Bronnadh €23,000 ar fhear nuair a dhiúltaigh FSS na cúinsí cuí a chur san áireamh agus iad ag diúltú a iarratais d’Fhorlíonadh Ús Morgáiste
Cúlra
Dhiúltaigh FSS iarratas an fhir seo d’fhorlíonadh ús morgáiste ar an mbonn gur sháraigh an t-ús morgáiste an méid a mheas FSS a bheith réasúnta chun freastal ar a riachtanais chónaitheacha agus eile. Bhí cinneadh FSS bunaithe ar fhoirmle a d’úsáid teorainn uasta chíosa. Baintear úsáid as an bhfoirmle do chíos uasta chun a chinntiú go bhfuil an luach is fearr ar airgead á bhaint amach le haghaidh tionóntaí agus cáiníocóirí ach fós féin a chinntiú nach bhfuil daoine a fhaigheann forlíonadh cíosa eisiata as an margadh toisc praghsanna cíosa phríobháidigh a bheith ró-ard. Bhí an fear seo pósta agus beirt leanaí acu.
Imscrúdú
Thug mé faoi deara nach raibh aon fhoráil sa reachtaíocht a cheangail teorainneacha uasta cíosa sa chinnteoireacht ar cibé acu an raibh cíos réasúnta chun críocha Forlíonadh Ús Morgáiste nó nach raibh. Bunaíodh an gaol seo ar chinneadh riaracháin ó limistéar áitiúil FSS ina áit sin. Bhí an chuma air nár cuireadh san áireamh go raibh praghsanna tithe ard ag an uair agus nár cuireadh san áireamh go raibh rátaí úis luaineach (ag dul in airde).
Scríobh mé chuig FSS agus chuig an Roinn Coimirce Sóisialaí (a bhfuil freagracht orthusan anois as an Forlíonadh Ús Morgáiste a íoc) agus d’iarr mé orthu athbhreithniú a dhéanamh ar an gcinneadh sa chás seo. Mo mholadh dóibh ná nár chóir éileamh a dhiúltú d’Fhorlíonadh Ús Morgáiste bunaithe ar choinníoll amháin, i.e. go raibh sé ag sárú na teorann iomchuí, ach gur chóir gnéithe eile a chur san áireamh chomh maith, mar shampla cúinsí teaghlaigh, an meánchostas ar theach a cheannach agus cibé acu an raibh sé nó nach raibh sé ciallmhar morgáiste a fháil agus teach a cheannach le cúrsaí mar a bhí ag an uair agus i bhfianaise conas a athródh rudaí ina dhiaidh sin.
Toradh
D’aontaigh an Roinn an cinneadh a athbhreithniú. Tar éis an t-athbhreithniú a dhéanamh, cheadaigh an Roinn an Forlíonadh Ús Morgáiste ó dháta an iarratais agus d’íoc riaráistí de €23,241.50.