Baile  /  Foilseacháin  /  Tuarascálacha Imscrúdaithe  /  Údaráis Áitiúla  /  Muirir a ghearrann Údaráis Áitiúla as fótachóipeanna a dhéanamh de dhoiciméid phleanála
 

Suirbhé 2007

I ndeireadh na bliana 2007 rinne m’oifig suirbhé teileafóin ar an 30 údarás áitiúil chéanna a ndearnadh suirbhé orthu sa bhliain 2004 chun na muirir reatha a bhí á dtobhach ar dhoiciméid phleanála a fháil amach. Áiríodh scaipeadh maith geografach agus meascán d’údaráis uirbeacha agus tuaithe ar na húdaráis a roghnaíodh agus b’ionann sin agus 85% de na comhairlí cathrach agus contae go léir. Iarradh ar na comhlachtaí an fhaisnéis seo a leanas a chur ar fáil: 

  • Cén táille a ghearrtar as fótachóip a dhéanamh de leathanach A4 as comhad pleanála?
  • An ngearrtar íostáille?
  • An ngearrtar uastáille?
  • Cén uair a leagadh síos na táillí?
  • Cóip de sceideal na Comhairle maidir leis na táillí go léir a ghearrtar chun fótachóipeanna a dhéanamh de dhoiciméid phleanála.


Is féidir mionsonraí na dtorthaí a léamh in Aguisín B. Is mór an difríocht atá idir na táillí ó chomhlacht go comhlacht. Ní ghearrann Comhairle Contae Dhún na nGall, mar shampla, táille ar bith más rud é gur lú ná cúig an líon leathanach a ndéantar cóipeanna díobh.  Déanann Comhairle Contae Átha Cliath Theas an táille a tharscaoileadh i gcás nach rachadh an táille iomlán thar €5 ach gearrann Comhairle Contae na Gaillimhe €5 as fótachóip a dhéanamh de leathanach amháin A4.


Comparáid idir na táillí sa bhliain 2004 agus sa bhliain 2007

Is léir na nithe seo a leanas ón gcomparáid a rinneadh ar tháillí a toibhíodh sa bhliain 2004:

  • níor tháinig athrú ar an táille a ghearrtar ar leathanach A4 i 15 údarás áitiúil (50%);
  • íslíodh an táille i seacht n-údarás áitiúla (23%);
  • ardaíodh an táille in ocht n-údarás áitiúla (27%);
  • tharla ardú 275% - ó 20 cent an leathanach go 75 cent an leathanach – in údarás áitiúil amháin (Laois);
  • íslíodh an táille 80% ó €1 go 20 cent in údarás áitiúil eile (An Iarmhí).


Is ríléir ón gcomparáid seo an easpa shuntasach chomhionannais atá fós sna húdaráis áitiúla i ndáil leis na muirir arna dtobhach as fótachóipeanna a dhéanamh de dhoiciméid phleanála agus chomh maith leis sin a mhéid, de réir cosúlachta, is atá de dhifríocht sa léirmhíniú a bhaineann na húdaráis áitiúla as an abairtín ‘costas réasúnach’ atá in Imlitir na Roinne dar dáta Lúnasa 2005. Tá níos mó mionsonraí faoi na torthaí in Aguisín C.


Íostáillí – na húdaráis is mó is ciontaí

Gearrann na húdaráis áitiúla thíos íostáille agus d’fhéadfadh go mbeadh d’éifeacht ag an íostáille sin go bhféadfadh duine den phobal suas le €5 a íoc ar leathanach amháin A4.

 Comhlacht Íostáille
 Comhairle Contae na Gaillimhe €5
 Comhairle Contae Chill Dara €1
 Comhairle Contae an Longfoirt €1
 Comhairle Contae Ros Comáin €1.15
 Comhairle Contae Thiobraid Árann Thuaidh €3
Comhairle Contae Phort Láirge €1


Táillí iomarcacha – na húdaráis is mó is ciontaí faoi threoir Threoirlínte na Roinne

Gearrann na húdaráis áitiúla thíos táille 50 cent nó níos airde an leathanach A4.

 Údarás Áitiúil Costas ar fhótachóip A4
 Comhairle Contae An Chabháin 50 cent
 Comhairle Contae an Chláir 60 cent
 Comhairle Contae Dhún Laoghaire Ráth an Dúin 50 cent  (De réir gach 5 leathanach €1.20)
 Comhairle Contae na Gaillimhe €5 ar an gcéad leathanach agus 50 cent an leathanach dá éis
 Comhairle Contae Chiarraí  50 cent
 Comhairle Contae Laoise  75 cent
 Comhairle Contae Luimnigh 80 cent (Ní ghearrtar táille as an gcéad dá leathanach)
 Comhairle Contae Lú1-10 leathanach - €1.05 an leathanach
11+ leathanach - 55 cent an leathanach
 Comhairle Contae Átha Cliath Theas  75 cent (Déantar táille níos ísle ná €5 a tharscaoileadh)
 Comhairle Contae Thiobraid Árann Theas 50 cent (De réir gach 5 leathanach €1.20)
 Comhairle Contae Loch Garman 50 cent

                        

Uastáillí – forbairt a gcuirfí fáilte roimpi

Tá uastáille á gearradh ag dhá údarás áitiúla chomh maith. €50 an uastáille a ghearrann Comhairle Contae Chiarraí agus is €30 an uastáille a ghearrann Comhairle Contae Ros Comáin. Ina theannta sin, dar le Comhairle Contae Chorcaí, déanann sí a rogha maidir le huastáille más rud é go mbíonn comhaid mhóra i gceist. Is cosúil gur cuireadh an cleachtas seo i bhfeidhm ón uair a ndearnadh an suirbhé deireanach sa bhliain 2005 agus cuirtear fáilte roimh an bhforbairt seo ó thaobh na seirbhíse do chustaiméirí de, ó tharla go gcuidíonn sé leis an bpobal rochtain a fháil ar thaifid, go háirithe cóipeanna de chomhaid mhóra phleanála a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil uathu chun a bheith rannpháirteach go hiomlán sa phróiseas pleanála.


Teacht a bheith ar dhoiciméid phleanála ar líne

Forbairt eile a gcuirtear fáilte roimpi is ea teacht níos mó a bheith ar dhoiciméid phleanála ar líne. Is cosúil go bhfuil taifid phleanála á scanadh ag líon méadaitheach d’údaráis áitiúla agus go bhfuiltear á gcur ar fáil do dhaoine den phobal ar líne, gan muirear ar bith a ghearradh astu. Ciallaíonn an fhorbairt seo go bhféadfaidh daoine den phobal na doiciméid a fháil saor in aisce ach is féidir leo chomh maith teacht a bheith acu ar na doiciméid ag tráth ar bith is mian leo féin agus nach gá dóibh bualadh isteach chuig oifigí na n-údarás áitiúil. Admhaítear go gcuireann an tseirbhís seo an t-údarás áitiúil faoi chostas ó tharla go gcaitear am le doiciméid a scanadh.  Is léir sa deireadh thiar thall, áfach, más rud é go bhfuil an tseirbhís mhalartach seo ar fáil, go ngearrfar siar ar an am a chaithfeadh an fhoireann le comhaid phleanála a réiteach lena n-iniúchadh agus lena gceannach. Is iontach an rud é go bhfuil fáil níos mó ar an tseirbhís seo agus is cóir é sin a spreagadh.

Airím go bhfuil iallach orm tuairim a nochtadh faoin aiseolas a fuair mé ó údarás áitiúil amháin a lorg na muirir iomarcacha a bhí á dtobhach as fótachóipeanna a dhéanamh de dhoiciméid phleanála a chosaint ar an mbonn gur chuidigh sé chun ugach a thabhairt do dhaoine den phobal úsáid a bhaint as an tseirbhís ar líne a sholáthraíonn sé. Ní thagann muirir iomarcacha den sórt de réir fhorálacha alt 38(4) den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 agus tá siad contrártha le treoirlínte na Roinne ar an gceist. Ina theannta sin, ní ghlacann siad san áireamh go bhfuil ceart reachtúil ag daoine den phobal cóipeanna de dhoiciméid phleanála ábhartha a iniúchadh agus a fháil in oifigí an údaráis áitiúil ar chostas réasúnach, fiú má bhíonn na doiciméid ar fáil ar líne chomh maith. Níl teacht éasca ag gach duine den phobal ar an idirlíon ná níl taithí acu ar an idirlíon a úsáid. Ina theannta sin d’fhéadfadh gurbh fhearr le roinnt daoine úsáid a bhaint as an tseirbhís iniúchta agus cheannaigh in oifigí an údaráis áitiúil, seirbhís a cheanglaítear ar údaráis áitiúla a sholáthar de réir dlí. Cé go measaim gur forbairt shuntasach fháilteach í ó thaobh na seirbhíse a chuirtear ar fáil don chustaiméir go bhfuil an tseirbhís ar fáil ar líne ní fhéadfar úsáid a bhaint as sin chun na muirir mhíréasúnacha a ghearrtar as fótachóipeanna a dhéanamh de dhoiciméid phleanála a chosaint.