Oifig an Ombudsman Beartas um Thuairisciú ar Nochtadh Cosanta san Ionad Oibre

Arna Nuashonrú Eanáir 2023

1. Réamhrá

Leis an Acht um Nochtadh Cosanta 2014, foráiltear cosaintí d’oibrithe a chuireann ábhair imní dhlisteanacha in iúl maidir le héagóir iarbhír nó fhéideartha san ionad oibre. Leasaíodh go suntasach é leis an Acht um Nochtadh Cosanta (Leasú), 2022. Sa bheartas seo, déanfar tagairt don dá Acht mar “an tAcht” mura luaitear a mhalairt.

Tá Oifig an Ombudsman (an Oifig) tiomanta d’aghaidh a thabhairt ar gach ábhar imní dlisteanach a bhaineann le héagóir san ionad oibre, mar a thuairiscítear san Acht, agus do thacaíocht riachtanach a chur ar fáil do bhaill foirne a chuireann fíor-imní in iúl. Faoin mbeartas seo tá oibrí i dteideal imní a chur in iúl nó faisnéis a nochtadh gan eagla a bheith air nó uirthi go gcuirfí pionós air nó uirthi. Braithfidh cibé acu an ‘nochtadh cosanta’ é nochtadh nó nach é ar an mbealach a dhéantar an nochtadh.

2. Príomhphrionsabail atá mar bhunús leis an mbeartas

Tá an beartas seo bunaithe ar na príomhphrionsabail seo a leanas:

  • Ba chóir go mbeadh gach tuairisc ar éagóir san ionad oibre, mar ghnáthamh, faoi réir measúnaithe thosaigh agus faoi réir aon ghnímh leantaigh chuí;
  • Ba cheart go ndíreodh an próiseas go príomha ar an éagóir a thuairiscítear, agus ar cibé an éagóir ábhartha é nó nach é, agus ní ar an duine tuairiscithe;
  • Ba cheart céannacht an duine tuairiscithe agus aon duine lena mbaineann a bheith
  • cosanta go leordhóthanach; agus
  • Ar choinníoll go nochtfaidh an duine tuairiscithe faisnéis a bhaineann le héagóir ábhartha, ar bhealach cuí, agus bunaithe ar thuairim réasúnach, níor cheart go n-eascródh aon phionós ar bith.
  •  

3. Cad is nochtadh cosanta ann?

Ciallaíonn nochtadh cosanta nochtadh faisnéise, i dtuairim réasúnach an oibrí, go bhféadfar éagóiritheoireacht ábhartha amháin nó níos mó a léiriú inti, agus gur tháinig sé nó sí ar aird an oibrí i gcomhthéacs a bhaineann leis an obair; agus go nochtfar é ar an mbealach a fhorordaítear san Acht.

4. Cé leis a mbaineann an beartas seo?

Baineann an beartas seo le gach oibrí ar gach leibhéal i ngach ceann de na comhlachtaí reachtúla san Oifig mar a leanas:- Oifig an Ombudsman; Oifig an Choimisinéara Faisnéise; an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí; an Coimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí; an Coimisinéir um Fhaisnéis Comhshaoil; agus Oifig an Choimisinéara um Nochtadh Cosanta. Leis an Acht 2022, leathnaítear an sainmhíniú ar oibrí agus cuimsíonn sé anois na nithe seo a leanas:

  • Fostaithe
  • Conraitheoirí agus foireann gníomhaireachta
  • Intéirnigh
  • Oibrithe Deonacha
  • Daoine aonair ar thaithí oibre
  • Scairshealbhóirí
  • Comhaltaí de chomhlacht bainistíochta nó maoirseachta
  • Iarratasóirí poist

Tagraíonn aon tagairt don Oifig sa bheartas seo don Oifig ina hiomláine lena n-áirítear gach ceann de na comhlachtaí comhpháirte.

5. Cén cineál nochta nach bhfuil cumhdaithe ag an mbeartas?

Tá sé mar aidhm ag an mbeartas seo oibrithe a spreagadh agus a chumasú chun ábhar imní a chur in iúl nó faisnéis a nochtadh go hinmheánach seachas neamhaird a dhéanamh ar an bhfadhb nó “sceithireacht” a dhéanamh go seachtrach. Ní chumhdaítear gearáin san ionad oibre nó casaoidí pearsanta.

6. Cad is éagóir ábhartha ann?

Tá liosta san Acht de nithe ar éagóir ábhartha iad:

  • go bhfuil cion déanta, á dhéanamh nó gur dócha go ndéanfar cion,
  • gur mhainnigh duine nó go bhfuil sé nó sí ag mainneachtain, nó gur dócha go mbeidh sé nó sí ag mainneachtain, comhlíonadh le haon oibleagáid dhlíthiúil, seachas oibleagáid dhlíthiúil a eascraíonn faoi chonradh fostaíochta an oibrí nó faoi chonradh eile trína ngeallann an t-oibrí aon obair nó seirbhísí a dhéanamh nó a chomhlíonadh go pearsanta,
  • gur tharla iomrall ceartais, go bhfuil sé ag tarlú nó gur dócha go dtarlóidh sé,
  • gur cuireadh sláinte nó sábháilteacht aon duine i mbaol, go bhfuil sí á cur i mbaol nó gur dóigh go gcuirfear í i mbaol,
  • go ndearnadh dochar don chomhshaol, go bhfuil sé á dhéanamh nó gur dócha go ndéanfar é,
  • gur tharla úsáid neamhdhleathach nó úsáid mhíchuí eile a bhaint as cistí nó acmhainní comhlachta phoiblí, nó as airgead poiblí eile, nó go bhfuil sí ag tarlú nó gur dócha go dtarlóidh sí;
  • go bhfuil gníomh nó neamhghníomh de chuid nó thar ceann comhlachta poiblí leatromach, idirdhealaitheach mórfhaillíoch nó arb ionann é agus mór-mhíbhainistíocht, nó
  • go bhfuil an fhaisnéis sin ina taispeántar go bhfuil ábhar ar bith a thagann faoi réim aon cheann de na míreanna roimhe seo curtha faoi cheilt nó scriosta, á cheilt nó á scriosadh nó gur dóigh go ndéanfar iarracht an fhaisnéis sin a cheilt nó a scriosadh.

Mar sin féin, maidir le ‘casaoidí idirphearsanta’ a dhéanann difear go heisiach don duine tuairiscithe, rud a chiallaíonn gearáin faoi choinbhleachtaí idirphearsanta idir an duine tuairiscithe agus oibrithe eile, nó gearáin chuig an Oifig nó maidir leis an Oifig a bhaineann leis an duine tuairiscithe go heisiach, ní thagann siad faoi réir bhrí 'éagóir ábhartha'.

Ina theannta sin, ní hionann nochtadh faisnéise faoi éagóir a rinne duine lasmuigh den Oifig seo agus ‘éagóir ábhartha’ a nochtadh más é feidhm na hOifige seo an éagóir sin a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh.

7. Coimircí in aghaidh pionóis

Ní ghearrfaidh an eagraíocht seo pionós ar oibrí a dhéanann nochtadh agus a bhfuil creidiúint réasúnach aige go mbaineann an nochtadh le héagóir ábhartha, fiú mura bhfuil aon bhunús leis an imní nó leis an nochtadh.

Áirítear le pionósú fionraí/dífhostú, gníomh araíonachta, ísliú céime, idirdhealú, bagairtí nó caitheamh neamhfhabhrach eile a eascraíonn as an nochtadh ar bhonn go raibh creideamh réasúnta aige nó aici as sin a dhéanamh. Má chreideann tú go bhfuil tú faoi réir pionóis mar thoradh ar nochtadh a dhéanamh faoin mbeartas seo ba cheart duit do bhainisteoir nó do bhainisteoir sinsearach a chur ar an eolas láithreach.

Faoi ghníomh araíonachta a chuirfear oibrithe a ghearrann pionós nó a dhéanann díoltas orthu siúd a chuir imní in iúl faoin mbeartas seo.

Níltear ag súil go gcruthóidh oibrithe a dhéanann nochtadh fírinne an líomhain. Ní mór creideamh réasúnta a bheith acu, áfach, go bhfuil forais lena n-imní.

Ní chumhdaítear leis an mbeartas seo nochtadh ina dtugann an t-oibrí faisnéis bhréagach, mhíthreorach, bhaoth nó chráiteach go feasach. Má thagann sé chun solais go ndéanann oibrí nochtadh, arb eol dóibh a bheith bréagach nó nach gcreideann siad a bheith fíor, féadfaidh an Oifig beart araíonachta nó beart cuí eile a dhéanamh. Ní bhaineann an beartas seo le nochtadh éagóra má tá an t-ábhar ina ábhar a bhfuil sé mar fheidhm ag an oibrí nó ag an Oifig é a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh.

Ba cheart nochtadh a dhéanamh freisin sa chás go bhfuil sárú déanta ar bheartas na Státseirbhíse amhail go bhféadfadh díobháil a bheith ann do dhaoine eile nó don Eagraíocht.

8. Conas imní a chur in iúl nó nochtadh a dhéanamh san Oifig seo

Ainmníodh na daoine seo a leanas chun obair leantach a dhéanamh maidir leis na hábhair imní a ardaíodh tríd an nós imeachta seo:

Elaine Cassidy (Ard-Stiúrthóir)

Siobhán Byrne (Aonad Feidhmeannach)

Stephanie Duffy (Aonad Feidhmeannach)

Aidan Moore (Aonad Feidhmeannach)

Féadfaidh tú do thuairisc a dhéanamh i scríbhinn trí ríomhphost chuig bosca poist tiomnaithe – disclosures@ombudsman.ie – nach bhfuil rochtain ach ag na daoine ainmnithe thuas air. Má theastaíonn cabhair uait chun do thuairisc a struchtúrú, is féidir leat an fhoirm íoslódáil seo a úsáid. Sula n-ardóidh tú imní, b’fhéidir gur mhaith leat labhairt le duine de na daoine ainmnithe, a bheidh in ann míniú níos mine a thabhairt ar an gcaoi a ndéileálfar le do thuarascáil.

Sa chás go mbaineann do thuairisc le duine amháin nó níos mó de na daoine ainmnithe thuas nó leis an Ombudsman, is féidir leat do thuairisc a chur go díreach chuig Liam Duffy mar Oifigeach Pearsanra.

Féadfar ábhar imní a ardú gan ainm. Ar leibhéal praiticiúil, áfach, d’fhéadfadh sé a bheith deacair tuairiscí gan ainm a fhiosrú i gceart. Spreagtar oibrithe a n-ainm a chur le nochtadh d’fhonn obair leantach iomchuí a éascú. Ar an gcaoi sin, beidh sé níos éasca dúinn an nochtadh a mheasúnú agus gníomh cuí a dhéanamh lena n-áirítear imscrúdú más gá. Déanfar gach iarracht rúndacht an nochta a chaomhnú.

Is iad na cúigear seo an t-aon bhall foirne san Oifig atá údaraithe ag an Ombudsman faoi a. 6(2) den Acht chun nochtadh cosanta a fháil. Mar sin féin, beidh fostaí a dhéanann nochtadh lasmuigh den bhealach seo fós cosanta ar phionós.

9. An chaoi a ndéileálfaidh an Oifig le do nochtadh

Nuair a bheidh imní curtha in iúl do na daoine aonair atá liostaithe in alt 8 thuas, beidh ar an bhfaighteoir a shoiléiriú cibé an bhfuil nó nach bhfuil an t-ábhar imní oiriúnach don nós imeachta seo nó cibé an bhfuil nó nach bhfuil sé níos oiriúnaí do nós imeachta eile, mar shampla an nós imeachta Gearáin. Admhóidh an Oifig do thuairisc laistigh de 7 lá.

Tar éis a shoiléiriú go bhfuil an cheist oiriúnach don nós imeachta seo, déanfar measúnú tosaigh ar na fíricí chun scrúdú a dhéanamh ar na bearta is gá dúinn a dhéanamh chun déileáil leis an ábhar. D’fhéadfadh nach mbeadh i gceist leis seo ach nithe áirithe a shoiléiriú, míthuiscintí a réiteach nó an cheist a réiteach trí ghníomhaíocht chomhaontaithe gan gá le himscrúdú. Cinnfidh an Oifig cibé an bhfuil nó nach bhfuil fianaise prima facie ann gur tharla éagóir ábhartha. Má chuirtear deireadh leis an ábhar ag an gcéim seo tabharfar cúis duit leis an gcinneadh sin.

Má tá gá le himscrúdú, seolfar go cothrom agus go hoibiachtúil é. Braithfidh foirm agus scóip an imscrúdaithe ar ábhar an nochta. D’fhéadfadh sé gur gá an nochtadh a chur ar aghaidh láithreach chuig na húdaráis sheachtracha chuí nó go dteastaíonn gníomh láithreach éigin eile ónár gcuid féin.

Déanfaimid ár ndícheall chun tú a choinneáil ar an eolas faoi na céimeanna atá á nglacadh againn mar fhreagra ar do nochtadh agus déanfaimid iarracht tú a choinneáil ar an eolas faoi conas atá beartaithe againn déileáil leis an ábhar agus aon toradh. Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara, áfach, go gcuirfidh an gá atá le rúndacht agus cúinsí dlíthiúla cosc orainn sonraí sonracha imscrúdaithe a thabhairt duit. Ar aon chuma, tabharfaimid aiseolas duit ar an nochtadh tar éis trí mhí ón lá a admhaímid go bhfuarthas é agus gach trí mhí go dtí go réitítear an cheist ar iarratas scríofa.

Más rud é, mar chuid den mheasúnú tosaigh nó den obair leantach, go n-iarrtar ort teacht le chéile chun do thuairisc a phlé, is féidir leat a roghnú cibé ar mian leat nó nach mian leat comhghleacaí nó Ionadaí Aontais a bheith in éineacht leat ag aon chruinniú.

10. Conas imní a chur in iúl nó nochtadh a dhéanamh lasmuigh den Oifig seo

San Acht freisin, déantar foráil maidir le nochtadh cosanta ag oibrí do dhuine forordaithe (lasmuigh den oifig seo) i gcás ina gcreideann an t-oibrí le réasún go dtagann an éagóir ábhartha laistigh den cur síos ar na hábhair a bhfuil an duine forordaithe ina leith. Ní mór don oibrí a chreidiúint le réasún freisin go bhfuil an fhaisnéis atá sa nochtadh agus aon líomhain atá ann “fíor go substaintiúil”. Is tairseach níos airde é seo ná mar an tairseach a bhaineann le nochtadh inmheánach. Tá líon mór rialtóirí forordaithe agus tá an liosta le fáil in IR 367/2020. Féach:- IR Uimh. 367/2020 - An tAcht um Nochtadh Cosanta 2014 An tOrdú (Nochtadh do Dhaoine Forordaithe) 2020

Mar a tharlaíonn, tá beirt duine forordaithe ar an liosta thuas de rialtóirí lonnaithe san Oifig seo. Is iad sin:

Rúnaí an Choimisiúin um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí

Is féidir leat nochtadh cosanta a dhéanamh don duine seo maidir le:

  1. Gach ábhar a bhaineann le maoirsiú na nAchtanna um Eitic in Oifigí Poiblí 1995 agus 2001 a mhéid a bhaineann siad le sealbhóirí oifige agus comhaltaí den Oireachtas lena n-áirítear imscrúduithe agus tuarascálacha i ndáil le sáruithe féideartha ar na hAchtanna sin.
  2. Na hábhair go léir a bhaineann le maoirsiú a dhéanamh ar nochtadh um shíntiús do pháirtithe polaitíochta agus faireachán a dhéanamh ar theorainneacha ar chaiteachas páirtithe polaitíochta mar atá leagtha amach sna hAchtanna Toghcháin 1992 go 2014 agus san Acht um Oifigí Aireachta agus Parlaiminte 1938.

Stiúrthóir an Choimisiúin um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí

Is féidir leat nochtadh cosanta a dhéanamh don duine seo maidir le gach ábhar a bhaineann le caighdeáin a shocrú le haghaidh earcaíochta agus roghnóireachta le haghaidh ceapachán seirbhíse poiblí lena n-áirítear monatóireacht agus iniúchadh a dhéanamh ar phróisis earcaíochta agus roghnóireachta san earnáil phoiblí.

Mura féidir leat duine forordaithe cuí a shainaithint chun déileáil le do thuairisc, is féidir le haon oibrí éagóir a thuairisciú d’Oifig an Choimisiúin um Nochtadh Cosanta (OPDC), atá mar chuid den Oifig seo. Tá tuilleadh faisnéise faoi ról na hOifige sin ar fáil ar shuíomh gréasáin Oifig an Choimisiúin um Nochtadh Cosanta.

11. Nochtadh don Aire

Is féidir le hoibrí atá fostaithe i gcomhlacht poiblí leas a bhaint as na cosaintí faoin Acht freisin má dhéanann sé nó sí nochtadh don Aire a bhfuil feidhm reachtúil aige i ndáil leis an gcomhlacht poiblí. Ciallaíonn sé sin gur féidir nochtadh a dhéanamh don Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe maidir leis an Oifig seo. Ba cheart duit a bheith ar an eolas go gceanglaítear ar an Aire faoin Acht um Nochtadh Cosanta aon tuarascáil a fhaigheann sé a tharchur go díreach chuig an gCoimisinéir um Nochtadh Cosanta, gan an tuarascáil nó aon fhaisnéis atá inti a bhreithniú.

Ionas go bhféadtar nochtadh cosanta a bheith ina nochtadh don Aire, ní mór ceann amháin nó níos mó de na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh:

  • Tá an fhaisnéis atá mar i gcéanna go substaintiúil déanta ag an oibrí roimhe seo dá fhostóir, duine freagrach eile, duine forordaithe, nó Aire ábhartha, de réir mar a bheidh, ach níor tugadh aon aiseolas don oibrí mar fhreagra ar an nochtadh laistigh den tréimhse ceadaithe, nó, i gcás ina bhfuil aiseolas curtha ar fáil, go gcreideann an duine tuairiscithe le réasún nach ndearnadh aon obair leantach nó nach ndearnadh i ndóthain oibre leantaí;
  • go gcreideann an t-oibrí le réasún go bhfuil ceann an chomhlachta phoiblí lena mbaineann bainteach leis an éagóir ábhartha a tuairiscíodh;

Creideann an t-oibrí le réasún go bhfuil faisnéis sa nochtadh faoi éagóir ábhartha a d’fhéadfadh a bheith ina chontúirt láithreach nó follasach do leas an phobail, mar shampla i gcás éigeandála nó baol damáiste do-aisiompaithe.

12. Nochtadh do dhaoine eile

Féadfaidh oibrí fós leas a bhaint as na cosaintí faoin Acht fiú mura ndéantar nochtadh ar cheann de na bealaí thuasluaite ar choinníoll go gcreideann an t-oibrí le réasún go bhfuil an fhaisnéis a nochtar sa tuarascáil, agus aon líomhain atá inti, fíor go substaintiúil agus ar choinníoll go bhfuil feidhm ag ceann amháin den mhéid seo a leanas:

  • Tá an t-eolas atá mar i gcéanna go substaintiúil tuairiscithe ag an oibrí roimhe seo go hinmheánach, go seachtrach nó don Aire agus níor glacadh aon ghníomh cuí, nó
  • Creideann an t-oibrí le réasún go bhféadfadh an éagóir ábhartha a bheith ina contúirt láithreach nó follasach do leas an phobail, nó
  • Creideann an t-oibrí le réasún go bhfuil sé nó sí i mbaol de phionós trí thuairisciú go seachtrach do dhuine forordaithe, don OPDC nó don Aire, nó
  • Creideann an t-oibrí le réasún dá mbeadh sé nó sí ag tuairisciú go seachtrach do dhuine forordaithe, don OPDC nó don Aire, go bhfuil ionchas íseal ann go dtabharfar aghaidh ar an éagóir ábhartha de bharr imthosca an cháis.

13. Rúndacht

Déanfaidh an Oifig gach beart réasúnach chun déileáil le nochtadh a dhéantar tríd an mbeartas seo ar bhealach rúnda agus íogair. Ní nochtfaidh an Oifig céannacht an tuairisceora gan a thoiliú, ach amháin má tá sé riachtanach de réir an dlí nó riachtanach chun imscrúdú éifeachtach a dhéanamh ar an éagóir ábhartha nó ar cheann de na heisceachtaí an-teoranta eile faoin reachtaíocht atá i bhfeidhm. Déanfar gach iarracht fógra a thabhairt don oibrí i gcúinsí ina bhféadfaí a c(h)éannacht a nochtadh.

14. Taifid

Coinneofar taifid ar ábhair imní a cuireadh in iúl, lena n-áirítear an toradh, ar feadh trí bliana ar a laghad tar éis dhúnadh an cháis. Coinneofar na taifid seo in áit rúnda agus shlán. Áireofar tuarascáil achomair ar gach nochtadh cosanta i dTuarascáil Bhliantúil an Ombudsman.

15. Athbhreithniú ar bheartas

Déanfar an beartas a athbhreithniú ag eatraimh trí bliana ar a laghad nó nuair a éilíonn Foireann Bainistíochta na hOifige é [Eanáir 2026].