Baile  /  Foilseacháin  /  Treoirlínte do chomhlachtaí poiblí  /  Déan i gCeart É - Sé Riail
 

Riail 3 - A bheith oscailte agus cuntasach

(i) Bheith oscailte agus soiléir mar gheall ar pholasaithe agus gnáis agus a chinntiú go bhfuil aon eolas agus comhairle a chuirtear ar fáil ina eolas soiléir, beacht, iomlán

Ní mór do chomhlachtaí poiblí;

  • eolas a láimhseáil ar an tslí is oscailte agus trédhearcaí agus is féidir faoin dlí
  • eolas a thabhairt do dhaoine agus, nuair is cuí, comhairle freisin. Ní mór dó bheith soiléir, cruinn, iomlán, ábhartha agus tráthúil
  • a chinntiú go mbíonn daoine feasach ar an eolas atá ar fáil, cá háit is féidir teacht air agus conas teacht air de réir an Achta um Shaoráil Faisnéise agus eile
  • gnáis, foirmeacha agus eolas a shimpliú maidir lena dteidlíochtaí agus seirbhísí
  • sonraí soiléire, cruinne a sholáthar ar theorainneacha ama nó coinníollacha a d’fhéadfadh pionós nó dícháiliú bheith mar thoradh orthu

(ii) Na critéir atá bainteach le cinnteoireacht a lua agus fáthanna na gcinntí sin a sholáthar

Ní mór do chomhlachtaí poiblí;

  • a gcritéir don chinnteoireacht a lua agus fáthanna iomlána a chur ar fáil dá gcustaiméirí maidir lena gcinntí, go háirithe do chinneadh a bhféadfadh tionchar díobhálach a bheith aige orthu. (Faoin Acht um Shaoráil Faisnéise tá sé de cheart ag daoine fáthanna na gcinntí a bhfuil tionchar acu orthu a fháil)  
  • bheith oscailte agus fírinneach nuair atá cuntas á thabhairt acu ar a gcinntí agus a ngníomhaíochtaí
  • a chinntiú go bhfuil scéim, nuair atá seirbhís bunaithe ar scéimeanna tosaíochtaí, ina scéim oscailte, thrédhearcach

(iii) Eolas a láimhseáil go ceart agus go cuí

Ní mór do chomhlachtaí poiblí;

  • eolas a láimhseáil agus a phróiseáil i gceart agus go cuí de réir an dlí
  • meas a léiriú ar phríobháideacht eolais phearsanta agus rúnda, faoi mar a éilítear de réir dlí. (Féach forálacha an Achta um Chosaint Sonraí mar shampla)

(iv) Taifid chearta, chuí a choimeád

Ní mór do chomhlachtaí poiblí;

  • taifid iontaofa agus inúsáidte a chruthú agus a chothabháil mar fhianaise ar a gcuid gníomhaíochtaí
  • taifid a bhainistiú de réir caighdeáin aitheanta chun a chinntiú gur féidir iad a aisghabháil
  • taifid a choimeád chomh fada agus atá dualgas reachtúil agus / nó riachtanas gnó ann

(v) Freagracht a ghlacadh as gníomhaíochtaí

Ní mór do chomhlachtaí poiblí freagracht a ghlacadh gníomhaíochtaí a bhfoirne atá bainteach le riarachán nó gnó.