Baile  /  Nuacht  /  Preas Ráitis  /  2016 Preas Ráiltis
 

Eisíonn an tOmbudsman treoir don tseirbhís phoiblí maidir le conas leithscéal dáiríre a ghabháil

D’eisigh Peter Tyndall, an tOmbudsman, treoirlínte inniu do sholáthraithe seirbhíse poiblí maidir lena thábhachtaí atá sé leithscéal ceart a ghabháil nuair a théann rud amú.  Tá an ‘Treoir maidir le Leithscéal Dáiríre a Ghabháil’ dírithe ar ranna rialtais, ar údaráis áitiúla, ar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) agus ar sholáthraithe eile seirbhísí poiblí agus iad ag déileáil le gearáin ón bpobal.

Dúirt Peter Tyndall, an tOmbudsman:

“A lán daoine a dhéanann gearán chuig an Oifig seo, insíonn siad dom go bhfuil siad ag iarraidh go n-admhóidh an soláthraí seirbhíse go ndeachaigh rud éigin amú agus go bhfaighidh siad leithscéal dáiríre as sin. Insíonn daoine dúinn gur mhaith leo go n-éistfear leo. Ba mhaith leo dearbhú a fháil gur foghlaimíodh ceachtanna agus nach ndéanfar an botún céanna arís.”

Mínítear sa Treoir cad is leithscéal dáiríre ann, cé na nithe is gá a lua sa leithscéal agus cé na tairbhí a bhaineann le leithscéal ceart a ghabháil.

Fuair an tOmbudsman amach go bhféadfaí gearáin a sheachaint i gcuid mhór cásanna dá ngabhfadh ball foirne ar an líne thosaigh nó bainisteoir sinsearach a leithscéal sa chéad áit.

Dúirt an tOmbudsman freisin:

“Ní comhartha laige atá i leithscéal. Ina ionad sin, is féidir leis a bheith ina chomhartha láidreachta agus is féidir leis a léiriú go bhfuil soláthraithe seirbhíse poiblí sásta le foghlaim ó chásanna ina ndeachaigh rud amú. Is féidir leis a léiriú freisin go bhfuil rún daingean ag an soláthraí seirbhíse rudaí a chur ina gceart. Is dea-chleachtas é leithscéal a ghabháil. Is gné thábhachtach de ghearáin a láimhseáil go héifeachtach é freisin.

Tá an ‘Treoir maidir le Leithscéal Dáiríre a Ghabháil’ ón Ombudsman ar fáil ar shuíomh Gréasáin an Ombudsman www.ombudsman.ie

I gcás Ceisteanna ó na Meáin:

David Nutley,

Cumarsáid
Oifig an Ombudsman

18 Sráid Líosain Íochtarach

Baile Átha Cliath 2

Teileafón:  01 639 5610 nó 086 023 1420
R-phost:    
david.nutley@ombudsman.ie

Twitter:    @officeombudsman