Cúlra
Maidir leis an ngearánach seo bhí mac aici le neamhord ar speictream an uathachais, agus tugadh an diagnóis sin agus é dhá bhliain d’aois. Bhí an mháthair tar éis iarratas a dhéanamh leis an Roinn Coimirce Sóisialaí le haghaidh Liúntas Cúraim Baile (LCB) maidir lena mac. Ar dtús diúltaíodh an t-iarratas LCB. Cibé scéal é, tar éis fianaise bhreise leighis a chur ar fáil ag éisteacht ó bhéal, cheadaigh an tOifigeach Achomhairc an t-iarratas ach bhíothas den tuairim go raibh gá ag an leanbh le cúram substaintiúil ó dháta chinneadh an achomhairc agus ón dáta sin amháin. Mhaígh mo ghearánach gur chóir go mbeadh feidhm ag an íocaíocht ó dháta an iarratais, 17 mí roimhe sin, seachas ó dháta na héisteachta ó bhéal.
Imscrúdú
Rinne mé iniúchadh ar cén fáth a raibh an tOifigeach Achomhairc den tuairim go raibh gá ag an leanbh le cúram agus aird shubstaintiúil bhreise ó dháta na héisteachta ó bhéal agus ní ó dháta an iarratais LCB.
Dar leis na tuarascálacha leighis agus teiripe saothair bhí an leanbh tar éis a lán ionchuir a fháil ó sheirbhísí éagsúla - seirbhísí leighis agus cúraim agus seirbhísí ó ghairmithe, agus óna thuismitheoirí, ó bhí sé dhá bhliain d’aois.
Tuairim an Oifigigh Achomhairc ná go bhfuil gá ag gach leanbh le cúram agus aird lánaimseartha suas go dtí aois áirithe agus ina dhiaidh sin go bhfuil sé deacair idirdhealú a dhéanamh idir naíonáin agus leanaí beaga. Tharraing mé aird na Roinne ar Aguisín 6 de Thuarascáil Ghrúpaí Saineolaithe Leighis na Roinne. San aguisín cuirtear síos ar “ghnáthaois ghnóthachtála ag ar chóir do 90% de leanaí bheith in ann an ghníomhaíocht seo a dhéanamh”. Bhí an chuma air ón bhfianaise leighis ar comhad, agus ón gcomhfhreagras leanúnach ó oibrithe cúraim agus ó oibrithe sóisialta go raibh an leanbh - trí thagairt don ghnáthaois ghnóthachtála atá leagtha amach in Aguisín 6 - ag fáil cúraim agus aird shubstaintiúil bhreise ó aois an-óg a chuir ar a chumas déileáil leis na gnáthghníomhaíochtaí maireachtála a mbeadh leanbh tipiciúil den aois chéanna in ann déileáil leo de ghnáth gan aon chúnamh a fháil.
De bhreis air sin, dhírigh mé aird na Roinne ar a Treoirlínte le haghaidh LCB - a dhéileálann le Dáta na Dámhachtana. Sna Treoirlínte luaitear:
“Mar riail ghinearálta ba chóir gurb ionann dáta na dámhachtana agus dáta an iarratais....”
Thagair mé freisin d’Aguisín 8 de Threoirlínte na Roinne le haghaidh LCB ‘Medical Eligibility Guidelines for DCA’ ina luaitear:
“.... an dáta is iomchuí dámhachtana ná dáta an iarratais...”
Chomh maith leis sin, luaitear in ‘Medical Eligibility Guidelines for DCA’ na treoracha chun measúnú deasc a dhéanamh ar LCB. Foráiltear ann gur riocht é an t-uathachas a bhfuil míchumas chomh trom ina thoradh air gur chóir LCB a chur ar fáil.
Toradh
Tar éis m’iarratais, rinne an tOifigeach Achomhairc athbhreithniú ar mo chás agus ag cur na bpointí uile thuasluaite san áireamh, leasaigh sé a chinneadh. Bronnadh an LCB ar mo ghearánach ó dháta a hiarratais bunaidh agus íocadh riaráistí de €8,400 léi.