foirne ar ais orthu nuair a bhí teachtaireacht theileafóin fágtha acu.
Cásanna a Réiteach
Fuarthas amach go mbíonn gearánaigh ag súil go gcuirfí críoch lena gcás níos tapúla
ná mar a tharlaíonn i ndáiríre;
Mheas 46% de ghearánaigh go raibh an cinneadh ina gcás ina bhfabhar, 47%
go raibh sé ina gcoinne agus 7% nach raibh sé i bhfabhar páirtí amháin thar an
bpáirtí eile;
Ba é an rud ba choitianta a raibh gearánaigh ag súil leis (36%) ná go ndéanfaí cinneadh a fhreaschur. Níor tharla sé seo ach in 11% de na cásanna.
3.4 Leagan amach agus cur i láthair nua na Tuarascála Bliantúla
Mar Ombudsman, cuirim spéis ar leith i saincheisteanna inrochtaineachta. Bhí mé i mo Chathaoirleach ar Chumann Ombudsman na Breataine agus na hÉireann (BIOA) ar feadh tréimhse dhá bhliain go dtí Bealtaine 2010. Bhí an Cumann sin, i gcomhar le m’Oifigse, ina óstach ar sheimineár an 17 Samhain 2009 maidir le saincheist na “hinrochtaineachta”, agus bhí cainteoirí ann ó gach dlínse i líonra an BIOA. Chuaigh nádúr ilghnéitheach na saincheiste seo go mór i bhfeidhm orm, mar aon leis na moltaí an úsáideach a tháinig chun cinn le feabhas a chur ar dhea chleachtas sa réimse seo. Tá m’Oifig tar éis glacadh le cuid mhór de na moltaí seo cheana féin – féach, mar shampla, na tionscnaimh a bhfuil cur síos déanta orthu sna rannáin eile den chaibidil seo.
Ina theannta sin, luaigh mé i dTuarascáil Bhliantúil 2008 go raibh sé beartaithe tuilleadh feabhsuithe a dhéanamh ar láithreán Gréasáin an Ombudsman in 2009.
Gné mhór den phróiseas feabhsúcháin ná díriú ar inrochtaineacht úsáideoirí agus, trí réitigh nuálaíocha a úsáid, cuirfear feabhas ar leagan amach, ar struchtúr agus ar inrochtaineacht an láithreáin Ghréasáin. Aithním freisin an dúshlán leanúnach atá le sárú ag gach comhlacht san earnáil phoiblí féachaint ar bhealaí atá níos éifeachtúla ó thaobh costais de a thabhairt isteach d’fhonn oibriú ar bhealach níos cliste, níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla sna deacrachtaí eacnamaíocha reatha.
Dá bhrí sin, shocraigh mé go gcuirfí Tuarascáil Bhliantúil na bliana seo ar fáil go príomha i bhformáidí leictreonacha, mar chomhad pdf nó mar chur i láthair ar an láithreán Gréasáin.
In 2009, rinne m’Oifig athbhreithniú ar an bpróiseas a bhaineann le tuarascálacha
bliantúla a tháirgeadh agus a dháileadh. Baineadh de thátal as an athbhreithniú sin go
bhféadfaí go leor airgid a shábháil ach na costais a bhaineann le hacmhainní foirne,
priontáil agus postas a laghdú, agus an tuarascáil a chur i láthair ar bhealach atá níos
inbhuanaithe agus níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol. Ina theannta sin, thuig mé
go raibh líon na ndaoine atá ag rochtain seirbhísí m’Oifige trí láithreán Gréasáin an
Ombudsman ag dul i méid.
Cuireadh tús leis an bpróiseas in 2009 nuair a d’fhoilsigh m’Oifig doiciméad
tairisceana agus d’fhostaíomar cuideachta deartha le Tuarascáil Bhliantúil 2009 a
tháirgeadh. Bhí riachtanas sainiúil sa tairiscint an Tuarascáil Bhliantúil a dhearadh
ionas go mbeadh fáil níos éasca uirthi ag cuairteoirí ar láithreán Gréasáin an
Ombudsman. Cloíonn tuarascáil na bliana seo, agus an leagan amach atá uirthi,
leis na Treoirlínte maidir le hInrochtaineacht Ábhair ar an nGréasán (WCAG) 2.0.
Cuimsíonn na treoirlínte réimse leathan moltaí chun inrochtaineacht ábhar ar an
nGréasán a fheabhsú le haghaidh réimse níos leithne daoine atá faoi mhíchumas, lena
n áirítear míchumas daille agus lagamhairc, bodhaire agus caillteanas éisteachta, agus
míchumais foghlama agus urlabhra.
Tá súil agam go dtabharfaidh cuairteoirí chuig an láithreán Gréasáin feabhas faoi deara maidir le rochtain agus nascleanúint na gcaibidlí agus na dtáblaí éagsúla mar gheall ar dhearadh nua an láithreáin Ghréasáin agus ar leagan amach nua thuarascáil na bliana seo.
3.5 Comharthaíocht ar an Láithreán Gréasáin
Luaigh mé i dTuarascálacha Bliantúla roimhe seo go raibh Plean Cumarsáide Straitéiseach Comhtháite curtha i bhfeidhm ag m’Oifig. Tá sé mar aidhm ríthábhachtach ag an bplean seo feasacht phoiblí a ardú i leith ról m’Oifige agus ár seirbhís a chur os comhair an oiread daoine agus is féidir.
Go deimhin, faoi mar a luaigh mé i dTuarascáil Bhliantúil na bliana 2008 mar thaca lenár bplean feasachta poiblí, chabhródh sé go mór leis an bpobal uile dá mbeadh nasc cuimsitheach chuig láithreán Gréasáin an Ombudsman ar láithreáin Ghréasáin na ranna agus na gcomhlachtaí poiblí ábhartha ar fad.
In 2008, chríochnaigh m’Oifig athbhreithniú ar láithreáin Ghréasáin na gcomhlachtaí poiblí ábhartha agus fuarthas amach nach raibh nasc ar bith ag cuid acu chuig ár láithreán Gréasáin. I gcásanna eile, níorbh leor na naisc a bhí ann, nó tugadh sonraí teagmhála míchearta maidir leis an Ombudsman. Sa tréimhse ina dhiaidh sin, scríobh m’Oifig chuig na comhlachtaí poiblí ábhartha ar fad trí huaire agus d’iarr ar gach comhlacht tagairt shoiléir a dhéanamh d’Oifig an Ombudsman ar a láithreán Gréasáin. Tugadh téacs molta do láithreán Gréasáin sa litir, inar tugadh faisnéis faoi m’Oifig mar aon le sonraí teagmhála. Tá cóip den fhaisnéis seo agus de shonraí teagmhála an Ombudsman le fáil in Iarscríbhinn B.
Bhí glacadh an mhaith leis na litreacha seo, agus is cúis áthais dom gur chuir formhór na gcomhlachtaí poiblí nasc chuig láithreán Gréasáin an Ombudsman suas ar a láithreán féin, mar aon le faisnéis agus sonraí teagmhála a bhí cothrom le dáta. Mar sin féin, is cúis díomá é nár chuir roinnt comhlachtaí poiblí míniú níos mionsonraithe ar fáil dá gcuid custaiméirí ar a láithreán Gréasáin maidir le seirbhísí réitigh gearán m’Oifige, cé gur iarradh orthu a leithéid a dhéanamh.
Ar dháta foilsithe na Tuarascála Bliantúla seo, ní thaispeántar faisnéis ar bith maidir le hOifig an Ombudsman ar láithreán Gréasáin dhá chomhlacht poiblí. Ina theannta sin, tá faisnéis mhíchruinn nó neamhiomlán le feiceáil i gcónaí ar aon láithreán Gréasáin déag. Údaráis áitiúla is ea iad an dá chomhlacht poiblí nach gcuireann faisnéis ar bith ar fáil. I measc an 11 chomhlacht poiblí a thugann faisnéis mhíchruinn nó neamhiomlán, is ranna rialtais iad 5 cinn díobh, agus is údaráis áitiúla iad na 6 cinn eile.
I bhfianaise an bhrú i leith athchóiriú na seirbhíse poiblí, is cúis suntais é an easpa spéise agus comhoibrithe a léiríonn comhlachtaí poiblí áirithe nuair nár iarradh orthu ach sonraí teagmhála Oifig an Ombudsman a chur ar fáil ar a láithreán Gréasáin. Is dóigh go léiríonn an méid seo go cinnte na deacrachtaí a bhíonn ag daoine go laethúil agus iad ag déileáil le comhlachtaí poiblí. Is mar gheall air seo a chuirtear gearáin faoi mo bhráid.
Glacann daoine a dhéanann gearán páirt i suirbhéanna custaiméirí, agus tugtar le fios san aiseolas ó na suirbhéanna sin go bhfuil líon na ndaoine atá ag déanamh rochtana ar sheirbhísí m’Oifige tríd an idirlíon ag dul i méid. Tá sé soiléir, mar sin, gur gné thábhachtach de chumarsáid an lae inniu é soláthar faisnéise atá cruinn agus cothrom le dáta. Ní hamháin go gcuireann an fhaisnéis seo an pobal ar an eolas maidir leis na seirbhísí a chuireann comhlachtaí poiblí ar fáil, ach tugtar treoir faoi conas gearán a dhéanamh nuair is gá.
Tiocfaidh mé ar ais chuig ceist na comharthaíochta ar láithreáin Ghréasáin sa chéad Tuarascáil Bhliantúil eile. Fearacht fógraí faoi Alt 7 i gcaibidil 2.2, tá súil agam nach mbeidh orm comhlachtaí a ainmniú agus a aithisiú faoin tráth sin.
3.6 DVD faisnéise
D’fhoilsigh m’Oifig doiciméad tairisceana i dtreo dheireadh na bliana 2009. Bhí sé i gceist gnólacht léiriúcháin scannán a fhostú le DVD faisnéise agus cur i láthair a dhéanamh ar an láithreán Gréasáin maidir le feidhmeanna na hOifige agus conas a seirbhísí a rochtain.
Is é an sprioclucht féachana agus léitheoireachta don DVD agus don chur i láthair ar an láithreán Gréasáin ná an pobal i gcoitinne, lena n áirítear réimse daoine a bhfuil riachtanais éagsúla rochtana acu, mar shampla daoine atá dall, daoine le lagamharc, daoine faoi mhíchumas éisteachta nó daoine atá bodhar. Is é an aidhm atá leis ná go dtuigfeadh duine a bhreathnódh ar an DVD nó ar an gcur i láthair ar an láithreán Gréasáin ról an Ombudsman agus an tseirbhís a chuirimid ar fáil.
Tá an DVD saindeartha agus tá acmhainní mar léamh beola, teanga chomharthaíochta agus fotheidil le fáil air. Cabhróidh na nithe sin le níos mó daoine, go háirithe daoine atá faoi mhíchumas, a mhothaíonn gur chaith comhlachtaí poiblí go dona leo gearán a chur faoi bhráid m’Oifige.
Is féidir breathnú ar an gcur i láthair i láthair na huaire ar mo láithreán Gréasáin ag www.ombudsman.ie.
Tá an DVD ar fáil saor in aisce don phobal freisin ach é a iarraidh.
3.7 BrowseAloud
Tá m’Oifig tar éis an leagan is déanaí de tháirge nuálaíoch do láithreáin Ghréasáin, ar a dtugtar BrowseAloud, a chumasú i gcomhar le comhlachtaí poiblí eile. Cuireann an áis seo ar chumas daoine a bhfuil deacrachtaí foghlama, disléicse, nó mionlaguithe amhairc acu ábhar ar líne a chloisteáil agus é á léamh os ard.
Réiteach téacs go teanga is ea BrowseAloud a léann gach ábhar inrochtana ar láithreán Gréasáin os ard i nglór ar ardchaighdeán atá cosúil le glór duine. Is féidir an glór seo a athrú chun é a chur in oiriúint do riachtanais shainiúla an úsáideora aonair. Aibhsítear focail de réir mar a léitear an téacs os ard. Uirlis úsáideach is ea é a chabhraíonn le litearthacht agus le tuiscint.
I measc na ngnéithe atá ann, áirítear uirlis aistriúcháin a chuireann ar chumas úsáideoirí focail aonair a aistriú go Béarla, Fraincis, Spáinnis, Gearmáinis nó Iodáilis, agus áis folaithe scáileáin a ligeann d’úsáideoirí faisnéis ar an scáileán a chur i bhfolach d’fhonn cabhrú lena n aird a dhíriú. Tá foclóir labhartha ann freisin, mar aon leis an acmhainneacht chun téacs a thiontú go MP3.
Tá ceist na hinrochtaineachta ar líne fíorthábhachtach mar go minic is mó teagmhála a bhíonn ag daoine faoi mhíchumas le comhlachtaí poiblí ná mar a bhíonn ag daoine eile. Tá súil agam go gcabhróidh an áis seo le bacainní ar inrochtaineacht a laghdú a thuilleadh. Tá an tseirbhís seo le fáil saor in aisce d’úsáideoirí ach an bogearra a íoslódáil ó leathanach baile an Ombudsman.
3.8 Seirbhís Nasc an Ombudsman
Cuirtear Seirbhís Nasc an Ombudsman ar fáil trí Ionaid Eolais do Shaoránaigh (IES), agus cuireann sí ar chumas an phobail seirbhísí m’Oifige a rochtain ar bhealach níos éasca. Déantar é seo trí oiliúint a chur ar bhaill foirne sna hionaid chun gearáin fhéideartha a aithint agus a chur isteach. Ansin, is féidir le m’Oifig féachaint ar na gearáin sin thar ceann an phobail. Sa Tuarascáil Bhliantúil dheiridh, thug mé forbhreathnú ar an dul chun cinn a bhí déanta le leathnú amach na seirbhíse go dtí deireadh na bliana 2008. I rith an chéad leath de 2009, chuir m’Oifig an clár oiliúna do bhaill foirne in IES ar fud na tíre i gcrích, agus fuair mé 41 gearán bailí trí Sheirbhís Nasc an Ombudsman i rith na bliana.