Cúlra
Féadtar Sochar Cuardaitheora Post a aistriú chuig ballstát eile sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) le haghaidh tréimhse suas le 13 seachtaine , i gcás go bhfuil duine ag cuardach oibre ann. Is gá do dhuine clárú laistigh de thréimhse seachtaine leis na seirbhísí fostaíochta sa tír nua. Tá sé de dhualgas ar an té sin freisin ‘Foirm U2’ a chur chuig seirbhísí sóisialacha na tíre a mbeidh siad ag lonnú ann. Is í oifig Leasa Shóisialaigh áitiúil na hÉireann a líonann an ‘Fhoirm U2’.
Bhí fear ag fáil an tSochair Cuardaitheora Post tráth ar tugadh cúpla tairiscint poist dá bhean i nGeansaí (Oileáin Mhuir nIocht) agus i Lucsamburg. Ag an tráth sin bhí an bheirt acu dífhostaithe agus bhí beirt leanbh óg acu agus bhí siad ag iarraidh a chinneadh cén post ar chóir glacadh leis. Thug an fear cuairt ar a oifig áitiúil Leasa Shóisialaigh chun fiosrú faoi íocaíocht a Shochair Cuardaitheora Post agus cuireadh in iúl dó go leanfaí á íoc leis ar feadh 13 seachtaine ba chuma cén tír ina lonnódh sé - Geansaí nó Lucsamburg. Dhearbhaigh Seirbhísí Incháilitheachta Leasa Shóisialaigh an méid seo dó freisin. Bheartaigh an teaghlach bogadh go Geansaí ar an tuiscint go leanfaí ag íoc an tSochair Cuardaitheora Post.
Cibé scéal é, níl Geansaí ina chuid den LEE (agus níl sé ina chuid den AE ná den RA ach oiread). Mar sin, ní bhaineann an socrú seo le hÉireannaigh a bhogann go dtí Geansaí. Tá daoine a bhogann go Lucsamburg incháilithe dó, ámh.
Líon an Roinn Coimirce Sóisialaí an ‘Fhoirm U2’ agus thug í don fhear. Nuair a thug sé an fhoirm don Oifigeach Slándála Sóisialaí i nGeansaí, d’atreoraigh an Oifig sin an cheist ar ais chuig an Roinn Coimirce Sóisialaí á chur in iúl don Roinn nach bhféadfaidís an íocaíocht a phróiseáil. Ag an staid seo, bhí sé ródhéanach don teaghlach filleadh ar Éirinn chun cónaithe. Idir an dá linn, ní raibh aon ioncam ag an teaghlach óg seo go dtí go bhfuair an mháthair an chéad pháphaicéad - sé seachtaine tar éis dóibh Geansaí a shroicheadh, dhá sheachtain roimh Nollaig.
Scríobh an Roinn chuig an bhfear ag insint dó go raibh earráid déanta acu i líonadh na foirme. Ghabh an Roinn leithscéal as aon mhíchaoithiúlacht ach chuir in iúl don ghearánach freisin nach mbeidís in ann íocaíocht an tSochair Cuardaitheora Post a dhéanamh agus é ina chónaí i nGeansaí. Sa mhéid go raibh an fear míshásta le freagra na Roinne chuir sé gearán faoi mo bhráid.
Imscrúdú
Agus an cás seo á imscrúdú agam, ba léir go bhfuair an fear seo an chomhairle mhícheart ó fhoinsí éagsúla agus údarásacha sa Roinn Coimirce Sóisialaí sula raibh air beartú ar cén tír le hathlonnú inti - Geansaí nó Lucsamburg. Anuas air sin, luadh ar an ‘bhFoirm U2’ an méid seo a leanas: “Tá an sealbhóir i dteideal sochair dífhostaíochta ón oifig a d’eisigh an doiciméad seo ó 9 Samhain 2011 go dtí 7 Feabhra 2012 ar feadh tréimhse uasta de 78 lá.”
Ba léir domsa gur fhulaing an fear agus a theaghlach toisc go raibh siad ag brath ar an eolas a tugadh dó - ó bhéal agus i scríbhinn. Is é mo thuairim é go raibh an fear ag feidhmiú de mheon maith nuair a bheartaigh sé bogadh lena theaghlach go dtí Geansaí, seachas Lucsamburg, ar an tuiscint go bhfaigheadh sé an Sochar Cuardaitheora Post. Dá réir sin, d’iarr mé ar an Roinn athbhreithniú a dhéanamh ar an gcaoi ar láimhseáil siad an cás agus ar an bhféidearthacht cúiteamh a thabhairt.
Toradh
Is cúis áthais dom é go ndearna an Roinn athbhreithniú ar an gcás agus gur ghabh siad leithscéal leis. Tá an Roinn tar éis íocaíocht ex-gratia de €1,000 a thairiscint don fhear mar chúiteamh. Ghlac an teaghlach leis an tairiscint seo.