Baile  /  Nuacht  /  Preas Ráitis  /  2013 Preas Ráitis
 

Deireadh leis an Liúntas Soghluaisteachta agus leis an Deontas Mótariompair

Is cúis aiféala é nár éirigh leis an Roinn Sláinte réiteach a fháil ar na fadhbanna a bhain leis an Scéim Liúntais Soghluaisteachta agus leis an Scéim Deontais Mótariompair agus go bhfuil beartaithe ag an Rialtas deireadh a chur leo anois. Bhíothas ar an eolas faoi neamhdhleathacht na scéimeanna seo le tuairim is trí bliana déag anuas.

I gcás an liúntais soghluaisteachta, tharraing an tOmbudsman aird na Roinne ar neamhdhleathacht na huasteorann aoise sa scéim sin den chéad uair i mí Feabhra 2009.  Cuireadh seo in iúl don Roinn go foirmiúil i mí Aibreáin 2011. Is é is dóichí go raibh Roinn in iúl ar neamhdhleathacht na huasteorann aoise ar dháta i bhfad níos luaithe ná sin ar aon nós; ó achtaíodh an tAcht um Stádas Comhionann 2000 is dócha go raibh an Roinn ar an eolas faoin locht seo ar an scéim.

Sa bhliain 2008, bhí an Roinn in iúl ar go raibh sé ag sárú na nAchtanna um Stádas Comhionann le scéim a bhí ag feidhmiú do dhaoine faoi mhíchumas, ar bhonn critéar a rinne idirdhealú go héagórach sa chatagóir fhoriomlán. Baineann seo leis an liúntas soghluaisteachta agus leis an deontas mótariompair araon. Soiléiríodh an chonclúid seo in dhá chinneadh ó Oifigeach Comhionannais ó Bhinse Comhionannais, oifigeach a cháin an scéim ag lua gur theip ar an scéim, agus soghluaisteacht duine á mheas, a chur san áireamh go bhféadfadh “sláinte intleachtach agus/nó síceolaíoch duine srian a chur ar a soghluaisteacht chomh maith céanna is a d’fhéadfadh míchumais fhisiceacha". Chinn an tOifigeach Comhionannais go raibh an t-easnamh seo sa scéim ag léiriú nár tugadh an scéim chun dáta "sa chaoi is go mbeadh sé ag comhlíonadh fhorálacha na nAchtanna um Stádas Comhionann (achtaithe i mí Dheireadh Fómhair 2000)...".

I mí Dheireadh Fómhair agus mí na Samhna 2012 thuairiscigh an tOmbudsman, Emily O'Reilly, don Dáil agus don Seanad i ndáil leis an dá scéim seo. Thug sí a tuairiscí ag leanúint ó ghearáin a láimhseáil sí agus ó chinntí a rinne sí, tar éis imscrúdú a dhéanamh, go raibh na scéimeanna ag feidhmiú ar bhonn coinníollacha incháilitheachta a bhí ag sárú na nAchtanna um Stádas Comhionann. Sa liúntas soghluaisteachta tá uasteorainn aoise a eisíonn iarratasóirí atá os cionn 66 bliain d’aois; sa deontas mótariompair tá an deontas ag feidhmiú ar bhonn sainmhínithe ar mhíchumas atá i bhfad ró-theoranta agus a dhéanann idirdhealú éagórach laistigh den chatagóir ‘daoine faoi míchumais’.

Ghlac an Roinn go raibh torthaí an Ombudsman i ngach cás ina dtorthaí cearta agus go raibh na scéimeanna ag feidhmiú le neamhdhleathacht san áireamh iontu. Cibé scéal é, dúirt an Roinn nach bhféadfaí glacadh le moltaí an Ombudsman gur chóir na scéimeanna sin a athrú le go mbeidís ag feidhmiú de réir an dlí. Dar leis an Roinn bheadh an costas a bhainfeadh leis na scéimeanna a athrú le go mbeidís ag feidhmiú de réir an dlí ina gcostais iomarcacha i bhfianaise na gcúinsí reatha. Ag cruinniú leis an gComhchoiste Oireachtas um Maoirseacht agus Achainíocha na Seirbhíse Poiblí an 6 Feabhra 2013 d’fhógair an tAire Sláinte, James Reilly T.D. go raibh sé beartaithe aige comhairleoir seachtrach a cheapadh chun athbhreithniú a dhéanamh ar riachtanais iompair na ndaoine faoi mhíchumas agus tuairisciú don Aire ina leith. Bhí an chuma air ag an uair sin go bhfanfadh an dá scéim i bhfeidhm ar feitheamh thoradh an athbhreithnithe. Agus an tAire Stáit ag an Roinn Sláinte, Kathleen Lynch T.D. ag tuairisciú don Choiste dúirt sí: "Breithneofar an t-athbhreithniú cuimsitheach atá éilithe agus más féidir é a dhéanamh i dtréimhse níos giorra ná sé mhí beimid sásta. Is gá béim a leagan arís ar nach bhfuil sé i gceist leis seo eagla a chur ar dhaoine."

Tugadh le fios don Ombudsman go bhfuil roinnt cásanna ar feitheamh a thiocfaidh os comhair an Bhinse Comhionannais – cásanna ina bhfuiltear ag agóid i gcoinne na huasteorann aoise sa liúntas soghluaisteachta.

Is cúis mhór aiféala é gur theip ar an Roinn déileáil leis na cúrsaí seo ar bhealach tráthúil, comhleanúnach, réasúnach agus anois tá cruatan breise ann do bhreis is 5,000 duine faoi mhíchumas a mbainfear ón bhfreastal atá á dhéanamh ar a riachtanais iompair tráth a gcuirfear deireadh leis na scéimeanna.

Tá súil ag an Ombudsman go rachfar ar aghaidh chomh luath agus is féidir leis an athbhreithniú atá geallta a dhéanamh ar riachtanais iompair daoine faoi mhíchumas agus go gcuirfear socruithe nua i bhfeidhm mar ábhar práinne chun freastal ar na riachtanais sin.

 

Le haghaidh tuilleadh eolais téigh i dteagmháil le

Fintan Butler
Imscrúdaitheoir Sinsearach
Oifig an Ombudsman
01 639 5650
087 972 1138
fintan_butler@ombudsman.gov.ie

Fiosruithe ginearálta ó na Meáin
David Nutley
Oifigeach Cumarsáide
01 639 5610
086 023 1420
david_nutley@ombudsman.gov.ie


Twitter: @officeOmbudsman