Bronnadh €68,000 ar fhear mar nár chuir an Roinn Coimirce Sóisialaí in iúl dó go raibh sé i dteideal pinsin
Cúlra
Is éard atá sa Phinsean Ranníocach Marthanóra (PRM) ná íocaíocht sheachtainiúil a dhéantar le fear céile, bean chéile nó páirtí sibhialta duine a cailleadh. Thugtaí an Pinsean (Ranníocach) Baintrí/Pinsean (Ranníocach)Baintrí Fir air roimhe seo. Chun cáiliú don phinsin seo, is gá go mbeadh an céile nó an páirtí a mhaireann, nó a gcéile nó a bpáirtí nach maireann, tar éis dóthain ranníocaíochtaí árachais shóisialaigh (ÁSPC) a dhéanamh.
Fuair mé gearán ó fhear a chaill a bhean i mí na Samhna 1998. Bhí an fear ag obair ag an uair agus bhí sé den tuairim gur chiallaigh sin nach raibh sé i dteideal PRM. Ina dhiaidh sin cuireadh in iúl dó go raibh sé i dteideal PRM agus rinne sé iarratas leis an Roinn Coimirce Sóisialaí i mí na Nollag 2008. D’íoc an Roinn na riaráistí leis an ngearánach de réir na forála a bhaineann le héileamh déanach mar atá sonraithe sna hAchtanna Leasa Shóisialaigh. Níor íoc siad siar ach go dtí Eanáir 2006, ámh agus ní go dtí deireadh na Samhna 1998, an dáta ar cailleadh a bhean. Diúltaíodh d’éileamh an fhir seo na híocaíochtaí i ndiaidh an dáta sin a dhéanamh agus d’iarr sé go ndéanfainn an cás a scrúdú..
Imscrúdú
Rinne mé imscrúdú sonrach ar chomhaid na Roinne i ndáil leis an teagmháil idir an fear agus an Roinn. Thug mé faoi deara gur chuir an fear an Roinn ar an eolas faoi bhás a mhná céile i mí Márta 1999 tráth ar iarr sé go n-aistreofaí an Liúntas Linbh ó ainm a mhná nach maireann. Bhí mé den tuairim go raibh sé réasúnta bheith ag súil go gcuirfeadh an Roinn in iúl don fhear go raibh sé i dteideal PRM a éileamh ag an staid sin.
Toradh
D’iarr mé ar an Roinn athbhreithniú a dhéanamh ar an diúltú seo a éileamh a shiardhátú. Is cúis áthais dom é a rá gur aontaigh an Roinn athbhreithniú a dhéanamh ar a chás. Sa mhéid gur inis an fear don rannóg Sochair Linbh gur chaill sé a bhean, d’aontaigh siad a éileamh a shiardhátú go dtí Márta 1999, agus d’íoc siad riaráistí PRM de bhreis is €68,000 leis an bhfear.