Feabhsaítear seirbhísí poiblí le gearáin, dar leis an Ombudsman Tyndall
Ba mhaith le Peter Tyndall, an tOmbudsman, go ndéanfadh tuilleadh daoine gearán faoi sheirbhísí a gcuireann comhlachtaí poiblí amhail ranna rialtais, údaráis áitiúla agus Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) iad ar fáil. Ag seoladh a thuarascála bliantúla don bhliain 2015 dó inniu (an 2 Meitheamh 2016), dúirt an tOmbudsman gur féidir gearáin a úsáid chun an soláthar seirbhísí poiblí a fheabhsú.
“Sa chuid is mó de chásanna, próiseas rathúil is ea an soláthar seirbhísí poiblí. Mura ndéanann daoine gearán nuair a théann cúrsaí chun donais, áfach, beidh na deacrachtaí céanna ag daoine arís is arís eile. Nuair a dhéanann daoine gearán, bíonn deis ag soláthraithe seirbhíse nithe a chur ina gceart agus a chinntiú nach ndéanfar na meancóga sin choíche.” - Peter Tyndall, an tOmbudsman
Tá méadú tagtha ar ghearáin a rinneadh leis an Ombudsman
Tháinig méadú 3% ar ghearáin a rinneadh leis an Ombudsman sa bhliain 2015. B’ionann iad agus 3,641 ghearán. Tháinig sé sin sna sála ar mhéadú 11% ar an líon gearán a rinneadh sa bhliain 2014. Ba í an státseirbhís an earnáil a ndearnadh an líon ba mhó gearán ina haghaidh. Rinneadh 1,397 ngearán ina haghaidh sa bhliain. Rinneadh 1,006 ghearán in aghaidh údaráis áitiúla. Rinneadh 585 ghearán faoi FSS.
Imscrúdú ar chórais ghearán in ospidéil
Sa bhliain 2015, rinne an tOmbudsman an chéad imscrúdú ‘féintionscnaimh’ de chuid na hOifige ar chórais ghearán in ospidéil. Sa tuarascáil uaidh dar teideal Foghlaim ar son Feabhais, thug an tOmbudsman dá aire an líon íseal gearán a fuair a oifig faoi ospidéil. Dúirt an tOmbudsman gur inis daoine leo go raibh eagla orthu roimh ghearán a dhéanamh de bharr na n-iarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith ar an gcóireáil a chuirfí ar fáil dóibh nó mar gur chreid siad nach ndéanfaí difear dá ndéanfadh siad gearán. Cuimsíonn an tuarascáil fhadréimseach ón Ombudsman 36 mholadh atá dírithe ar chórais ghearán in ospidéil a fheabhsú d’othair. Ghlac FSS le gach ceann de na moltaí. Mar sin féin, chuir an tOmbudsman in iúl go raibh imní air faoin moill a bhí ann sular ghníomhaigh FSS ar a chuid moltaí.
Tithe altranais príobháideacha
Tháinig tithe altranais príobháideacha faoi dhlínse an Ombudsman i mí Lúnasa 2015. Fuair an tOmbudsman 12 ghearán faoi thithe altranais príobháideacha sa bhliain 2015 agus fuair sé 13 cinn sa chéad chúig mhí den bhliain 2016. Mar chuid de chlár rannpháirtíochta, dhear Oifig an Ombudsman Córas Eiseamláireach Gearán lena úsáid ag soláthraithe tí altranais. Is féidir é a oiriúnú lena úsáid ag gach soláthraí seirbhíse poiblí freisin. Tá an Córas Eiseamláireach Gearán ar fáil ar shuíomh Gréasáin an Ombudsman ag www.ombudsman.ie
Chomh maith leis sin, rinne an tOmbudsman cur síos ar roinnt de na cásanna ba thábhachtaí ar dhéileáil a Oifig leo sa bhliain 2015:
Iarradh ar dhalta sliocht a léamh ón bpáipéar mícheart le linn measúnú a dhéanamh ar a chumas léitheoireachta
Iarrthóirí ag a bhfuil míchumas nó riocht a d’fhéadfadh cur isteach orthu le linn dóibh scrúdú a dhéanamh, féadfaidh siad ‘freastal réasúnta’ a iarraidh ó Choimisiún na Scrúduithe Stáit (SEC) chun iad a éascú an scrúdú a dhéanamh. I gcás gearáin amháin a rinneadh chuig an Ombudsman, dhiúltaigh an SEC ‘léitheoir’ – duine a chabhraíonn le dalta scrúdpháipéar a léamh – a chur ar fáil do dhalta a bhfuil Siondróm Asperger air le haghaidh scrúdú Ardteistiméireachta. Bhí an dalta chun tabhairt faoi thrí ábhar ardleibhéil. Le linn dó measúnú a dhéanamh ar chomhaid an SEC ar an gcás, fuair an tOmbudsman amach gurbh ó pháipéir ‘ghnáthleibhéil’ a iarradh ar an dalta sleachta a léamh agus nár léiríodh a dheacrachtaí léitheoireachta dá bharr sin. Tharraing an tOmbudsman aird an SEC ar an earráid agus, ina dhiaidh sin, chuir an SEC ‘léitheoir’ ar fáil don dalta roimh an scrúdú Ardteistiméireachta. Féach leathanach 36 - Rannán 4.8
Fuair bean €28,000 tar éis don Roinn a rá go mícheart nach raibh leanbh ‘tréigthe’
Diúltaíodh íocaíocht ‘caomhnóra’ do bhean i dtaca lena gariníon a bhí á tógáil aici in éagmais thuismitheoirí an linbh. Níor dheimhin leis an Roinn Coimirce Sóisialaí gur chomhlíon an leanbh an critéar maidir lena bheith ‘tréigthe’ ag a tuismitheoirí. Tar éis gearán a dhéanamh chuig an Ombudsman, áfach, rinne an Oifig Achomhairc Leasa Shóisialaigh athbhreithniú ar na measúnuithe a bhí i seilbh oifigigh na Roinne agus ar ráitis ó mháthair agus ó sheanmháthair an linbh araon, inar tugadh le fios gurbh amhlaidh gur tréigeadh an leanbh. Chinn an Oifig Achomhairc gur cheart an íocaíocht caomhnóra, mar aon le riaráiste €28,000, a íoc leis an mbean. Féach leathanach 37 - Rannán 4.11
Fuair máthair agus a beirt leanaí teach tar éis dóibh 10 mbliana a chaitheamh ar an liosta tithíochta
Rinne bean gearán chuig an Ombudsman tar éis di fanacht ar feadh deich mbliana le tithíocht shóisialta ó Chomhairle Contae Chill Dara di féin agus dá beirt leanaí. Ba de bharr ardchostas a bhog an teaghlach amach as an gcóiríocht ar cíos a bhí acu roimhe sin. Bhí deacracht aici, áfach, cóiríocht phríobháideach ar cíos a fháil mar gheall gur dhiúltaigh a lán tiarnaí talún do ghlacadh le tionóntaí a bhí ag fáil liúntas cíosa. Fuair sí fógra chun an chóiríocht a fhágáil mar gheall go raibh a tiarna talún reatha ag iarraidh an teach a thabhairt do bhall teaghlaigh dá chuid. Chuir sí Comhairle Contae Chill Dara ar an eolas faoina cúinsí agus ghlac an Chomhairle leis go raibh sí ag fanacht le tithíocht le tréimhse fhada. Mar sin féin, dúirt an Chomhairle go raibh 6,500 duine ar a liosta tithíochta ag an am agus go dtugtar tús áite do ghrúpaí leochaileacha amhail daoine gan dídean agus daoine a bhfuil cónaí orthu i gcóiríocht neamhoiriúnach. Nuair a chuir an tOmbudsman in iúl go raibh an teaghlach á chur amach as an teach agus go ndearna an bhean iarracht cheana féin teach a fháil ach bogadh chuig ceantar eile, rinne an Chomhairle athmheasúnú ar a hiarratas. Leithdháileadh teach ar an mbean agus ar a mbeirt leanaí ansin, teach ar chuir eagraíocht tithíochta dheonach ar fáil é. Féach leathanach 42 - Rannán 4.16
Gearradh fíneáil ar úinéir madra bunaithe ar líomhain amháin
Ghearr Comhairle Contae Chorcaí fíneáil ar fhear tar éis di líomhain a fháil go ndearna a mhadra ionsaí ar thríú páirtí. Rinne an fear agóid in aghaidh na fíneála sa Chúirt Dúiche. Rinne sé gearán chuig an Ombudsman freisin gurbh ar líomhain amháin a bhí an fhíneáil bunaithe, nár bhunaigh an Chomhairle fíricí an cháis ar dtús, agus nach raibh aon nós imeachta foirmiúil achomhairc ann trína bhféadfadh sé agóid a dhéanamh in aghaidh na fíneála. Fuair an tOmbudsman amach go raibh sé de bheartas ag an gComhairle fíneáil a ghearradh ar úinéirí madra tar éis ráiteas sínithe i scríbhinn a fháil agus gan imscrúdú a dhéanamh ar an ngearán. Mheas sé gur mhíchothrom a bhí an beartas sin agus d’iarr sé ar an gComhairle athbhreithniú a dhéanamh air. Leasaigh an Chomhairle a cuid nósanna imeachta ansin chun a fhoráil go ndéanfaí teagmháil leis an ngearánach agus le húinéir an mhadra araon mar chuid dá himscrúduithe amach anseo. Ní raibh ar an bhfear an fhíneáil a íoc agus íocadh a chostais chúirte leis chomh maith.
Féach leathanach 40 - Rannán 4.14
I gcás Ceisteanna ó na Meáin:
David Nutley Cumarsáid Oifig an Ombudsman 18 Sráid Líosain Íochtarach Baile Átha Cliath 2 | Teileafón: 01 639 5610 nó 086 023 1420 R-phost: david.nutley@ombudsman.ie Gréasán: www.ombudsman.ie Twitter: @officeombudsman |