D’fhoilsigh an tOmbudsman, Emily O’Reilly, a tuarascáil inniu tar éis imscrúdú a dhéanamh ar gur theip ar FSS cúram a chur ar fáil i dteach altranais do bheirt bhan thar thréimhse ó na 1990í déanacha go dtí na 2000í déanacha. Bhí cúram 24 uair an chloig de dhíth ar an mbeirt, duine amháin le stróc agus an duine eile le hailse intinne, agus chuir siad beirt isteach ar leaba poiblí a fháil, ach dhiúltaigh na boird sláinte i gceist áiteanna a chur ar fáil dóibh sa mhéid go raibh siad faoi bhun 65 bliain d’aois. Dar lena dteaghlaigh ní raibh an dara rogha acu ach dul le cúram príobháideach altranais.
Ina tuarascáil, 'CÚRAM DIÚLTAITHE - Teip ar Chúram Fad-Téarmach a Chur ar Fáil Dóibh Siúd faoi bhun 65 Bliana', cuireann an tOmbudsman síos ar an gcaoi ar chuir an dá theaghlach isteach ar aisíoc faoin Scéim Aisíoca Sláinte* chun costais a fháil ar ais a tabhaíodh, ach dúradh leo nach raibh siad incháilithe sa mhéid go raibh an bheirt bhan i dtithe príobháideacha altranais.
Tar éis a himscrúdaithe chinn an tOmbudsman go raibh FSS ag feidhmiú de réir an dlí nuair a dhiúltaigh sé costais a aisíoc faoin Scéim Aisíoca Sláinte. Cibé scéal é, chinn sí go raibh sé de dhualgas ar FSS cúram fadchónaithe a sholáthar don bheirt bhan. Chinn sí go raibh teipthe ar FSS déanamh amhlaidh, agus go raibh an bheirt bhan tar éis costais mhóra a thabhú nár chóir. Luaigh an tOmbudsman freisin an anacair bhainteach, nach raibh aon ghá leis, a bhí ar na mná agus ar a dteaghlaigh. Chinn an tOmbudsman freisin gurb ionann an teip cúram i dteach altranais a sholáthar, ar an mbonn go raibh na mná faoi bhun 65 bliain d’aois, agus idirdhealú éagórach aoise agus go raibh sin contrártha leis na hAchtanna um Stádas Comhionann.
Sa mhéid gur chaith na mná méideanna éagsúla ama i gcúram sna tithe príobháideacha altranais, mhol an tOmbudsman go n-íocfaí €130,000 mar chúiteamh le bean amháin agus €38,000 le teaghlach na mná eile (a fuair bás idir an dá linn). Ghlac FSS leis na moltaí seo ach níor ghlac FSS le cinntí an Ombudsman.
Is féidir teacht ar thuarascáil iomlán an Ombudsman, ‘CÚRAM DIÚLTAITHE - Teip ar Chúram Fad-Téarmach a Chur ar Fáil Dóibh Siúd faoi bhun 65 Bliana’ (ar fáil i mBéarla amháin) chomh maith le hachoimre ar an tuarascái ar shuíomh gréasáin an Ombudsman.
*Bunaíodh an Scéim Aisíoca Sláinte de réir an Achta Sláinte (Scéim Aisíoca) 2006 chun cistí a sholáthar dóibhsean le cártaí leighis ar gearradh táillí orthu go neamhdhleathach agus iad i dtithe altranais poiblí roimh 2004, tráth ar scoradh den chleachtas na táillí sin a ghearradh.
Le haghaidh fiosruithe téigh i dteagmháil le:
Fintan Butler
Príomh-Imscrúdaitheoir
Oifig an Ombudsman
01 639 5650
087 972 1138
fintan_butler@ombudsman.gov.ie
Fiosruithe ginearálta ó na meáin
David Nutley
Oifigeach Cumarsáide
01 639 5610
086 023 1420
david_nutley@ombudsman.gov.ie
Twitter: @officeOmbudsman