Déanann Oifig an Ombudsman an suíomh gréasáin seo a chothabháil. Tógadh suíomh gréasáin an Oifig le bheith chomh inrochtana agus is féidir, agus tá ár ndícheall á dhéanamh againn i gcónaí chun feabhas a chur ar inrochtaineacht an tsuímh.
Rinneamar iarracht a chinntiú go gcloíonn ár suíomh leis na caighdeáin theicniúla seo a leanas:
Dearadh an suíomh gréasáin chomh maith le bheith comhoiriúnach le formhór na mbrabhsálaithe. Is féidir an suíomh a rochtain fós le leaganacha brabhsála níos sine nach bhfuil an chomhoiriúnacht CSS leo cé go bhféadfaí an t-ábhar a fheiceáil gan a leagan amach grafach.
Má bhíonn deacracht agat leis an suíomh seo a rochtain nó má bhíonn moladh ar bith againn ar conas is féidir linn feabhas a chur ar inrochtaineacht ár suímh ghréasáin déan teagmháil le do thoil lenár nOifigeach Rochtana. Is iad seo a leanas na sonraí teagmhála:
Seoladh Poist: 6 Ardán Phort an Iarla, Baile Átha Cliath 2, D02 W773
Teileafón: +353 1 6395625
Déan Teagmháil le: accessofficer@ombudsman.ie