Baile  /  Nuacht  /  Preas Ráitis  /  2015 Preas Ráiltis
 

Rachaidh an comhaontú idir HIQA agus an tOmbudsman chun tairbhe don phobal agus do sheirbhísí sláinte

DRÉACHT-PHREASEISIÚINT

An 2 Iúil 2015  Lena hEisiúint Láithreach                                

An 2 Iúil 2015, shínigh Phelim Quinn, Príomhfheidhmeannach an Údaráis um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte (HIQA), agus Peter Tyndall, an tOmbudsman, Meabhrán Tuisceana thar ceann an Údaráis agus Oifig an Ombudsman.  Cabhróidh an Meabhrán Tuisceana le faisnéis agus gearáin a mhalartú idir an dá Oifig le leas is fearr an phobail agus na seirbhísí cúram sláinte agus cúraim shóisialta. Chomh maith leis sin, bunóidh an comhaontú nósanna imeachta a chabhróidh le baill den phobal rochtain a fháil ar sheirbhísí an dá eagraíocht.

Ag labhairt ag an síniú dó, dúirt Peter Tyndall, an tOmbudsman:

“Is scoilte agus casta atá an tírdhreach gearán in Éirinn, go háirithe san earnáil cúram sláinte agus cúraim shóisialta.  Tá dualgas ar chomhlachtaí rialála agus ar chomhlachtaí láimhseála gearán a chinntiú go dtarchuirtear gearáin agus faisnéis a fhaightear ón bpobal chuig an oifig chuí.  Cinntíonn sé sin go bhféadfaidh duine ar bith ag a bhfuil údair imní faoin tseirbhís a fuair siad a iarraidh go dtabharfar aghaidh ar na húdair imní sin ar bhealach cuí, críochnúil agus pras.  Tá róil atá leithleach agus comhlántach ag an Oifig seo agus ag HIQA sa réimse um chúram sláinte agus cúram sóisialta agus is féidir le gearáin nó faisnéis a fhaigheann ceachtar Oifig bheith úsáideach agus tairbheach don dá oifig uaireanta.  Baineann tráthúlacht áirithe leis an Meabhrán Tuisceana seo ó thaobh na hOifige seo de mar go dtabharfar dlínse dom ar thithe altranais príobháideacha ar ball.”

Dúirt Phelim Quinn, Príomhfheidhmeannach HIQA:

“Mar atá feicthe againn ó imscrúduithe le déanaí, baineann ríthábhacht le haiseolas a iarraidh go gníomhach ó úsáideoirí seirbhísí agus óna dteaghlach maidir le cáilíocht agus sábháilteacht othar i dtimpeallacht chúram sláinte na hÉireann. Gan éisteacht le tuairimí na n-úsáideoirí seirbhísí, níl aon deis ag na daoine sin a oibríonn i gcúram sláinte foghlaim agus cáilíocht agus éifeachtúlacht seirbhísí a fheabhsú. Ceann de na buntáistí a ghabhann le héisteacht le heispéiris na n-úsáideoirí seirbhísí agus le foghlaim uaithi is ea cúram othar atá éifeachtúil, iontaofa agus sábháilte.

Cé go gcuireann ár sainchúram cosc ar an Údarás gearáin aonair a imscrúdú, bainimid úsáid as an bhfaisnéis a chuirtear ar fáil chun eolas a dhéanamh do ghníomhaíocht faireacháin na n-ionad lena mbaineann. Cuirtear an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig soláthraí na seirbhíse lena imscrúdú. Leis an Meabhrán Tuisceana seo leis an Ombudsman, cumasófar comhroinnt chuí éifeachtach faisnéise maidir le gearáin agus le húdair imní faoi sheirbhísí.”

Tá téacs iomlán an Mheabhráin Tuisceana ar fáil ar shuíomh Gréasáin an dá oifig:
www.ombudsman.gov.ie agus www.hiqa.ie


CRÍOCH

Nóta d’Eagarthóirí
Ról Oifig an Ombudsman

Imscrúdaíonn Oifig an Ombudsman gearáin ó bhaill den phobal in aghaidh comhlachtaí poiblí áirithe, lena n-áirítear FSS, ospidéil phoiblí agus seirbhísí cúraim shláinte a chuirtear ar fáil go poiblí. Is faoi réir dhlínse an Ombudsman atá eagraíochtaí a chuireann seirbhísí sláinte nó seirbhísí sóisialta pearsanta ar fáil ar son FSS agus le cúnamh ó FSS freisin.

Méadófar sainchúram an Ombudsman roimh i bhfad le go gcuirfear gearáin in aghaidh tithe altranais príobháideacha san áireamh ann.

Ról HIQA
Is é an tÚdarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte an tÚdarás neamhspleách a bunaíodh chun feabhas leanúnach a bhrú chun cinn i seirbhísí sláinte agus cúraim shóisialta phearsanta, chun faireachán a dhéanamh ar shábháilteacht agus ar cháilíocht na seirbhísí sin agus chun cúram dírithe ar an duine a chur chun cinn ar mhaithe leis an bpobal. Síneann sainordú an Údaráis amach ar fud cháilíocht agus shábháilteacht na hearnála poiblí, na hearnála príobháidí (laistigh dár bhfeidhm chúraim shóisialta) agus na hearnála deonaí. Tuairiscíonn HIQA don Aire Sláinte agus don Aire Leanaí agus Gnóthaí Óige.

Is iad seo na ceithre phríomhfeidhm de chuid an Údaráis.

  • Clárú - Clárú, maoirseacht agus iniúchadh a dhéanamh ar sheirbhísí ainmnithe sláinte agus cúraim shóisialta, rud nach mór a bheith ar aon dul le ceanglais dhlíthiúla.
  • Tacú le feabhas - Rud a bhaintear amach ach na caighdeáin a shocrú, treoir a chur ar fáil, acmhainn a fhorbairt trí thacú le feabhsúcháin inbhuanaithe a chur chun feidhme agus tionscnaimh um cháilíocht agus um shábháilteacht othar a chur chun cinn.
  • Teicneolaíochtaí sláinte a mheasúnú - Comhairle fianaisebhunaithe a chur ar fáil chun eolas a dhéanamh d’fhorbairt beartas agus don soláthar seirbhísí.
  • Torthaí a fheabhsú trí fhaisnéis - an bailiú, an úsáid agus an chomhroinnt éifeachtúil dhaingean faisnéis sláinte a chur chun cinn.

Le haghaidh ceisteanna meán, déan teagmháil le:

Oifig an Ombudsman
Paul Howe

Oifigeach Cumarsáide
01 - 639 5645
086 412 0240
R-phost:   paul.howe@ombudsman.gov.ie Twitter:  @officeombudsman
HIQA
Suzanne O’Brien

Bainisteoir Cumarsáide
01 – 814 7488
087 624 1216
R-phost:   sobrien@hiqa.ie
Twitter: @HIQA