Baile  /  Foilseacháin  /  Tuarascálacha Imscrúdaithe  /  Ranna Rialtais & Comhlachtaí Poiblí Eile  /  Scéim um Chailliúint ar Muir
 

Cuid a hAon - Tuarascáil Speisialta chuig Tithe an Oireachtais – an fáth a rinneadh.

Tuarascáil Speisialta chuig Tithe an Oireachtais – na cúiseanna.

Cuirim le seo tuarascáil speisialta chuig an dá Theach den Oireachtas faoi réir Alt 6(7) agus 6(8) d’Acht an Ombudsman, 1980.

Níl anseo ach an dara uair a chuireadh tuarascáil speisialta faoi bhráid na Dála agus an tSeanaid tar éis do mholadh ón Ombudsman a bheith diúltaithe ag comhlacht poiblí. Tá mise ceaptha ag an Oireachtas chun comhlachtaí poiblí a choimeád faoi chuntas agus chun Cothrom na Féinne a dheimhniú sna déileálacha a bhíonn acu leis an bpobal. Tar éis dom imscrúdú a dhéanamh ar an gcás seo, is oth liom a rá, faoi mar atá léirithe sa tuarascáil seo, gur theip ar an Roinn Talmhaíochta, Iascaigh agus Bia na caighdeáin cóir agus cothrom  atá de dhíth le haghaidh riaracháin a shroicheadh sna déileálacha a bhí acu leis an dteaghlach áirithe seo.

Tharla an fiosrú seo de bharr ghearáin a rinne an tUasal Danny Byrne chuig an Oifig agamsa thar cheann a theaghlaigh. Bhí Francis Byrne, athair Danny Byrne ina úinéir agus ina scipéir ar bhád iascaigh, an Mótar-Árthach Iascaigh (MÁI) Skifjord. Chuaigh an bád sin go tóinn poill go tubaisteach le linn stoirme ar Iar-Thuaisceart Dhún na nGall i Mí Dheiridh Fómhair 1981. Chaill Francis a bheatha in éineacht lena mhac, Jimmy, 16 bliana d’aois agus triúr eile de chriú an bháid. Fágadh baintreach Francis Byrne le muirear óg de chúigear ghasúr agus triúr chailíní.

I Mí Mheithimh 2001 sheol an Roinn Cumarsáide, Mara agus Acmhainní  Nádúrtha, mar a bhí, scéim speisialta ar a dtugadh an Scéim um Chailliúint ar Muir. Ba é cuspóir na Scéime sin ná toilleadh ionadach a bhronnadh ar iarratasóirí cáilithe i leith báid iascaigh a chailleadh sa tréimhse idir 1980 agus 1989. Bheadh aon iarratasóir a n-éireodh leo toilleadh den sórt sin a fháil ábalta filleadh ar an iascach ina gcearta féin. Dhiúltaigh an Roinn don iarratas ón dteaghlach Byrne, agus tar éis imscrúdú a dhéanamh, fuaireas go raibh dearadh na Scéime agus an bealach a fógraíodh í contrártha le riarachán cóir agus cothrom. Rinne mé an chonclúid go raibh na faillíocha seo mar chuid den chúis nár éirigh leis an dteaghlach Byrne cáiliú i gcomhair cúnaimh a fháil faoin Scéim agus mhol mé go mbronnfaí leigheas éigin orthu as an iarmhairt dhíobhálach a fhulaingíodar trí bhíthin na bhfaillíocha céanna.

Sa tuarascáil ar an imscrúdú a rinne mé (féach Cuid a Dó) agus a d’eisigh mé i Mí na Samhna 2008 chuig an Roinn Talmhaíochta, Iascaigh agus Bia (a raibh freagracht na ngnóthaí feidhmiúcháin tógtha orthu féin ag an am sin ón Roinn Cumarsáide, Mara agus Acmhaínní Nádúrtha) agus a raibh cóip den tuarascáil chéanna curtha agam chuig an iar-Aire Mara agus Acmhainní Nádúrtha, Frank Fahey TD, d’aithin mé sa tuarascáil sin nach mbeadh sé cóir a bheith ag iarraidh téarmaí na Scéime a úsáid mar leigheas toisc go raibh an Scéim féin imithe i léig le fada agus go raibh socruithe eile déanta ina dhiaidh sin i ndáil le toilleadh iascaigh na hÉireann. Dá bhrí sin, mhol mé go n-íocfaí cúiteamh airgid leis an dteaghlach Byrne. D’iarr mé ar an Roinn figiúr iomchuí a ríomhadh, bunaithe ar an gcur chuige a leagadh síos i Scéim Dhíchoimisiúnaithe na mBád Iascaigh 2008 agus an toradh a chur chuig an Oifig agamsa.

Ar an 11ú Feabhra 2009 chuir an Roinn áireamh chuig m’Oifig-se, bunaithe ar an moladh a rinne mé i dtuarascáil an imscrúdaithe, áireamh a tháinig ar €245,575 (féach Aguisín A). Mheas mé go raibh an tsuim sin réasúnta agus an modh in a ríomhadh é cóir. I litir chuig an Roinn den 13ú Márta 2009 mhol mé don Roinn an íocaíocht a dhéanamh chuig an teaghlach Byrne (féach Aguisín B). D’fhonn an comhthéacs ceart a thabhairt don chúiteamh a bhí molta agam, bhí a fhios agam gur íocadh €41.1m san iomlán le 46 iarratasóir ar éirigh leo faoi Scéim Dhíchoimisiúnaithe agus gurb ionann sin agus €893,000, nó os a chionn, i gcás gach iarratasóra. De bhreis ar sin bhí roinnt lamháltas cánach dlite d’iarratasóirí ar éirigh lena n-iarratais.

Ar an 23ú Aibreán 2009 thug an Roinn freagra ar an moladh a thug mé agus dúradar nach raibh aon bharántas le cúiteamh airgid in imthosca an cháis seo. Níor ghlacadar go raibh an bealach a ríomhadh an cúiteamh cuí ach an oiread. Chuir an t-iar-Aire, Frank Fahey TD i gcoinne aon chúitimh airgid a dhéanamh freisin. Mhaígh an Roinn go raibh an t-iarratas ón dteaghlach Byrne láimhseáilte go cóir cothrom acu faoi réir na Scéime um Chailliúint ar Muir (féach Aguisín C).

Ar an 5ú Meitheamh 2009 thugas freagra ar an Roinn ag cur in iúl mo dhíomá dóibh faoi dhiúltú an mholta a thug mé dóibh (féach Aguisín D). Chuir mé in iúl dóibh, faoi mar atá foráilte faoi Alt 6(5) d’Acht an Ombudsman, 1980, má fhionnaim nach mbíonn an freagra ar mholtaí i dtuarascáil imscrúdaithe a fhaighim ó chomhlacht poiblí chun mo shástachta, go bhfuil an rogha agam, má cheapaim gur cóir a leithéid a dhéanamh, tuarascáil speisialta ar an ábhar a chur faoi bhráid Tithe an Oireachtais. Athdhearbhaigh mé dóibh go raibh sé i gceist agam é sin a dhéanamh sa chás seo. Dúirt mé ar ais arís leo gurb í mo thuairim go raibh cúiteamh tuillte sa chás seo agus mhínigh mé an chúis gur cheap mé go raibh modh oibiachtúil agus cothromasach ar fáil sa Scéim Dhíchoimisiúnaithe le cúiteamh iomchuí a ríomhadh. 

Chuir an Roinn litir eile chuig an Oifig seo ar 30ú Iúil 2009 (féach Aguisín E). D’ardaigh siad roinnt pointí ath-uair a raibh cúram déanta dóibh agam cheana féin i dTuarascáil an Fhiolsaithe. Thuairimigh an Roinn freisin, inter alia, nach raibh bonn dlíthiúil ar bith chun cúitimh airgid a íoc leis an dteaghlach Byrne toisc nár sholáthair an Scéim um Chailliúint ar Muir le haghaidh cúitimh a íoc. Ba mhaith liom a chur in iúl nach n-éiríonn an t-údarás dlíthiúil chun cúiteamh a íoc sa chás seo ón Scéim um Chailliúint ar Muir ach go n-éiríonn sé ón údarás reachtúil a tugadh don Oifig agamsa faoi Alt 6(3)(b) d’Acht an Ombudsman 1980. Déantar forál san Alt sin, go dtig liom, tar éis imscrúdú a dhéanamh, a mholadh don chomhlacht poiblí "go ndéanfar bearta nó bearta sonraithe chun an dochar a rinne an gníomh, a leigheas, a mhaolú nó a athrú,.."

Moladh i litir na Roinne den 30ú Iúil 2009 go n-éireodh ‘dliteanas ollmhór airgeadais’ ón gcás seo, a thiocfadh de bharr éilimh ó dhaoine eile ar theip orthu faoin Scéim um Chailliúint ar Muir. Ní aontaím leis an dtuairim sin. Níor bhain an imscrúdú a rinne mé ach le gearán amháin, an teaghlach Byrne, agus bhí an anailís a rinne mé, na conclúidí agus an toradh a fuair mé, bunaithe ar chúinsí an cháis sin amháin agus baineann na moltaí i gcomhair cúitimh a rinne mé leis an dteaghlach Byrne amháin. Níor bhain an Scéim féin ach amháin le báid a chuaigh go tonn poill idir 1980 agus 1989 agus ba léir nach dtiocfadh ach líon teoranta d’iarratasóirí dóchúla chun cinn nuair a seoladh an Scéim. Nuair a thacaigh mé le gearán an teaghlaigh Byrne ní raibh mé ag cur i gcéill gur caitheadh go mí-chothrom le gach duine a theip ar a gcuid iarratas. Mar léiriú ar an bhfírinne sin dúirt mé i dTuarascáil an Imscrúdaithe gur dhéileáil an Oifig seo le cúig ghearán eile ar leith, de bhreis ar an ngearán a rinne an teaghlach Byrne. Bhí na daoine seo ag maíomh go mba cheart dóibh sochar a fháil faoin Scéim um Chailliúint ar Muir, ach tar éis dom cúinsí na gcásanna seo agus téarmaí na Scéime a mheas, níor thacaigh mé leis na gearáin seo.

Dúradh sa litir freisin nach ndeachaigh an teaghlach Byrne ar ais ag iascach, agus nár cheannaíodar bád ionadach, rud a bheadh ar acmhainn dóibh a dhéanamh leis an airgead aireachais a fuaireadar as cailliúint an chéad bháid. Is í an tuiscint atá agamsa go raibh Mrs Byrne, i ndiaidh na tubaiste a bhain díobh, go dian i gcoinne aon duine den chlann a bhí fágtha aici a bheidh ag plé leis an iascach arís, rud a bhí intuigthe go maith dar liom. Blianta ina dhiaidh sin, nuair a fuair an teaghlach Byrne eolas faoin Scéim um Chailliúint ar Muir, ba é an rud a bhí i gceist, dá n-éireodh leis an iarratas, go mbainfeadh duine den chlann úsáid as an dtonnáiste ionadach chun filleadh ar an iascach le gaol eile. Chomh maith le sin, tá a fhios agam gur éirigh le hiarratasóir amháin eile ar a laghad faoin Scéim um Chailliúint ar Muir, bean nach raibh baint riamh aici leis an iascach mara, ach gur chailleadh a fear céile nuair a chuaigh bád leis go tóinn poill sa bhliain 1986. Tháinig sé chun solais ag deireadh thiar, toisc nach raibh aon duine den chlann aici a bhí ábalta an tonnáiste a úsáid, nach raibh sí inniúil ar an tonnáiste a deonaíodh a tharraingt anuas. 

Fiú amháin má bhfuair iarratasóirí faoin Scéim um Chailliúint ar Muir airgead aireachais roimhe sin níor chuir sin bac ar iarratais uathu a ghlacadh ná a fhaomhadh.

Tuairimíodh sa litir den 30ú Iúil freisin, in ainneoin cúinsí tragóideacha an cháis, nach gcuireann sin aon bhonn ar fáil chun meicníocht a dhéileálann le tonnáiste a iompú ina chóras chun cúitimh a thabhairt. Glacaim go h-iomlán gur tonnáiste ionadach a tugadh d’iarratasóirí ar éirigh leo agus nach cúiteamh.  Glacaim freisin, ar na cúiseanna atá achoimrithe i dtuarascáil an fhiosraithe agam, go raibh barántas le sásamh a thabhairt sa chás seo, bunaithe ar an moladh a rinne mé. Ní bheadh sé indéanta tonnáiste a dheonú ar an dteaghlach Byrne ag an dtráth sin. Is sna himthosca seo, faoi réir an chumhachta atá ag an Oifig agamsa chun sásamh iomchuí a mholadh i gcás faoi leith, a mhol mé go mba chóir cúiteamh airgid a íoc.

Thuairimigh an Roinn freisin go mbeadh tionchar áirithe ag breithiúnas na Cúirte Uachtaraí sa chás Bode v An tAire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí [2007] IESC 62 ar an gcás atá ar láimh againn anois. Ní ghlacaim le seo. I gcás an teaghlaigh Byrne d’fhionn mé go raibh dearadh na Scéime agus an bealach a rinneadh í a fhógairt contrártha le riarachán cóir agus cothrom. De thoradh ar an faillíocha seo níor cháiligh an teaghlach Byrne i gcomhair cúnaimh a fháil faoin Scéim. Tháinig mé ar an gconclúid go raibh barántas ann le sásamh iomchuí a íoc mar leigheas ar an iarmhairt dhíobhálach a imríodh orthu  sa chás áirithe seo. Ba mhaith liom a thabhairt le fios freisin, maidir le gach cás, go mbím an-chúramach go mbíonn aon mholadh a dhéanaim i gcomhair sásaimh comhréireach agus iomchuí. Ní chuireann Acht an Ombudsman laincis ar bith orm faoin tslí a gcaithfidh mé leigheas a mholadh i gcás ar bith.

Bíonn Oifig an Ombudsman ag brath ar an údarás a shíolraíonn ón neamhspleáchas, neamhchlaontacht, agus éifeachtacht atá inti chun cothrom na féinne a ghnóthú do dhaoine a mbíonn éagóir déanta orthu ag comhlachtaí poiblí.  Mar Ombudsman ní féidir liom cinntí ceangailteacha a dhéanamh. De réir an dlí tá an cead ag an Roinn moltaí atá déanta agam a dhiúltú. Is é an t-aon bealach atá agam, má cheapaim go bhfuil freagra mí-shásúil á thabhairt ag comhlacht poiblí ar mholtaí uaim, ná tuarascáil speisialta faoi réir Acht an Ombudsman, 1980, a chur faoi bhráid an dá Theach den Oireachtas. Is í seo tuarascáil dá leithéid.

Dá réir sin iarraim ar an dá Theach an tuarascáil seo uaim a bhreithniú agus cibé gníomhú a mheasann siad a bheith cóir sna tosca áirithe seo a dhéanamh.

Emily O'Reilly
Ombudsman
Mí na Nollag 2009