Sheol an tOmbudsman Peter Tyndall inniu, an 28 Bealtaine 2014, a chéad tuarascáil bhliantúil ó ghlac sé lena ról mar Ombudsman na hÉireann i mí na Nollag 2013.
Táthar ag ceiliúradh 30 bliain ó bunaíodh an tOmbudsman in Éirinn in 2014 agus tá beagnach 90,000 gearán in aghaidh comhlachtaí poiblí faighte ag an Oifig ó 1984.
Gearáin a fuarthas
Ag seoladh a thuarascála bliantúil do 2013, dúirt Peter Tyndall go bhfuair a oifig 3,190 gearán in 2013. Bhain an cuid ba mhó de na gearáin leis an Roinn Coimirce Sóisialaí (491). Fuair an tOmbudsman 203 gearán i gcoinne na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara, agus 68 i gcoinne na gCoimisinéirí Ioncaim. Fuarthas 495 gearán i ndáil le húdaráis áitiúla agus 310 i gcoinne FSS.
Gearáin i gcoinne comhlachtaí poiblí ‘nua’
Tháinig beagnach 200 comhlacht poiblí breise faoi shainchúram an Ombudsman i mBealtaine 2013. Fuair an tOmbudsman 150 gearán a bhain leis na comhlachtaí ‘nua’ seo. Bhain 105 díobh seo le hearnáil an oideachais tríú leibhéil agus bhain 69 gearán le Tacaíocht Chomhchoiteann do Mhic Léinn in Éirinn (SUSI).
Fís do thodhchaí na hOifige
Maidir lena thodhchaí i ról an Ombudsman, dúirt Peter Tyndall go raibh roinnt réimsí a chreideann sé gur féidir a fhorbairt. Áirítear orthu sin:
- sainchúram an Ombudsman a shíneadh chun seirbhísí poiblí a sholáthraíonn comhlachtaí poiblí a áireamh agus go háirithe, na deiseanna a thugann an Treoir Eorpach maidir le Réiteach Díospóide Malartach;
- na tairbhí a bhaineann le cur chuige caighdeánach a ghlacadh i dtaobh láimhseáil gearán ar fud na seirbhísí poiblí;
- forbairt tairsí aonair i gcomhair gearán seirbhíse poiblí.
Cásanna Suntasacha a Réitíodh in 2013
Déantar cur síos gCaibidil a Ceathair de Thuarascáil Bhliantúil an Ombudsman ar roinnt de na cásanna ba shuntasaí a bhí idir lámha ag an Oifig in 2013:
Gabhann ospidéal leithscéal le teaghlach as droch-chóireáil a cuireadh a bhean sula bhfuair sí bás
Rinne beirt iníonacha le bean gearán faoin gcúram agus faoin gcóireáil a cuireadh ar a máthair in Ospidéal Naomh Uinseann, Páirc an Leamháin, Baile Átha Cliath. Glacadh lena máthair sa Roinne Éigeandála in 2007 áit ar cuireadh x-gha uirthi mar gheall ar phian a bhí ina cliabhrach agus gearranáil. Moladh go ndéanfaí scanadh CT, ach, níor tharla sé seo agus níor cuireadh in iúl don bhean riamh go raibh sé ag teastáil uaithi. Tháinig an bhean ar ais chuig an ospidéal ag tús 2008 agus cuireadh an botún in iúl di. Cailleadh níos déanaí an bhliain sin í de bharr ailse scamhóg. Ghabh an t-ospidéal leithscéal as na heasnaimh a bhain le cúram na mná agus as an droch-chumarsáid. Chuir sé bearta i bhfeidhm chomh maith lena chinntiú nach tarlaíonn cás den chineál céanna arís. (Feic rannóg 4.5, leathanach 42)
Cuidíonn Coimisiún na Scrúduithe Stáit le dalta ar ghearrfhógra
Dhiúltaigh Coimisiún na Scrúduithe Stáit le hiarratas a rinne fear óg ar ‘léitheoir’ le suí leis le linn a scrúduithe Ardteistiméireachta. (Is é is ‘léitheoir’ ann, duine a chuidíonn le dalta a bhfuil deacrachtaí amhairc acu chun scrúdpháipéar a léamh). Cé nach raibh an fhaisnéis a chuir an scoil ar fáil le tacú le hiarratas an dalta ar ‘léitheoir’ iomlán sásúil, chinn an tOmbudsman gur cheart do Choimisiún na Scrúduithe Stáit an fhaisnéis bhreise a theastaigh chun cinneadh a dhéanamh iarradh ar an scoil. D’aontaigh Coimisiún na Scrúduithe Stáit agus cuireadh ‘léitheoir’ ar fáil don dalta in am do thús na scrúduithe. (Feic rannóg 4.8, leathanach 46)
Dhiúltaigh an Roinn Coimirce Sóisialaí Pinsean Easláine ar bhean go mícheart faoi dhó
Diúltaíodh éileamh agus achomharc mná ar Phinsean Easláine ar an mbonn nach raibh dóthain ranníocaíochta creidmheasa aici do 2003. Tar éis imscrúdaithe ar chomhaid na Roinne, chonaic an tOmbudsman nár cuireadh teastas leighis a seoladh isteach do thréimhse in 2003 san áireamh i taifid ranníocaíochta na mná. D’aontaigh an Roinn éileamh na mná a athscrúdú. Ach, diúltaíodh don éileamh seo chomh maith. Rinne an bhean achomharc ar an gcinneadh seo agus fuair sí riaráistí €91,496 ina dhiaidh sin. (Feic rannóg 4.1, leathanach 37)
Cuireann Comhairle teorainn ama i bhfeidhm do chónaitheacht áitiúil contrártha leis na rialacháin
Dhiúltaigh Comhairle Contae Laoise achomharc mná ar tithíocht shóisialta de bhrí nár chónaigh sí i gceantar na Comhairle ar feadh tréimhse sé mhí nó níos faide. Thug an tOmbudsman faoi deara nach raibh an tréimhse sé mhí leagtha amach in aon reachtaíocht agus nár áiríodh i Scéim Leithdháileadh Tithíochta na Comhairle é. Tar éis comhairle a thug an Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil don Ombudsman, ghlac an Chomhairle leis go raibh ceart ag an mbean go ndéanfaí measúnú uirthi i gcomhair tithíochta sóisialta agus siardhátaíodh a hiarratas chuig dáta bunaidh an iarratais. (Feic rannóg 4.4, leathanach 41)
Má tá aon cheisteanna meán, déan teagmháil le:
David Nutley Ceann na Cumarsáide 01 - 639 5610 086 023 1420 | Paul Howe Oifigeach Cumarsáide 01 - 639 5645 086 412 0240 |
Ríomhphost: david.nutley@ombudsman.gov.ie
Suíomh gréasáin: www.ombudsman.gov.ie
Seoladh: Oifig an Ombudsman, 18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2
Twitter: @officeombudsman
Nóta chuig Eagarthóirí: Tháinig Peter Tyndall i gcomharbacht ar Emily O’Reilly mar Ombudsman an 2 Nollaig 2013. Is as Baile Átha Cliath ó thús an tUasal Tyndall agus bhí sé in Ombudsman Seirbhísí Poiblí don Bhreatain Bheag roimhe sin. Bhí sé ina Phríomhfheidhmeannach ar Chomhairle Ealaíon na Breataine Bige, Ceann Oideachais agus Cultúir do Chumann Rialtas Áitiúil na Breataine Bige agus d’oibrigh sé i roinnt post sinsearacha i dtithíocht agus i gcúram sóisialta, agus go háirithe i bhforbairt tithíochta agus seirbhísí tacaíochta do dhaoine faoi mhíchumas foghlama.