Suíomh Gréasáin Nua Seolta ag an Ombudsman Emily O’Reilly
Dé Luain 9 Iúil 2012 ag 11.30 am
Is cúis mhór áthais é don Ombudsman, Emily O'Reilly, a fhógairt go bhfuil suíomh nua gréasáin seolta aici, agus tá an suíomh beo anois. Féach www.ombudsman.ie
Is é aidhm an tsuímh ná feasacht a spreagadh faoina hOifig agus feabhas a chur ar an eispéireas don chustaiméir. Tá roinnt forbairtí nua, feabhsaithe ar an suíomh gréasáin, mar shampla dearadh agus struchtúr nascleanúna níos fearr, áis nua chuardaigh, agus go háirithe, Foirm Ghearáin Ar Líne atá nuadheartha. Beidh an pobal in ann gearán a dhéanamh ar líne agus ansin stádas an ghearáin a sheiceáil ar líne (beo i lár mhí Iúil).
Deir an tOmbudsman "An suíomh gréasáin nua seo - is cuid é d'iarracht na hOifige ár seirbhísí a bheith níos inrochtana do chách agus eolas a chur ar fáil don phobal agus do chomhlachtaí poiblí faoin tseirbhís a chuirimid ar fáil".