Baile  /  Foilseacháin  /  Tuarascálacha Imscrúdaithe  /  Údaráis Áitiúla  /  Muirir a ghearrann Údaráis Áitiúla as fótachóipeanna a dhéanamh de dhoiciméid phleanála
 

An ‘costas réasúnach’ a chinneadh

Léiríodh in Imlitir PD 4/05 a d’eisigh an Roinn sa bhliain 2005 nach rachadh an ‘costas réasúnach’ a ghearrfaí ar chóip a dhéanamh thar chostas an pháipéir agus costas reatha an mheaisín cóipeála cosúil leis an tonóir, leictreachas agus seirbhísiú agus costas an ama a chaitheann an fhoireann leis an bhfótachóipeáil. Is éard is brí leis seo nach cóir, nuair a bhíonn an costas réasúnach á ríomh, go dtabharfaí san áireamh an t-am a chaitheann an fhoireann leis na comhaid phleanála a fháil agus iad a chur i gcomhad an athuair agus comhaid phleanála a bhaint óna chéile agus iad a chur lena chéile an athuair chun fótachóip a dhéanamh de dhoiciméid phleanála.

Chuathas i muinín trí sholáthraí thráchtála a chuireann seirbhísí fótachóipeála ar fáil i mBaile Átha Cliath agus nochtadh gur 16 cent – ardú 1 cent ón mbliain 2004 i leith – an costas ba dhaoire ar fhótachóip a dhéanamh de leathanach A4 (dubh & bán). Thug dhá chuideachta eile meastachán de 5 agus 7 cent an leathanach. Is léir, ar mhaithe le brabús a dhéanamh, go n-áiríonn cuideachtaí tráchtála costas reatha an mheaisín cóipeála cosúil leis an tonóir, leictreachas agus seirbhísiú agus costas an ama a chaitheann an fhoireann leis an bhfótachóipeáil nuair a bhíonn an muirear cuí á leagan acu.

Ag féachaint do threoir na Roinne im Imlitir PD 4/05 .i. gur chóir nach dtabharfaí ach an costas iarbhír a bhaineann le cóip a dhéanamh san áireamh sa chostas réasúnach a ghearrfaí ar chóip a dhéanamh agus nach cóir go mbeadh an costas a bhainfeadh leis an doiciméad atá i gceist a chuardach ná a aimsiú san áireamh ann, is deacair a rá cén chaoi a bhféadfaí muirir atá i bhfad níos daoire ná na muirir a thoibhíonn na cuideachtaí tráchtála a chosaint.

Ní faoi m’Oifigse é suim an mhuirir chuí a chinneadh ach cuirtear an cur chuige a ghlacfaidh mé – maidir lena chinneadh cibé an bhfuil alt 38(4) den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000, á chomhlíonadh ag údaráis áitiúla agus cibé an bhfuil údaráis áitiúla ag gearradh muirear nach dtéann thar an gcostas réasúnach a ghabhann le cóipeanna a dhéanamh de dhoiciméid ábhartha – in iúl ón sampla seo a leanas de ghearán a fuair mé faoi Chomhairle Contae Mhaigh Eo, áfach.

Rinne m’Oifig measúnú fóiréinseach sa bhliain 2005 ar na muirir arna dtobhach tar éis gearán a fháil go raibh €1 an leathanach á ghearradh ag Comhairle Contae Mhaigh Eo as cóipeanna a dhéanamh de dhoiciméid phleanála. Dúirt an Chomhairle, go ndearna siad anailís ar an gcostas iarbhír a bhaineann le fótachóip a dhéanamh de leathanach A4 chun an "costas réasúnach" a bheadh ar fhótachóipeáil a fháil amach. Go hachomair, ríomh an Chomhairle na costais a bhainfeadh le bileog amháin fótachóipeáilte de leathanach A4 mar seo a leanas:

1. Am:

Comhad a aimsiú - 5 nóiméad
Bileoga sa chomhad a bhaint óna chéile - 5 nóiméad
Fótachóip a dhéanamh - 10 nóiméad
Na bileoga a chur ar ais sa chomhad an athuair - 5 nóiméad
An comhad a chur ar ais ina áit - 5 nóiméad
An t-achar iomlán - 30 nóimead


Measadh gur €5.82 costas na hoibre seo bunaithe ar thuarastal Oifigeach Cléireachais


2. Trealamh €0.007

3. Páipéar €0.007


Ba €5.834 an costas iarbhír iomlán a mheas an Chomhairle a bhí ar fhótachóip amháin A4 a dhéanamh.

Chinn an Chomhairle nár "chostas réasúnach" an costas eacnamaíoch agus dá réir, dúirt siad gur shocraigh siad an táille ag suim cosúil le suim na n-údarás áitiúil atá buailte leo. Sa chomhthéacs seo, sheas sé leis an muirear fótachóipeála, de €1 an bhileog A4, á rá go raibh sé réasúnach agus nach bhféadfaí a rá go raibh sé iomarcach.

Níor aontaigh mé leo. Chinn mé, faoi threoir alt 38(1) den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000, nach raibh an costas a ghabhann le comhad a aimsiú agus a chur i gcomhad arís, a gearradh ag 5 nóiméad an ceann, inmhuirearaithe. Ina theannta sin, faoi threoir Imlitir na Roinne, chinn mé nach raibh an costas a ghabhann le comhad a bhaint ó chéile agus an comhad a chur ina chéile an athuair, a gearradh ag 5 nóiméad an ceann, inmhuirearaithe ach an oiread. Ní raibh deacracht mhór ar bith agam leis an gcostas a ríomh an Chomhairle maidir le húsáid trealaimh agus páipéir.

Is údar imní ar leith dom go raibh an Chomhairle ag iarraidh a chur i mo luí orm, bunaithe ar mheastachán na Comhairle féin de 30 nóiméad chun fótachóip a dhéanamh de bhileog A4, nach mbeadh ar chumas fostaí i seirbhís Chomhairle Contae Mhaigh Eo ach fótachóip a dhéanamh de 14 leathanach i rith an lae – bunaithe ar 7 n-uaire sa lá .i. 30 nóiméad x 14 fótachóip = 7 n-uaire.

Dá réir sin, d’iarr mé ar an gComhairle athbhreithniú a dhéanamh ar na muirir. Ina bhfreagra rinne an Chomhairle athbhreithniú ar a muirir fótachóipeála agus d’aontaigh siad a muirir a ghearradh go €0.10 an bhileog A4, laghdú 90% ar an muirear a ghearrtaí.