Baile  /  Cás-Staidéir  /  Cásanna Samplacha  /  Goilleadh go mór ar neasghaol tar dó glao a fháil óna mháthair ag insint dó go raibh sí ag fáil bháis
 

Goilleadh go mór ar neasghaol tar dó glao a fháil óna mháthair ag insint dó go raibh sí ag fáil bháis

Cúlra

Fuair mé gearán ó fhear a fuair glao gutháin óna mháthair ag insint dó go raibh sí ag fáil bháis agus go raibh air teacht go dtí an t-ospidéal. An t-ospidéal i gceist ná Ospidéal Réigiúnach an Mheán-Iarthair, Tuar an Daill, Contae Luimnigh. Fuair sé an glao ag meán lae agus shroich sé an t-ospidéal ag 13.30. Níor chuir an fhoireann leighis é ar an eolas faoi thromchúis riocht a mháthar go dtí tuairim is 17.45, breis is ceithre huaire an chloig tar éis dó an t-ospidéal a shroicheadh. Fuair a mháthair bás an oíche sin ag 23.40.

Bhí impleachtaí ag an moill sin don chuid eile den teaghlach - a raibh cónaí orthu sa Ríocht Aontaithe - mar nár tugadh fógra a dhóthain dóibh na socruithe taistil cuí a dhéanamh chun a bheith taobh lena máthair agus í ag fáil bháis.

Cé go raibh imní ar an bhfear ag an tionchar ar a theaghlach a bhí ag an nuacht a fháil faoina máthair óna máthair féin seachas an bhfoireann altranais, an phríomhchúis imní aige ná nár cuireadh fianaise mhaith ar fáil gur thug ball den fhoireann leighis cuairt ar a mháthair idir 9.00 agus 17.45 ar lá a báis (agus ar an gcaoi seo ní raibh sé indéanta tromchúis riocht a máthar a chur in iúl don teaghlach ionas go bhféadfaidís socruithe a dhéanamh chun bheith i láthair sula bhfuair sí bás).

Imscrúdú

Mhaígh an t-ospidéal go raibh na nótaí leighis faoin mbean cuíosach iomlán agus gur chuir na nótaí sin síos ar riocht an othair agus ar an bplean leighis. Ní raibh mé go hiomlán sásta le freagra tosaigh an ospidéil, ámh. Bhí mé den tuairim go raibh easnaimh ann ó thaobh riaracháin de. Ní raibh amanna breactha síos sna nótaí leighis agus, dá bhrí sin, ní raibh an t-ospidéal in ann a lua cibé acu ar thug ball den fhoireann leighis cuairt ar an mbean idir 9.00 agus 17.45 ar na lá i gceist nó nár thug.

Dhírigh m’imscrúdú ar na cúiseanna ar theip ar fhoireann an ospidéil teagmháil dhíreach a dhéanamh le teaghlach na mná. Bhí an chuma air go raibh baint éigin aige leis an moill a bhí ar an bhfoireann leighis cuairt a thabhairt ar an mbean.

An chúis le taifid mhaithe a choinneáil sa timpeallacht chliniciúil ná chun eolas cruinn, reatha, cuimsitheach, beacht a choinneáil i ndáil le riocht an othair agus an cúram a rinneadh den othar. Chomh maith leis sin, má choinnítear taifid mhaithe tugtar fianaise den chúram is gá, de na hidirghabhálacha ó na gairmithe agus freagairt an othair don chúram nó do na hidirghabhálacha sin.

Tharraing mé aird an ospidéil air seo - ba chóir amanna a bhreacadh síos ar gach taifead, go háirithe i gcás go bhfuil riocht an othair ag athrú nó gur dócha go n-athróidh an riocht go minic.

Luaigh mé go moltar seo i gcód cleachtais FSS ‘Code of Practice for Healthcare Records Management - Recommended Practices for Clinical Staff.’

“Ba chóir gur léir i gcónaí ó thaifead an othair cén t-am ar tharla rud agus cén t-am ar scríobhadh an taifead. Déantar an t-am (clog 24 uair) agus an dáta (lá/mí/bliain) a bhreacadh síos in aice gach iontrála. Ní foláir do gach iontráil a bheith beacht i ndáil leis an dáta (lá/mí/bliain) agus am”

Thug mé faoi deara go ndearna an t-ospidéal, mar chuid dá athbhreithniú, an scrúdú a theorannú do nótaí leighis an othair agus chinn nach bhféadfaí a rá ar bhain na nótaí leis an gcuairt ar an othar idir 9.00 agus 17.45 nó nár bhain.

Bhí orm tuiscint níos fearr a fháil ar leibhéal an athbhreithnithe leighis, agus cén t-am a tharla an t-athbhreithniú. Mar sin, thug mé le chéile na nótaí altranais agus na nótaí leighis ón lá céanna chun iad a chur i gcomparáid lena chéile. Chuidigh an próiseas seo liom dearcadh níos leithne a fháil ar an scéal agus ar conas a tharla rudaí an lá úd.

Tar éis dom scrúdú a dhéanamh ar na nótaí leighis agus na nótaí altranais, ba léir dom, ar mheá na dóchúlachta de, nár thug an fhoireann leighis cuairt ar an mbean idir 10.00 agus 16.30 ar lá a báis.

Toradh

D’aontaigh an t-ospidéal go raibh an fhianaise dhoiciméadach ag teacht le mo thuairim.

Maidir leis an teip dul i dteagmháil le neasghaol agus sa mhéid gur ghlac an t-ospidéal go raibh tionchar aige seo ar an teaghlach, dhréachtaigh an t-ospidéal polasaí scríofa dar teideal “Contacting the next of kin when a patient’s condition deteriorates”, go luath i ndiaidh an tarlaithe seo.

D’fháiltigh mé roimh fhreagra an ospidéil ag an bpointe seo. Cibé scéal é, d’iarr mé ar an ospidéal breithniú a dhéanamh ar cibé acu an raibh gá le leithscéal nó nach raibh sa mhéid gur goilleadh go mór ar an teaghlach mar go raibh:

  • an chuma air go raibh moill ar chuairt na foirne leighis ar a máthair,
  • moill dá bharr sin ar a insint do neasghaol cé chomh tromchúiseach is a bhí riocht a máthar agus
  • tionchar ag an moill sin ar an teaghlach, sa mhéid nár cuireadh an deis is fearr agus a d’fhéadfaí ar fáil dóibh teacht abhaile chun bheith taobh lena máthair agus í ag fáil bháis.

Tar éis dom iarraidh orthu déanamh amhlaidh, ghabh an t-ospidéal leithscéal ó chroí leo as an anró agus an imní a tharla dá bharr. B’oth leis an ospidéal freisin nach raibh an deis acu bheith lena máthair sula bhfuair sí bás.

Mar thoradh ar an ngearán seo, chuir an t-ospidéal roinnt beart i bhfeidhm chun dul i ngleic go díreach leis na saincheisteanna a thug mo ghearánach chun solais, eadhon:

  • Tionscnaíodh treoirlíne maidir le teagmháil a dhéanamh le neasghaol i gcás an ríochta acu a bheith ag dul in olcas.
  • Chuir sé i bhfeidhm, mar chuid den Chlár maidir le Míochaine Ghéarchúraim don fhoireann altranais uile, córas réamhrabhaidh d’othair a bheadh ag dul in olcas.
  • Chuir sé tús le clár oideachais agus oiliúna ag díriú ar chóras dar teideal COMPASS ag baint úsáide as MEWS (Rátaí Luath-Rabhaidh Leasaithe nó Modified Early Warning Scores). Cuimsíonn MEWS sreabhchairt géarúcháin ina bhfuil eolas don dochtúir a chuireann iarratas chuig dochtúir go ndéanfadh sé/sí cuairt a thabhairt ar an othar chun athbhreithniú a dhéanamh ar a mbail.
  • D’áirigh sé seisiún maidir le cód cleachtais FSS, Code of Practice for Healthcare Records Management mar chuid den oiliúint ionduchtúcháin le haghaidh gach intéirnigh nua (dochtúir sóisearach).

Bhí an teaghlach sásta soiléiriú agus leithscéal a fháil ón ospidéal. D’fháiltigh sé roimh an oiliúint leasaithe agus an bhéim ar bhainistiú maith na dtaifead leighis. Bhí siad dóchasach freisin nach dtarlódh briseadh croí do dhaoine eile mar a tharla dóibh siúd agus iad ag iarraidh freagraí iontaofa a fháil ó ospidéal i gcásanna a ghoillfeadh chomh mór céanna orthu.

 

Tuarascálacha Bhliantúil 2016

Tuarascáil Bhliantúil an Ombudsman 2016