Cásleabhar an Ombudsman
D’fhoilsigh an tOmbudsman an chéad eagrán de Chásleabhar an Ombudsman i mí Dheireadh Fómhair 2014. San fhoilseachán ráithiúil sin, cuirtear achoimrí ar fáil ar chásanna ar dhéileálamar leo sna míonna roimhe. Déantar cur síos sa Chásleabhar ar ghearáin ar fud na réimsí go léir lena ndéileálann an Oifig, amhail Sláinte, Leas Sóisialach, Oideachas, Rialtas Áitiúil, an Comhshaol, Talmhaíocht agus Cánachas.
Scaiptear é i bhformáid dhigiteach ar oifigigh i gcomhlachtaí poiblí, ar chomhaltaí den Oireachtas agus ar ionadaithe poiblí eile.