Baile  /  Eolas Fúinn  /  For-rochtain
 

For-rochtain

Gcuirfeadh an Oifig tús in 2010 le hathbhreithniú ar ár gclár for-rochtana agus go ndíreofaí ar acmhainní a chur ag obair ar an mbealach is fearr agus ar luach ar airgead. Bhí sé mar phríomhaidhm ag an athbhreithniú an cumas a bhí ag an gclár ár seirbhís a thabhairt chomh fada leis an bpobal a mhéadú agus sin a dhéanamh ar bhealach éifeachtach, éifeachtúil agus inrochtana. D’éirigh go maith leis an athbhreithniú ó thaobh an aidhm sin a bhaint amach.

Cuairteanna ar Ionaid Eolais do Shaoránaigh (IES)

Ó luath sna 1990í tá foireann ó Oifig an Ombudsman ag tabhairt cuairte ar Ionaid Eolais do Shaoránaigh chun gearáin a fháil ó mhuintir an phobail. Ba é an tIonad Eolais do Shaoránaigh i gCorcaigh an chéad ionad a thairg seirbhísí an Ombudsman ar bhonn míosúil. Tharla sé sin i 1992. Cuireadh cuairteanna IES míosúla ar bun i Luimneach agus i nGaillimh i 1993 agus i 1996 faoi seach. Tá an tóir chéanna ag muintir na háite i gcónaí ar na cuairteanna chuig Corcaigh, Luimneach agus Gaillimh gach mí.

Cuairteanna Réigiúnacha

In 2010, thug baill foirne ó m’Oifig cuairt ar bhaile an Chabháin, ar Chaisleán an Bharraigh agus ar Chill Chainnigh.Ba chúis dhíomá in 2009 gur beag cuairteoirí a bhí ag na cuairteanna réigiúnacha. Mar sin féin, thug m’Oifig aird ar an aiseolas a fuarthas ó chuairteoirí in 2009 maidir le conas a d’fhéadfaimis an méid a bhíonn le fáil ag na cuairteanna a leathnú amach agus líon na gcuairteoirí a mhéadú dá réir. Tá áthas orm a rá gur tháinig feabhas suntasach ar líon na gcuairteoirí do 2010.Is léiriú é go bhfuil ag éirí leis na cuairteanna réigiúnacha seo go raibh líon iomlán na ngearán a fuarthas ó na cuairteanna lae chuig an gCabhán agus Caisleán an Bharraigh in 2010 níos mó ná líon iomlán na ngearán a fuarthas ó na Contaetha sin ar feadh 2009 ar fad.

Taispeántas Oideachais agus Foghlama d’Aosaigh 2010

Is í Comhairle Oideachais Aosaigh Chorcaí a eagraíonn an Taispeántas Oideachais agus Foghlama d’Aosaigh agus bíonn sé ar siúl gach bliain i gCathair Chorcaí. Bíonn foireann na hoifige rannpháirteach san imeacht trí lá seo a mbíonn go leor ag tarlú ann agus a n-éiríonn thar cionn leis. Tugtar deis ann go bunúsach comhairle agus sonraí a thabhairt do na rannpháirtithe ar raon cúrsaí oideachais don aosach. Anuas air sin ar fad, eagraíonn foireann an Ombudsman seastán faisnéise fad is a bhíonn an taispeántas ar bun agus bíonn siad ar fáil le comhairle agus cúnamh a chur ar fáil maidir le seirbhísí na hOifige d’aon duine ón bpobal a bhfuil suim acu ann.