Leasaigh Comhairle gnáthaimh d’aistrithe tithíochta tar éis idirghabháil an Ombudsman
Cúlra
Dhiúltaigh Comhairle Contae Laoise do bhean a bhí ag lorg aistriú tithíochta. Lorg an bhean an t-aistriú tar éis fadhbanna tromchúiseacha sóisialta agus tine ina cóiríocht - tithíocht de chuid na Comhairle. Dhiúltaigh an Chomhairle a hiarratas ar an mbonn go raibh gach aistriú ar fionraí faoi láthair mar thoradh ar na srianta airgid ach amháin i ‘gcúinsí eisceachtúla leighis nó sóisialta’.
Imscrúdú
Ceann de phrionsabail an dea-riaracháin phoiblí ná go ndéanfaí cúiseanna le cinntí a théann i bhfeidhm ar dhaoine aonair a dhoiciméadú agus go míneofaí an réasúnaíocht don chinneadh don duine. Tar éis scrúdú a dhéanamh ar dhoiciméadacht na Comhairle faoin gcás, ní raibh mé sásta leis an gcaoi ar dhéileáil an Chomhairle leis an iarratas ar aistriú. Ní raibh an chuma air go raibh aon fhianaise ann i gcomhaid na Comhairle a léirigh go raibh an Chomhairle tar éis an t-iarratas a bhreithniú chun a fháil amach an raibh aon chúinsí eisceachtúla leighis nó sóisialta i gceist, agus bhí an chuma air freisin nár breacadh síos i gceart an measúnú a rinne an Chomhairle ar an iarratas. D’iarr mé ar an gComhairle athbhreithniú a dhéanamh air agus cuireadh a thabhairt don ghearánach cur isteach go foirmiúil ar aistriú.
Toradh
Tar éis iarratas a fháil agus measúnú breise a dhéanamh, chuir an Chomhairle an gearánach ar an liosta d’Aistriú Tithíochta agus ghlac an bhean leis an tairiscint maidir le haistriú. Rinne an Chomhairle athbhreithniú freisin ar a gnáthaimh riaracháin i ndáil le hiarratais ar aistriú. Seo a leanas a bhí le rá ag an gComhairle:
- Bíonn gá anois le hiarratais fhoirmiúla i scríbhinn ó iarratasóirí. Déantar gach iarratas a admháil agus déantar measúnú ar chúinsí an iarratasóra.
- Chun a ghnáthaimh a dhaingniú bhunaigh an Chomhairle le déanaí córas bunachair sonraí chun iarratais a fhaigheann siad a thaifeadadh, a phróiseáil agus taifead a choinneáil den chinneadh deiridh. Déantar athbhreithniú míosúil ar an mbunachar sonraí seo.
- Beidh gá moladh a fháil ón Oifigeach Feidhmiúcháin Sinsearach mura bhfuil Oibrí Sinsearach Sóisialta ann, agus beidh gá le síniú deiridh an Stiúrthóra Seirbhísí (Tithíocht).
Cé gur trua nár próiseáladh an t-iarratas bunaidh i gceart is cúis áthais dom é gur ghlac an Chomhairle roinnt céimeanna chun gnáthaimh a chur ina gceart. Ba chóir go mbeadh na gnáthaimh leasaithe cuidiúil do dhaoine eile a chuirfidh isteach ar aistriú amach anseo.