Fáiltíonn Peter Tyndall roimh ghlaoch an Oireachtais ar chumhachtaí na n-oifigí Ombudsman a neartú
D’fháiltigh Peter Tyndall, an tOmbudsman, roimh an tuarascáil a foilsíodh inniu ón gComhchoiste Oireachtais um Maoirseacht na Seirbhíse Poiblí agus Achainíocha ar ‘Role and Remit of an Ombudsman’ (Ról agus Sainchúram Ombudsman’). Molann an Coiste:
- gur cheart cinntí ‘breithiúnais chliniciúil’ (mar shampla, diagnóis agus cóireáil) arna ndéanamh ag na daoine sin atá ag gníomhú thar ceann Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus tithe altranais príobháideacha a bheith faoi shainchúram an Ombudsman;
- gur cheart údarás a thabhairt don Ombudsman lena mbaineann maoirseacht a dhéanamh ar eintitis earnála príobháidí atá ag fáil airgead poiblí chun an soláthar seirbhísí poiblí a chistiú;
- nár cheart diúltú do mholtaí imscrúdaithe arna ndéanamh ag oifigí Ombudsman ach sa chás go vótálann 75% de chomhaltaí na Dála déanamh amhlaidh;
- gur cheart bonn bunreachtúil a bheith ag oifigí Ombudsman;
- nár cheart feidhm a bheith ag pribhléid ghairmiúil dlíodóra chun cosc a chur ar an Ombudsman rochtain a fháil ar fhaisnéis ábhartha nuair a thionscnaíonn Ombudsman imscrúdú foirmiúil;
- gur cheart d’oifigí Ombudsman a bheith cistithe go díreach ag an Oireachtas in ionad an Rialtais.
Dúirt Peter Tyndall, an tOmbudsman:
“Teastaíonn ó gach daonlathas atá ag feidhmiú i gceart ombudsman atá neamhspleách go hiomlán agus a bhfuil dóthain cumhachtaí aige chun éigeartas a imscrúdú agus an t-éigeartas sin achur i ina cheart. D’iarrfainn ar an rialtas seo nó ar an gcéad rialtas eile a chinntiú go gcuirfear na moltaí ón gComhchoiste Oireachtais um Maoirseacht na Seirbhíse Poiblí agus Achainíocha chun feidhme a luaithe is féidir”.
I mí na Bealtaine 2015, d’fhoilsigh an Comhchoiste Oireachtais um Maoirseacht na Seirbhíse Poiblí agus Achainíocha tuarascáil freisin inar moladh gur cheart sainchúram iomlán a bheith ar an Ombudsman agus ar an Ombudsman do Leanaí i leith gearán faoi ionaid soláthair dhírigh.
CRÍOCH
Nóta d’Eagarthóirí:
Is oifig neamhspleách neamhchlaon í Oifig an Ombudsman, a dhéanann imscrúdú ar ghearáin ón bpobal faoi fhormhór na seirbhísí poiblí, lena n-áirítear na seirbhísí poiblí arna soláthar acu seo a leanas:
- Ranna Rialtais
- Údaráis Áitiúla
- Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, lena n-áirítear ospidéil phoiblí
- ·Tithe Altranais Poiblí agus Tithe Altranais Príobháideacha
- Institiúidí oideachais tríú leibhéal a chistítear go poiblí.
Is é Peter Tyndall an tOmbudsman.
Tagann an tuarascáil ón gComhchoiste Oireachtais um Maoirseacht na Seirbhíse Poiblí agus Achainíocha inniu sna sála ar éisteachtaí fairsinge idir an Comhchoiste Oireachtais um Maoirseacht na Seirbhíse Poiblí agus Achainíocha agus seacht n-oifig ombudsman in Éirinn, lena n-áirítear Oifig an Ombudsman atá faoi stiúir ag Peter Tyndall.
Thug an Comhchoiste Oireachtais um Maoirseacht na Seirbhíse Poiblí agus Achainíocha tuairisc inniu ar na róil atá ag na hOifigí difriúla Ombudsman in Éirinn agus ar na sainchúraimí atá orthu tar éis dó sraith éisteachtaí a thionól leis na hoifigí sin. Tá an tuarascáil ar fáil ar leathanach an Chomhchoiste Oireachtais um Maoirseacht na Seirbhíse Poiblí agus Achainíochaar www.Oireachtas.ie
I gcás Ceisteanna ó na Meáin:
David Nutley
Cumarsáid
Oifig an Ombudsman
Teil.: 01 639 5610 nó 086 023 1420
R-phost: david.nutley@ombudsman.ie
Suíomh Gréasáin Oifig an Ombudsman: www.ombudsman.ie