Cuireann Peter Tyndall, an tOmbudsman, i gcuimhne do dhaltaí Ardteistiméireachta go bhfuil ceart acu chun gearán a dhéanamh
Rinne Peter Tyndall, an tOmbudsman, comhghairdeas inniu le daltaí as a gcuid torthaí i scrúduithe na hArdteistiméireachta agus chuir sé i gcuimhne dóibh go bhféadfaidh a Oifig scrúdú neamhspleách a dhéanamh ar ghearáin in aghaidh gach comhlachta phoiblí oideachais tríú leibhéal.
Féadfaidh Oifig an Ombudsman gearáin a scrúdú faoi raon comhlachtaí oideachais, lena n-áirítear Coimisiún na Scrúduithe Stáit, Tacaíocht Chomhchoiteann do Mhic Léinn in Éirinn (SUSI), Ollscoileanna agus Institiúidí Teicneolaíochta.
Dúirt Peter Tyndall, an tOmbudsman:
“Tréimhse iontach do dhaltaí í seo agus tá súil agam gur tréimhse shona í freisin. Más rud é go bhfuil siad míshásta faoi riar a gcuid torthaí Ardteistiméireachta ar chúis éigin, áfach, ba cheart dóibh gearán a dhéanamh leis an gcomhlacht oideachais cuí, mar shampla, Coimisiún na Scrúduithe Stáit. Má tá siad míshásta faoin bhfreagra, ba cheart dóibh a ngearán a tharchur chuig an Oifig seo nó, i gcás ina bhfuil siad faoi bhun 18 mbliana d’aois, ba cheart dóibh a ngearán a tharchur chuig Oifig an Ombudsman do Leanaí. D’oibríomar go han-rathúil le comhlachtaí san earnáil oideachais tríú leibhéal, SUSI agus Coimisiún na Scrúduithe Stáit ina measc, cheana féin chun gearáin a réiteach agus chun feabhas a chur ar sholáthar seirbhísí oideachais.”
Féadfaidh an tOmbudsman scrúdú a dhéanamh ar ghearáin faoi riar seirbhísí oideachais, lena n-áirítear scrúduithe ardteistiméireachta agus ligean isteach san oideachas tríú leibhéal. Mar sin féin, ní fhéadfaidh Oifig an Ombudsman scrúdú a dhéanamh ar ‘bhreithiúnas acadúil’, is é sin, an dóigh a ndearnadh scrúdpháipéir a mharcáil nó a ghrádú.
Rinne an tOmbudsman scrúdú ar bheagnach 300 gearán faoin earnáil oideachais sa bhliain 2015, lenar áiríodh gearáin a bhain leis an Scéim um Fhreastal Réasúnta i Scrúduithe Stáit (RACE) agus gearáin a bhain le deontais tríú leibhéal a chuir SUSI ar fáil.
Is féidir le daltaí (18 mbliana d’aois nó níos sine) nó le tuismitheoirí teagmháil a dhéanamh le hOifig an Ombudsman mar seo a leanas:
Ar líne: www.ombudsman.ie
Trí r-phost: ombudsman@ombudsman.ie
Go pearsanta nó i scríbhinn: 18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2
Teileafón: 01 639 56 00 nó Íosghlao 1890 22 30 30
I gcás gearán ó dhaltaí faoi bhun 18 mbliana d’aois, déantar teagmháil leis an Ombudsman do Leanaí mar seo a leanas:
Suíomh Gréasáin: www.oco.ie
Teileafón: 1800 20 20 40 nó 01- 865 6800
R-phost: oco@oco.ie