Fuarthas amach in imscrúdú ag Peter Tyndall, an tOmbudsman, go mbíonn eagla ar dhaoine gearán a dhéanamh faoin gcúram agus faoin gcóireáil a fhaigheann siad in ospidéil toisc go mbíonn imní orthu faoi na hiarmhairtí a bheadh ag an ngearán dóibh féin nó dá ngaolta.
Fuarthas amach san imscrúdú freisin nach ndéanann daoine gearán toisc nach gcreideann siad go ndéanfaidh sé aon difear ar bith. Rinneadh an tuarascáil ar an imscrúdú, Foghlaim ar son Feabhais, a fhoilsiú inniu, Dé Céadaoin an 27 Bealtaine.
Thug an tOmbudsman faoin imscrúdú toisc go raibh imní air nach raibh ach fíorbheagán gearán faoin gcóras cúram sláinte á bhfáil ag an Oifig i gcomparáid leis an líon a bhí á fháil ag oifigí Ombudsman i dtíortha eile.
Ag labhairt dó ag seimineár chun an tuarascáil a sheoladh, dúirt an tOmbudsman:
“Córas ríthábhachtach luathrabhaidh do na hospidéil agus do sheirbhísí eile sláinte is ea gearáin. Níl a fhios agam an bhféadfaí na himeachtaí tragóideacha a chonacthas in Áras Attracta agus in Ospidéal an Láir Tíre, Port Laoise, a sheachaint dá ndéileálfaí leis na gearáin sin mar ba cheart.”
Is iad a thug aitheasc ag an seimineár freisin ná Sir Robert Francis, údar na tuarascála múnlaithí ar theipeanna Mid Staffordshire NHS Trust sa Ríocht Aontaithe, agus Tony O’Brien, Ard-Stiúrthóir Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS), a labhair faoin dóigh a bhfuil sé beartaithe ag FSS feabhas a chur ar láimhseáil gearán in ospidéil phoiblí.
Mhol an tOmbudsman go gcuirfeadh FSS agus gach ospidéal plean gníomhaíochta i bhfeidhm chun na nithe seo a leanas a dhéanamh:
- Déanamh gearáin a éascú do dhaoine
- A chinntiú go mbíonn rochtain ag daoine ar sheirbhís tathanta éifeachtach neamhspleách
- Córas gearán comhsheasmhach aonair a bhunú
- Na gearáin is tromchúisí a imscrúdú go neamhspleách.
Déanfaidh Oifig an Ombudsman faireachán ar fhorfheidhmiú na bpleananna gníomhaíochta chun a chinntiú go mbainfear feabhas amach agus go gcoinneofar an feabhas sin ar bun.
Tagann an tuarascáil sna sála ar imscrúdú fairsing ag Oifig an Ombudsman, rud ar éisteadh le daoine den phobal, le foireann ospidéil agus le grúpaí ionadacha agus ar tugadh cuairteanna suímh ar rogha ospidéal lena linn.
I measc na ndaoine a d’fhreastail ar an seimineár inniu, bhí ionadaithe ó FSS, ón Roinn Sláinte, ó ghrúpaí sláinte agus ó bheagnach gach grúpa ospidéal agus mórospidéal.
Tá tuarascáil an Ombudsman, ‘Foghlaim ar son Feabhais - An Dóigh a nDéanann Ospidéil Phoiblí Gearáin a Láimhseáil’, ar fáil ar shuíomh Gréasáin an Ombudsman www.ombudsman.gov.ie
Cúlra
Is é ‘Foghlaim ar son Feabhais’ an chéad imscrúdú atá déanta ag Oifig an Ombudsman ar a chonlán féin ó bhunú na hOifige breis agus 30 bliain ó shin. Tá gearáin chuig an Ombudsman faoi chúram sláinte freagrach as 20% de na gearáin uile a fhaightear. Tá an figiúr sin an-íseal i gcomparáid leis na figiúirí do dhlínsí eile amhail Tuaisceart Éireann (os cionn 60% de na gearáin uile a ndéantar imscrúdú orthu) agus Ombudsman na Seirbhísí Parlaiminteacha agus Sláinte sa Ríocht Aontaithe (80% de na gearáin uile a ndéantar imscrúdú orthu).
Leag an tOmbudsman roimhe a fháil amach cén fáth a raibh an figiúr chomh híseal sin. Bhí an t-imscrúdú ar an imscrúdú ab fhairsinge a rinne an Oifig riamh. Is é a bhí i gceist leis ná suirbhéanna ar gach ospidéal poiblí, cuairteanna suímh ar shampla ospidéal, agallaimh le foireann tosaigh agus shinsearach na n-ospidéal, fócasghrúpaí le daoine den phobal, comhairliúcháin leis an earnáil sláinte agus le grúpaí tathanta, agus athbhreithniú ar ghearáin ar dhéileáil roinnt ospidéal leo.
Fuarthas an méid seo a leanas amach sa scrúdú:
- bíonn eagla ar a lán úsáideoirí seirbhísí ospidéil gearán a dhéanamh mar gheall ar na hiarmhairtí a d’fhéadfadh bheith ann dá gcóireáil féin nó do chóireáil a ngaolta
- ní chreideann a lán úsáideoirí seirbhísí ospidéil go ndéanfadh an gearán aon difear ar bith
- bíonn deacracht ag a lán úsáideoirí seirbhísí ospidéil lena fháil amach conas is féidir leo gearán a dhéanamh agus cuireann moilleanna, freagraí neamhiomlána agus mainneachtain leithscéalta cearta a chur ar fáil as dóibh.
Mar thoradh air sin, rinne an tOmbudsman roinnt moltaí agus d’iarr sé ar FSS agus ar gach ceann de na hospidéil dheonacha plean gníomhaíochta a fhorbairt ar mhaithe le faireachán a dhéanamh ar fhorfheidhmiú a chuid moltaí.