Dhiúltaigh FSS tacaíocht i dTeach Altranais a chur ar fáil d’fhear d’ainneoin na fianaise leighis a chuir in iúl go raibh gá le cúram lánaimseartha
Cúlra
Fuair mé gearán ó theaghlach faoi chinneadh de chuid Fheidhmeannacht na Seirbhíse mar ar dhiúltaigh an Fheidhmeannacht cúnamh a chur ar fáil dá n-athair faoin Scéim Tacaíochta Tithe Altranais. Faoin scéim seo cuirtear tacaíocht airgeadais ar fáil do dhaoine a bhfuil gá acu le cúram fadtéarmach i dteach altranais. Is iad Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte a riarann an scéim seo.
Diúltaíodh cúnamh faoin Scéim a chur ar fáil ar an mbonn go raibh an fear tar éis a chur in iúl gur mhaith leis filleadh ar a bhaile ar deireadh thiar. Dar le FSS tá ceart féinchinntiúcháin ag gach iarratasóir agus ní mheasfaí a leithéidí de chásanna a bheith incháilithe faoin Scéim. Cibé scéal é, bhí riocht tromchúiseach leighis ag an bhfear seo agus bhí cúram faoisimh de dhíth air le roinnt blianta agus, go háirithe, le linn an gheimhridh. Ar an drochuair, cailleadh an fear agus a theaghlach a chuir an gearán faoi bhráid m’Oifige.
Imscrúdú
D’iarr mé an comhad áirithe a bhain le Scéim Tacaíochta Tithe Altranais agus na taifid leighis ó dhá ospidéal inar cuireadh cóireáil ar an bhfear sa bhliain dheireanach dá shaol.
Tháinig mé ar an tuairim go raibh cinneadh FSS diúltú an cúnamh deontais a chur ar fáil don fhear faoin Scéim Tacaíochta Tithe Altranais contrártha leis an bhfianaise leighis a bhí ar fáil. Go háirithe, dar leis an bhfianaise bhí gá ag an bhfear le cúram tacúil lánaimseartha agus bhí sé tar éis bheith ina chónaí i dtithe altranais roimhe sin faoin “Tionscnamh Leapacha Geimhridh”. Chuidigh a theaghlach leis trí aire a thabhairt dó sa bhaile an chuid eile den bhliain. Rinneadh a iarratas freisin tar éis roinnt cuairteanna cónaithe ar an ospidéal i míonna roimhe sin. Chomh maith leis sin, ba léir ón bhfoirm iarratais don Scéim go raibh an fear tar éis a lua gur rogha leis fanacht sa bhaile, ach chuir sé in iúl freisin go raibh sé toilteanach fanacht i dteach altranais ar feadh cúpla mí.
Toradh
D’iarr mé ar FSS athbhreithniú a dhéanamh ar a chinneadh. Tar éis an athbhreithnithe sin, ghlac FSS leis, le haird ar fhianaise leighis, nár chóir gur diúltaíodh an t-iarratas ar chúnamh faoin Scéim Tacaíochta Tithe Altranais. Mar thoradh, d’íoc FSS €5,043.90 lena eastát.