Is iondúil le Tuarascálacha Bliantúla díriú ar an mbliain a bhfuil athbhreithniú á dhéanamh uirthi, ach mar sin féin, is féidir le ceisteanna áirithe leanúint ó bhliain amháin go dtí an chéad bhliain eile agus is gá trácht a dhéanamh ar cheisteanna den sórt sin. Bhí sé sin amhlaidh leis an Tuarascáil faoin Scéim um Chailliúint ar Muir, a d’fhoilsigh mé agus a chuir mé faoi bhráid gach Teach den Oireachtas i mí na Nollag, 2009. Foilsíodh an Tuarascáil mar gheall ar chinneadh na Roinne Talmhaíochta, Iascaigh agus Bia diúltú do chonclúidí a rinne mé i dTuarascáil Imscrúdaithe, chomh maith le mo mholadh cúiteamh airgeadais a íoc le gearánach.
Nuair a mheasaim go bhfuil an freagra a thugann comhlacht poiblí ar mholadh a dhéanaim míshásúil, ansin is féidir liom tuarascáil speisialta a chur chuig gach Teach den Oireachtas faoi ailt 6(5) agus 6(7) den reachtaíocht faoina ndéantar mé a rialú, an tAcht Ombudsman, 1980.
Cé go bhfuil sé de chead ag an Roinn mo chuid moltaí a dhiúltú, is é seo an dara huair riamh i stair cúig bliana fichead na hOifige ar tharla sé seo. Bhíothas in ann an cás roimhe sin – a bhain le sraith gearán a rinneadh i gcoinne na gCoimisinéirí Ioncaim – a réiteach le cúnamh agus tacaíocht an Oireachtais.
Leag clúdach agus tráchtaireacht sna meáin ina dhiaidh sin faoin tuarascáil speisialta béim ar cheisteanna a bhain le creidiúnacht agus le hionracas institiúid an Ombudsman agus an caidreamh a bhí aige le Tithe an Oireachtais. Bhí mé sásta an deis a bheith agam mo chás a chur faoi bhráid Comhchoiste an Oireachtais um Thalmhaíocht, Iascaigh agus Bia. Chuaigh mé os comhair an Chomhchoiste an 21 Aibreán, 2010. Is féidir téacs iomlán an ráitis a rinne mé leis an gCoiste a fheiceáil ar láithreán Gréasáin an Ombudsman:
http://www.ombudsman.gov.ie/en/SpeechesandArticles/ Ombudsmansspeeches/
Agus an tuarascáil seo á scríobh, bhí an Coiste fós ag plé leis an ábhar. Táim ag tnúth lena thuarascáil agus lena mholtaí faoin gcás.
An tOmbudsman agus Seirbhísí um Leas agus Chosaint
Leanaí
Shocraigh mé i mbliana píosa (Caibidil 2.9) a chur san áireamh maidir leis an ról ar leith atá agam i dtaca le Seirbhísí um Leas agus Chosaint Leanaí.
Faigheann m’Oifig roinnt gearán gach bliain ó dhaoine a mhothaíonn go raibh éifeacht thromchúiseach ag gníomhartha Sheirbhísí um Leas agus Chosaint Leanaí Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) orthu. Faoin Acht Ombudsman, 1980 arna leasú, is féidir liomsa mar Ombudsman imscrúdú a dhéanamh ar ghníomh ar bith a dhéanann comhlachtaí poiblí áirithe nó a dhéantar ar a son, má tá an chuma ar an scéal go raibh éifeacht thromchúiseach ag gníomh ar dhuine, nó go bhféadfadh sé go raibh. Faoin Acht um Ombudsman do Leanaí 2002 , is féidir leis an Ombudsman do Leanaí imscrúdú a dhéanamh ar ghníomhartha den chineál sin má tá an chuma ar an scéal go raibh éifeacht thromchúiseach ag an ngníomh ar leanbh, nó go bhféadfadh sé go raibh. Ó bunaíodh Oifig an Ombudsman do Leanaí in 2004, is léir go bhfuil dlínse ag an Oifig sin i leith gearán ina mbaineann an éifeacht thromchúiseach le leanbh. Tagann gearáin ina mbaineann an éifeacht thromchúiseach le duine fásta faoi mo dhlínse. Nuair atá éifeacht thromchúiseach ag “forluí” ar an leanbh agus ar thuismitheoir araon, mar shampla, bíonn an dá Oifig ag obair le chéile faoi nós imeachta a bunaíodh le cinntiú go bpléitear leis na gearáin ar mhaithe le gach duine lena mbaineann.
Sna gearáin a fhaighim, go ginearálta aithníonn an duine fásta a líomhnaítear mí-úsáid ina choinne dualgas FSS gníomhú ar mhaithe leis na leasa is fearr don leanbh. Is féidir leo a bheith míshásta leis an gcaoi ar caitheadh leo i rith an phróisis, áfach, nó le cothroime an phróisis imscrúdaithe agus, i gcásanna áirithe, an damáiste leanúnach dá ndea-cháil de bharr próiseas a mheasann siad a bheith míchothrom.
Roghnaigh mé ceithre chás ar leith a rabhamar ag plé leo, le cur san áireamh sa phíosa seo, a léiríonn ról m’Oifige maidir le seirbhísí um Leas agus Chosaint Leanaí agus tá súil agam go mbeidh roinnt eolais ann agus go méadóidh sé feasacht faoinár ról.
Ag tabhairt aire d’áitritheoirí teach altranais cúram pobail
I mo Thuarascáil Bhliantúil dheiridh, labhair mé den chéad uair faoin gcúlú domhanda, faoin athrú ollmhór ar chúinsí eacnamaíochta agus faoi na gearáin aonair a ndearnadh imscrúdú orthu agus a raibh athrú sistéamach ann mar thoradh orthu agus a chuaigh chun leasa daoine eile seachas mo ghearánaigh. Tharraing mé aird ar ghearán faoi leith a bhain le háitritheoir i dteach altranais cúram pobail ina bhfuarthas réidh ar fad leis an táille seirbhíse d’othar cónaitheach de €96.60 a bhí le híoc ag bean chéile an ghearánaigh. Fuair sé aisíocaíocht €8,381 freisin ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS). Ar iarratas uaimse, chuir FSS tús le hathbhreithniú ar gach duine eile a raibh measúnú á dhéanamh ar an gcaoi chéanna orthu i dtaca le táillí d’othair chónaithe i gcás céile duine atá ag fáil íocaíocht do dhuine fásta incháilithe. Ar dtús, aithníodh 14 chás cosúil leis ina raibh aisíocaíochtaí d’os cionn €160,000 i gceist leo. Faoin am a cuireadh an t-athbhreithniú i gcrích, bhí aisíocaíochtaí de €407,000 déanta ag FSS le 81 teaghlach. Is sampla an-mhaith é seo de thoradh iarmhartach de bharr gearán amháin a réiteach, a chuaigh chun leasa cliaint eile FSS gan gá dóibh gearáin ar leithligh a dhéanamh. Léiríonn sé freisin conas a leanann tionscnamh nó ceist a tharraingítear anuas i dtuarascáil amháin go dtí tuarascáil na bliana dár gcionn.
Ag tabhairt aire dár gcustaiméirí
Rinneadh rolladh amach in 2009 ar shuirbhé cuimsitheach ar aiseolas custaiméirí a rinne m’Oifig ar ghearánaigh 2008, chomh maith le suirbhéanna ráithiúla nua agus níos fairsinge, a thosaigh sa chéad ráithe de 2009 agus a leanann ar aghaidh go nuige seo.
Tháinig roinnt torthaí suimiúla chun solais ó na suirbhéanna. Cé go bhfuil sonraí iomlána ar fáil ar ár láithreán Gréasáin, mheas mé go mbeadh sé faisnéiseach roinnt de na príomhthorthaí a lua:
Tá achoimre feidhmiúcháin iomlán ar thorthaí na suirbhéanna ar fáil le léamh i gCaibidil 3.3 Aiseolas ó Chustaiméirí/Suirbhéanna.
An Bille Ombudsman (Leasú)
Agus an tuarascáil seo ag dul i gcló, tá an Bille Ombudsman (Leasú) os comhair Thithe an Oireachtais. Faoi réir a achtaithe, tiocfaidh nócha is a cúig comhlacht poiblí breise laistigh de théarmaí tagartha m’Oifige sa Bhille. Beidh dúshláin shuntasacha i gceist mar thoradh ar an leathnú seo ar dhlínse m’Oifige maidir le m’fhoireann a ullmhú chun déileáil le raon leathan comhlachtaí poiblí agus scéimeanna nua, faisnéis a thabhairt do na comhlachtaí poiblí nua maidir le ról, feidhmeanna agus nósanna imeachta m’Oifige, socruithe idirghabhála oiriúnacha a chur i bhfeidhm agus déileáil le líon gearán i bhfad níos mó ón bpobal. Déanfaidh mé gach iarracht a chinntiú go dtabharfaidh m’Oifig aghaidh ar an dúshlán seo agus beidh mé ag iarraidh cáilíocht agus éifeachtúlacht ár seirbhísí a choinneáil i rith na tréimhse seo ina bhfuil méadú ag teacht ar an éileamh agus laghdú ag teacht ar acmhainní.
Iarradh ar chomhlachtaí poiblí atá laistigh de na téarmaí tagartha tagairt shoiléir a dhéanamh d’Oifig an Ombudsman ar a gcuid láithreáin Ghréasáin agus a chur in iúl do ghearánaigh atá míshásta tar éis a nós imeachta inmheánach maidir le gearáin a chur i gcrích go bhfuil sé de cheart acu leas a bhaint as seirbhísí an Ombudsman.
Is éard a bhí i gceist leis an tionscnamh seo ná eolas a thabhairt do dhaoine maidir lena gcearta agus, go háirithe, na daoine sin a chuaigh i mbun nós imeachta gearán leis an gcomhlacht poiblí lena mbaineann agus a bhí fós den tuairim gur bhain éagóir de chineál éigin leo. D’iarr m’Oifig ar chomhlachtaí poiblí tagairt shoiléir a dhéanamh d’Oifig an Ombudsman ar a gcuid láithreáin Ghréasáin leis an bhfaisnéis teagmhála chruinn ag gabháil leis, agus a chur in iúl do ghearánaigh atá míshásta tar éis a nós imeachta inmheánach maidir le gearáin a chur i gcrích go bhfuil sé de cheart acu leas a bhaint as m’Oifig. Chuir m’Oifig teimpléad faisnéise agus teagmhálaithe ar fáil do gach comhlacht freisin chun é sin a éascú. Cé go raibh comhlachtaí poiblí áirithe ag cur sonraí teagmhála ar fáil do m’Oifig cheana féin, bhí líon suntasach nach raibh.
Gheall mé i dTuarascáil 2008 filleadh ar an ábhar seo i dtuarascáil na bliana seo. Níl an scéal is déanaí atá agam chomh dearfach agus a bhíothas ag súil leis áfach. In ainneoin teagmháil a dhéanamh ina dhiaidh sin leis na comhlachtaí, idir theagmháil ó bhéal agus scríofa, tá 13 chomhlacht poiblí san iomlán nach bhfuil ag cloí le m’iarratas, agus mé ag cur bailchríoch ar an mbrollach seo i mí na Bealtaine, 2010. Tá tuarascáil níos mionsonraithe ar fáil i gCaibidil 3.5 Comharthaíocht ar an Láithreán Gréasáin.
Airgead agus crainn a spáráil
Tá gach duine ag dul i gcleachtadh ar an athrú atá tagtha ar chúrsaí agus ní eisceacht ar bith í m’Oifig. I mbliana táimid ag athrú go tuarascáil atá bunaithe ar an nGréasán den chuid is mó chun costais chlódóireachta agus postas a laghdú agus chun ár n-acmhainní foirne a úsáid ar bhealach níos éifeachtaí. Ní hamháin go mbeidh sé seo níos saoire, níos éifeachtaí agus níos inrochtana, ach ar ndóigh beidh sé níos fearr don chomhshaol agus níos inbhuanaithe. Táimid á ndéanamh seo gan aon chuid den chaighdeán a chailliúint, agus an stíl agus an leagan amach éasca a bhí ar Thuarascáil Bhliantúil athchóirithe na bliana seo caite á choinneáil againn. Is cinnte go gcuirfimid cóipeanna den tuarascáil ar fáil saor in aisce freisin, ar iarratas, do dhaoine nach bhfuil rochtain acu ar an Idirlíon ná ar áiseanna íoslódála.
Forfheidhmiú Pleanála
I rith 2009, chuir m’Oifig imscrúdú i gcrích maidir le gearán i gcoinne Chomhairle Contae na Mí a bhain le forbairtí neamhúdaraithe. Tá sé ríthábhachtach go ndéanfaidh údaráis áitiúla dlíthe pleanála a fhorfheidhmiú le cinntiú nach gceadaítear do dhaoine dlíthe pleanála a shárú agus go ndéanann an t-údarás áitiúil cearta a gcomharsana a chosaint agus seasamh leo. Tá sé i gceist agam tuarascáil iomlán a fhoilsiú níos déanaí i mbliana maidir leis an gcás áirithe seo, cás a thug ceisteanna córasacha maidir le forfheidhmiú pleanála chun solais.
Foireann an Ombudsman
Guím gach rath ar Michael Bell, Oifigeach Cléireachais agus le Maureen Behan, Imscrúdaitheoir Sinsearach, a chuaigh ar scor i rith na bliana atá á hathbhreithniú.
Thosaigh Michael ag obair san Oifig in 2002 agus chuaigh sé ar scor i mí Aibreáin.
D’oibrigh Maureen d’Oifig an Ombudsman ar feadh 25 bliain. Thug sí seirbhís fhada thiomanta mar dhuine den fhoireann shinsearach, agus chuaigh sí ar scor i mí Mheán Fómhair.
Guímid gach rath orthu beirt agus iad ar pinsean agus glacaim buíochas leo thar ceann na ngearánach uile ar chabhraigh siad leo.
Tá liosta iomlán d’fhoireann reatha uile an Ombudsman ar fáil ag: http://www.ombudsman.gov.ie/ga/EolasFuinn/OifiganOmbudsman-Foireann/
Gearáin a Imscrúdú / Ag Cabhrú le Daoine / Caighdeáin na Seirbhíse Poiblí a Fheabhsú
Díríonn obair an Ombudsman ar ghearáin aonair a imscrúdú ar bhonn cothrom neamhchlaonta, ar chabhrú le daoine agus ar chaighdeáin na seirbhíse poiblí a fheabhsú. Seo a leanas achoimre de shamplaí cásanna a cuireadh i gcrích in 2009, a léiríonn na cineálacha gearáin a mbímid ag plé leo agus na torthaí a bhí orthu.
Cásanna Seirbhísí Sóisialta agus Cúram Sláinte Poiblí - Caibidil 4
Cásanna a bhaineann leis an Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh
Moill sa Seirbhís um Chlárú Sibhialta maidir le teastas breithe linbh a
leasú le hainm an athar a chur air.
Féach caibidil 4 - cás 4.1.1
Déanann an Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh íocaíocht ex
gratia de €2,500 le fear scartha.
Féach caibidil 4 - cás 4.1.2
Teipeann ar mháthair, a oibríonn go lánaimseartha agus a thugann
cúram lánaimseartha dá mac, deontas cúraim sosa a fháil.
Féach caibidil 4 - cás 4.1.3
Cinneadh gan an Pinsean Stáit (Ranníocach) a dheonú freaschurtha agus
riaráistí €30,420 íoctha.
Féach caibidil 4 - cás 4.1.4
Faigheann baintreach fir €35,530 de riaráistí pinsin siardhátaithe.
Féach caibidil 4 - cás 4.1.5
Cinneadh maidir le diúltú do Shochar Cúramóra freaschurtha agus
riaráistí €12,000 íoctha ag an Roinn.
Féach caibidil 4 - cás 4.1.6
Cásanna a bhaineann le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) - Caibidil 4.2
Cinneadh gan Liúntas Cúram Baile agus Liúntas do Chúramóirí a dheonú
do leanbh ar a bhfuil ainéime chorráncheallach freaschurtha. Riaráistí de
bheagnach €18,000 íoctha.
Féach caibidil 4 - cás 4.2.1
Freaschuireann FSS a cinneadh i leith diúltú costas iomlán na cóireála a íoc
le bean a raibh neamhord itheacháin uirthi.
Féach caibidil 4 - cás 4.2.2
Déantar faillí i leith cúram máithreachais in ospidéal i bPort Láirge –
Gabhtar leithscéal le bean agus tugtar comhairleoireacht agus íocaíocht ex
gratia de €1,000 di.
Féach caibidil 4 - cás 4.2.3
Déanann bean chéile gearán faoi chaighdeán an chúraim agus na cóireála
a fhaigheann a fear céile a bhfuil tinneas foirceanta air in ospidéal Thulach
Mhór. Téann an t ospidéal i ngleic le teipeanna sistéamacha.
Féach caibidil 4 - cás 4.2.4
Caitear go dona le hothar atá ag fáil cúraim sosa in ospidéal i Loch Garman.
D’fhan sí ar an leaba mar gheall nach raibh suíochán oiriúnach ar fáil agus
bhí drochbhrú craicinn uirthi nuair a d’fhill sí abhaile.
Féach caibidil 4 - cás 4.2.5
Déanann iníon gearán faoin gcóireáil a fuair a hathair a bhfuil ailse air –
gabhann an t-ospidéal leithscéal agus tugtar isteach nósanna imeachta nua.
Féach caibidil 4 - cás 4.2.6
Easnaimh ollmhóra in ospidéal síciatrach.
Féach caibidil 4 - cás 4.2.7
Cásanna na nÚdarás Áitiúil agus na Roinne Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil - Caibidil 5
Státseirbhíseach sáite sa phróiseas díláraithe atá i sáinn. Caithfidh úinéirí
áiteanna cónaithe príobháideacha nach príomh-áiteanna cónaithe iad muirear bliantúil €200 a íoc - aird ar an aimhrialtacht.
Féach caibidil 5 - cás 5.1
Íocann an Chomhairle €3,000 as clárú mícheart tí le Clárlann na Talún.
Féach caibidil - cás 5.2
Tharraing Comhairle Contae na Gaillimhe tairiscint tionóntachta
a rinneadh le bean siar de bharr iompar frithshóisialta líomhnaithe
– déantar tairiscint tionóntachta nua de thoradh imscrúdaithe an
Ombudsman.
Féach caibidil 5 - cás 5.3
Cásanna Státseirbhíse - Caibidil 6
Comhoibriú an Ombudsman maidir le gearáin i gcoinne comhlachtaí
Forfheidhmithe Thuaidh-Theas.
Féach caibidil 6 - cás 6.1
Riail mhíchothrom maidir le cáin a bhaint de thionóntaí tiarnaí talún
neamhchónaitheacha. Tarraingíodh aird air seo den chéad uair i 1998.
Féach caibidil 6 - cás 6.2