Riail 1 - Déan i gceart é
(i) Gníomhú de réir an dlí agus leis an aird chuí ar chearta na ndaoine atá i gceist
Ní mór do chomhlachtaí poiblí;
- cloí leis an dlí agus an aird chuí a léiriú do chearta na ndaoine atá i gceist
- gníomhú de réir a gcumhachtaí agus a ndualgas reachtúil agus de réir aon rialach eile a rialaíonn an tseirbhís atá á soláthar acu
- a dtreoir pholasaithe agus ghnás féin a leanúint, bíodh sin foilsithe nó inmheánach.
- a gcuid cumhachtaí a úsáid don sainchuspóir a tugadh dóibh amháin
- a gcuid cumhachtaí a chur i bhfeidhm go hoibiachtúil agus go neamhchlaonta
- neamhaird a thabhairt ar thosca nach bhfuil ábhartha don chás áirithe sin
(ii) Gníomhú de réir beartas agus treorach an chomhlachta phoiblí
Ní mór do chomhlachtaí poiblí;
- gníomhú de réir cód cleachtais abartha, ciorclán rialtais agus dea-chleachtas bunaithe
- a chinntiú go bhfuil na critéir don chinnteoireacht ina gcritéir shoiléire, ábhartha agus gur féidir iad a chur i bhfeidhm go hoibiachtúil ionas nach mbeidh cinntí neamhréireach, ad hoc nó suibiachtúil
(iii) Dea-chleachtas bunaithe a chur san áireamh ar bhealach ceart
Ní mór do chomhlachtaí poiblí;
- caighdeáin cháilíochta aitheanta, dea-chleachtas bunaithe agus a gcuid treorach féin a chur san áireamh i gceart
- an fáth (na fáthanna) a thaifeadadh nuair atá cinneadh déanta acu imeacht ó na caighdeáin seo
(iv) Seirbhísí éifeachtacha a chur ar fáil, le foireann oilte agus inniúil
Ní mór do chomhlachtaí poiblí;
- seirbhísí éifeachtacha a sholáthar le foireann atá oilte go cuí agus inniúil, foireann a thuigeann agus a chomhlíonann na riachtanais dlí atá bainteach lena réimsí gníomhaíochta féin
- pleanáil go cúramach nuair atá polasaithe nó gnáis nua á dtabhairt isteach acu
- a gcuid acmhainní a phleanáil agus a chur in ord tosaíochta chun a gcuid dualgas reachtúil, a gcaighdeán seirbhíse foilsithe, nó an dá cheann, a chomhlíonadh
(v) Cinntí réasúnta a dhéanamh, bunaithe ar gach sonra ábhartha
Ní mór do chomhlachtaí poiblí;
- aird a thabhairt ar an reachtaíocht ábhartha ina gcuid cinnteoireachta
- gach breithniú ábhartha a chur san áireamh, neamhaird a thabhairt ar na cinn nach bhfuil ábhartha agus cothromaíocht fianaise a bhaint amach go cuí sa chinnteoireacht
- a chinntiú go gcuirtear cumhachtaí lánroghnacha i bhfeidhm ar bhealach réasúnta
- airgead an phobail a chaitheamh go cúramach, ceart
- oibriú go cóir, réasúnta nuair atá riosca á mheas
(vi) Moill mhíchuí a sheachaint
Ní mór do chomhlachtaí poiblí moill mhíchuí a sheachaint – go háirithe i gcásanna ina bhféadfadh deacrachtaí praiticiúla eascairt as don duine lena mbaineann nó nuair a d’fhéadfadh éiginnteacht bheith mar thoradh air.