Baile  /  Cás-Staidéir  /  Cásanna Samplacha  /  Bhí sé deacair ar bhean gearán a dhéanamh sa mhéid nár mhínigh an t-ospidéal a cóireáil di
 

Bhí sé deacair ar bhean gearán a dhéanamh sa mhéid nár mhínigh an t-ospidéal a cóireáil di

Cúlra

Chuir bean gearán faoi bhráid m’Oifige tar éis bhreith an chéad linbh aici in Ospidéal Náisiúnta Máithreachais, Sráid Holles i mí Eanáir 2011. Bhí sé socraithe ar an sceideal go raibh gearradh Caesarach, le heipeadúrach, le bheith aici agus bhí sin breactha síos ar a plean breithe. Rinne an bhean dhá ghearán - bhain ceann amháin leis an easpa eolais a fuair sí faoin gcineál eipeadúraigh a bhí le tabhairt di agus an próiseas a bhain le toiliú ina leith; bhain an dara ceist leis an leibhéal eolais a cuireadh ar fáil di faoin bpróiseas gearáin é féin agus le nach raibh an t-eolas d’othair ar theastaigh uathu gearán a dhéanamh ar fáil ar shuíomh gréasáin an ospidéil.

Sa chás seo, mhaígh an bhean nár tugadh an deis di ceisteanna a chur faoin ngearradh Caesarach ná faoin ainéistéiseach a bheadh á fháil aici sula dtabharfaí é di. Luaigh sí gur bhuail sí leis an dochtúir roimh an obráid agus mhínigh an dochtúir di gurb ainéistéiseach é an t-eipeadúrach agus go dtugtar é don othar tríd an dromlach. Dar leis an mbean, shínigh sé an fhoirm toilithe ansin agus shín a mhéar chuig an áit inar chóir di siúd an fhoirm a shíniú. Nuair a d’inis sí don dochtúir gur theastaigh uaithi an fhoirm a léamh sula síneodh sí é, mhaígh sí gur imigh sé leis. Bhí an bhean den tuairim nach raibh aon rogha aici ach an fhoirm a líonadh i gcás gur theastaigh uaithi go ndéanfaí an gearradh Caesarach.

Dar leis an mbean, rinne an dochtúir ceithre iarracht an t-eipeadúrach a chur isteach sular éirigh le dochtúir níos sinsearaí é a chur isteach gan aon fhadhb ag pointe níos airde suas ar an dromlach. Tar éis na hobráide, luaigh an bhean go raibh droch-bhallbhrú feadh an dromlaigh aici agus go raibh pian sa droim uirthi chomh maith le mairbhe i ngéag na láimhe deise, ina lámh agus ina méara. Tamall ina dhiaidh sin, fuair sí amach gur tugadh eipeadúrach dromlaigh di seachas ainéistéise eipeadúrach, agus scríobh sí chuig an ospidéal ag gearán nár tugadh eolas di faoin eipeadúrach ar bhealach soiléir, cuimsitheach a chuideodh léi cinneadh eolasach a dhéanamh faoina cúram.

D’inis sí don ospidéal nach raibh sa phróiseas toilithe ach gnás ar ghá é a chomhlíonadh - gnás a chuir isteach ar an bhfoireann leighis. D’fhreagair an t-ospidéal gearán na mná, agus d’inis di gur chóir don dochtúir sóisearach bheith tar éis an deis a thabhairt di an fhoirm toilithe a léamh agus aon cheisteanna a chur. Dúirt an t-ospidéal freisin gur chóir gur tugadh míniú níos fearr di ar ainéistéise eipeadúrach sular cuireadh isteach é. Gheall an t-ospidéal go gcuirfeadh sé feabhas ar dháileadh eolais ar othair, eolas ó bhéal agus i scríbhinn, tamall roimh iontráil san ospidéal, agus tráth na hiontrála freisin. Sa mhéid nach raibh an bhean sásta le freagra an ospidéil, scríobh sí chuig m’Oifig.

Imscrúdú

Agus mé ag déileáil le gearáin faoi chúram agus faoi chóireáil san ospidéal, tá bac orm scrúdú a dhéanamh ar shaincheisteanna a bhaineann le breithiúnas cliniciúil dochtúirí. Ciallaíonn sin nach féidir liom scrúdú a dhéanamh, de réir dlí, ar bhreithiúnas dochtúirí agus iad ag tabhairt diagnóise, ag cur cóireála ar othair nó ag scaoileadh an othair as an ospidéal. Cibé scéal é, tá cead agam scrúdú a dhéanamh ar shaincheisteanna a bhaineann le toiliú a lorg maidir le hobráid sa mhéid gur cheist riaracháin an cheist sin. Tá conradh ag m’Oifig le hOmbudsman Parlaiminteach agus Seirbhíse Sláinte na Ríochta Aontaithe a chuireann ar chumas m’fhoirne comhairle neamhspleách chliniciúil a lorg a chuidíonn linn cinntí a dhéanamh maidir le saincheisteanna a bhfuil gné chliniciúil ag baint leo. Sa chás seo, lorg m’Oifig comhairle chliniciúil faoin gcaoi a bhfuarthas toiliú na mná don obráid agus don ainéistéise. Sa comhairle soiléiríodh seo a leanas - cé gur gnáthchleachtas é eipeadúrach dromlaigh a thabhairt (atá éagsúil ó ainéistéise eipeadúrach a thugtar de ghnáth do ghearradh éigeandála Caesarach) nuair atá gearradh roghnach Caesarach á dhéanamh, ba chóir toiliú ó bhéal a fháil ón othar agus ba chóir seo a bhreacadh síos sna taifid. Cé gur thug an bhean sa chás seo a toiliú i scríbhinn go ndéanfaí an obráid, ní bhfuarthas a toiliú ó bhéal go dtabharfaí ainéistéise dromlaigh di. Scríobh m’Oifig chuig an ospidéal agus ansin chas le foireann an ospidéil chun an cheist a phlé.

Is é is eipeadúrach dromlaigh ann ná cógas leighis a chuirtear isteach trí instealladh i sreabhán chorda an dromlaigh agus san ainéistéise eipeadúrach cuirtear an cógas leighis isteach le hinstealladh díreach lasmuigh den mhála sreabháin atá mórthimpeall chorda an dromlaigh.

Toradh

Mar thoradh ar an bpáirt a ghlac m’Oifig sa ghearán seo, scríobh Rúnaí/Bainisteoir Ginearálta an ospidéil chuig an mbean ag admháil gur chóir go rabhthas tar éis míniú níos críochnúla a thabhairt di ar cad é atá i gceist le hainéistéise dromlaigh sular tugadh di é. Ghabh an t-ospidéal leithscéal léi nach bhfuair siad toiliú ó bhéal uaithi sular tugadh an ainéistéise di. Mhínigh siad di gurb í an ainéistéise dromlaigh an rogha is fearr do ghearradh roghnach Caesarach sa mhéid gurb í sin an teicníc is simplí agus is iontaofa í. Mar thoradh díreach ar ghearán na mná seo, chuir an t-ospidéal socruithe i bhfeidhm chun a chinntiú go bhfaigheadh an fhoireann leighis toiliú ó bhéal an ainéistéise a thabhairt agus go mbreacfaí é sin síos ar chairt leighis an othair roimh an obráid.

Maidir leis an bpróiseas gearáin san ospidéal, ba léir ó imscrúdú m’Oifige ar an ngearán áirithe seo nár fhoilsigh an t-ospidéal sonraí an phróisis gearáin ar a shuíomh gréasáin. Tá comhaontú seirbhíse ag gach ospidéal le FSS a chuireann iallach air a phróiseas gearáin a fhógairt, agus bheadh suíomh gréasáin ospidéil ina áit an-mhaith sin a dhéanamh. Dhearbhaigh an t-ospidéal go raibh athbhreithniú á dhéanamh aige ar a shuíomh gréasáin agus go ndéanfaí sonraí an phróisis ghearáin a fhoilsiú mar chuid den suíomh gréasáin nua, atá ar fáil anois.

Ó ritheadh an tAcht Ombudsman (Leasú) 2010, tá ceangal dlí ar chomhlachtaí poiblí (faoi Alt 7) cúnamh agus treoir réasúnta a thabhairt don phobal agus déileáil leo go ceart, cóir, neamhchlaonta, tráthúil. Bheinn ag súil go ndéanfadh comhlachtaí poiblí, ospidéil san áireamh, fógairt ar an bpróiseas gearáin ionas go bhféadfadh úsáideoirí seirbhíse ar mhian leo gearán a dhéanamh tuiscint a fháil ar conas sin a dhéanamh agus go gcuideofaí leo sin a dhéanamh.

 

Tuarascálacha Bhliantúil 2016

Tuarascáil Bhliantúil an Ombudsman 2016