An tOmbudsman Emily O'Reilly agus Padraig Mac Lochlainn TD
Treoirleabhar seolta chun cuidiú le heagraíochtaí poiblí
Ón 1 Bealtaine 2013 beidh 180 eagraíocht eile arna maoiniú go poiblí a bheidh ag teacht faoi mhaoirseacht neamhspleách an Ombudsman, Emily O’Reilly. Ciallaíonn seo go mbeidh an tOmbudsman in ann imscrúdú a dhéanamh ar ghearáin ó bhaill den phobal faoi ghníomhartha riaracháin eagraíochtaí poiblí lena n-áirítear Ollscoileanna, Coistí Gairmoideachais, An Bord um Achomhairc Deontas Mac Léinn, FÁS, an Ciste Náisiúnta um Cheannach Cóireála, an tÚdarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte (HIQA), agus an Ghníomhaireacht um Thacaíocht Teaghlaigh, i measc a lán eagraíochtaí eile.
Agus í ag labhairt inniu, deir an tOmbudsman Emily O’Reilly:
“Tá an lá inniu ina lá thar a bheith tábhachtach don chuntasacht in Éirinn. Beagnach 25 bliain ó moladh ar an gcéad ásc é tá curtha le sainchúram an Ombudsman le go n-áireofaí faoin sainchúram sin beagnach gach eagraíocht a fhaigheann maoiniú poiblí agus a bhíonn ag plé leis an bpobal.”
Tá cumhacht ag an Ombudsman cheana féin imscrúdú a dhéanamh ar ghearáin i gcoinne Ranna Rialtais, údarás áitiúil agus FSS (lena n-áirítear ospidéil phoiblí). Cibé scéal é, féadfaidh an pobal gearáin a dhéanamh leis an Ombudsman faoi ‘ghníomhartha riaracháin’ 180 eagraíocht phoiblí sa bhreis, tar éis dóibh iarracht a dhéanamh réiteach a fháil ar an ngearán leis an eagraíocht phoiblí i gceist agus ar an gcoinníoll gur tharla an ‘gníomh’ sin ar an 1 Bealtaine 2013 nó dá éis.
D’fhonn treoir agus cúnamh a chur ar fáil do chomhlachtaí poiblí faoina sainchúram, sheol an tOmbudsman dhá Threoirleabhar inniu, i gcomhar le Cathaoirleach an Chomhchoiste Oireachtais um Maoirseacht na Seirbhíse Poiblí agus Achainíocha, (féach grianghraf atá ceangailte leis seo).
Foilsíodh leabhrán an Ombudsman maidir le Riarachán Maith Poiblí dar teideal ‘Six Rules for Getting it Right’ chun cuidiú le comhlachtaí poiblí seirbhís den chéad scoth a chur ar fáil dá gcustaiméirí agus sa treoir ‘Éist, Freagair, Foghlaim, Feabhsaigh’ tá comhairle le fáil faoi conas córais inmheánacha gearán a chur ar bun.
Ag an ócáid luaigh an tOmbudsman go raibh tábhacht ar leith ag baint le go mbeadh córais éifeachtacha, éifeachtúla gearán i bhfeidhm ag comhlachtaí poiblí dá gcustaiméirí. “Ní hé amháin go gcuidíonn córais ghearán deacrachtaí a réiteach ach is modh luachmhar, saor in aisce iad freisin trínar féidir le comhlacht poiblí aiseolas a fháil óna chustaiméirí”.
Tá liosta de na comhlachtaí poiblí a thiocfaidh faoi shainchúram an Ombudsman inniu ar fáil ar shuíomh gréasáin an Ombudsman – www.ombudsman.ie
Le haghaidh tuilleadh eolais téigh i dteagmháil le:
David Nutley
Cáilíocht, Rannpháirtíocht Páirtithe Leasmhara & Cumarsáid
Oifig an Ombudsman
01 639 5610
086 0231420
R-phost: david_nutley@ombudsman.gov.ie