Baile  /  Foilseacháin  /  Treoirlínte do chomhlachtaí poiblí  /  Déan i gCeart É - Sé Riail
 

Riail 2 - Bí dírithe ar chustaiméirí

(i) A chinntiú gur féidir le daoine teacht ar sheirbhísí go héasca

Ní mór do chomhlachtaí poiblí;

  • seirbhísí agus eolas a sholáthar atá éasca dá gcustaiméirí teacht orthu
  • polasaithe agus gnáis a bheith acu atá soiléir
  • eolas cruinn, iomlán, intuigthe ar a gcuid seirbhísí a chur ar fáil. (Faoi alt 16 den Acht um Shaoráil Faisnéise tá sé de cheangal ar chomhlachtaí poiblí na rialacha, gnáis, cleachtais, treoirlínte agus léirmhínithe a úsáideann an comhlacht poiblí sin a fhoilsiú maille le hinnéacs d’aon fasach coimeádta ag an gcomhlacht sin, chun críche cinnteoireachta, dearbhaithe nó moltaí)
  • cumarsáid a dhéanamh go héifeachtach, ag baint úsáide as teanga atá intuigthe do dhaoine agus atá oiriúnach dóibh agus dá gcúinsí

(ii) A chur in iúl do chustaiméirí céard go díreach ar féidir leo bheith ag súil leis agus a bhfuil an comhlacht poiblí ag súil leis uathusan

Ní mór do chomhlachtaí poiblí;

  • a gcuid teidlíochtaí a chur in iúl do chustaiméirí
  • a chinntiú go dtuigeann cliaint céard is féidir agus nach féidir leo a bheith ag súil leis ón eagraíocht
  • a chinntiú go dtuigeann custaiméirí a gcuid freagrachtaí féin

(iii) Cloí le gealltanais, le haon chaighdeán seirbhíse foilsithe san áireamh

Ní mór do chomhlachtaí poiblí;

  • na nithe a bhí beartaithe acu a dhéanamh
  • gealltanais a chomhlíonadh nó míniú a thabhairt  nuair nach gcomhlíontar, más amhlaidh an cás
  • a gcaighdeáin seirbhíse foilsithe a chomhlíonadh, nó a chur in iúl do chustaiméirí murar féidir leo

(iv) Déileáil le daoine ar bhealach cabhrach, pras agus tuisceanach, ag cur cúinsí ar leith an duine san áireamh

Ní mór do chomhlachtaí poiblí;

  • iad féin a iompar go cabhrach, ag déileáil le daoine ar bhealach pras, laistigh d’amscálaí réasúnta agus laistigh d’aon teorainneacha foilsithe. (Faoin Acht Ombudsman (Leasú) 2012 tá sé de cheangal ar chomhlachtaí poiblí cúnamh agus treoir réasúnta a thabhairt do dhaoine, agus eolas a sholáthar do dhaoine maidir le haon cheart achomhairc nó athbhreithnithe)
  • moill mhíchuí a sheachaint
  • a chur in iúl do dhaoine má tá cúrsaí chun a bheith níos moille ná mar a luadh ar dtús
  • déileáil le daoine ar bhealach tuisceanach, lena gcuid riachtanas ar leith curtha san áireamh
  • freagairt ar bhealach solúbtha do chúinsí aon cháis, trí aird a thabhairt ar aois an duine ábhartha, ar a gcumas rialacha, a bhíonn casta go minic, a thuiscint, ar aon mhíchumas a d’fhéadfadh bheith acu agus ar a mothúcháin, a gcuid príobháideachta agus caoithiúlachta

(v) Freagairt do riachtanais chustaiméirí ar bhealach solúbtha agus, nuair is cuí, freagairt a chomhordú le soláthraithe seirbhíse eile

Ní mór do chomhlachtaí poiblí;

  • nuair is cuí, déileáil le custaiméirí ar bhealach comhordaithe le haon soláthraí seirbhíse eile chun a chinntiú go gcomhlíontar a riachtanais
  • custaiméirí a atreorú chuig aon fhoinse cúnaimh eile, sa chás nach bhfuil siad in ann cabhrú leo