PREASEISIÚINT
Dé Céadaoin 10 Meitheamh 2015
Lena Eisiúint Láithreach
Tagann ardú 11% ar ghearáin faoi sheirbhísí poiblí leis an Ombudsman
Tháinig ardú 11% go níos mó ná 3,500 gearán ar líon na ngearán a rinneadh leis an Ombudsman faoi sheirbhísí poiblí in 2014. Ag seoladh a thuarascála bliantúla inniu dó (Dé Céadaoin an 10 Meitheamh), dúirt Peter Tyndall, an tOmbudsman, gur tháinig an méadú aníos go príomha mar gheall ar an 200 comhlacht poiblí sa bhreis a tháinig faoina dhlínse ar feadh bliain iomlán den chéad uair in 2014. Áiríodh leo sin comhlachtaí san earnáil oideachais amhail Coimisiún na Scrúduithe Stáit agus Tacaíocht Chomhchoiteann do Mhic Léinn in Éirinn (SUSI).
Dúirt an tOmbudsman gur ar bhealach neamhfhoirmiúil a réitíonn a oifig roinnt mhaith gearán. Tá sé ag oibriú go dlúth leis an SUSI agus le Coimisiún na Scrúduithe Stáit chun réiteach a dhéanamh ar dheacrachtaí a bhíonn ag tuismitheoirí fágálaithe scoile agus iad ag iarraidh cúnamh práinneach faoin scéim um shocruithe réasúnacha do scrúduithe teastais (RACE) roimh scrúduithe stáit agus ar dheacrachtaí a bhíonn ag mic léinn tríú leibhéal agus iad ag déanamh iarratas ar dheontais oideachais.
Sa tuarascáil a foilsíodh inniu, chuir an tOmbudsman fáilte freisin roimh mholadh an Choiste Oireachtais um Maoirseacht na Seirbhíse Poiblí agus Achainíocha (PSOP) gur cheart freagracht a bheith ar a Oifig as maoirseacht neamhspleách gan athbhrí a dhéanamh ar ionaid soláthair dhírigh:
“Is é is cóiríocht soláthair dhírigh ann ná réimse ina bhfuil daoine an-leochaileach ina gcónaí i ndrochdhálaí faoi chúram an Stáit agus nach ndéantar aon mhaoirseacht neamhspleách air. D’iarr an Coiste Oireachtais um Maoirseacht na Seirbhíse Poiblí agus Achainíocha go gcuirfí deireadh leis an gcóras soláthair dhírigh ach, idir an dá linn, ba cheart do na daoine lena mbaineann ceart a bheith acu chun gearán a dhéanamh leis an Oifig seo agus leis an Ombudsman do Leanaí de réir mar is cuí.”
Chomh maith leis sin, rinne an tOmbudsman cur síos ar roinnt de na cásanna ba thábhachtaí ar dhéileáil a Oifig leo sa bhliain 2014:
Déanann ospidéal teagmháil leis an mbean mhícheart maidir le gnáthamh liachta
Chuir Ospidéal Beaumont glao ar bhean chun iarraidh uirthi freastal ar an ospidéal le haghaidh polladh lumbach. Bhí iontas ar an mbean mar nach raibh baint ar bith aici le hOspidéal Beaumont roimhe sin, cé gur fhreastail sí ar ospidéal eile tamall beag roimhe sin. Láithreach roimh an ngnáthamh agus mar thoradh ar shíorcheistiú ón mbean, chomhaontaigh an t-ospidéal go seiceálfadh sé a chuid comhad agus d’aimsigh sé go ndeachthas i dteagmháil leis an othar mícheart. B’ionann ainm agus bliain bhreithe an othair chirt agus ainm agus bliain bhreithe na mná eile. Tar éis don bhean gearán a dhéanamh, rinne an t-ospidéal bearta chun a chinntiú nach dtarlódh a leithéid de mheancóg an athuair. Sholáthair an t-ospidéal oiliúint bhreise don fhoireann ar fad agus d’athraigh sé a nósanna imeachta chun a chinntiú go ndéanfaí tagairt aitheantais trí phointe roimh ghnáthaimh mhíochaine amach anseo. (féach leathanach 37, rannán 4.2)
Glacann an Roinn leis go bhfuil cónaí rialta ar fhear agus íocann sí riaráiste míchumais €79,468
D’fhonn cáiliú le haghaidh íocaíochtaí áirithe leasa shóisialaigh amhail liúntas míchumais, ní mór don duine ‘cónaí rialta’ a bheith air in Éirinn. Ar na tosca a chuirtear san áireamh agus cinneadh á dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil ‘cónaí rialta’ ar dhuine tá ‘ceart chun cónaí’ sa Stát a bheith ag an duine, an fad ama atá caite aige in Éirinn agus cineál ginearálta an chónaithe.
I gcás amháin, dhiúltaigh an Roinn Coimirce Sóisialaí d’iarratas a rinne fear ag a bhfuil fadhb ghéige ó bhroinn mar nár measadh go raibh cónaí rialta air. D’aimsigh an tOmbudsman go raibh teaghlach an fhir, lena n-áirítear a mháthair agus a chuid deartháireacha agus deirfiúracha, ina chónaí leis in Éirinn, go raibh sé i mbun fostaíochta in Éirinn ar feadh bliana, chor a bheith, agus gur bhog a bhean chéile go hÉirinn le déanaí chun cónaí leis. Ina fhianaise sin, rinne an Oifig Achomhairc Leasa Shóisialaigh athbhreithniú ar a cinneadh agus dhámh sí liúntas míchumais seachtainiúil don fhear i dteannta íocaíocht riaráiste €79,468. (féach leathanach 41, alt 4.7)
Athraíodh an Scéim Deontas Mac Léinn tar éis gearáin chuig an Ombudsman
Fuair an tOmbudsman gearán thar ceann mac léinn tríú leibhéal maidir lena hiarratas ar chistiú ó SUSI. Cuireadh an bhean i gcúram altrama mar leanbh. Suas gur bhain sí 18 mbliana d’aois amach, bhí sí ag fáil Liúntas Altramais, rud ar íocaíocht cháilitheach é faoin Scéim Deontas Mac Léinn 2013 agus a chuireann ar a cumas cistiú a fháil ó SUSI. Tar éis don bhean 18 mbliana d’aois a bhaint amach, ní raibh sí incháilithe do Liúntas Altramais a thuilleadh agus fuair sí Liúntas Iarchúraim ina áit. Mar sin féin, ní raibh an Liúntas Iarchúraim ina íocaíocht cháilitheach faoin Scéim Deontas Mac Léinn agus ní bhfuair an mac léinn deontas ó SUSI dá bharr sin.
Tar éis don Ombudsman an gearán a fháil, mhol an Bord Achomhairc i leith Deontas Mac Léinn don Roinn Oideachais agus Scileanna go gcuirfí an Liúntas Iarchúraim ar áireamh mar íocaíocht cháilitheach faoin Scéim Deontas Mac Léinn 2014. Glacadh leis an moladh agus tá an Liúntas Iarchúraim ina íocaíocht cháilitheach ó 2014 amach. (féach leathanach 45, rannán 4.13)
Lorgaíonn an Roinn €105,000 go héagórach ó iníon le bean mharbh
Fuair an tOmbudsman gearán ó bhean ar iarr an Roinn Coimirce Sóisialaí uirthi ró-íocaíocht €105,000 a aisíoc. Tháinig an ró-íocaíocht chun solais nuair a scríobh an bhean chuig an Roinn chun fógra a thabhairt di faoi bhás a máthar in 2012. Bhí fadhbanna meabhairshláinte ag máthair na mná sula bhfuair sí bás. Ní dhearna an Roinn athbhreithniú ar chás na máthar ón mbliain 2000 i leith. Ba í máthair na mná a d’iarr an t-athbhreithniú sin, rud a léirigh go soiléir nach raibh sí ag iarraidh a cúinsí a cheilt. Chomh maith leis sin, bhí fianaise liachta ann lenar tugadh le tuiscint nach raibh inniúlacht meabhrach ag an máthair an cás casta sin a thuiscint go hiomlán. Dhéanadh an Roinn athbhreithnithe rialta ar a cás roimh an mbliain 2000.
D’iarr an tOmbudsman ar an bPríomh-Oifigeach Achomhairc, atá neamhspleách ar an Roinn, athbhreithniú a dhéanamh ar an gcás. Chuir an Príomh-Oifigeach Achomhairc cinneadh na Roinne ar ceal agus fuair sí amach gur leor an fhianaise liachta a bhí ar an gcomhad chun a léiriú don Roinn go raibh an bhean tinn le roinnt blianta. Fuair an Príomh-Oifigeach Achomhairc amach freisin go dtiocfadh an Roinn ar an ró-íocaíocht ní ba luaithe dá dtabharfadh sí faoi athbhreithniú ar bhonn rialta. Ba é an bonn le cinneadh an Phríomh-Oifigigh Achomhairc gur tháinig an ró-íocaíocht chun cinn toisc nár ghníomhaigh an Roinn bunaithe ar an bhfaisnéis a bhí ar fáil di agus, dá bhrí sin, nár chuí don Roinn aisíocaíocht a lorg ó iníon na mná.
CRÍOCH
Le haghaidh ceisteanna meán, Déan teagmháil linn.