D’fhoilsigh an tOmbudsman, Peter Tyndall, a thuarascáil inniu ‘Pasanna do leanaí a bheirtear in Éirinn do thuismitheoirí neamh-EEA’ tar éis imscrúdú a dhéanamh maidir leis na deacrachtaí a bhíonn ag oibrithe neamh-EEA chun pasanna a fháil dá leanaí a bheirtear in Éirinn. Baineann an tuarascáil le triúr fear a tháinig ón mBrasaíl le dul ag obair in Éirinn.
Chinn an tOmbudsman, cé go raibh na dlíthe maidir le próiseáil iarratais ar phas agus ceadanna oibre á gcur i bhfeidhm i gceart, go raibh sé dóchúil go mbeadh deacrachtaí ag baint leis na próisis riaracháin chasta a bheadh mífhéaráilte agus a chuirfeadh moill gan ghá ar chásanna aonair. Fad is a bhí imscrúdú an Ombudsman ar siúl, rinneadh athbhreithniú ar phéire de na cásanna agus eisíodh pasanna do na leanaí lena mbaineann, dea-scéal do na teaghlaigh. Bhí athbhreithniú á dhéanamh ar an tríú cás agus an tuarascáil imscrúdaithe á scríobh agus eisíodh pas ó shin.
Ina thuarascáil, míníonn an tOmbudsman, cé gur oibrigh na fir in Éirinn ar feadh os cionn ceithre bliana sular rugadh a leanaí, níor shásaigh siad an riachtanas dlíthiúil go gcaithfidh siad cónaitheacht dhlíthiúil a bheith acu sa Stát ar feadh ar a laghad trí bliana de na ceithre bliana roimh bhreith an linbh. Thaifead na húdaráis roinnt dá gcónaitheacht mar neamhdhleathach agus níorbh ionann tréimhse iomlán na cónaitheachta dleathach a taifeadadh dóibh agus trí bliana. Ba é an chúis leis seo, cé nach raibh aon bhearnaí ina gceadanna oibre agus gur coinníodh suas chun dáta iad, níor coinníodh a gceadanna cónaitheachta suas chun dáta i gcónaí (ar réimse cúiseanna, agus ní ar an oibrí a bhí an locht i gcónaí) agus mar iarmhairt leis na bearnaí sin bhí tréimhsí cónaitheachta neamhdhlíthiúla go hoifigiúil in Éirinn acu. Mar sin, bhí seasamh neamhghnách acu sa mhéid is go raibh siad ina gcónaí seo le blianta fad, ag obair (le ceadanna ón Stát), ag íoc cáin ioncaim agus árachas sóisialta leis an Stát agus gan iad a bheith “ina gcónaí go dleathach” ar feadh tréimhsí áirithe i rith na mblianta sin.
Thug an tOmbudsman faoi deara na deacrachtaí a d’eascair as an gcóras do na daoine a bhí i gceist. Níl aon dabht ach gur córas casta atá an agus mhol an tOmbudsman go mbeadh comhoibriú níos dlúithe ann idir na gníomhaireachtaí lena mbaineann. Glacadh lena mholtaí agus tá tús curtha lena bhforfheidhmiú.
Bunaíodh grúpa oibre le déanaí chun imscrúdú a dhéanamh ar a indéanta is a bheadh sé córas aontaithe um iarratas ar chead fostaíochta agus víosa a thabhairt isteach mar chuid den Phlean Gníomhaíochta do Phoist 2014. Céim dhearfach atá anseo, agus má chuirtear i gcrích i gceart é, sárófar na deacrachtaí den chineál a ndearnadh cur síos orthu sa tuarascáil imscrúdaithe agus a bhíonn ag oibrithe a thagann go hÉirinn as taobh amuigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch.
Tá dearbhuithe tugtha don Ombudsman ag an Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta agus an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála maidir le feabhsuithe a thabhairt isteach ina gcleachtais a chuideoidh le hoibrithe den chineál seo amach anseo.
Tá tuarascáil iomlán an Ombudsman, ‘Pasanna do leanaí a bheirtear in Éirinn do thuismitheoirí neamh-EEA’, agus achoimre ar an tuarascáil ar fáil ar shuíomh gréasáin an Ombudsman.
Má tá aon cheisteanna, déan teagmháil le:
Patricia Doyle Imscrúdaitheoir, Oifig an Ombudsman 01 639 5729 patricia.doyle@ombudsman.gov.ie | Paul Howe Oifigeach Cumarsáide 01 639 5645 / 086 412 0240 paul.howe@ombudsman.gov.ie |
Twitter: @officeombudsman