Baile  /  Nuacht  /  Preas Ráitis  /  2012 Preas Ráitis
 

Diúltaíonn an Roinn Sláinte Athuair na hAchtanna Um Stádas Comhionann a Comhlionadh

Thuairiscigh an tOmbudsman, Emily O'Reilly, inniu (22 Samhain 2012) don Dáil agus don Seanad gur dhiúltaigh an Roinn Sláinte do mholadh dá cuid ag iarraidh go ndéanfaí athruithe a chur i bhfeidhm ar scéim do dhaoine faoi mhíchumas ionas go mbeadh an scéim ag comhlíonadh fhorálacha na nAchtanna um Stádas Comhionann. Seo an dara tuarascáil dá leithéid ón Ombudsman don Dáil agus don Seanad le ceithre seachtaine anuas.  Ar an 24 Deireadh Fómhair 2012 thuairiscigh an tOmbudsman go raibh an Roinn tar éis a moladh a dhiúltú go leasófaí an scéim Liúntais Soghluaisteachta ionas go mbainfí an uasteorainn aoise (66 bliain) rud atá contrártha leis na hAchtanna um Stádas Comhionann.

Baineann tuarascáil an lae inniu leis an Deontas Mótariompair. Seo scéim a fheidhmíonn Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte ar bhonn ciorcláin arna eisiúint ag an Roinn Sláinte. Le déanaí chuir an tOmbudsman i gcrích imscrúdú ar ghearán ó fhear óg atá faoi mhíchumas trom ar dhiúltaigh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) dá iarratas.  Sheas an tOmbudsman leis an ngearán agus chinn, tar éis a himscrúdaithe, gur léirigh an bealach a raibh FSS ag cur i bhfeidhm an Deontais Mótariompair cur chuige i leith an mhíchumais a bhí róshriantach, a bhí idirdhealaitheach go míchuí agus gur theip air feidhmiú  le haird chuí ar na hAchtanna um Stádas Comhionann.  Chinn an tOmbudsman go léiríonn na máchailí seo i bhfeidhmiú na scéime teip na Roinne ina freagracht maoirseacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na scéime agus teip treoir imleor shoiléir a sholáthar do FSS maidir le conas an scéim a fheidhmiú. Níl duine incháilithe deontas a fháil faoin scéim ach amháin murar féidir leis an duine sin siúl mar thoradh ar mhíchumas fisiceach agus dar leis an Ombudsman tá sin ar cheann de phríomh-mháchailí na scéime.  Dar léi, agus ag teacht le cinneadh a rinne Oifigeach Comhionannais sa bhliain 2009, ba chóir don scéim aird chuí a léiriú ar iarmhairtí an mhíchumais shíceolaíoch nó intleachta ar shoghluaisteacht.

Ag eascairt óna himscrúdú, chuir an tOmbudsman trí mholadh faoi bhráid FSS;  táthar tar éis glacadh anois le gach ceann de na moltaí sin agus tá siad á gcur i bhfeidhm faoi láthair.  Tá FSS anois tar éis faomhadh a dhéanamh ar go n-íocfaí an Deontas Mótariompair leis an bhfear óg i gceist sa chás seo.   

An cuspóir a bhí le moltaí an Ombudsman don Roinn ná a chinntiú go léireodh an scéim Deontas Mótariompair an tuiscint ar mhíchumas atá ag teacht leis na hAchtanna um Stádas Comhionann. Dhiúltaigh an Roinn an moladh seo ag lua go mbeadh impleachtaí tromchúiseacha airgeadais ann don Stát dá nglacfaí leis an moladh.

I dtuarascáil an lae inniu don Dáil agus don Seanad maíonn an tOmbudsman "nach bhfuil aon bhonn cirt le go leanfaí leis an neamhaird seo ar an dlí. Is sochaí muid atá faoi riail an dlí."

Tá an tOmbudsman ag foilsiú dhá thuarascáil ar leithligh inniu:

  1. Tuarascáil ghearr speisialta don Dáil agus don Seanad ag cur an dá Theach ar an eolas go bhfuil an Roinn Sláinte tar éis diúltú do mholadh a rinne an tOmbudsman tar éis a himscrúdaithe. Foráiltear sna hAchtanna Ombudsman go gcuirfidh an tOmbudsman tuarascáil dá leithéid faoi bhráid an dá Theach i gcás "go bhfuil bearta glactha nó beartaithe a ghlacadh mar fhreagra ar mholadh... ar bearta iad nach bhfuil sásúil ...".
  2. Tuarascáil iomlán ar an imscrúdú a rinne sí ar ghearán a rinneadh thar ceann fear óg ar dhiúltaigh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte dá iarratas ar DMI. D’eascair moladh an Ombudsman don Roinn Sláinte i gcomhthéacs thuarascáil an imscrúdaithe seo. (Tá an tuarascáil seo ar fáil i mBéarla amháin)

Le haghaidh tuilleadh eolais téigh i dteagmháil le

Fintan Butler (enquiries in Irish)- 01 - 639 5650 fintan_butler@ombudsman.gov.ie

or

David Nutley, Communications Officer, 086 0231420, 01 639 5610 david_nutley@ombudsman.gov.ie