Oifig an Ombudsman

Caibidil 2: Athbhreithniú Gnó an Ombudsman ar 2009

Clár

2.1 Bainistiú Gearán

In 2009, fuarthas 2,873 gearán bailí agus 9,913 fiosrúchán i m’Oifig. Is ardú measartha é seo de 3% ar líon na ngearán bailí agus ardú 4.4% sna fiosrúcháin, i gcomparáid le 2008. I mo Thuarascáil Bhliantúil 2008 rinne mé trácht ar an líon gearán ba mhó riamh a rinneadh le m’Oifig an bhliain sin. Arís eile, is ionann figiúirí na bliana 2009 agus an leibhéal gearán is airde a taifeadadh ó 1998 i leith. Faigheann m’Oifig líon suntasach gearán neamhbhailí i gcónaí, is é sin, gearáin atá taobh amuigh de mo dhlínse. Níor lean an patrún fáis a bhí ann le blianta beaga anuas ar aghaidh i mbliana, áfach, agus tháinig laghdú 6.5% ar an méid gearán a bhí sa chatagóir seo in 2009. Ar ndóigh cuirimid comhairle ar dhaoine a bhfuil gearáin acu atá taobh amuigh de mo dhlínse agus, más féidir, molfaidh m’fhoireann seirbhísí idirghabhála cuí eile. Is féidir sonraí breise maidir le gearáin a fháil in Iarscríbhinn A - Staitisticí.

Ag tógáil gach gearán bailí a fuarthas in 2009 san áireamh, is é seo a leanas patrún céatadánach na ngearán a rinneadh i gcoinne comhlachtaí poiblí aonair:

An Státseirbhís - arbh ionann é agus 41.9%, méadú 2.8% ón mbliain 2008,
Údaráis Áitiúla
- arbh ionann é agus 30%, laghdú 0.1% ón mbliain 2008,
FSS - arbh ionann é agus 26.3%, laghdú 1.2% ón mbliain 2008,
An Post -arbh ionann é agus 1.6%, laghdú 1.7% ón mbliain 2008.

Fuarthas sé ghearán faoin Acht um Míchumas, 2005. Ba chúis díomá é sin, mar sin an méid céanna a fuarthas in 2008, agus is ionann é agus 0.2% de na gearáin ar fad a fuair m’Oifig in 2009.

Ba é líon iomlán na gcásanna a cuireadh i gcrích in 2009 ná 2,784, i gcomparáid le 2,701 cás a cuireadh i gcrích in 2008 - méadú 3%. Déanann an Coiste Comhairleach Bainistíochta inmheánach san oifig monatóireacht dhian ar bhonn míosúil ar an dul chun cinn maidir le spriocanna cáis a bhaint amach. Déantar athbhreithniú dlúth ar spriocanna na réimsí earnála agus na mball foirne aonair faoi phleananna feidhmíochta bainistíochta ar bhonn leanúnach. Tá ráta méadaithe na ngearán a rinneadh le m’Oifig in 2009 níos lú ná mar a bhí in 2008, ó thaobh na gcéatadán de. In ainneoin sin, táim sásta gur éirigh linn líon na gcásanna a cuireadh i gcrích a mhéadú arís eile, agus ba mhaith liom aitheantas a thabhairt ag an bpointe seo don iarracht den scoth a rinne m’fhoireann i rith 2009. Ba mhaith liom freisin buíochas a ghlacadh le m’fhoireann as a dtiomantas leanúnach d’obair na hOifige agus an cuspóir atá againn, seirbhís ardchaighdeáin, neamhchlaonta, neamhspleách, saor in aisce a choinneáil don phobal.

2.2 Fógraí a eisíodh ar chomhlachtaí poiblí faoi Alt 7 den Acht Ombudsman 1980 - ag éileamh faisnéise

Tá sé de chumhacht agam faoi Alt 7 (1) (a) den Acht Ombudsman 1980, faisnéis a iarraidh ó aon phearsa nó comhlacht a bhaineann, i mo thuairim, le scrúdú nó le himscrúdú. Dá thoradh sin, d’fhéadfadh m’Oifig fógra Alt 7 a eisiúint le linn na bliana ina lorgófaí an fhaisnéis riachtanach i gcás ina ndéanfaí moill freagra a thabhairt ar iarraidh den sórt sin. Seo a leanas patrún bliantúil fógraí den sórt sin a eisíodh thar thréimhse deich mbliana:

Bliain Líon fógraí Alt 7 a eisíodh
2009 8
2008 7
2007 18
2006 18
2005 31
2004 6
2003 12
2002 16
2001 19
2000 14

Is cúis áthais dom aird a tharraingt ar an líon sách beag fógraí Alt 7 a eisíodh in 2009, i gcomparáid le blianta roimhe seo. Tá súil agam go léiríonn sé seo go bhfuil méadú tagtha ar an timpeallacht chomhoibrithe agus iontaoibh idir m’Oifig agus na comhlachtaí poiblí atá laistigh de mo théarmaí tagartha. Go háirithe, cuirim fáilte roimh an laghdú suntasach ar fhógraí Alt 7 a eisíodh ar Údaráis Áitiúla, le cúpla bliain anuas. Mar shampla, in 2005 eisíodh 22 fógra Alt 7 ar Chomhairlí Cathrach agus Contae éagsúla, agus in 2009 níor eisíodh ach ceann amháin.

Seo a leanas liosta den ocht bhfógra Alt 7 a eisíodh in 2009 agus na hamlínte a bhí i gceist le gach fógra.

Eisíodh trí fhógra Alt 7 ar Phort Láirge (FSS Theas) in 2009.

1. Port Láirge (FSS Theas)

  • Iarradh tuarascáil an 18 Deireadh Fómhair - Níor admhaíodh an comhfhreagras.
  • Eisíodh an chéad mheabhrúchán an 27 Deireadh Fómhair - Níor admhaíodh an comhfhreagras.
  • Eisíodh meabhrúchán deiridh an 9 Samhain - Níor admhaíodh an comhfhreagras.
  • Eisíodh fógra Alt 7 an 1 Nollaig.
  • Fuarthas an tuarascáil an 17 Nollaig.

2. Pórt Láirge (FSS Theas)

  • Iarradh tuarascáil an 8 Deireadh Fómhair - Níor admhaíodh an comhfhreagras.
  • Eisíodh an chéad mheabhrúchán an 27 Deireadh Fómhair - Níor admhaíodh an comhfhreagras.
  • Eisíodh meabhrúchán deiridh an 9 Samhain - Níor admhaíodh an comhfhreagras.
  • Eisíodh fógra Alt 7 an 18 Samhain - Fuarthas admháil ar an gcomhfhreagras an 20 Samhain.
  • Fuarthas an tuarascáil an 26 Samhain.

3. Port Láirge (FSS Theas)

  • Iarradh tuarascáil an 21 Deireadh Fómhair - Níor admhaíodh an comhfhreagras.
  • Eisíodh an chéad mheabhrúchán an 9 Samhain - Níor admhaíodh an comhfhreagras.
  • Eisíodh meabhrúchán deiridh an 18 Samhain - Níor admhaíodh an comhfhreagras.
  • Eisíodh fógra Alt 7 an 1 Nollaig.
  • Fuarthas an tuarascáil an 15 Nollaig.

Eisíodh fógra Alt 7 amháin ar Chathair Bhaile Átha Cliath Theas (FSS Baile Átha Cliath Laighean Láir) in 2009.

  • Iarradh tuarascáil an 1 Meán Fómhair - Admhaíodh an comhfhreagras ar an 9 Meán Fómhair.
  • Eisíodh an chéad mheabhrúchán an 28 Meán Fómhair - Níor admhaíodh an comhfhreagras.
  • Eisíodh meabhrúchán deiridh an 7 Deireadh Fómhair - Admhaíodh an comhfhreagras an 20 Deireadh Fómhair.
  • Eisíodh Fógra Alt 7 an 27 Deireadh Fómhair - Níor admhaíodh an comhfhreagras.
  • Fuarthas an Tuarascáil an 4 Samhain.

Eisíodh fógra Alt 7 amháin ar Dhún na nGall (FSS Thiar) in 2009.

  • Iarradh tuarascáil an 4 Lúnasa - Admhaíodh an comhfhreagras an 12 Lúnasa.
  • Rinneadh an chéad mheabhrúchán teileafóin an 2 Meán Fómhair.
  • Rinneadh an dara meabhrúchán teileafóin an 4 Meán Fómhair.
  • Rinneadh an tríú meabhrúchán teileafóin an 10 Meán Fómhair.
  • Rinneadh an ceathrú meabhrúchán teileafóin an 16 Meán Fómhair.
  • Eisíodh fógra Alt 7 an 17 Meán Fómhair - Fuarthas admháil ar an gcomhfhreagras an 30 Meán Fómhair.
  • Fuarthas an tuarascáil, dátaithe an 12 Deireadh Fómhair.

Eisíodh fógra Alt 7 amháin ar FSS (An Scéim Aisíoca Sláinte) in 2009.

  • Iarradh tuarascáil an 24 Márta - Admhaíodh an comhfhreagras an 30 Márta.
  • Eisíodh meabhrúchán an 2 Aibreán.
  • Rinneadh meabhrúchán teileafóin an 21 Aibreáin - Fuarthas admháil air an 22 Aibreán.
  • Eisíodh fógra Alt 7 an 27 Aibreán.
  • Fuarthas an tuarascáil an 29 Aibreán.

Eisíodh fógra Alt 7 amháin ar an Mhí (FSS Baile Átha Cliath Thuaidh Thoir) in 2009.

  • Iarradh tuarascáil an 1 Meán Fómhair, 2008 - Admhaíodh an comhfhreagras an 9 Meán Fómhair.
  • Eisíodh an chéad mheabhrúchán an 28 Meán Fómhair, 2008 - Níor admhaíodh an comhfhreagras.
  • Eisíodh meabhrúchán deiridh an 7 Deireadh Fómhair, 2008 - Admhaíodh an comhfhreagras an 20 Deireadh Fómhair.
  • Eisíodh fógra Alt 7 an 28 Eanáir - Fuarthas admháil ar an gcomhfhreagras agus iarradh síneadh ama an 30 Eanáir.
  • Deonaíodh síneadh ama go dtí an 16 Feabhra.
  • Fuarthas tuarascáil an 9 Feabhra.

Eisíodh fógra Alt 7 amháin ar Chomhairle Contae Chorcaí in 2009.

  • Iarradh tuarascáil an 10 Feabhra - Ní bhfuarthas admháil ar bith.
  • Eisíodh an chéad mheabhrúchán an 31 Márta - Fuarthas admháil an 1 Aibreán.
  • Eisíodh meabhrúchán deiridh an 5 Bealtaine - Ní bhfuarthas admháil ar bith.
  • D’iarr an Chomhairle síneadh ama an 21 Bealtaine - Diúltaíodh dó.
  • Eisíodh fógra Alt 7 an 21 Bealtaine.
  • Fuarthas an tuarascáil an 4 Meitheamh.

2.3 Cruinnithe an Ombudsman le huaisle, oifigigh srl

Cruinniú lena Shoilse, an tUasal Ato Abay Tekle, Ceannaire ar Institiúid Ombudsman na hAetóipe - an 19 Eanáir.

Fáiltiú a raibh an tUachtarán Máire Mhic Ghiolla Íosa ina hóstach air in Áras an Uachtaráin, le comóradh a dhéanamh ar chothrom cúig bliana fichead Oifig an Ombudsman - an 22 Eanáir.

Cruinniú lena Shoilse, an tUasal Anas Khales, Ambasadóir Ríocht Mharacó - an 12 Márta.

Cruinniú leis an Uachtarán Máire Mhic Ghiolla Íosa in Áras an Uachtaráin le barántas ceapacháin a fháil mar Ombudsman agus Coimisinéir Faisnéise ar feadh an dara téarma sé bhliana - an 25 Meitheamh.

Cruinniú le toscaireacht na Sualainne ó Institiúid Pharlaiminteach an Ombudsman - an 10 Meán Fómhair.

2.4 Comhdhálacha ag baile agus thar lear

Thug an tOmbudsman aitheasc do Chomhdháil Phríomhoidí Bunscoile na hÉireann - an 31 Eanáir, i gCill Airne.

Thug an tOmbudsman aitheasc ag seoladh thuarascáil Chomhairle Sláinte na mBan “Translating Pain into Action” - an 24 Feabhra, ag Acadamh Ríoga na hÉireann.

Thug an tOmbudsman aitheasc ag Comhdháil le haghaidh Lá Idirnáisiúnta na mBan - an 4 Márta, i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.

Thug an tOmbudsman aitheasc ag Comhdháil Fhoras Ospíse na hÉireann ‘End of Life’ - an 11Márta, i gCrois Araild, Baile Átha Cliath.

D’fhreastail an tOmbudsman ar an 7ú Seimineár de chuid Ombudsmain Náisiúnta Bhallstáit an AE - 6-8 Aibreán, sa Chipir.

D’fhreastail an tOmbudsman ar Chomhdháil ‘Having a Voice’ in Ollscoil Luimnigh - an 29 Bealtaine, i Luimneach.

Thug an tOmbudsman aitheasc ag Comhdháil Shiúracha na Trócaire, 'Justice and the Downturn' - an 30 Meitheamh, i gCaisleán Bhaile Átha Cliath.

Thug an tOmbudsman aitheasc ag comhdháil a rinne comóradh ar 10 mBliana ó bunaíodh Oifig an Ombudsman i nGiobráltar - an 1-2 Deireadh Fómhair, i nGiobráltar.

Thug an tOmbudsman aitheasc ag Comhdháil Bhliantúil Nursing Home Ireland 'Rights and Entitlements of Older People’ - an 22 Deireadh Fómhair, i mBaile Átha Cliath.

Thug an tOmbudsman aitheasc ag Comhdháil Eagraíocht Tathanta Mhaigh Eo - an 19 Samhain, i gCathair na Mart.

Westport Conference on Independent Advocacy.

Ó chlé ar cúl: An Comhairleoir Myles Staunton, Cathaoirleach, Comhairle Baile Chathair na Mart, Linda Gilroy, Feidhmeannach Limistéir, An Bord um Fhaisnéis do Shaoránaigh, An Dr Michael Reynolds, Cathaoirleach, Grúpa Stiúrtha Tionscadal Abhcóideachta, Pat Coffey , Oifigeach Rochtana, Comhairle Contae Dhún Laoghaire - Ráth an Dúin Declan Turnbull, Cathaoirleach, Seirbhís um Fhaisnéis do Shaoránaigh Mhaigh Eo, Tomás Lally, Bainisteoir, Seirbhís um Fhaisnéis do Shaoránaigh Mhaigh Eo, An Dr Mark Garavan, Léachtóir Sinsearach, GMIT, Marty Kerrane, Bainisteoir Réigiúnach, An Bord um Fhaisnéis do Shaoránaigh, Andrew Fagan, Bainisteoir Cigireachta, HIQA.
Chun tosaigh: Donal Toolan, Cathaoirleach na Comhdhála, Clare O'Neill, Oifigeach Abhcóideachta Míchumais, Seirbhís um Fhaisnéis do Shaoránaigh Mhaigh Eo Michael Corbett, Oifigeach Tacaíochta, Cónaidhm na hÉireann um Míchumas, Emily O'Reilly, Ombudsman, Eileen Fitzgerald, Bainisteoir Sinsearach, An Bord um Fhaisnéis do Shaoránaigh.

Thug an tOmbudsman aitheasc ag an Siompóisiam Idirnáisiúnta, a eagraíodh le comóradh a dhéanamh ar 15 bhliain ó bunaíodh Ombudsman Réigiún na Vallúnach - an 23-25 Samhain, i Namur sa Bheilg.

D’fhreastail an tOmbudsman agus tugadh aitheasc le comóradh a dhéanamh ar 40 Bliain ó bunaíodh Oifig Ombudsman Thuaisceart Éireann - an 25 Samhain, i mBéal Feirste, Tuaisceart Éireann.

2.5 Cruinnithe Chumann Ombudsman na Breataine agus na hÉireann (COBÉ)

D’fhreastail an tOmbudsman ar na cruinnithe feidhmiúcháin seo a leanas de chuid COBÉ sa bhliain 2009. Ceapadh an tOmbudsman ina Cathaoirleach ar COBÉ ar feadh téarma dhá bhliain sa bhliain 2008.

19th Feabhra Cruinniú feidhmiúchán, Baile Átha Cliath
16th Aibreán Cruinniú feidhmiúchán, Baile Átha Cliath
7-8th Bealtaine Comhdháil Bhliantúil COBÉ, Warwick, Sasana
25th Meán Fómhair Cruinniú feidhmiúchán, Baile Átha Cliath
17th Samhain Seimineár, Baile Átha Cliath
3rd Nollaig Cruinniú feidhmiúcháin, Londain, Sasana

2.6 Cruinnithe Líonra Ombudsman na Seirbhíse Poiblí (OSP) - Líonra d’Ombudsmain na hEarnála Poiblí in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe.

D’fhreastail an tOmbudsman ar na cruinnithe seo a leanas den OEP sa bhliain 2009:

5-6 Márta Cruinniú Líonra Ombudsman na Seirbhíse Poiblí, Londain, Sasana
6th Samhain Cruinniú Líonra Ombudsman na Seirbhíse Poiblí, Londain, Sasana

2.7 Cruinnithe na nOmbudsman Sláinte - Líonra d’Ombudsmain na Seirbhíse Sláinte agus oifigigh shinsearacha in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe.

27 Márta i mBéal Feirste, Tuaisceart Éireann
17 Meán Fómhair i Manchain, Sasana

Feidhmeanna reachtúla eile an Ombudsman

I gcaitheamh na bliana d’fhreastail an tOmbudsman ar chruinnithe mar chuid dá ról mar chomhalta ex officio ar na heagraíochtaí seo a leanas:

  • An Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí,
  • An Coimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí, agus
  • an Coimisiún Reifrinn.

2.8 Comhionannas

Cuireann Coiste Comhionannais na hOifige tuairisc faoi bhráid an Choiste Chomhairligh Bhainistíochta faoi dhó sa bhliain ó thaobh na ngníomhaíochtaí a bhíonn ar bun i ndáil le:

  1. Monatóireacht a dhéanamh ar chomhionannas sa láthair oibre,
  2. Saincheisteanna comhionannais a aithint agus aghaidh a thabhairt orthu de réir fhorálacha an Achta um Chomhionannas 1998 a chuireann bac ar idirdhealú maidir le gach gné den earcaíocht, roghnúchán agus fostaíocht ar bhonn naoi bhforas,

    • inscne,
    • stádas pósta,,
    • stádas teaghlaigh,
    • aois,
    • míchumas,
    • cine,
    • creideamh,
    • gnéaschlaonadh,
    • bheith mar bhall den lucht siúil.
  3. II (Gníomhartha dearfacha a chur chun cinn,
  4. Laethanta feasachta a eagrú,
  5. Éiteas comhionannais a thógáil sa láthair oibre, agus
  6. Tiomantas na bainistíochta agus na bhfostaithe go léir maidir leis an gcomhionannas a chur chun cinn tríd is tríd.

2.9 Ceisteanna a eascraíonn as gearáin aonair - An tOmbudsman agus Seirbhísí um Leas agus Chosaint Leanaí

Faigheann m’Oifig roinnt gearán gach bliain ó dhaoine a mhothaíonn go raibh éifeacht thromchúiseach ag gníomhartha sheirbhís um Leas agus Chosaint Leanaí Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) orthu. Faoin Acht Ombudsman, 1980 arna leasú, is féidir leis an Ombudsman imscrúdú a dhéanamh ar ghníomh ar bith a dhéanann comhlachtaí poiblí áirithe nó a dhéantar ar a son, má tá an chuma ar an scéal go raibh éifeacht thromchúiseach ag an ngníomh ar dhuine, nó go bhféadfadh sé go raibh. Faoin Acht um Ombudsman do Leanaí 2002, is féidir leis an Ombudsman do Leanaí imscrúdú a dhéanamh ar ghníomhartha den chineál sin má tá an chuma ar an scéal go raibh éifeacht thromchúiseach ag an ngníomh ar leanbh, nó go bhféadfadh sé go raibh. Ó bunaíodh Oifig an Ombudsman do Leanaí in 2004, is léir go bhfuil dlínse ag an Oifig sin i leith gearán ina mbaineann an éifeacht thromchúiseach le leanbh. Tagann gearáin ina mbaineann an éifeacht thromchúiseach le duine fásta faoi mo dhlínse. Nuair atá éifeacht thromchúiseach ag “forluí” ar an leanbh agus ar thuismitheoir araon, mar shampla, bíonn an dá Oifig ag obair le chéile faoi nós imeachta a bunaíodh le cinntiú go bpléitear leis na gearáin ar mhaithe le gach duine lena mbaineann.

Tá freagracht reachtúil ar FSS maidir le cosaint leanaí. Ceanglaíonn an Roinn Sláinte agus Leanaí ar FSS “Tús Áite do Leanaí: Treoirlínte Náisiúnta um Chosaint agus Leas Leanaí” a chur i bhfeidhm freisin. Tá freagracht mhór ar FSS agus ní mór glacadh i ndáiríre le gach tuairisc maidir le míúsáid leanaí. Tugaim faoi deara an tImscrúdú a rinne an tOmbudsman do Leanaí le déanaí maidir le cur i bhfeidhm na dTreoirlínte seo, agus a torthaí go bhfuil fianaise mhór ann go bhfuil riarachán neamhshlán fós ann, in ainneoin na n-iarrachtaí móra a rinneadh le blianta beaga anuas.

Níl dabht ar bith ach go bhfuil an próiseas maidir le fiosrú a dhéanamh cibé an raibh mí-úsáid i gceist nó nach raibh deacair ag gach duine lena mbaineann.

Sonraítear sna Treoirlínte “Tús Áite do Leanaí”:

“Tá leas an linbh fíorthábhachtach. Ní mór teacht ar chothromaíocht cheart idir leanaí a chosaint agus meas a bheith ar chearta agus ar riachtanais tuismitheoirí/cúramóirí agus teaghlaigh. Sa chás go bhfuil coinbhleacht i gceist, ní mór tús áite a thabhairt do leas an linbh.”

Faighim gearáin ó dhaoine fásta gach bliain, áfach, a mheasann nár thángthas ar chothromaíocht cheart idir leanaí a chosaint agus meas a bheith ar chearta na dtuismitheoirí/cúramóirí agus na dteaghlach. Tarlaíonn sé sin go háirithe sa chás go mbíonn na líomhaintí maidir le mí-úsáid gan bhunús, nó mailíseach fiú.

Táim cinnte dearfach go ndéanann m’Oifig scrúdú ar gach cás faoi réir an phrionsabail thuas ó “Tús Áite do Leanaí” nuair a iarrtar orm scrúdú a dhéanamh ar ghníomhartha FSS maidir le líomhaintí mí-úsáid leanaí a imscrúdú. Bím ag súil leis, agus scrúdú á dhéanamh ar ábhar imní a bhaineann le cosaint leanaí, go gcaithfidh FSS an leanbh a chosaint, ar dtús thar aon ní eile. Ach ní mór do FSS nós imeachta cóir a leanúint agus meas cuí a léiriú ar na tuismitheoirí nó ar dhaoine eile (cosúil le múinteoirí) a bhfuil baint acu leis an bpróiseas.

Sna gearáin a fhaighim, go ginearálta aithníonn an duine fásta a líomhnaítear míúsáid ina choinne dualgas FSS gníomhú ar mhaithe leis na leasa is fearr don leanbh. Ach b’fhéidir go bhfuil siad míshásta leis an gcaoi ar caitheadh leo i rith an phróisis, áfach, nó le cothroime an phróisis imscrúdaithe agus, i gcásanna áirithe, an damáiste leanúnach dá ndea-cháil de bharr próiseas a mheasann siad atá míchothrom.

Tá baint ag Treoir an Ombudsman maidir leis na “Caighdeáin Chleachtais is Fearr do Sheirbhísigh Phoiblí”, a d’fhoilsigh an té a tháinig romham in 2003, leis an ábhar seo. Is féidir a bheith ag súil leis tríd is tríd go gcaithfidh FSS go cuí, go cóir agus go neamhchlaonta le daoine fásta a líomhnaítear mí-úsáid leanaí ina leith. Ní chóir go ndéanfadh sé seo beag is fiú ar aon bhealach do shábháilteacht nó do leas linbh nó leanaí, agus ní mór gach cás a mheas as féin, ach go ginearálta, ní aon amhras ach go neartóidh nósanna imeachta láidre cothroma chun déileáil le daoine fásta an próiseas agus go dtabharfar cosaint níos mó do na leanaí go léir dá bharr

Tugann Treoir m’Oifige soiléiriú maidir leis an gciall atá ag “go cuí, go cóir agus go neamhchlaonta”.

Is é is ciall le déileáil "go cuí" le daoine ná déileáil leo go pras, i gceart, go tuisceanach agus go cúramach.

Is é is ciall le déileáil "go cóir" le daoine ná déileáil le daoine in imthosca comhchosúla ar an gcaoi chéanna; córas athbhreithnithe inmheánaigh a bheith ann ionas gur féidir le duine nach raibh baint aige/aici leis an gcéad chinneadh cinntí neamhfhabhracha a scrúdú agus a athbhreithniú arís; daoine a chur ar an eolas faoina gcearta, comhoibriú go hiomlán in aon achomharc agus sásamh cuí a thabhairt más rud é nach raibh comhlacht poiblí tar éis gníomhú i gceart sa chéad dul síos; glacadh le polasaí chun déileáil leis an líon beag daoine a ghníomhaíonn ar bhealach cráiteach nó le drochintinn, a bhaineann cothromaíocht amach idir leasanna an chomhlachta poiblí, na foirne agus an linbh/duine lena mbaineann.

Is é is ciall le déileáil "go neamhchlaonta" le daoine ná cinntí a dhéanamh bunaithe ar an méid atá ábhartha gan aird a thabhairt ar an méid nach bhfuil ábhartha; a bheith cúramach nach dtéann do chlaontachtaí i gcion ar chinntí a dhéanann tú; diúltú d’aon pháirt a ghlacadh i gcinneadh ina bhfuil coinbhleacht leasa nó coinbhleacht leasa féideartha agat.

Seo a leanas roinnt de na cásanna ar dhéileáil m’Oifig leo in 2009. Léiríonn siad ról m’Oifige i réimse na seirbhísí um Leas agus Chosaint Leanaí:

Cás 1
Gearán faoin gcaoi ar láimhseáil FSS gearán fir i gcoinne oibrithe sóisialta.

Rinne fear as Contae Phort Láirge teagmháil le m’Oifig i ndáil leis an gcaoi a láimhseáil FSS gearán a rinne sé i gcoinne oibrithe sóisialta ainmnithe a bhí ag déileáil leis féin agus lena chuid leanaí. Go háirithe, bhí sé míshásta faoin méid ama a thóg sé ar FSS athbhreithniú a dhéanamh ar a ghearán. Chuir sé in iúl freisin go raibh imní air faoi neamhspleáchas agus críochnúlacht an athbhreithnithe a rinne FSS.

Scríobh mé chuig FSS le tuarascáil a fháil. Aithníodh i mo scrúdú nach raibh an próiseas reachtúil maidir le gearáin faoi Acht Sláinte 2004 i bhfeidhm nuair a rinne an fear seo teagmháil le FSS ar an gcéad dul síos. De réir mar a lean a ghearán ar aghaidh, áfach, tugadh an próiseas reachtúil gearán isteach. Tar é plé a bheith ann, d’aontaigh FSS go ndéanfaí feasacht a ardú i measc na foirne um leas agus chosaint leanaí maidir le cearta daoine atá ag úsáid na seirbhísí seo gearán a dhéanamh agus, más gá, athbhreithniú neamhspleách a lorg faoi phróiseas reachtúil na ngearán.

Bhí toradh suntasach ag an gcás seo ó thaobh iarracht a dhéanamh nósanna imeachta córa a chinntiú amach anseo, chomh maith le comhsheasmhacht a chinntiú ar fud FSS. Cé go raibh éifeacht thromchúiseach aige seo ar an ngearánach é féin ar an drochuair, tharla feabhsuithe sistéamacha de bharr a ghearáin agus tá cabhair tugtha aige do ghearánaigh eile cheana féin.

Cás 2
Gearán a rinne seanathair a bhí ag altramú triúr dá gharchlann, maidir leis an drochbhealach a aistríodh freagrachtaí socraithe cáis idir Réigiúin FSS.

Tháinig fear i dteagmháil le m’Oifig maidir le socruithe cúraim dá gharchlann. Bhí sé ag tabhairt cúram altrama do thriúr dá gharchlann ó mhí na Nollag, 2006 i leith. Tar éis aistriú foirmiúil an chúraim ó cheantar geografach amháin de chuid FSS go ceann eile, tháinig deacrachtaí chun cinn maidir leis na socruithe cúraim. Go háirithe, níor sannadh oibrí sóisialta ar bith don chás. Tarraingíodh siar cártaí liachta na leanaí freisin (a cuireadh ar fáil dóibh agus iad faoi chúram altrama) agus níor íocadh an liúntas cúram altrama ar feadh roinnt seachtaine.

Chuaigh m’Oifig i dteagmháil le FSS agus taobh istigh d’achar gairid sannadh oibrí sóisialta don chás. Tugadh an liúntas cúram altrama agus na cártaí liachta ar ais freisin.

D’admhaigh FSS gur láimhseáladh an cás seo go míshásúil. Dúirt mé go raibh tionchar mór ag easpaí foirne, rátaí atreoraithe agus liosta feithimh fada a bheith ann don tseirbhís obair shóisialta ar an gcumas a bhí ag FSS freagracht a ghlacadh as an gcás seo. Tá nósanna imeachta comhaontaithe curtha i bhfeidhm ag FSS anois maidir le cásanna den chineál sin a aistriú amach anseo (faoi réir ag foireann a bheith ar fáil).

Cás 3
Gearán a rinne máthair faoin gcaoi a láimhseáil FSS gearáin gan bhunús a rinneadh ina leith maidir le mí-úsáid leanaí.

Rinne fear céile an ghearánaigh agus beirt chomhghleacaithe leis gearáin le FSS faoin ngearánach, ag léiriú imní go bhféadfadh sé go raibh sí ag baint mí-úsáid fisiciúil as a beirt pháistí. Bhí an gearánach ag dul trí scaradh achrannach ag an am agus bhí a beirt pháistí tinn, agus theastaigh dianchúram leighis rialta uathu. Rinne FSS imscrúdú ar na gearáin go mion agus fuarthas amach nach raibh bunús ar bith leo.

D’áitigh an gearánach:

  • Nach raibh gá don FSS imscrúdú chomh grinn sin a dhéanamh ar an ngearán, mar gheall gur cuireadh tuilleadh struis uirthi dá bharr ag tráth deacair ina saol agus i saol a cuid leanaí.
  • Go ndearnadh na gearáin go mailíseach, gur chóir go n-aithneodh FSS é seo agus gur chóir di deireadh a bheith curtha aici leis an bhfiosrúchán i bhfad níos luaithe.
  • Mar gheall go raibh a cuid leanaí faoi chúram rialta ag dochtúir ginearálta agus ag an ospidéal, d’fhéadfaí a fháil amach láithreach cibé an raibh mí-úsáid fisiciúil á bhaint as na leanaí nó nach raibh.
  • Nach ndearna FSS imscrúdú grinn ar na líomhaintí ach amháin mar gheall ar bhrú a cuireadh orthu ó thríú páirtithe a raibh aithne ag a fear céile orthu.

Rinne an gearánach gearán le FSS í féin agus rinne FSS imscrúdú air, agus rinne athbhreithneoir neamhspleách imscrúdú ina dhiaidh sin. Bhí sí míshásta leis na torthaí agus rinne sí gearán liomsa. Rinne m’Oifig scrúdú ar a gearán agus fuarthas na doiciméid go léir ó FSS, lena n-áirítear na doiciméid ón oifigeach athbhreithnithe neamhspleách. Mheasamar gur chloígh FSS lena treoirlínte agus lena prótacail, a d’ordaigh ag an am go raibh gá dul tríd an bpróiseas iomlán chomh luath agus a rinneadh gearán le córas um chosaint leanaí FSS. Cé go raibh sé seo míchothrom agus míchuí i súile an ghearánaigh, mheas m’Oifig go ndearna FSS é seo mar fhreagairt ar threoirlínte foilsithe. Ní bhfuair m’Oifig fianaise ar bith go raibh tionchar ag na daoine áirithe a rinne na gearáin ar ghníomhartha FSS.

Bhuail baill foirne ó m’Oifig le hoifigigh shinsearacha ó Oifig an Aire Leanaí, a bhí ag déanamh athbhreithnithe ar ‘Tús Áite do Leanaí, Treoirlínte Náisiúnta um Chosaint agus Leas Leanaí’ ag an am. D’ardaigh siad an cheist maidir le próiseas fadálach deacair, nuair a cuireadh fianaise ar fáil go luath nach raibh bunús ar bith leis na líomhaintí. D’ardaigh siad ceist freisin maidir leis an dualgas atá ar FSS tuairisc a thabhairt don Gharda Síochána faoi dhaoine a dhéanann gearán mailíseach agus an fhreagracht atá ar FSS dul ar ais chuig na Gardaí tar éis imscrúdú iomlán a bheith déantar ar ghearán agus toradh a bheith faighte. Sa chás seo fuarthas amach nach raibh bunús ar bith leis an líomhain agus cé gur cuireadh na líomhaintí in iúl do na Gardaí roimhe sin, níor cuireadh in iúl dóibh faoin toradh gan bhunús go dtí gur iarr foireann m’Oifige ar FSS é sin a dhéanamh.

Cás 4
Gearán a rinne naíolann i Lár na Tíre nár chuir FSS in iúl dóibh gur measadh nach raibh bunús ar bith le gearán i gcoinne na naíolainne a bhain le ceisteanna um chosaint leanaí, tar éis scrúdú a dhéanamh air.

Rinneadh líomhaintí i gcoinne naíolainne i Lár na Tíre i mí Aibreáin, 2006 agus bhí ar Roinn na hOibre Sóisialta de FSS imscrúdú a dhéanamh faoi. Is í Rannóg Seirbhísí Réamhscoile de FSS, a bhí i mbun cigireachta rialta ar an naíolann, a chuir na líomhaintí seo ar aghaidh.

Rinne Roinn na hOibre Sóisialta scrúdú ar na líomhaintí agus fuarthas amach nach raibh aon cheist ann maidir le cosaint leanaí agus nach raibh aon imscrúdú ag teastáil. Theip orthu dul i dteagmháil leis an naíolann, áfach, chun an toradh seo a chur in iúl dóibh agus bhí deacrachtaí ag baill foirne sa naíolann fáil amach cén seasamh a bhí glactha. Bhí ar an ngearánach scríobh chuig an roinn trína haturnae chun freagra a fháil. Bhí cuntas san fhreagra sin ar an seasamh a glacadh maidir le stádas na líomhaintí.

Thug an freagra a thug FSS ar an ngearánach i mí na Nollag, 2007, le fios nach raibh imscrúdú de chineál ar bith ag teastáil maidir leis na líomhaintí. Bhí an gearánach míshásta nár chuir FSS an méid seo in iúl di roimhe sin áfach agus d’áitigh sí gur diúltaíodh rochtain ar cheartas aiceanta di. D’iarr an gearánach orm a áirithiú go raibh nósanna imeachta cearta i bhfeidhm ag FSS agus iad ag plé le gearáin den chineál seo amach anseo.

Tar éis do bhaill foirne ó m’Oifig dul i dteagmháil leo, chuir FSS - Baile Átha Cliath Laighean Láir athbhreithniú i gcrích ar na treoirlínte maidir le seirbhísí réamhscoile le go mbeadh foráil ann faoina gcuirfidh Roinn na hOibre Sóisialta de FSS in iúl don soláthraí seirbhíse go díreach sa chás gur measadh nach raibh gá le measúnú cosanta leanaí a dhéanamh bunaithe ar eolas a cuireadh ar aghaidh. Ghabh siad leithscéal as an easpa cumarsáide leis an naíolann, rud a chruthaigh neamhchinnteacht agus strus do na baill foirne a bhí i gceist.

Chuaigh baill foirne m’Oifige i dteagmháil leis na ‘Sainseirbhísí Náisiúnta Leanaí agus Teaghlach’ i FSS agus é mar aidhm acu na treoirlínte athbhreithnithe seo a chur i bhfeidhm ar fud na tíre. Dhearbhaigh FSS go ndéanfaí amhlaidh.

Conclúid

Ní mór do FSS gníomhú ar mhaithe leis an leas is fearr don leanbh i gcónaí ach ní mór freisin iarracht a dhéanamh teacht ar chothromaíocht cheart idir leanaí a chosaint agus meas a bheith ar chearta agus ar riachtanais tuismitheoirí/cúramóirí agus teaghlaigh. Admhaím go mbíonn sé deacair an chothromaíocht seo a bhaint amach uaireanta. In ainneoin sin, ní mór córais agus próisis a chur i bhfeidhm lena chinntiú go mbeidh sé níos éasca. I roinnt de na cásanna ar thug mé mionsonraí fúthu thuas, fuair an gearánach ar leith cúiteamh nó sásamh aonair, ach i ngach cás bhí athrú sistéimeach ann dá bharr, rud a chiallaíonn nach mbeidh daoine eile thíos leis an éifeacht thromchúiseach chéanna amach anseo. Chomh maith leis na hathruithe dearfacha éagsúla a léirítear thuas, ba mhaith liom fáilte a chur roimh roinnt forbairtí eile, a dhéanfaidh líon na ngearán a bhaineann le m’Oifig a laghdú, tá súil againn.

Tá áthas orm go ndearnadh athbhreithniú ar na Treoirlínte Tús Áite do Leanaí agus go ndearnadh feabhsuithe ar na próisis maidir le leanaí a chosaint. Is forbairt dhearfach é go mbeidh bunús reachtúil leis na treoirlínte go gairid amach anseo de thoradh na Tuarascála ón gCoimisiún chun Drochúsáid Leanaí a Fhiosrú, 2009 (Tuarascáil Ryan). Is rud suntasach é go bhfuil duine aonair amháin ceaptha ag FSS ar an leibhéal náisiúnta a bheidh freagrach as Seirbhísí Leanaí agus Teaghlaigh agus measaim go gcabhróidh sé seo le caighdeáin níos airde a áirithiú, chomh maith le cur chuige níos leanúnaí maidir le seirbhísí um Leas agus Chosaint Leanaí ar fud na tíre. Táim sásta freisin go bhfuil soiléiriú déanta ag an Stiúrthóireacht um Ghnóthaí Tomhaltóirí i FSS, ar bhonn idirchaidrimh le seirbhísí leanaí agus teaghlaigh FSS, maidir le cearta a bheidh ag daoine a raibh éifeacht thromchúiseach ag próiseas um leas nó chosaint leanaí ar bith orthu, chun gearán a dhéanamh faoi Acht Sláinte, 2004. Táim ag súil le hoideachas breise a chur ar bhaill foirne maidir leis an ábhar seo in 2010.

Tá súil agam go mbeidh an tír níos sábháilte dár leanaí de thoradh na bhforbairtí seo. Ag an am céanna, tá súil agam go mbainfear cothromaíocht cheart amach ag cinntiú go gcaithfear go cóir le daoine fásta in imscrúdú ar bith maidir le cosaint leanaí.