Glacann na Coimisinéirí Ioncaim le chinntí an Ombudsman gur theip orthu cloigh lena nósanna imeachta fhéin, nuair a úrghabháladh cairr.
D'fhoilsigh an tOmbudsman Emily O'Reilly Tuarascáil inniu (ar fáil i mBéarla amháin) tar éis di Imscrúdú a dhéanamh ar choinneál agus úrghabháil cairr ag oifigí Chustam agusMál.
Seo imscrúdú a rinne an tOmbudsman Emily O'Reilly ar ghearán i gcoinne na gCoimisinéirí Ioncaim. Bhain an gearán leis na cuinsí a thit amach nuair a cuireadh feithicil faoi choinneáil agus nuair a rinne oifigigh Chustam agus Mál urghabháil ar an gcarr agus bhí gá pionós airgid a íoc, chun go scaoilfí an carr.
Bhí saoránach Iodálach ag obair in Éirinn ar chonradh oibre téarma seasta. Thóg sé a charr leis ón Iodáil. Bhí an carr cláraithe ina anim agus chreid sé go raibh sé i dteideal “Díolúine Shealadach” ó Cháin Chláraithe Feithiclí. Tá sé ina choinníoll na díolúine nach dtiomáinfeadh saoránach Éireannach an carr. Chonaic oifigigh Chustaim agus Mál bean geallta an ghearánaigh ina suí i suíochán an tiománaigh agus chinneadar an carr a choinneál.
D’fhiosraigh an tOmbudsman an ghearán. Thug sí faoi deara nár cheart, de réir ghnathaimh na gCoimisinéirí Ioncaim, carr a choinneál go randamach, agus lean chois sin, gur féidir rabhadh a thabairt i gcás mionn, nó chéad coir. Sa chás seo, úrghabhaladh an charr agus d’íocadh píonós airgid.
Chinn an tOmbudsman:
- trí urghabháil a dhéanamh ar an gcarr, gur theip ar na Coimisinéirí Ioncaim a ghnáthaimh féin a leanúint agus go raibh na bearta coinneála agus urghabhála sin contrártha le riarachán cóir, cothrom, fónta;
- go raibh tionchar neamhfhabhrach aige ar na gearánaigh sa mhéid gur gearradh pionós airgeadais orthu agus ag an trioblóid a bhain le déileáil lenar tharla, agus
- ina dhéileálacha leis na cliaint seo, gur theip ar na Coimisinéirí Ioncaim a ghnáthaimh féin a leanúint i ndáil le taifid chearta a choinneáil.
Ghlac na Coimisinéirí Ioncaim le cinntí agus moltaí an Ombudsman agus d'aontaigh siad aisíocíocht a dhéanamh.
Le haghaidh tuilleadh eolais téigh i dteagmháil le:
Aoife Nic Réamoinn, Imscrúdaitheoir, Oifig an Ombudsman
01 - 639 5661 e mail: aoife_nicreamoinn@ombudsman.gov.ie
I gcomhair ceisteanna ó na meáin, déan teagmháil le:
Dave Nutley, Oifigeach Cumarsáide,
01 639 5610 086 0231420 david_nutley@ombudsman.gov.ie