Baile  /  Nuacht  /  Preas Ráitis  /  2013 Preas Ráitis
 

Fuarthas amach tar éis imscrúdú an Ombudsman nár chuir FSS cinneadh i bhfeidhm a bhí déanta ag Oifigeach Achomhairc Leasa Shóisialaigh

Inniu d’fhoilsigh an tOmbudsman, Emily O’Reilly, a tuarascáil (ar fáil i mBéarla amháin) -Appeal Overruled: A failure to provide basic income for a family seeking asylumtar éis di imscrúdú a dhéanamh ar chás inar theip ar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) cinneadh a chur i bhfeidhm a rinne Oifigeach Leasa Shóisialaigh liúntas Leasa Fhorlíontaigh* a bhronnadh ar bhean a lorg tearmann sa tír seo. Chinn an tOmbudsman nach raibh aon “bhonn ceart le gníomhartha FSS agus go raibh tionchar suntasach neamhfhabhrach thar thréimhse fhada ar an mbean agus ar a beirt iníonacha ag an teip sin”. Chinn an tOmbudsmanfreisin go raibh tionchar diúltach gan cinneadh an Oifigigh Achomhairc a chur i bhfeidhm ar na hiarrachtaí a bhí idir lámha ag Seirbhís Cosanta Leanaí FSS an teaghlach a thabhairt ar ais le chéile arís. Tar éis idirghabháil an Ombudsmand’aontaigh FSS riaráistí de €11,882 a íoc leis an mbean chomh maith le híocaíocht eile ina dhiaidh sin le haghaidh a cuid ‘ama agus trioblóide’ - íocaíocht de €3,000. Ghabh FSS leithscéal leis an mbean freisin.

Ina tuarascáil chuir an tOmbudsmansíos ar conas a lorg an bhean agus a hiníonacha tearmann in Éirinn. Rinne an bhean gearán faoin LLF a d’íoc FSS léi tar éis di cinneadh fabhrach a fháil san achomharc a rinne sí. Bhí sí den tuairim gurb é cinneadh an Oifigigh Achomhairc Leasa Shóisialaigh ná an ráta iomlán LLF a íoc léi (€197.80 léi di féin agus €24.00 léiin aghaidh na seachtaine dá hiníon).  Cibé scéal é, d’íoc FSS€19.10 léi di féin agus €9.60 léi dá hiníon. (An ráta níos ísle sin é an ráta a íoctar le hiarrthóirí tearmainn atá ag cónaí i gcóiríocht ‘soláthair dhírigh’.Ní raibh an bhean ina cónaí i gcóiríocht ‘soláthair dhírigh’ ámh, ag an uair.)

Sular chuir an bhean isteach ar LLF bhí a hiníon 15 bliana d’aois tar éis tréimhse a chaitheamh san ospidéal i ndiaidh a hiarrachta lámh a chur ina bás féin agus nuair a scaoileadh í as an ospidéal cuireadh í faoi chúram altrama ar bhonn deonach. Tar éis chinneadh an Oifigigh Achomhairc Leasa Shóisialaigh bhí sé i gceist ag Seirbhís Cosanta Leanaí FSS an bhean agus ahiníon a thabhairt ar ais le chéile arís. Ní bhfuair an bhean an íocaíocht iomlán LLF, áfach, agus dá bharr sin ní fhéadfaí an teaghlach a thabhairt ar ais le chéile arís. Chinn an tOmbudsman go raibh tionchar diúltach ar na hiarrachtaí sin an teaghlach a thabhairt ar ais le chéileag an teip cinneadh an Oifigigh Achomhairc Leasa Shóisialaigh a chur i bhfeidhm.

*Is é atá sa Liúntas Leasa Fhorlíontaigh ná íocaíocht bhunúsach agus/nó fóirdheontas chun costais a chlúdach nach bhféadfadh duine a íoc as a (h)acmhainní féin. An phríomhchúis leis an íocaíocht ná ioncam bunúsach íosta a ráthú do dhuine.

Tá tuarascáil iomlán an Ombudsman (ar fáil i mBéarla amháin), Appeal Overruled: A failure to provide basic income for a family seeking asylum, agus achoimre ar an tuarascáil (as Gaeilge) le fáil ar shuíomh gréasáin an Ombudsman: www.ombudsman.gov.ie

Le haghaidh fiosruithe téigh i dteagmháil le:

Fintan Butler
Imscrúdaitheoir Sinsearach
Oifig an Ombudsman
01 639 5650
087 972 1138

fintan_butler@ombudsman.gov.ie

Fiosruithe Ginearálta ó na Meáin
David Nutley
Oifigeach Cumarsáide
01 639 5610
086 023 1420

david_nutley@ombudsman.gov.ie

Twitter: @officeOmbudsman