Baile  /  Cás-Staidéir  /  Cásanna Samplacha  /  Diúltaíodh an dara tuairim leighis do bhean tar éis diagnóis thromchúiseach a thabhairt di
 

Diúltaíodh an dara tuairim leighis do bhean tar éis diagnóis thromchúiseach a thabhairt di

Cúlra

I mí an Mheithimh 2007 thug Cairdeolaí ar Lia Comhairleach é in Ospidéal Ginearálta Leitir Ceanainn diagnóis do bhean a raibh preabadh croí aici, ag rá léi go raibh Siondróm QT Fada uirthi. (Is é atá i Siondróm QT Fada ann ná riocht cairdiach géiniteach mar a bhfuil baol ann don té leis an siondróm go bhfaighidís bás go tobann dá ndéanfaidís dianghleacaíocht. Deirtear go bhfuil sé deacair beartú ar an diagnóis seo. An diagnóis is cinntithí déantar é tar éis scagthástáil ghéiniteach a dhéanamh.) Dúirt an Lia Comhairleach leis an mbean nár chóir di bheith ag gleacaíocht. Cuireadh í ar bhéite-blocálaithe (cógas leighis) agus cuireadh comhairle uirthi nár chóir di scor den chógas leighis sin. Chuir an cógas sin meadhrán uirthi agus bhí preabadh cliabhraigh ag tarlú di dá bharr. Bhí sí an-chorraithe tar éis an diagnóis seo a fháil.

Tar éis sraith trialacha breise in Ospidéal Ginearálta Leitir Ceanainn i mí Feabhra 2008 dúirt an Lia Comhairleach i Leitir Ceanainn léi nach raibh an riocht uirthi tar éis an tsaoil. Ba mhór an faoiseamh di é gur tugadh cead di scor den chógas leighis, dúradh léi laghdú ar a meáchan agus tosú ag gleacaíocht. Socraíodh ar choinne di leis an Lia Comhairleach i gceann bliana. I mí an Mheithimh 2008 atreoraíodh an bhean chuig Géineolaí Comhairleach Cliniciúil i mBaile Átha Cliath ionas go ndéanfaí tástáil ghéiniteach uirthi, agus cuireadh comhairle ar a deirfiúr agus a deartháir déanamh amhlaidh. Thug torthaí na scagthástala géinití le fios nach raibh siondróm dúchais QT fada uirthi.

Cibé scéal é, fuair an Cairdeolaí Comhairleach i Leitir Ceanainn torthaí na dtástálacha géiniteacha, agus ansin scríobh sé chuig an nGéineolaí Comhairleach Cliniciúil ag cur in iúl go raibh sé den tuairim go raibh Siondróm QT Fada ar an mbean seo. Luaigh sé nach raibh sé cinnte an raibh sé uirthi ó dhúchas nó nach raibh agus mhol sé go bhfágfaí í ar bhéite-blocálaithe. Bhí sé go hiomlán contrártha lenar luaigh an Lia Comhairleach leis an mbean roimhe sin. Nuair a fuair an bhean seo amach bhí mearbhall iomlán uirthi agus bhí imní uirthi go bhfaigheadh sí bás agus go mbeadh an riocht ar a leanbh. Scríobh sí chuig Ospidéal Ginearálta Leitir Ceanainn i mí Mheán Fómhair 2009 ag iarraidh go ndéanfaí í a atreorú go práinneach chun an dara tuairim leighis a fháil ó chairdeolaí in ospidéal eile.

Seachas socrú a dhéanamh go bhfaigheadh an bhean an dara tuairim leighis, thug an tOifigeach Idirchaidrimh Othar a hiarratas don Chairdeolaí céanna ag iarraidh air coinne a dhéanamh léi chun an diagnóis a phlé. Chuir an Cairdeolaí freagra díreach ar an Oifigeach Idirchaidrimh Othar ag insint di go raibh Siondróm QT fada ar an mbean agus go raibh an cúram a cuireadh uirthi ina cúram iomchuí. Scríobh Bainisteoir Ginearálta an ospidéil chuig an mbean, chun a insint di gur dhearbhaigh an lia comhairleach an diagnóis agus go gcasfadh sé léi dá mba mhian léi. Is uirthi siúd a cuireadh an dualgas dul i dteagmháil leis an ospidéal agus rinneadh neamhaird dá hiarratas go ndéanfaí í a atreorú chuig cairdeolaí eile. Ghabh an Bainisteoir Ginearálta leithscéal, ámh, gur cuireadh lena himní dá bharr.

I mí Márta 2010 scríobh an bhean chuig m’Oifig ag cur in iúl nach raibh sí sásta leis an gcaoi ar láimhseáladh a gearán. Dúirt sí nach raibh aon dul as aici ach an dara tuairim leighis a lorg go príobháideach (Feabhra 2010) a chosain tuairim is €1,000. Ó thorthaí an dara comhairliúchán seo léiríodh raibh an riocht uirthi. Cé gur mór an faoiseamh seo di, bhí sí míshásta nár shocraigh an t-ospidéal go bhfaigheadh sí an dara tuairim, i bhfianaise thromchúis an reachta sin.

Imscrúdú

Phléigh mé an gearán seo le FSS i Leitir Ceanainn agus d’iarr mé orthu cén fáth nár fheidhmigh siad ar an iarratas ón mbean go dtabharfaí an dara tuairim leighis di. Luaigh mé go raibh mé míshásta leis an mbealach ar láimhseáladh an gearán agus d’fhiosraigh mé cén fáth a raibh moill ann déileáil leis an ngearán. D’iarr mé ar FSS freisin machnamh a dhéanamh ar chostais an dara tuairim leighis a aisíoc leis an mbean. Ina fhreagra, dúirt FSS go raibh an Lia Comhairleach tar éis a thairiscint bualadh leis an mbean chun an diagnóis a phlé ach nár ghlac sí leis an tairiscint sin. Ghabh an t-ospidéal leithscéal sa mhéid nach raibh an méid ama a thóg sé orthu freagra a chur ar an mbean ag teacht laistigh den tréimhse sonraithe ag FSS ina polasaí sainráite, is é sin, laistigh de thréimhse 30 lá. Tar éis plé breise idir m’fhoireann agus FSS, socraíodh go gcasfadh an bhean le Stiúrthóir Cliniciúil an ospidéil chun an chóireáil agus a cúiseanna imní a phlé.

Toradh

Ag eascairt ón gcruinniú, shocraigh an Stiúrthóir Cliniciúil coinne a dhéanamh don bhean le Fiseolaí le Speisialtóireacht Chairdea-Leictreach chun athbhreithniú breise cinntitheach leighis a dhéanamh. D’íoc FSS as an athbhreithniú leighis seo. Tátal an athbhreithnithe sin ná nach raibh Siondróm Long QT ar an mbean. Ar iarratas uainn, d’aontaigh FSS freisin costais an dara tuairim leighis a aisíoc leis an mbean.

Léiríonn an gearán an gá atá le go mbeadh córas gearáin ag comhlachtaí poiblí ar córas é atá sofhreagrach do ghearánaigh agus a dhéileálann le gearáin ar bhealach cóir, tráthúil. Tá an cheist faoin dara tuairim leighis a lorg ina ceist a tháinig chun cinn cheana i ngearáin faoi ospidéil ar dhéileáil m’Oifig leo sa bhliain 2012. Dar le doiciméad de chuig FSS ‘You and Your Health Service’, féadfaidh othair an dara tuairim leighis a lorg aon tráth le linn a gcúraim. Tá treoirlínte d’atreoruithe dá leithéid leagtha síos ag Comhairle na nDochtúirí Leighis sa treoirleabhar “Guide to Professional Conduct and Ethics for Registered Medical Practitioner”.

 

Tuarascálacha Bhliantúil 2016

Tuarascáil Bhliantúil an Ombudsman 2016