Bhí moill ar phróiseáil iarratais a rinne lánúin chun cártaí leighis a fháil d’ainneoin gur léir go raibh siad ina dteideal
Cúlra
Rinne lánúin phósta iarratas chun cártaí leighis a fháil agus chuir siad Tuairisceán Cánach Ioncaim chuig FSS mar fhianaise ar ioncam. Ina dhiaidh sin chuir FSS in iúl dóibh gur imigh an t-iarratas ar strae. Chuir siad foirm iarratais eile isteach maille le cóip den tuairisceán cánach ioncaim. Ansin d’iarr FSS orthu doiciméadacht a chur ar fáil faoina sócmhainní caipitil. Chuir an lánúin eolas faoina gceannacháin scaireanna go léir, na teastais scaireanna san áireamh, chuig oifig FSS ach ní raibh aon teagmháil eile ann ó FSS go ceann fiche mí. Ansin chuir siad gearán faoi bhráid m’Oifige faoin mhoill ar phróiseáil a n-iarratais.
Imscrúdú
Ina thuarascáil chuig m’Oifig luaigh FSS go raibh an-chuid próiseála i gceist le hiarratas na lánúine sa mhéid go raibh gá na scaireanna agus na hinfheistíochtaí a bhailíochtú. Luaigh FSS freisin gurb í seo an phríomhchúis leis an gcumarsáid fhadtréimhseach idir iad agus an lánúin. Cibé scéal é, mhaígh an lánúin nach raibh aon teagmháil leanúnach ann idir iad agus FSS.
Bíonn duine i dteideal cárta leighis i roinnt cásanna éagsúla. Mar shampla, faoi reachtaíocht an AE daoine a bhfuil pinsean slándála sóisialaí acu ó Bhallstát eile san AE chomh maith le pinsean gairme ó Éirinn (áiríonn seo pinsin státseirbhíse nó seirbhíse poiblí) tá siad i dteideal cárta leighis gan tástáil acmhainne a shásamh ar an gcoinníoll nach bhfuil siad ag fáil íocaíochta leasa shóisialaigh nó atá faoi réir ÁSPC.
Fuair mé amach go raibh an lánúin i dteideal Cártaí Leighis a fháil faoi reachtaíocht ón AE, sa mhéid go raibh pinsin ón RA acu beirt agus nach raibh siad ag fáil pinsin ón Stát in Éirinn. Cé go raibh FSS ar an eolas go raibh pinsin ón RA ag an mbeirt níor cheadaigh FSS na hiarratais ar an mbonn seo, ach a mhalairt - rinne siad iarracht a fháil amach ar shásaigh siad na tairseacha ioncaim le go bhféadfaí cárta leighis a fhaomhadh.
Toradh
D’iarr mé ar FSS athbhreithniú a dhéanamh ar an iarratas agus ar an teidlíocht faoi reachtaíocht an AE. Mar thoradh air sin, bhronn FSS cártaí leighis orthu agus iad siardhátaithe chuig 15 lá oibre ó fháil an iarratais agus d’aontaigh gach costas leighis, fiaclóireachta agus súl a aisíoc leo a thabhaigh siad le fiche mí. Chomh maith leis sin, chuaigh mé i dteagmháil leis na Coimisinéirí Ioncaim ionas go n-aisíocfaidís an Tobhach Ioncaim a d’íoc an lánúin fad is a bhí an t-iarratas á phróiseáil ar an mbonn go bhfuil daoine a bhfuil cártaí iomlána leighis acu díolmhaithe ón Tobhach Ioncaim agus ó aon ró-íocaíochtaí eile Muirear Sóisialta Uilíoch mar thoradh ar mhoill FSS.