Oifig an Ombudsman

Is é cúram an Ombudsman ná gearáin a imscrúdú ó dhaoine sa phobal nach bhfuair cothrom na féinne, dar leo, ó chomhlachtaí poiblí áirithe. Faoi láthair, is iad na comhlachtaí poiblí go bhféadfaidh an tOmbudsman a ngníomhartha a imscrúdú ná: gach Roinn Rialtais, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte [FSS], (agus ospidéil poiblí agus gníomhaireachtaí sláinte a sholáthraíonn seirbhísí ar son Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) na húdaráis áitiúla. Tá mionsonraí iomlána faoina bhféadfaidh an tOmbudsman a dhéanamh, agus conas gearán a dhéanamh leis an Ombudsman, in áit eile sa lámhleabhar faisnéise seo.
Scrúdaíonn an tOmbudsman gearáin freisin má theipeann ar chomhlachtaí poiblí foirgnimh inrochtana, seirbhísí agus faisnéis a chur ar fáil, faoi mar a fhoráiltear faoi Chuid 3 d’Acht an Mhíchumais 2003. I gcás gearán den chineál sin is ionann an téarma ‘comhlacht poiblí’ agus na Ranna Rialtais, na húdaráis áitiúla, FSS, na comhlachtaí leath-stáit agus formhór na gcomhlachtaí stáit eile.
Bíonn Oifig an Ombudsman ar oscalit ó 9.15 agus 5.30 ó Luan go Déardaoin agus 9.15 go 5.15 Dé hAoine
18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.
Teil: +353-1-639-5600
Teil: 1890 223030
Faics: (01) 639 5674
Riomhphost: ombudsman@ombudsman.gov.ie