Baile  /  Nuacht  /  Preas Ráitis  /  2013 Preas Ráitis
 

Foilsíonn an tOmbudsman a Tuarascáil Bhliantúil dheireanach sula dtosaíonn sí ina post nua mar Ombudsman na hEorpa

Inniu, an 25 Meán Fómhair, d’fhoilsigh an tOmbudsman Emily O’Reilly a deichiú Tuarascáil Bhliantúil, tráth a bhfuil sí ar tí a post a fhágáil chun tosú ina ról nua mar Ombudsman na hEorpa ar an 1 Deireadh Fómhair. Agus súil siar á caitheamh aici ar a deich mbliana mar Ombudsman, deir sí:

“Tráth ar thosaigh mé amach i m’Oifig mar Ombudsman bhí sé mar aidhm agam guth a thabhairt dóibhsean nach raibh aon chumhacht acu labhairt amach i gcás gur chaith institiúidí an Stáit go héagórach leo. Bhí sé mar aidhm agam freisin béim a leagan ar dhrochsheirbhís phoiblí, agus cuidiú leis an rialtas caighdeáin seirbhíse poiblí a ardú. Le deich mbliana anuas d’oibrigh mé go dian dícheallach chun na cuspóirí sin a bhaint amach. Táimid tar éis imscrúdú a dhéanamh ar 25,000 gearán agus is minic a bhí rath ar na himscrúduithe sin, ach tráth a bhfuil ciorruithe ann toisc an chúlaithe eacnamaíochta, is mór an dúshlán ár gcuid oibre san Oifig seo.”

Gearáin faighte

Ar fhoilsiú a Tuarascála Bliantúla di, luaigh Emily O’Reilly go raibh a hOifig fós ag fáil a lán gearán sa bhliain 2012. Cé go raibh laghdú beag ar an líon gearán, ón líon is airde riamh de 3,727 sa bhliain 2010 go dtí 3,412 sa bhliain 2012, bhí an líon iomlán fós fanta an-ard, níos airde ná an meán le haghaidh na ndeich mbliana de 2,774.

Bhain an líon is mó gearán leis an Roinn Coimirce Sóisialaí. Rinne gearáin mar gheall ar  Údaráis Áitiúla suas díreach faoi bhun trian de na gearáin agus bhain cúigiú de na gearáin le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS). Rinne oifig an Ombudsman déileáil le 11,178 fiosrúchán le linn 2012.

Cur le sainchúram an Ombudsman

Tar éis rith an Achta Ombudsman (Leasú) sa bhliain 2012, cuireadh le sainchúram an Ombudsman agus anois tá níos mó ná 180 comhlacht poiblí breise faoina sainchúram, lena n-áirítear gach foras oideachais tríú leibhéal. Deir an tOmbudsman:

“Lá stairiúil é d’Oifig an Ombudsman an lá ar ritheadh an tAcht Ombudsman (Leasú) agus lá stairiúil do rialtas na hÉireann i gcoitinne chomh maith. Ón 1 Bealtaine 2013 beidh gach comhlacht poiblí a mbíonn idirchaidreamh suntasach acu leis an bpobal faoi mhaoirseacht neamhspleách, neamhchlaonta an Ombudsman.”

Imscrúdú an Ombudsman ar an Liúntas Soghluaisteachta agus ar an Deontas Mótariompair  

Luaigh an tOmbudsman go raibh súil aici go réiteodh an Rialtas go luath an scéal i ndáil leis na scéimeanna Liúntais Soghluaisteachta agus Deontais Mótariompair. Beidh grúpa idir-rannach, faoi chathaoirleacht Roinn na Taoisigh, ag tuairisciú don Rialtas ina leith i mí Dheireadh Fómhair. Chuir an tOmbudsman in iúl don Roinn Sláinte, sa bhliain 2009, go raibh an scéim Liúntais Soghluaisteachta á feidhmiú ar bhealach a bhí ag sárú na nAchtanna um Stádas Comhionann. I mí an Mheithimh 2013 d’fhógair an Rialtas go leanfadh FSS ag déanamh íocaíochtaí go sealadach leosan a bhí ar an scéim cheana féin go dtí go gcuirfidh an grúpa idir-rannach a dtuairisc ar fáil i mí Dheireadh Fómhair. Le linn 2012 chuir an tOmbudsman dhá thuarascáil speisialta faoi bhráid an Oireachtais tar éis di imscrúduithe a dhéanamh a bhain leis an dá scéim. Ag an seoladh inniu deir sí:-

“Tráth a bhfuil ciorruithe ann, tá ar an Ombudsman aghaidh a thabhairt ar aincheisteanna morálta ina cuid oibre. Má leagan an tOmbudsman béim ar neamhdhleathacht scéime nó ar éagóir atá á dhéanamh ar shaoránach, tá an baol ann go ndéanfaidh an tseirbhís phoiblí an rud éasca agus deireadh ar fad a chur leis an scéim nó an deontas sin etc. do chuile dhuine. Bhí orm aghaidh a thabhairt ar an aincheist sin faoi dhó le bliain anuas, agus sa dá chás, tharla gur cuireadh deireadh leis na scéimeanna i gceist. Cibé scéal é, is é jab an Ombudsman leanúint ar aghaidh ag aithint neamhdhleathachta, éagothroime agus éagóra. Is é jab na seirbhíse poiblí éisteacht leis an Ombudsman i gcás go gcuirtear ar a súile go bhfuil éagóir á dhéanamh agus feidhmiú go gasta chun réiteach a fháil ar an scéal, agus gan neamhaird a dhéanamh den fhadhb.” 

Cásanna Suntasacha a bhfuarthas Réiteach orthu le linn 2012

I gCaibidil a Ceathair de Thuarascáil Bhliantúil an Ombudsman tá cur síos ar roinnt de na cásanna is suntasaí ar dhéileáil an Oifig leo le linn 2012:

Bronnadh €68,000 ar fhear mar nár chuir an Roinn Coimirce Sóisialaí in iúl dó go raibh teidlíocht phinsin ag dul dó  
Nuair a d’éag a bhean níor chuir an fear seo isteach ar an bpinsean marthanóra, mar nach raibh sé den tuairim go raibh sé ina theideal. Cúpla bliain ina dhiaidh sin chuir sé isteach air agus d’íoc an Roinn an t-airgead leis, siardhátaithe go dtí dáta a iarratais, ach ní go dtí dáta a theidlíochta. Tar éis don Ombudsman iniúchadh a dhéanamh ar chomhaid na Roinne fuarthas amach go raibh an Roinn ar an eolas faoi bhás a mhná go luath tar éis a báis ach nár chuir an Roinn é ar an eolas faoina theidlíocht phinsin. 

Diúltaíodh an dara tuairim do bhean d’ainneoin gur tugadh diagnóis thromchúiseach di
Cuireadh in iúl do bhean go raibh riocht tromchúiseach croí aici agus ansin cuireadh in iúl di nach raibh sé aici. Ansin bhí uirthi an dara tuairim leighis a fháil, ar bhonn príobháideach, mar go raibh na tuairimí a fuair sí ag teacht salach ar a chéile. Tar éis di an dara tuairim leighis a fháil go príobháideach dearbhaíodh di nach raibh an riocht sin aici. Ghabh FSS leithscéal léi agus d’aisíoc siad na costais léi don dara tuairim leighis.

Mac corraithe mar go bhfuair sé glao óna mháthair ag insint dó go raibh sí ag fáil bháis
Fuair an fear seo glao óna mháthair um meán lae, shroich sé an t-ospidéal um 13.30 ach níor chuir an fhoireann leighis é ar an eolas faoi thromchúis riocht a mháthar go dtí tuairim is 17.45. D’éag a mháthair an oíche sin sula raibh an deis ag an chuid eile den teaghlach an t-ospidéal a shroicheadh. Ghabh an t-ospidéal leithscéal, agus thug isteach treoirlínte agus oiliúint don fhoireann chun a chinntiú go rachfaí i dteagmháil le neasghaolta go tráthúil agus chun feabhas a chur ar an gcúram a dhéantar d’othair.

Leasaigh Comhairle Contae gnáthaimh maidir le hiarratais ar aistriú tithíochta tar éis idirghabháil an Ombudsman
Dhiúltaigh Comhairle Contae Laoise d’aistriú tithíochta ar an mbonn nach raibh ‘cúinsí eisceachtúla leighis nó sóisialta’ i gceist, ach níor léirigh an Chomhairle aon fhianaise go ndearnadh cúinsí an cháis a bhreithniú.

 

Súil Siar

Agus súil siar á caitheamh aici ar a tréimhse deich mbliana ina hOifig mar Ombudsman deir Emily O’Reilly:

“Tá géarghá le hOifig an Ombudsman anois níos mó ná riamh. Cé go bhfuil srian airgeadais ar chomhlachtaí poiblí, ní haon leithscéal é sin drochsheirbhís phoiblí a sholáthar, ná caitheamh go héagórach le daoine, ná a gcearta a dhiúltú dóibh.  Is gá do chomhlachtaí poiblí oibriú níos déine chun deireadh a chur leis an nithe coiteanna a chúisíonn na gearáin a dhéantar le m’Oifig. Is gá don Dáil an tseirbhís phoiblí a choinneáil cuntasach agus áitiú orthu freagracht a ghlacadh as a ngníomhartha, rudaí a chur ina gceart i gcás go ndéantar éagóir agus a seirbhís a athrú chun nach dtarlódh a leithéid arís.”

Guíonn an tOmbudsman O’Reilly gach rath ar an té a thiocfaidh ina comharba sa ról dúshlánach seo a bhfuil sásamh le baint as.

Le haghaidh fiosruithe meáin téigh i dteagmháil le:


David Nutley
Ceann Cumarsáide
01 - 639 5610
086 023 1420 

Stephanie O’Connell
Oifigeach Cumarsáide
01 - 639 5645
087 252 4732

R-phost: david_nutley@ombudsman.gov.ie

Gréasán: www.ombudsman.gov.ie

Twitter: @officeombudsman