Buaileann an tOmbudsman le feidhmeannaigh Údaráis Áitiúil chun béim a leagan ar ghearáin
Bhuail Peter Tyndall, an tOmbudsman Éireannach, le comhlacht ionadaíochta Phríomhfheidhmeannaigh na n-údarás áitiúil in Éirinn (Cumann na mBainisteoirí Contae agus Cathrach) Dé Máirt an 30 Lúnasa. Ag an gcruinniú, labhair an tOmbudsman faoin taithí atá aige ar dhéileáil le gearáin san earnáil údaráis áitiúil. Labhair an tOmbudsman freisin faoi fhorbairt na tairsí aonair gearán. Is é aidhm na tairsí ná cabhrú leis an bpobal gearáin a dhéanamh faoin earnáil údaráis áitiúil agus faoi sholáthraithe seirbhíse poiblí. Le linn an chruinnithe, dháil an tOmbudsman cóipeanna de Bheartas Eiseamláireach Gearán ar fhorbair a oifig é agus eagrán speisialta de Chásleabhar an Ombudsman ina dtugtar achoimrí ar chásanna údaráis áitiúil ar scrúdaigh an tOmbudsman iad.
Tá an dá fhoilseachán ar fáil ar shuíomh Gréasáin an Ombudsman ag www.ombudsman.ie