Cad é an tAcht um Míchumas?

Is éard atá san Acht um Míchumas 2005 ná dlí a ritheadh ar an 8 Iúil 2005. Deir sé gur chóir do ranna an Rialtais agus do chomhlachtaí poiblí obair chun caighdeán maireachtála na ndaoine faoi mhíchumas a fheabhsú.

Conas a théann sé i bhfeidhm ar an Ombudsman?

Tugann an tAcht um Míchumas cumhachtaí don Ombudsman chun gearáin faoi Chuid 3 den Acht a scrúdú. Sa chuid sin den Acht, déileáiltear le:

Cad é an dlí maidir le rochtain ar fhoirgnimh phoiblí?

Caithfidh comhlachtaí poiblí a chinntiú go bhfuil rochtain ar fhoirgnimh phoiblí "a mhéid is indéanta" ag daoine faoi mhíchumas de réir Alt 25 den Acht um Míchumas. Is éard is "foirgneamh poiblí" ann ná foirgneamh, nó cuid d'fhoirgneamh, atá áitithe, bainistithe nó stiúrtha ag comhlacht poiblí agus atá ar oscailt don phobal.

Cód cleachtais

Nuair atá foirgnimh phoiblí á dtógáil, á n-athrú nó á síneadh, is féidir leis an Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí iarraidh ar an Údarás Náisiúnta Míchumais (ÚNM) dréachtchód cleachtais faoi rochtain ar fhoirgnimh phoiblí a ullmhú agus a sheoladh isteach. Tá feidhm ag an méid sin freisin nuair atá rogha chost-éifeachtúil ann a chiallóidh go mbeidh rochtain ag níos mó daoine ar an bhfoirgneamh.
Má fhaomhann an tAire cód cleachtais an ÚNM, caithfidh comhlachtaí poiblí cloí leis "...a mhéid is indéanta ag féachaint dá n-acmhainní agus dá n-oibleagáidí".

An tAcht um Rialú Foirgníochta

Ní mór go mbeadh foirgnimh phoiblí, saoráidí poiblí agus an chomharsanacht timpeall orthu tógtha ionas go mbeidh siad chomh hinrochtana agus is féidir do gach ball den phobal. Áirítear air sin limistéir pháirceála agus tuirlingthe, forsheomraí, staighrí, leithid doirse agus saoráidí leithreas inrochtana. 

Imlínítear an ceanglas seo i gcuid M den Acht um Rialú Foirgníochta, agus ní mór d'fhoirgnimh phoiblí cloí le haon leasú a dhéantar ar chuid M laistigh de 10 mbliana den leasú sin. Tá eolas faoi na leasuithe is déanaí ar fáil anseo [cuir isteach nasc].

Cathain nach mbíonn na rialacháin sin i bhfeidhm?

Má tá úsáid shealadach á baint as an bhfoirgneamh poiblí (agus mura mbeidh rochtain ag an bpobal air laistigh de 3 bliana d'ordú an Aire) nó má mheastar go mbeidh coigeartuithe róchostasach le déanamh, d'fhéadfadh an tAire a bheartú nach mbaineann na rialacháin leis an bhfoirgneamh sin.
Sula ndéanann sé/sí ordú, ní mór don Aire dul i gcomhairle le "cibé Airí eile den Rialtas nó le cibé daoine eile is cuí leis nó léi".

Cad is "seirbhís" ann?

Is éard atá i "seirbhís" ná seirbhís nó saoráid d'aon saghas a chuirtear ar fáil do bhaill an phobail ag comhlacht poiblí. Áirítear ar sheirbhísí:

  • úsáid phoiblí d'áit nó de shaoráid atá i seilbh comhlachta phoiblí nó atá á bainistiú nó á stiúradh aige
  • eolas, liúntais nó leasa eile a sholáthraíonn comhlacht poiblí
  • seirbhísí cultúrtha nó oidhreachta a sholáthraíonn comhlacht poiblí
  • aon seirbhís a sholáthraíonn cúirt nó binse eile

Cad a chaithfidh "soláthraithe seirbhísí" a chur i bhfeidhm?

Deirtear in Alt 26 den Acht nach mór do chomhlachtaí poiblí a sholáthraíonn seirbhís:

  • rochtain do dhaoine faoi mhíchumas a chinntiú "más infheidhmithe agus cuí"

  • cabhrú le daoine faoi mhíchumas, má iarrtar sin, "más infheidhmithe agus cuí"

  • a chinntiú go bhfuil duine leis na scileanna cearta ar fáil chun an comhlacht a chomhairliú faoi inrochtaineacht do dhaoine faoi mhíchumas, "más cuí"

ball amháin foirne ar a laghad a chur i gceannas ar chabhair agus treoir a sholáthar do dhaoine faoi mhíchumas a úsáideann a sheirbhísí. Tugtar Oifigeach Rochtana ar an duine sin. (Tá Oifigeach Rochtana ag Oifig an Ombudsman. Seo nasc chuig sonraí ár n-Oifigeach Rochtana)

Deirtear in Alt 27 den Acht nach mór do sheirbhísí a chuirtear ar fáil do chomhlacht poiblí a bheith inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas.
Deir an tAcht nach mbeidh feidhm ag na pointí thuas más rud é, agus rochtain a sholáthar do dhaoine faoi mhíchumas,

  1. nach bhfuil sé praiticiúil
  2. nach bhfuil údar leis ó thaobh costais de
  3. go gcruthófaí moill fhada maidir le hearraí nó seirbhísí a chur ar fáil do dhaoine eile

Sa chuid seo den Acht, deirtear: "…a mhéid is indéanta, cuirfear ábhair na cumarsáide in iúl i bhfoirm a mbeidh rochtain ag an duine lena mbaineann air".

Ní mór do chomhlachtaí poiblí a dhéanann cumarsáid trí ríomhphost nó ar líne, mar shampla, a chinntiú, "a mhéid is indéanta", go dtarchuirtear nó go bhfoilsítear an fhaisnéis sin i bhformáid a oibríonn le teicneolaíochtaí oiriúnaitheacha a úsáideann daoine le fadhbanna amhairc. Ní mór do chomhlachtaí poiblí a chinntiú freisin, "a mhéid is indéanta", go bhfoilsítear faisnéis atá ábhartha do dhaoine faoi mhíchumais intleachta i dteanga atá éasca le tuiscint do na daoine sin.

Áirítear ar "láithreáin oidhreachta":

  1. séadchomhartha mar a dhéantar cur síos air in Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2004
  2. foirgneamh, gairdín nó páirc oidhreachta mar a dhéantar cur síos orthu san Acht Oidhreachta 1995
  3. struchtúr atá faoi chosaint nó struchtúr atá beartaithe a bheith faoi chosaint agus an chomharsanacht timpeall air, nó limistéar caomhantais ailtireachta, mar a dhéantar cur síos orthu san Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000
  4. anaclann dúlra mar a dhéantar cur síos uirthi sna hAchtanna um Fhiadhúlra 1976 agus 2000
  5. páirc náisiúnta atá i seilbh an Stáit agus atá á bainistiú agus á stiúradh ag an Aire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil

Deirtear in Alt 29 go ndéanfaidh comhlachtaí poiblí, "a mhéid is indéanta", rochtain do daoine faoi mhíchumas a chinntiú ar láithreán oidhreachta uile nó cuid de láithreán oidhreachta atá ina seilbh nó á bhainistiú nó á stiúradh acu.

Deir an tAcht freisin nach mbeidh feidhm ag na pointí thuas más rud é:

  • go mbeadh drochthionchar acu ar stádas caomhantais speicis nó gnáthóige nó ar iomláine láithreáin oidhreachta
  • go n-athróidís nádúr ar leith an láithreáin

Ní cheadaítear athruithe neamhdhleathacha ar láithreán oidhreachta leis an Acht.

Faoin Acht um Míchumas 2005, caithfidh 6 Aire den Rialtas pleananna earnála a ullmhú agus a fhoilsiú. Baineann na pleananna sin le seirbhísí a sholáthraítear ag an Aire agus ag comhlachtaí poiblí eile lena mbaineann. Déanann siad cur síos ar gníomhartha atá beartaithe chun seirbhísí a sholáthar do dhaoine faoi mhíchumas.

Cé hiad na hAirí a chaithfidh pleananna earnála a fhoilsiú?

  • An tAire Sláinte 
  • An tAire Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí
  • An tAire Iompair, Turasóireachta agus Spóirt
  • An tAire Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil
  • An tAire Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil (níl plean ar fáil ar líne)
  • An tAire Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta (níl plean ar fáil ar líne)

Ciallaíonn sin gur féidir leat gearán a dhéanamh leis an Ombudsman má cheapann tú nach bhfuil an dlí sin comhlíonta ag comhlacht poiblí. Mar shampla, is féidir leis an Ombudsman gearáin faoi rochtain ar fhoirgnimh phoiblí a scrúdú. Sula dtéann tú i dteagmháil leis an Ombudsman, áfach, ní mór duit gearán a dhéanamh leis an gcomhlacht poiblí a raibh drochthionchar ag a gníomh nó a chinneadh ort.  Má tá córas gearán nó achomhairc i bhfeidhm ag an soláthraí, ba chóir duit é a úsáid.
Má rinne tú gearán leis an gcomhlacht poiblí agus má chreideann tú go raibh a chinneadh maidir le do ghearán mícheart, is féidir leat dul i dteagmháil leis an Ombudsman ansin.
 
Is féidir leis an Ombudsman gearáin faoi phleananna earnála a ullmhaíodh faoi Alt 31 den Acht a scrúdú freisin. Is ráitis mhionsonraithe iad sin a tháirgtear ag Airí Rialtais áirithe faoi sheirbhísí do dhaoine faoi mhíchumas. 
Más mian leat gearán a dhéanamh leis an Ombudsman faoi phlean earnála, ní mór duit na nósanna imeachta gearán a leagtar amach sa phlean ábhartha a úsáid ar dtús.
 
Tá bileog eolais faoi ról an Ombudsman faoin Acht um Míchumas 2005 ar fáil ar an suíomh gréasáin seo.
 
Níl aon ról ag an Ombudsman maidir le Codanna eile den Acht um Mhíchumas ar nós measúnú riachtanas (Cuid 2) nó fostaíocht sa tseirbhís phoiblí (Cuid 5).