Baile  /  Cás-Staidéir  /  Cásanna Samplacha  /  Chuir an Roinn maoiniú ar fáil d’úinéir foraoise tar éis gearáin leis an Ombudsman
 

Chuir an Roinn maoiniú ar fáil d’úinéir foraoise tar éis gearáin leis an Ombudsman

Cúlra

Déanann an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara riar ar an Scéim Deontais Bóthair Foraoise. Faoin Scéim seo tugtar an deis d’úinéirí foraoise rochtain a fháil ar fhoraoisí mar shampla chun uasghrádú a dhéanamh ar bhóithre nó chun iad a thógáil. Cuireann bóithre foraoise leis an mbithéagsúlacht sa mhéid go gcruthaítear spásanna oscailte agus imeall foraoise. Fuair mé gearán ó chuideachta ar diúltaíodh deontas dóibh cé gur thóg siad bóthar a chloígh leis na caighdeáin chuí.

Tráth ar cuireadh an bóthar i gcrích rinne an Roinn iniúchadh air agus bhí an Roinn sásta go raibh an bóthar tógtha ar chaighdeán a bhféadfaí glacadh leis. Toisc na drochaimsire, ámh, níor cuireadh an bóthar i gcrích faoin spriocdháta a aontaíodh agus mar sin dhiúltaigh an Roinn an deontas a íoc.

Imscrúdú

Tar éis dom sonraí an ghearáin a chíoradh agus labhairt leis an ngearánach bhí an chuma air go raibh an pionós díréireach sa mhéid gur críochnaíodh an bóthar de réir na sonraíochta a aontaíodh agus nár cuireadh moill air ach amháin toisc na drochaimsire. Mo mholadh don Roinn ná go raibh an deontas díréireach leis an sárú coinníollacha sa chás seo, go háirithe sa mhéid go raibh an Roinn sásta leis an mbóthar nuair a críochnaíodh é.

Toradh

Rinne an Roinn athbhreithniú ar an gcás agus bheartaigh deontas a íoc ina mbeadh 10% bainte mar phionós sa mhéid nár cuireadh an bóthar i gcrích in am. Ceadaíodh deontas de bhreis is €8,000 don fhear. Bhí mise den tuairim go raibh sin ina thoradh réasúnta ag cur na gcoinníollacha san áireamh.

 

Tuarascálacha Bhliantúil 2016

Tuarascáil Bhliantúil an Ombudsman 2016